Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

An tAcht Míchumais

Cad leis a dhéileálann Cuid 3 den Acht Míchumais?

Déileálann Cuid 3 den Acht Míchumais, 2005 leo seo a leanas:-

Rochtain ar Fhoirgnimh Phoiblí (Alt 25)

Ciallaíonn "foirgneamh poiblí" foirgneamh, nó cuid d’fhoirgneamh, a mbíonn rochtain ag an bpobal de ghnáth air agus atá i seilbh, faoi bhainistíocht nó faoi rialú comhlachta poiblí.

Éilíonn alt seo an Achta go gcinnteodh comhlachtaí poiblí go bhfuil a bhfoirgnimh phoiblí, "chomh fada agus is féidir é", inrochtain ag dhaoine atá faoi mhíchumas. Ceadaíonn an tAcht don Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí iarraidh ar an Údarás Náisiúnta Míchumais dréachtchód cleachtais a ullmhú agus a chur faoina bhráid maidir le rochtain dhaoine faoi mhíchumas ar fhoirgnimh phoiblí. Má cheadaíonn an tAire a leithéid de chód cleachtais, ansin beidh ar chomhlachtaí poiblí "… cloí leis chomh fada agus atá sé praiticiúil agus ceann á thógáil dá acmhainní agus dá oibleagáidí …". Ach go háirithe, beidh ar chomhlachtaí poiblí cloí leis an gcód cleachtais ag am na tógála, athraithe ábhartha nó forleithnithe ar fhoirgneamh poiblí nó nuair a bheadh sé éifeachtúil ó thaobh costais, le rochtain a thabhairt do líon níos mó daoine. .

Caithfidh foirgnimh ar fhoirgnimh phoiblí iad ar an dáta a tháinig alt 25 den Acht Míchumais i bhfeidhm (.i. 31 Nollaig, 2005) nó ar déanadh foirgnimh phoiblí díobh i ndiaidh an dáta sin, teacht le Cuid M de Rialacháin Tógála 1997 (mar a leasaíodh) faoin 31 Nollaig 2015. Ina theannta sin, má bhíonn aon leasuithe eile ar Chuid M de Rialacháin Tógála 1997, beidh ar chomhlachtaí poiblí a gcuid foirgneamh poiblí a thabhairt faoi réir Chuid M leasaithe laistigh de 10 mbliana tar éis don leasú tosú.

Is féidir le hAire ordú a dhéanamh ag sonrú foirgnimh, nó foirgneamh, nach mbaineann na riachtanais san alt roimhe seo leo má bhíonn sé nó sí sásta -

(a) go bhfuil an foirgneamh á úsáid go sealadach mar fhoirgneamh poiblí agus go n-éireofar as an úsáid sin tar éis 3 bliana ón dáta a déanadh an t-ordú

(b) nach n-úsáidfear an foirgneamh mar fhoirgneamh poiblí tar éis trí bliana ón dáta a dhéantar an t-ordú, nó

(c) nach bhféadfaí cosaint a dhéanamh ar an bhfoirgneamh a dhéanamh inrochtain do dhaoine faoi mhíchumas, ar bhonn costais, ag tógáil ceann den úsáid a bhainfear as an bhfoirgneamh.

Sula ndéantar a leithéid d’ordú beidh ar an Aire atá i gceist dul i gcomhairle le "pé Airí nó daoine eile a cheapann sé nó sí a bheith cuí"

Rochtain ar Sheirbhísí (Alt 26)

ciallaíonn "seirbhís" seirbhís nó áis de chineál ar bith a sholáthraíonn comhlacht poiblí agus atá ar fáil nó a bhfuil teacht ag an bpobal air go ginearálta nó ag cuid den phobal agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil thuasluaite, cuimsítear -

(a) úsáid áite nó áise atá i seilbh, faoi bhainistíocht nó faoi rialú comhlachta poiblí

