- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Cad is Ombudsman ann?
Déanann an tOmbudsman imscrúdú ar ghearáin in aghaidh Ranna agus Oifigí Rialtais, Údaráis Áitiúla, Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte agus An Phoist. Bunaíodh Oifig an Ombudsman i 1984 agus tá déileáil déanta aici le breis is 62,000 gearán ó bunaíodh í. Is féidir gearáin a dhéanamh faoi theideal ar sheirbhísí poiblí mar atá seirbhísí sláinte agus sóisialacha, cáin, tithíocht agus oideachas. Samplaí ionadacha a bhfuil anseo thíos de nithe a ndéantar gearán fúthu:
- teideal ar phinsin seanaoise agus scoir a riarann an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh;
- conspóidí maidir le creidmheasa cánach a dheontar ag na Coimisinéirí Ioncaim;
- teideal ar dheontais ardoideachais a riarann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta;
- teideal ar dheontais ar bheostoc a riarann an Roinn Talmhaíochta agus Bia;
- teideal ar thithíocht údaráis áitiúil;
- conspóidí mar gheall ar scéim na gcártaí leighis a riarann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Ag teacht leis na critéir a d’fhorbair Cumann Ombudsman na Breataine agus na hÉireann BIOA níor cheart do chomhlacht láimhseála gearán an téarma 'Ombudsman' a úsáid ach amháin nuair is ann do cheithre bhunchritéar. Is iad na critéir sin neamhspleáchas an Ombudsman orthu sin ar a bhfuil cumhacht imscrúdaithe aige/aici; éifeacht; cothromaíocht agus freagracht phoiblí.
