Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Cásanna Samplacha

An Roinn Talmhaíochta agus Bia - Conspóid maidir le Pionós SCCT

An Bhliain dár críoch: 2004

Ainm an Chomhlachta: An Roinn Talmhaíochta agus Bia

Ábhar an ghearáin:  Conspóid maidir le Pionós SCCT

Mionsonraí an Ghearáin: Dhein feirmeoir scothaosta ar bheagán maoine a bhí rannpháirteach sa Scéim Cosanta an Chomhsaoil faoin Tuath (SCCT) gearán liomsa gur chaith an Roinn Talmhaíochta agus Bia go róchruálach leis toisc gur bhain sé as rannán beag de fhál sceach.

Bhain an feirmeoir an fál as le ligean dá chumann áitiúil CLCG líontán a chur isteach agus oibreacha feabhais mar a moladh ag a gcuid árachóirí a dhéanamh. Cuireadh fál nua in áit an chinn a baineadh as a luaithe agus a bhí na hoibreacha críochnaithe. Ar a thuiscint dó go raibh baol ann go raibh forálacha na scéime sáraithe aige chuir sé iarratas ar chead chun an hoibre a dhéanamh chuig an Roinn. D'eisigh Cigire Réigiúnach na Roinne eiteach ceithre éigin mhí níos déanaí agus dá dheasca sin gearradh pionós 100% air. Bhí an pionós a gearradh substaintiúil agus chuaigh sé ?6,000.

Dhein an feirmeoir achomharc go háitiúil ar an gcinneadh agus dhiúltaigh Cigire eile Réigiúnach an t-achomharc gan féachaint ar an suíomh. Chuir an feirmeoir achomharc eile fós leis an gCoiste Achomharc Talmhaíochta. Cheap an Coiste cigire leis an suíomh a scrúdú agus ina thuarascáil don Choiste Achomhairc mhol seisean go gceadófaí an t-athchomharc ar fhorais éagsúla. Luaigh sé go sonrách an fhíric go soláthródh an fál a bhí curtha, le himeacht aimsire, bithéagsúlacht níos mó ná an ceann a baineadh as agus thug sé faoi deara nach raibh aon leas ann don fheirmeoir an fál a bheith bainte. Ba léir dó, agus an cás scrúdaithe aige, nach rithfeadh a leithéid de ghníomh leis an bhfeirmeoir go deo mura mbeadh gur bhraith sé gur cheart dó comaoin a dhéanamh dá chomharsana, an club áitiúil CLCG.

Ón scrúdú a dhein mé ar chomhaid na Roinne ba léir go raibh bá áirithe leis an bhfeirmeoir laistigh den Roinn agus gur tuigeadh go raibh ceannach na páirce agus a aistriú in oiriúint do pháirc imeartha peile ina ghníomh an-mhór agus ina infheistíocht an-mhór do phobal beag tuaithe. Bhí an chuma ar an scéal gur glacadh leis go ndéanfadh an togra seo leas fadtéarmach an cheantair agus go raibh ardphróifíl ag an gcás go háitiúil, agus gur chuir sé as do mhórán daoine go gcuirfí pionós chomh trom sin ar dhuine a bhí ag gníomhú le leas an phobail. Bhí an Roinn, ar a shon sin, srianta cuid mhaith ar an méid a fhéadfadh sí a dhéanamh i bhfianaise téarmaí an SCCT.

Cé go dtacódh léamh daingean ar théarmaí agus choinníollacha an SCCT leis an gcinneadh go n-eiteofaí an t-athchomharc ba dhóigh liom go raibh an cás eisceachtúil agus dá bhrí sin d?iarr mé ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh. Chuir mé in iúl chomh maith gur mheas mé go raibh an pionós a gearradh, breis is €6,000, díréireach do dhuine scothaosta ar bheagán maoine.

Toradh: Bhí mé fíorshásta nuair a scríobh an Roinn chugam ag cur in iúl, mar a bhí iartha agam orthu, go raibh athbhreithniú déanta acu ar an gceist agus ag cur na "gcúinsí eisceachtúla" a bhain leis an gcás san áireamh, gur cinneadh go gcealófaí an pionós de ?6,000. Ó am go chéile bíonn cúis agam le cinneadh a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí mar gheall ar chur chuige docht oifigiúil a bheith acu do chásanna deacra. Sa chás seo is ceart dom an Roinn a mholadh as a dearcadh báúil solúbtha do dhuine scothaosta a sháraigh rialacha na scéime go neamhaireach agus é ag gníomhú le leas a phobail féin.

Back to contents