Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Cásanna Samplacha

An Roinn Talmaíochta agus Bia - Díospóid faoi Iarratas ó Iontrálaí Nua

An bhliain inar críochnaíodh: 2006

Mionsonraí faoin nGearán:

Rinne feirmeoir as Contae na Mí iarratas go nglacfaí leis mar Iontrálaí Nua sa scéim Íocaíochta Aonair Feirme. Le linn déanamh amhlaidh, d’iarr sé ar an Roinn na blianta tagartha 2000 agus 2001 a eisiamh mar go mbeadh buntáiste airgeadais ann dó dá mba rud é nach n-úsáidfí na blianta sin chun a theidil a ríomh. Rinne sé iarratas ar na heisiaimh ar an mbonn nach raibh sé ag gabháil d’fheirmeoireacht le linn an dá bhliain sin. Mar gheall ar dheacrachtaí maidir leis an léas ar an bhfeirm a cheannaigh sé, bhí fadhbanna aige freisin le linn na tréimhse sin i dtaca le huimhir thréada a fháil. Chuir sé na fadhbanna sin i leith na Roinne freisin. Tar éis an ghné sin den ábhar a scrúdú go cúramach, mheas mé gur ar thaobh an ghearánaigh a bhí an fhadhb agus dúirt mé an méid sin leis. Ba é an t-ábhar buartha ba mhó a bhí aige, áfach, ná gur dhiúltaigh an Roinn glacadh le heisiamh na mblianta 2000 agus 2001.

Mheas an Roinn nach bhféadfaí na blianta 2000-2001 a eisiamh mar go ndearna an gearanách iarratas ar Cúnamh Limistéir sna blianta sin. Dar leis an Roinn, ós rud é gur chuir sé iarratas isteach ar Chúnamh Limistéir, nach foláir go raibh sé ag gabháil do "gníomhaíocht feirmeoireachta" i rith an tréimhse áirithe seo.

Nuair a scrúdaigh mé na comhaid, fuair mé amach go raibh iarratas déanta ag an ngearánach ar Chúnamh Limistéir sa bhliain 1999. Is réamhriachtanas é sin i gcás aon duine ar mian leis nó léi gabháil d’fheirmeoireacht. Léirigh sé ina iarratas go raibh talamh ar fáil aige chun feirmeoireachta a dhéanamh air. Maidir le húsáid na talún an tráth sin, is é an tuairisc a bhí air ná "Féar". Níor liostaigh sé aon stoc nó aon ghníomhaíocht eile. Is é an rud a bhí curtha in iúl ag an Roinn do m’Oifig, go luath sa phróiseas, ná go raibh sí den tuairim go raibh an gearánach tar éis tosú ag gabháil do "gníomhaíocht feirmeoireachta" an tráth a rinne sé iarratas ar Chúnamh Limistéir. Chun tacú lena seasamh, luaigh an Roinn Airteagail 37(2) agus 42(3) de Rialachán 1782/2003 ón gCoimisiún.

D'éiligh an gearánach nach raibh sé ag gabháil do ghníomhaíocht talmhaíochta le linn na tréimhse 2000-2001 ach ní ghlacfadh an Roinn le sin. Le fírinne bhí sé ag obair mar thábhairneoir. Léirigh m’Oifig an tuairim gurb ionann iarratas ar Chúnamh Limistéir, le fírinne, agus réamhriachtanas i ndáil le tús a chur le feirmeoireacht agus nach ionann é, uaidh féin, agus cruthúnas ar ghníomhaíocht iarbhír talmhaíochta. Le linn pléití le m’Oifig dúirt an Roinn gur admhaigh an gearánach go raibh sé ag gabháil d’fheirmeoireacht mar gur léiríodh ina iarratas ar Chúnamh Limistéir go raibh sé "ag fás féir" sa pháirc a bhí léasaithe aige. Níor ghlac m'Oifig leis an ráiteas gurb ionann fas féir agus "gníomhaíocht talmhaíochta".

I dtaca le pleití leis an Roinn, bhí céim sroichte ina leith a d’fhág gur bheartaigh mé an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún Eorpach lena fháil amach an bhféadfadh an Coimisiún cabhair a thabhairt i ndáil le míniú a dhéanamh ar "gníomhaíocht feirmeoireachta. Bhí pléití eile ann ansin. Ba é ba thoradh ar na pléití ná gur iarr an Roinn go dtabharfadh an gearánach deimhniú nach raibh aon ioncam aige ó fheirmeoireacht sa tréimhse tagartha. Bhí sé in ann an méid sin a dhaingniú.

Ar an mbonn sin d’aontaigh an Roinn glacadh leis mar Iontrálaí Nua agus rinneadh na blianta 2000-2001 a eisiamh. Bhí difríocht an-suntasach airgeadais ann. Deonaíodh teideal bliantúil €10,000 dó ar feadh ré na scéime (2005-2112).

Ar choinníoll go leanfaidh sé de bheith ag gabháil d’fheirmeoireacht, is ionann idirghabháil m’Oifige agus difríocht ioncaim tuairim is €60,000 dó sa tréimhse lena mbaineann.

Back to contents