- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Cásanna Samplacha
Feidhmeannacht na Seirbhíse Limistéir Thiar Theas - Táillí Tí Altranais
An Bhliain dár Críoch: 2005
Sonraí an Ghearáin:
Scríobh an gearánaí chugam i bhFeabhra 2005 ag rá go raibh a hathair, fear ag a raibh cárta leighis, ina chónaí i dteach altranais príobháideach do na cúig bliana roimhe sin tar éis do stróc a bheith aige. Bhí táillí an tí altranais an-chostasach agus tar éis tréimhse cúig bliana bhí siad ag cur brú mór airgeadais ar an teaghlach. Dúirt an gearánaí gur cuireadh a hathair ar liosta feithimh do leaba chonartha (leaba ar íoc an FSS go hiomlán aisti) sa teach altranais i mí an Mheithimh 2003 ach gur cuireadh deireadh leis an gcóras conartha leapa i Meán Fómhair 2003.
Lorg mé an comhad a bhain leis an gcás ar an FSS. Nuair a dhéan mé iniúchadh ar na páipéir bhí sé soiléir go raibh tiomantas tugtha ag an FSS don teaghlach i mí an Mheithimh 2003 go mbronnfaí ‘leaba chonartha’ sa teach altranais ar a n-athair. Cé gur chuir an FSS deireadh leis an gcleachtas ar leapacha conarthacha a chur ar fáil i dtithe altranais, ón iniúchadh atá déanta agamsa ar na páipéir ní raibh aon fhianaise ann gur cuireadh an teaghlach ar an eolas maidir leis an gcinneadh seo ag an am. Dá gcuirfí an teaghlach ar an eolas maidir leis an gcinneadh, bheadh ar a gcumas na roghanna uile a bhí ar fáil dóibh, maidir le cúram a n-athair, a chur san áireamh i bhfad níos luaithe. I bhfianaise an méid seo d’iarr mé ar an FSS athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás.
Dhéan an FSS athbhreithniú ar an gcás agus dúirt liom ina dhiaidh shin, ag cur san áireamh tionscnamh nua um chur le hacmhainn leapacha agus toisc gur cuireadh athair an ghearánaí ar liosta feithimh do leaba chonartha agus nár cuireadh an teaghlach ar an eolas go raibh deireadh leis an scéim, go raibh siad chun cistiú a dhéanamh ar an leaba sa teach altranais príobháideach feasta.
