Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Cásanna Samplacha

An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh - Díospóid faoi Riaráistí Pinsin

An bhliain ainar críochnaíodh: 2007

Sonraí an Ghearáin:

Scríobh fear as Contae na Mí chugam maidir le cinneadh a rinne an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh pinsean laghdaithe a thabhairt dó (ar ráta 75%) ar an gcúis go raibh fiachas d’árachais féinfhostaíochta gan íoc ina choinne idir an bhliain 1988 agus an dáta a cháiligh sé le haghaidh Pinsin Stáit (Ranníocach). Loirg mé an comhad ón Roinn agus scrúdaigh mé é. Thug mé faoi deara go raibh socrú déanta ag an bhfear leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le dliteanas cánach a bhí gan íoc don tréimhse chéanna. Mar sin féin, tar éis dom fiosrú a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim, dúradh liom nár chlúdaigh an socrú sin an méid de ÁSPC Féinfhostaíochta a bhí dlite agus gan íoc don Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Nótáil mé freisin gur fhoráil Alt 85(1) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1993 go gcaitear na ranníocaíochtaí féinfhostaíochta go léir a bheith déanta sular féidir na ranníocaíochtaí céanna a chur san áireamh chun críche an Phinsin Stáit (Ranníocach). Ar an mbonn sin ní raibh mé i n-ann cabhair ar bith a thabhairt don duine maidir leis an gceist seo a réiteach. Nótáil mé, áfach, go raibh bearnaí ina chuid taifead árachais shóisialta ag deireadh na 1960í. Mheas mé dá bhféadfaí teacht ar 131 ranníocaíocht bhreise d’árachas sóisialta a bhí gan taifead roimhe sin, go mb’fhéidir go mbeadh sé cáilithe chun ráta níos airde de phinsean a fháil. Scríobh mé chuige faoi gceist sin agus thug sé faisnéis dom faoin a fhostóir sa tréimhse úd. D’iarr mé ar an Roinn fiosrú a dhéanamh féachaint an raibh ranníocaíochtaí ionadacha dlite dó. Ag éirí as an bhfiosrú sin chinn an Roinn go raibh ranníocaíochtaí ionadacha a bhí gan taifead cheana dlite dó, gur bhaineadar lena fhostaíocht sa Stát i rith na tréimhse úd. Mar thoradh ar na ranníocaíochtaí úra seo a aimsíodh, tugadh pinsean 98% don duine agus rinneadh é a dhátú aniar ón mbliain 2000. Táim an-sásta a rá, mar thoradh ar an bhfiosrú a rinne mé, go bhfuair an fear riaráistí de bhreis ar €18,000.

Back to contents