(b) soláthar eolais nó acmhainne eolais nó scéime nó liúntais nó leasa eile atá faoi réir ag comhlacht poiblí

(c) aon seirbhís chultúrtha nó oidhreachta a sholáthraíonn a leithéid de chomhlacht, agus

(d) aon seirbhís a sholáthraíonn cúirt nó binse eile

Éilíonn an t-alt seo den Acht, le héifeacht ón 31 Nollaig, 2005, mar a soláthraíonn comhlacht poiblí seirbhís go ndéanfaidh sé -

(a) a chinntiú "nuair is praiticiúil agus cuí ", go mbíonn soláthar rochtana ar sheirbhís do dhaoine faoi mhíchumas comhtháite ann,

(b) cabhair a sholáthar "nuair is praiticiúil agus cuí", má iarrtar é, do dhaoine faoi mhíchumas le rochtain a bheith acu ar na seirbhísí má bhítear sásta go bhfuil seo riachtanach chun géilleadh do (a) thuas, agus

(c) a chinntiú "nuair is cuí", go mbíonn teacht ar dhaoine leis an saineolas agus na scileanna cuí chun comhairle a chur ar an gcomhlacht maidir le conas ab fhéidir a chinntiú go mbíonn a chuid seirbhísí inrochtain do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Éilíonn an tAcht freisin go dtabharfadh comhlachtaí poiblí údarás do bhall amháin ar a laghad dá bhfoireann soláthar nó socrú agus comhordú a dhéanamh ar chabhair do dhaoine faoi mhíchumas chun go mbeadh rochtain acu ar a chuid seirbhísí. Tabharfar Oifigigh Rochtana ar na daoine a mbeidh an t-údarás seo acu.

 Rochtain ar Sheirbhísí a Sholáthraítear do Chomhlacht Poiblí (Alt 27)

San alt seo den Acht, ciallaíonn "soláthar seirbhísí" soláthar earraí chomh maith.

Éilíonn an t-alt seo den Acht, le héifeacht ón 31 Nollaig, 2005, mar a soláthraíonn comhlacht phoiblí seirbhís, go ndéanfaidh sé deimhin de go mbíonn rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar an seirbhís (ar na seirbhísí a sholáthraítear do chomhlacht phoiblí is féidir go n-áireofaí, mar shampla, scéim a bhíonn á riar, faoi chonradh, thar ceann comhlachta poiblí ag gníomhaireacht eile nó comhlacht príobháideach.

Deirtear san Acht nach mbeidh a bhfuil thuasluaite i gceist mura mbeadh an soláthar rochtana ag daoine faoi mhíchumas ar aon seirbhís a sholáthraítear do chomhlacht phoiblí--

(a) praiticiúil

(b) inchosanta maidir leis an gcostas a bhainfeadh leis, nó

(c) a chuirfeadh moill mhíréasúnta ar earraí agus seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine eile

Rochtain ar Eolas (Alt 28)

Éilíonn an t-alt seo go mbeadh socruithe déanta ag comhlachtaí poiblí "chomh fada agus is praiticiúil é" chun eolas a chur ar fáil i bhformáid Braille, comharthaí, béil etc., i gcás go n-iarrann duine a bfhuil laige cainte nó radhairc air/uirthi a leithéid. Éilíonn an t-alt seo freisin go gcuirfeadh comhlachtaí a dhéanann, mar shampla, teagmháil trí r-phost nó a fhoilsíonn eolas ar an ngréasán, a chinntiú, "chomh fada agus is praiticiúil é", go dtraiseoltar nó go bhfoilsítear a leithéid d’eolas i bhformáid a thagann leis na teicneolaíochtaí oiriúnaitheacha a úsáideann daoine a mbíonn laige radhairc orthu. Éilíonn sé freisin go gcinnteodh comhlachtaí poiblí, "chomh fada agus is praiticiúil é", maidir le heolas a fhoilsítear, ina bhfuil eolas a bhaineann le daoine atá faoi mhíchumas intleachta, go mbíonn an teanga ann soiléir agus é intuigthe go soiléir gan dua ag a leithéid de dhaoine.

