Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Cásanna Samplacha

An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh - Díospóid faoi Theidil Phinsin

 An bhliain inar críochnaíodh: 2006

Ainm an Chomhlachta: An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh

Ábhar an Ghearáin: Díospóid faoi Theidil Phinsin

Mionsonraí faoin nGearán:

Rinne comhalta den Gharda Síochána as Contae Chorcaí, ar comhalta ar scor é, teagmháil le m’Oifig chun gearán a dhéanamh go bhfuair sé faisnéis mhícheart ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, ar faisnéis í a d’fhág gur chreid sé go mbeadh sé cáilithe, tar éis dó scor as oifig, Pinsean Ranníocach Seanaoise a fháil de réir an ráta laghdaithe.

Sula ndeachaigh sé isteach sa Gharda Síochána bhí an fear seo ag obair san earnáil phríobháideach ar feadh cúig bliana. Sa bhliain 1989, tráth a bhí beagnach 30 bliain curtha isteach aige ag fónamh sa Gharda Síochána, rinne sé fiafraithe leis an Roinn maidir lena thaifead árachais. Cuireadh in iúl dó go raibh 260 ranníoc iomchuí árachais shóisialaigh íoctha aige san iomlán chun críoch Leasa Shóisialaigh. Ach níor scoir sé d’oifig go dtí an bhliain 1994 agus, ina dhiaidh sin, d’oibrigh sé ar feadh roinnt seachtainí san earnáil phríobháideach. Idir an dá linn, bhíothas tar éis pinsean speisialta measctha árachais pro rata tugtha isteach le héifeacht ón 1 Samhain 1991. Leis an bpinsean sin, cumasaítear do dhaoine ag a bhfuil meascán de ranníocaí árachais shóisialaigh de réir an lán-ráta agus an ráta mhodhnaithe cáiliú le haghaidh méid laghdaithe de phinsean Leasa Shóisialaigh. Scríobh sé chuig an Roinn arís chun daingniú a fháil maidir lena staid ranníoca agus cuireadh in iúl dó go raibh 260 ranníoc iomchuí árachais shóisialaigh taifeadta aige.

De réir na faisnéise a fuair sé, bheadh sé cáilithe chun pinsean speisialta measctha árachais pro rata a fháil. Nuair a shroich sé aois 65 bliana rinne sé iarratas ar an bpinsean ach dícheadaíodh a iarratas ar an mbonn nár chomhlíon sé an bunchoinníoll ranníoca maidir le 260 ranníoc árachais shóisialaigh ar a laghad a bheith íoctha aige. Cheistigh sé an t-ábhar ach cuireadh in iúl dó, ina dhiaidh sin, go raibh roinnt ranníocaí creidiúnaithe san áireamh sa 260 ranníoc árachais shóisialaigh agus nach meastar na ranníocaí creidiúnaithe sin a bheith ina ranníocaí íoctha chun críoch pinsin. Rinne sé achomharc i gcoinne an diúltaithe i leith a iarratais chuig an Oifig neamhspleách Achomharc Leasa Shóisialaigh ach níor seasadh leis an achomharc.

Scríobh mé chuig an Roinn agus mhol mé go bhféadfaí a mheas, ag féachaint don fhaisnéis mhícheart a tugadh don ghearánach faoi dhó, gurbh é sin ba chúis go díreach le míthreoir a thabhairt dó, agus, i bhfianaise an méid sin, go bhféadfadh sé go raibh súil dhlisteanach aige go bhfaigheadh sé an pinsean. Rinne oifigeach sinsearach de chuid na Roinne athbhreithniú iomlán ar an gcás agus chinn sé an pinsean a dhámhachtain dó mar aon le riaráistí cuí os cionn €32,000.

Ní mór an Roinn a mholadh as cinneadh a dhéanamh an gearán seo a réiteach ar an tslí ba lú foirmiúlacht ab fhéidir.

Back to contents