Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Cásanna Samplacha

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: An Limistéar Thuaidh Thoir - Cártaí Leighis Tarraingthe Siar

An Bhliain dár Críoch: 2005

Sonraí an Ghearáin:

Chuaigh fear scothaosta i dteagmháil le m’Oifig maidir le cinneadh a dhéan Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an Cheantair Thoir Thuaidh a chárta leighis féin agus cárta leighis a mhná céile a tharraingt siar. Is trí thástáil maoine agus ioncaim tí a mheastar teidlíocht ar chártaí leighis, cé gur féidir cárta a bhronnadh ar fhorais leighis fiú amháin mura bhfuiltear ag géilleadh do threoirlínte um thástáil maoine agus is amhlaidh a bhí le mo ghearánaithe. Nuair a tháinig an t-am chun athnuachan a dhéanamh ar a gcártaí leighis i 2005, bhí a n-ioncam seachtainiúil níos mó arís ná mar a bhí leagtha síos sna treoirlínte, fiú amháin ag cur costais réasúnta leighis san áireamh. Dhiúltaigh an FSS don achainní a dhéanadar ar athnuachan ar a gcárta leighis. Táim tar éis athbhreithniú a éileamh ar theidlíocht na lánúine toisc go raibh géar dheacrachtaí airgeadais acu maidir le costas a gcúram leighis a chlúdach. Ar a shon sin, dhiúltaigh an FSS athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh ar an mbonn go raibh a n-ioncam i bhfad os cionn an scála.

D’iarr mé ar an FSS athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás don dara huair toisc go raibh mé buartha nach raibh, dáiríre, rochtain chuí ag an bheirt scothaosta ar sheirbhísí riachtanacha leighis de dheasca an chinneadh a gcárta leighis a tharraingt siar. Chuir an fear ar an eolas mé go raibh cúram cheithre huaire fichead de dhíth ar a bhean céile de dheasca a drochshláinte agus go raibh an tromualach airgeadais chun an cúram seo a sholáthar chomh mór sin uaireanta nárbh acmhainn dó turas a thabhairt ar an dochtúir ná díol as a chógais féin. Dhéan mé an pointe chomh maith nach raibh aon athrú suntasach tagtha ar chúinsí airgeadais na ngearánaithe ó bronnadh an cárta leighis orthu an chéad lá.

Toradh:

D’aontaigh an FSS athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás arís agus ó shin tá an lánúin tar éis a gcárta leighis a fháil ar ais de thoradh na dtoscaí maolaithe a bhain lena gcás.

Back to contents