Rochtain ar Shuímh Oidhreachta (Alt 29)

San alt seo den Acht, cuimsíonn "suíomh oidhreachta" --

(a) séadchomhartha faoi bhrí Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2004,

(b) foirgneamh oidhreachta nó gairdín oidhreachta nó páirc faoi bhrí an Achta Oidhreachta 1995,

(c) struchtúr cosanta nó struchtúr atá molta chun cosanta, le haon fhearann a ghabhann leo, nó ceantar caomhnaithe ailtireachta , faoi bhrí an Achta Pleanála agus Forbartha 2000 i ngach cás,

(d) tearmann dúlra atá faoi réir ag ordú bhunaithe faoi bhrí Achtanna Fiadhúlra 1976 agus 2000, agus

(e) páirc náisiúnta ar leis an Stát agus í faoi bhainistíocht agus faoi rialú an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

Éilítear san alt seo, le héifeacht ón 31 Nollaig 2007, go gcinnteoidh comhlachtaí poiblí "chomh fada agus is praiticiúil é", go mbíonn cuid de shuíomh oidhreachta nó é go léir, ar leis é, atá á bhainistiú nó á rialú aige agus a bhfuil rochtain ag an bpobal air, inrochtain do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Deirtear san Acht freisin nach mbeidh a bhfuil thuasluaite i gceist dá ndéanfadh a chur i bhfeidhm-

(a) drochthionchar suntasach a bheith aige ar stádas caomhnaithe speicis nó gnáthóige nó ar iomláine suímh oidhreachta, nó

(b) cur isteach ar shaintréithe an tsuímh.

Deirtear freisin san Acht nach dtuigfear as aon ní atá in Alt 29 go dtugann sé údarás ná go n-éilíonn sé go ndéanfaí oiriúnú ná athrú in aghaidh na dlí ar aon suíomh oidhreachta.

 Pleananna Earnálacha (Alt 31)

Éilíonn an tAcht Míchumais, 2005 go n-ullmhódh agus go bhfoilseodh na sé Aire Rialtais atá liostáilte thíos pleananna earnálacha ag tabhairt imlíne ar chlár na gcéimeanna atá molta maidir le soláthar seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas ag an Aire nó ag comhlachtaí poiblí nó ag duine eile a bhfeidhmíonn an tAire ar a shon nó ar a ndáileann sé/sí airgead. Sula bhfoilsítear a leithéid de phlean ní mór don Aire dul i gcomhairle lena leithéid de dhaoine ar ionadaithe iad ar dhaoine faoi mhíchumas a cheapann sé nó sí a bheith cuí.

I dteannta na riachtanas eolais atá sainithe faoi Altanna 32 go 37, caithfear iad seo a leanas a bheith i ngach plean earnálach--

(a) eolas cuí maidir le cóid chleachtais (más ann dóibh) agus rialacháin (más ann dóibh) a bhaineann le hábhar an phlean,

(b) an nós imeachta gearán le soláthar ag comhlacht phoiblí nó ag daoine eile maidir le haon cheist a bhaineann leis an bplean

(c) gnásanna imeachta monatóireachta agus athbhreithnithe maidir le hábhar an phlean

(d) ráiteas ar na tréimhsí ag a n-ullmhófar tuarascálacha maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur i bhfeidhm an phlean, gur tréimhsí nach mó ná 3 bliana iad ó dháta foilsithe an phlean

(e) "más cuí", leibhéal na rochtana a bhaineann leis na seirbhísí atá sonraithe sa phlean agus

(f) aon cheist eile a cheapann an tAire atá i gceist a bheith cuí.

