- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
An tAcht Míchumais
An gá dom aon ní a dhéanamh sula dtugaim mo ghearán chuig an Ombudsman?
Sular féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghearán maidir le Cuid 3 den Acht Míchumais, 2005 ní mór don té atá ag déanamh an ghearáin úsáid a bhaint ar dtús as na nósanna imeachta gearán inmheánacha a bhaineann leis an gcomhlacht poiblí atá i gceist.
Nósanna Imeachta Gearán Inmheánacha maidir le hAltanna 25 go 29
Deirtear in Alt 38 den Acht Míchumais, 2005 gur féidir le duine leis/léi féin nó trí dhuine ar déanadh tagairt dó/di in Alt 9(2) [féach sainmhíniú thíos] gearán a dhéanamh i scríbhinn le ceannaire comhlachta poiblí maidir le teip na comhlachta géilleadh d'altanna 25, 26, 27, 28 nó 29 den Acht seo.
Is é is brí le duine a bheith sonraithe in alt 9(2) ná:-
(a) céile, tuismitheoir nó gaol leis an duine a ndéantar tagairt dó/di i bhfo-alt (1)(a) [.i. duine atá den tuairm go bhfuil sé nó sí faoi mhíchumas]
(b) caomhnóir an duine sin nó duine ag gníomhú in loco parentis don duine sin
(c) ionadaí dlíthiúil an duine sin, nó
(d) abhcóide pearsanta ceaptha ag an gComhairle chun ionadaíocht a thabhairt don duine sin
Ceadaíonn Alt 39 den Acht Míchumais, 2005 do chomhlacht poiblí údarás a thabhairt don oiread oifigeach agus a cheapann sé a bheith cuí le bheith ina nOifigigh Fiosrúcháin arbh é an cúram a bheidh orthu ná imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi alt 38. Ní mór do gach comhlacht poiblí nósanna imeachta a chur le chéile agus a fhoilsiú maidir le déanamh agus imscrúdú gearán. Tá foráil san Acht go mbeidh na hOifigigh Fiosrúcháin neamhspleách i gcomhlíonadh a ndualgas.
Nuair a fhaigheann comhlacht poiblí gearán faoi alt 38 ní mór é a chur faoi bhráid Oifigigh Fhiosrúcháin chun imscrúdaithe. Ní mór don Oifigeach Fiosrúcháin tuarascáil scríofa a ullmhú ar thorthaí an imscrúdaithe agus caithfear cóip de seo a thabhairt do cheannaire na comhlachta poiblí atá i gceist agus don duine a rinne an gearán. Ní mór don tuarascáil seo faisinéis an Oifigigh Fhiosrúcháin a rianú in éineacht le cinneadh maidir le teip an chomhlachta phoiblí géilleadh d’fhoráil an Achta ar déanadh tagairt dó sa ghearán, agus más amhlaidh a bhí, cad iad na céimeanna is gá don chomhlacht poiblí a thógáil d’fhonn géilleadh don fhoráil ábharthach den Acht.
Éilítear san Acht Míchumais, 2005 go ndéanfaí imscrúduithe an Oifigigh Fhiosrúcháin go príobháideach.
Nósanna Imeachta Gearán Inmheánacha maidir le hAltanna 32 go 37 (Pleananna Earnálacha)
Mar a luadh thuas, ní mór eolas a bheith i ngach plean earnálach maidir leis na nósanna imeachta gearán a sholáthróidh comhlacht poiblí nó daoine eile maidir le haon cheist a bhaineann le hábhar an phlean. Faoi láthair, áfach, níl aon cheann de na pleananna earnálacha curtha faoi bhráid Tithe an Oireachtais le faomhadh trí rún agus dá bhrí sin níl sonraí de na nósanna imeachta gearán atá molta fós ar fáil.
