Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

An ann do nithe nach féidir a imscrúdú?

Is ann! Ní féidir léi, mar shampla, imscrúdú a dhéanamh ar

- ghníomhaíochtaí chuideachtaí príobháideacha ná daoine indibhidiúla, chleachtóirí príobháideacha, fhiaclóirí, radharceolaithe, phoitigéirí, etc.

- ghníomhaíochtaí a deineadh maidir le breithiúnas cliniciúil ag dochtúirí

- "fheidhmeanna coinnithe Údarás Áitiúla" i.e. feidhmeanna áirithe a chomhlíonann ionadaithe tofa

- ghearáin maidir le hearcaíocht, pá agus coinníollacha fostaíochta

- chinntí cúirte, nithe atá cheana féin ina n-ábhair le himeachtaí cúirte, ghníomhaíochtaí na nGardaí ná ghníomhaíochtaí a deineadh i reáchtáil na bpríosún.

- nuair is ann do cheart achomhairc le binse neamhspleách nó le comhlacht achomhairc mar atá na Coimisinéirí Achomhairc um Cháin Ioncaim nó an Bord Pleanála nó a leithéidí

Is ann do eagraíochtaí eile a chaitheann le gearáin i réimsí nach féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh orthu. Tá na príomhchinn liostáilte áit eile ar an suíomh gréasáin seo.