Tá foráil san Acht, mar a éilíonn plean earnálach seirbhís inrochtain iompair poiblí agus na foirgnimh agus an infrastruchtúr a bhaineann leis agus a mbíonn dáta dá soláthar sa phlean earnálach, gurb é sin an dáta a bheidh i gceist, in ionad aon dáta eile a bheadh ann, de bharr fhorálacha an Achta.

Éilíonn an tAcht go gcuirfí na pleananna earnála faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais "a luaithe agus is féidir é", ach i gcás an chéad phlean dá leithéid, nach déanaí ná bliain tar éis d’Alt 31 tosú (.i. faoin 8 Iúil, 2006). Ní bheidh éifeacht leis na pleananna earnálacha go dtí go nglacann an dá Theach den Oireachtas le rún ag faomhadh na bpleananna.

Caithfear aon tuarascálacha a ullmhóidh Aire faoi alt 31 a chur faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas.

Plean Earnálach an Aire Sláinte agus Leanaí (Alt 32)

Éilíonn Acht Míchumais, 2005 go n-ullmhódh an tAire Sláinte agus Leanaí plean earnálach ina mbeadh (in éineacht le riachtanais ghinearálta ailt 31) eolas maidir le-

(a) seirbhísí a sholáthraítear ón Aire nó ar a s(h)on do dhaoine faoi mhíchumas

(b) na critéir a bhaineann le hincháilitheacht a leithéid de dhaoine ar sheirbhísí faoi Achtanna Sláinte 1947 go 2004

(c) na socruithe atá molta do chur i bhfeidhm Chuid 2 [ní thagann Cuid 2 d’Acht Míchumais, 2005, a dhéileálann le measúnú riachtanas, ráitis seirbhíse agus sásaimh, faoi dhlínse an Ombudsman]

(d) socruithe ar chomhoibriú Feidhmeannachta [na Seirbhíse Sláinte] le húdaráis tithíochta maidir le forbairt agus comhordú na seirbhísí a sholáthraíonn na húdaráis tithíochta do dhaoine faoi mhíchumas, agus

(e) aon cheist eile (más ann di) a cheapann an tAire a bheith cuí

Éilíonn an tAcht chomh maithe go mbeadh soláthar i bplean earnálach ag an Aire Sláinte agus Leanaí do chomhoibriú cuí idir an tAire agus na hAirí Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus Fiontair, Trádála agus Fostaíochta maidir le forbairt agus comhordú ar na seirbhísi a sholáthraíonn an dá Aire sin do dhaoine faoi mhíchumas agus a bhaineann leis na seirbhísí ar déanadh tagairt dóibh thuas.

Plean Earnálach an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (Alt 33)

Éilíonn Acht Míchumais, 2005 go n-ullmhódh an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh plean earnálach ina mbeadh (in éineacht le riachtanais ghinearálta ailt 31) eolas maidir le-

(a) na critéir a bhaineann le hincháilitheacht daoine faoi mhíchumas maidir le híocaíochtaí faoi na hAchtanna Leasa Sóisialta agus méid na n-íocaíochtaí sin

(b) na seirbhísí eolais, comhairle agus abhcóideachta agus na seirbhísí mínithe teanga chomharthaí a sholáthraíonn Comhairle nó a bhfuil socruithe déanta aici chuige

(c) aon seirbhísí eile a sholáthraítear ag nó thar ceann an Aire a cheapann sé/sí a bheith cuí, agus

(d) aon cheist eile a cheapann an tAire a bheith cuí

Éilíonn an tAcht chomh maithe go mbeadh soláthar i bplean earnálach an Aire Sóisialacha agus Teaghlaigh do chomhoibriú cuí idir an Aire agus na hAirí Sláinte agus Leanaí agus Fiontair, Trádála agus Fostaíochta maidir le forbairt agus comhordú ar na seirbhísi a sholáthraíonn an dá Aire sin do dhaoine faoi mhíchumas agus a bhaineann leis na seirbhísí ar déanadh tagairt dóibh thuas a sholáthraítear dá leithéid de dhaoine.

