- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Cásanna Samplacha
An Roinn Talmhaíochta agus Bia - Dearmad in Iarratas ar Fhairsingiú Bisigh
An Bhliain dar Críoch: 2005
Sonraí an Ghearáin:
Rinne baintreach aosta ó Chontae Chiarraí gearán liom faoin Roinn Talmhaíochta agus Bia. Bhí sí ag feirmeoireacht ina haonar ó déanadh baintreach di sna 1990dí. I rith 2001 agus 2002 chuir sí isteach ar Fhairsingiú Bisigh. Ba bhiseach é seo a íocadh le feirmeoirí a roghnaigh gan feirmeoireacht chomh dian a dhéanamh. Íocadh ag rátaí éagsúla é, ag brath ar dhéine na gníomhaíochta feirmeoireachta.
Chuir sí isteach, i ndearmad, ar an ráta dlúis mícheart stoic. Mar sin, i 2001 chaill sí €627 agus chaill sí €800 i 2002. Ba dhóichí, áfach, go mbeadh caillteanas airgid ann dá dheasca nuair a tháinig ann do chóras nua i 2005, ar ar tugadh An Scéim Íocaíochta Feirme Aonair, toisc go dtiocfadh laghdú ar na híocaíochtaí léi go ceann deich mbliana dá thoradh.
Ar thuiscint a dearmad di rinne sí achomharc ar an gceist leis an oifig áitiúil ach diúltaíodh di. In ionad achomharc a dhéanamh ar an gceist leis an Oifig Achomhairc Talmhaíochta lorg sí cabhair ar ionadaí tofa.
Mar sin féin, dhiúltaigh an Roinn a hiarratas a leasú, ainneoin gur déanadh uiríll ar a son.
Ghlac mé an cheist chugam tar éis di teacht chun m’fhoireann a fheiceáil ar cheann de chuairteanna réigiúnacha m’Oifige. Mhínigh an Roinn dom gur ag gníomhú go hiomlán laistigh de théarmaí agus choinníollacha na scéime a bhíodar agus iad ag diúltú an leibhéil íocaíochta níos airde agus gurb í féin a rinne an dearmad.
Ghlac an Roinn leis, áfach, go raibh dlús stoic a gabháltais don dá bhliain a bhí i gceist chomh híseal sin go nglacann siad anois leis gur dearmad macánta a rinne sí maidir lena rogha dlúis stoic ag am an iarratais. Ghlacadar leis freisin go bhféadfaí a haois agus í a bheith ag feirmeoireacht ina haonar a bheith ina n-ábhar maolaithe.
Toradh:
De thoradh m’idirghabhála, shocraigh an Roinn go n-íocfaí an t-airgead leis an ngearánaí ar an ráta níos airde den scéim um Fhairsingiú Bisigh.
Mar thoradh air seo íocadh €1,460 breise léi agus bhí dea-thionchar aige ar a teidlíochtaí faoin Scéim Íocaíochta Feirme Aonair. Bhí áthas orm gur tháinig athrú aigne ar an Roinn de bharr mo chuidse idirghabhála. Tá an toradh seo ina léiriú dearfach ar thoil na Roinne déanamh de réir tuillteanais an ghearáin
