Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Cásanna Samplacha

Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh - Aisíoc Fineála Lochta a Lorgaíodh

An bhliain inar críochnaíodh: 2006

Mionsonraí faoin nGearán:

Cuireadh ticéad fíneála ar ghluaisteán an ghearánaigh as a bheith loctha ar bhosca buí i gcarrchlós de chuid Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh. D’admhaigh an gearánach go mb’fhéidir nach raibh sí loctha in áit loctha ainmnithe ach d’áitigh sí go raibh sé ag cur sneachta an lá a bhí i gceist, go raibh an talamh clúdaithe le sneachta nuair a chuaigh sí isteach sa charrchlós agus nach raibh aon slí ann chun go mbeadh a fhios aici cén ait go díreach a bhí na spásanna loctha ainmnithe. Rinne sí achomharc faoin ábhar chuig an gComhairle ach diúltaíodh dá hachomharc. Dhaingnigh an Chomhairle, ina comhfhreagras le m’Oifig, go raibh sé ag cur sneachta go leanúnach an lá a bhí i gceist agus nach ndearnadh aon iarracht chun an sneachta a ghlanadh den talamh. D’áitigh an Maor Tráchta a d’eisigh an ticéad nach raibh aon sneachta ar an talamh tráth an chiona agus go bhfuil sé de dhualgas ar thiománaithe a bheith eolach ar shíneacha loctha etc.

Cé nach raibh gluaisteán an ghearánaigh loctha i gceart, mheas m’Oifig, ag féachaint do na himthosca a bhí ann lá an chiona líomhnaithe, go mbeadh dolúbthacht i dtaca le feidhmiú na rialachán iomchuí ina chúis le héagothroime sa chás seo. D’iarr mé ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar a seasamh agus, tar éis don Chomhairle mionbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar, chinn sí an fhíneáil a chealú agus eisíodh aisíocaíocht chuig an ngearánach.

Back to contents