Plean Earnálach an Aire Iompair (Alt 34)

Éilíonn Acht Míchumais, 2005 go n-ullmhódh an tAire Iompair plean earnálach ina mbeadh (in éineacht le riachtanais ghinearálta ailt 31) eolas maidir le-

(a) clár de bheartais teilgthe do sholáthar rochtana do dhaoine faoi mhíchumas ar sheirbhísí iompair phaisinéara don phobal a sholáthraíonn an tAire nó comhlacht phoiblí a bhfeidhmíonn an tAire ar a shon nó ag duine nó comhlacht atá ceadúnaithe nó rialaithe ag an Aire.

(b) beartais atá le glacadh d’fhonn éascú a dhéanamh ar rochtain dhaoine faoi mhíchumas ar a leithéid de sheirbhísí agus an t-am atá ceadaithe do ghlacadh na mbeartas seo

(c) socruithe a bhfuil sé i gceist ag an Aire agus ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a chur ann chun rochtain a éascú d’feithiclí a sholáthraíonn seirbhísí iompair phaisinéara dá leithéid de dhaoine ón mbóthar poiblí, agus

(d) aon cheist eile a cheapann an tAire a bheith cuí

(ní áirítear seirbhís aeir sa "seirbhís iompair phaisinéara" faoi bhrí an Achta Loingseoireachta agus Iompair Aeir, 1965, ná seirbhís a sholáthraíonn duine a oibríonn seirbhís traenach ná infrastruchtúr iarnróid atá inspéise go stairiúil nó ó thaobh na turasóireachta de).

Plean Earnálacha an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha

Éilíonn Acht Míchumais, 2005 n-ullmhódh an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha plean earnálach ina mbeadh (in éineacht le riachtanais ghinearálta ailt 31) eolas maidir le-

(a) beartais atá le glacadh ag oibreoirí longa paisinéara d’fhonn éascú a dhéanamh ar rochtain dhaoine faoi mhíchumas ar sheirbhísí iompair mara paisinéara a sholáthraíonn siad agus an t-am atá ceadaithe do ghlacadh na mbeartas seo

(b) beartais atá le glacadh ag na comhlachtaí atá freagrach as riaradh agus oibriú na gcuan agus na gcalafort atá sainithe d’fhonn éascú a dhéanamh ar rochtain na ndaoine sin ar na háiteanna sin ina dtosaíonn agus ina gcríochnaíonn a leithéid de sheirbhísí agus an t-am atá ceadaithe do ghlacadh na mbeartas seo, agus

(c) aon cheist eile a cheapann an tAire a bheith cuí

Tugann Acht Míchumais 2005 sainmhíniú ar "long paisinéara" chun críche an ailt seo mar longa paisinéara faoi bhrí an Achta um Loingeas Trádála 1992 agus galtáin paisinéara faoi bhrí an Achta (Coinbhinsiún Slándála) um Loingeas Trádála 1952

Sliocht as an Acht um Loingeas Trádála 1992

ciallaíonn "long paisinéara" árthach a iompraíonn níos mó ná 12 paisinéir nó a mbeadh níos mó ná 12 paisinéir ar bord chun críche iompair agus áirítear árthach a iompraíonn níos mó ná 12 duine go dtí nó óna n-ionad oibre, nó níos mó ná 12 duine a bheith ar bord chun críche a leithéid d’iompar, agus ar len a bhfostóir é nó é ar cíos aige/aici agus árthach atá cláraithe lasmuigh den Stát agus a iompraíonn níos mó ná 12 paisinéir idir áiteanna sa Stát, nó a mbíonn níos mó ná 12 paisinéir ar bord chun críche a leithéid d’iompar, ach ní áirítear árthach den chineál seo a iompraíonn paisinéirí go dtí agus ón Stát nó a mbíonn paisinéirí ar bord chun críche a leithéid d’iompar, árthach iascaireachta nó bád farantóireachta ag obair i slabhraí;"

