Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Fáilte Romhat

Fáilte romhat go dtí suíomh gréasáin Oifig an Ombudsman. Ar an suíomh áirithe seo mínítear go díreach cad é a dhéanaimid agus conas a dhéanaimid é. Tá áis ann freisin chun gearáin a dhéanamh ar-líne.  Is é ár bpríomhaidhm ná go mbeadh an suíomh seo inrochtana agus fuirist le húsáid, mar sin má tá fadhb ar bith agat leis nó má tá aon mholtaí agat chun feabhas a chur air, bheimis fíorbhuíoch díot ach teagmháil a dhéanamh linn.

Cibé is Nua

03/03/2012 - Léacht a leis an Ombudsman, Emily O'Reilly ag Accord, Béal Feirste.  Tá an téacs seo ar fáil i mBéarla amháin.

23/02/2012 - Aitheasc ón Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise, Emily O'Reilly, dar teideal "Health Services and the Law - Some Reflections" chuig an Medico-Legal Society of Ireland. Tá an téacs seo ar fáil i mBéarla amháin.

21/12/2011 - Preas Ráiteas ón Ombudsman agus í ag foilsiú a tuarascáil maidir leis an imscrúdú i ndáil le gearán i gcoinne FSS agus i gcoinne Oifigeach Achomhaire na Scéime Aisíoca Sláinte

03/12/2011 - Léacht Chuimhneacháin Doolin arna thabhairt ag an Ombudsman, Emily O'Reilly, Coláiste Ríoga Máinlia in Éirinn

 

Ról an Ombudsman

Fiosraíonn foireann an Ombudsman gearáin a dhéantar i leith ghníomhaíochtaí riaracháin na Ranna Rialtais, Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (ospidéil poiblí ar nós Ospidéal an Mater agus Ospidéal San Séamas san áireamh), na n-údarás rialtais áitiúil agus An Post. Tá sonraí maidir leis na comhlachtaí poiblí ar féidir gearán a dhéanamh fúthu chomh maith leis an mbealach chun gearáin a dhéanamh, le fáil ar an suíomh gréasáin faoin nasc 'Gearán a Dhéanamh'.

Chomh maith leis sin is féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin maidir le dualgais comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí eile faoi Chuid 3 den Acht Míchumais, 2005, a chomhlíonadh. Tá sonraí maidir le gearán dá leithéid a dhéanamh le fáil faoin nasc 'Acht Míchumais, 2005' ar an suíomh seo.

Tá comhlachtaí áirithe lasmuigh de chúram an Ombudsman m.sh institiúidí airgeadais, An Garda Síochána, coláistí tríú leibhéil agus ollscoileanna. Tá cúpla nasc ar an suíomh gréasáin, áfach, a bheadh áisiúil chun dul i dteagmháil le comhlachtaí eile a fhiosraíonn gearáin agus a d'fhéadfadh cabhrú leat.