Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

An tAcht Míchumais

Cad is féidir leis an Ombudsman a dhéanamh?

Mura mbíonn an duine, tar éis dó/di nós imeachta gearán inmheánach na comhlachta atá i gceist a úsáid, sásta le cinneadh an Oifigigh Fhiosrúcháin ná le cinneadh an Oifigigh Ghearán maidir le plean earnálach, is féidir leis nó léi iarraidh ar an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán.

Tar éis imscrúdaithe, má cheapann an tOmbudsman, de dheasca teip ar ghéilleadh d’fhoráil Chuid 3 d’Acht Míchumais 2005 nó do phlean earnálach faoin bPáirt sin, go raibh drochthionchar ag an ngníomh ar an duine a rinne an gearán nó ar déanadh gearán ar a shon nó ar aon duine eile agus gur dóigh leis an Ombudsman gur chóir dó nó di a leithéid a dhéanamh i ngach cás, is féidir leis nó léi a mholadh do cheannaire na comhlachta poiblí atá i gceist nó d'aon duine eile a bheadh i gceist-

(a) go ndéanfaí a thuilleadh machnaimh ar an gceist ar ar gníomhaíodh,

(b) go nglacfaí beartais nó sainbheartais a leigheasfadh, a laghdódh nó a athródh drochthionchar an ghnímh, nó

(c) go dtabharfaí na cúiseanna ar ar déanadh an gníomh don Ombudsman,

agus, má cheapann an tOmbudsman go bhfuil sé cuí, is féidir leis nó léi iarraidh ar cheannaire an chomhlachta phoiblí nó ar an duine eile sin a chur in iúl dó nó di, laistigh d’am a bheadh leagtha síos, cad é a f(h)reagra ar an moladh.

Cad a chosnóidh sé?

Tada. Níl aon táille ar sheirbhísí an Ombudsman

Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman?

Suíomh gréasáin: www.ombudsman.ie

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifig trí ghlaoch ar nó scríobh chuig:

Oifig an Ombudsman,

18 Sráid Líosáin Íochtarach,

Baile Átha Cliath 2

Teileafón: LóGhlao 1890 22 30 30

Facs: 01 639 5674

r-Phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie

Back to contents