Sliocht as Acht (Coinbhinsiún Slándála) um Loingeas Trádála 1952

"San Acht seo ciallaíonn an nath "galtán paisinéara" galtán a iompraíonn níos mó ná dhá phaisinéir déag"

 

Plean Earnálach an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil

Éilíonn Acht Míchumais, 2005 go n-ulmhódh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil plean earnálach ina mbeadh (in éineacht le riachtanais ghinearálta ailt 31) eolas maidir le-

(a) beartais atá le tógáil lena chinntiú go ngéilltear do Chuid M de Rialúcháin Tógála 1997 (mar a leasaíodh)

(b) beartais atá le tógáil chun rochtain a éascú do dhaoine faoi mhíchumas ar bhóithre poiblí agus ar áiteanna eile poiblí [sainithe thíos] agus ar sheirbhísí eile a sholáthraíonn an tAire, na húdaráis áitiúla nó comhlachtaí eile pobail a bhfeidhmíonn an tAire ina dtaobh agus an t-am atá molta do ghlacadh na mbeartas seo

(c) socruithe a bhfuil sé i gceist ag an Aire agus an Aire Iompair a chur ann chun rochtain a éascú d’feithiclí a sholáthraíonn seirbhísí iompair paisinéara dá leithéid de dhaoine ó bhóthar poiblí

(d) tithíocht agus lóistín do dhaoine faoi mhíchumas

(e) socruithe do chomhoibriú na n-údarás tithíochta le Feidhmeannacht [na Seirbhíse Sláinte] maidir le forbairt agus comhordú na seirbhísí a sholáthraíonn na húdaráis tithíochta do dhaoine faoi mhíchumas, agus

(f) aon cheist eile a cheapann an tAire a bheith cuí.

Tugann Acht Míchumais 2005 sainmhíniú ar "áiteanna poiblí" chun críche an ailt seo ag cuimsiú-

(a) troscán sráide, cosáin agus criosanna coisíochta

(b) comharthaíocht

(c) páirceanna poiblí agus spásanna oscailte ar le húdarás áitiúil iad nó a ndéanann sé cothabháil orthu

(d) cuanta, stadanna bus nó iarnród éadrom a bhfuil an t-údarás áitiúil freagrach astu

ach ní áirítear foirgneamh poiblí faoi alt 25 ná seirbhís lena mbaineann alt 26 nó 27.

Plean Earnálach an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta

Éilíonn Acht Míchumais, 2005 go n-ullmhódh an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta plean earnálach ina mbeadh (in éineacht le riachtanais ghinearálta ailt 31) eolas maidir le-

(a) traenáil gairme agus seirbhísí tacaíochta fostaíochta agus cláir atá curtha ar fáil ag FÁS do dhaoine faoi mhíchumas

(b) clár de bheartais a mholtar a thógáil chun agus maidir le soláthar traenála cuí gairme agus seirbhísí tacaíochta fostaíochta chun éascú a dhéanamh ar chomhcheangal dhaoine faoi mhíchumas le fostaíocht

(c) beartais atá le glacadh d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar sheachadadh ar a leithéid de thraenáil agus seirbhísí agus an t-am ina ndéanfar a leithéid d’athbhreithniú

(d) aon bheartais atá le glacadh lena chinntiú go ndéanfar soláthar níos éifeachtaí ar a leithéid de thraenáil agus de sheirbhísí, agus

(e) aon cheist eile a cheapann an tAire a bheith cuí

Éilíonn an tAcht chomh maithe go mbeadh soláthar i bplean earnálach an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta Leanaí do chomhoibriú cuí idir an Aire agus an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus an tAire Sláinte agus Leanaí maidir le forbairt agus comhordú ar na seirbhísi thuasluaite a sholáthraíonn an dá Aire sin do dhaoine faoi mhíchumas.

Back to contents