- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Emily Ní Raghallaigh

Cheapadh an tUasal Emily O'Reilly mar Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise don dara uair go ceann sé bliana ag an tUasal Máire Mhic Ghiolla Íosa, Uachtarán na h-Éireann i searmanas in Áras an Uachtaráin ar 11 Meitheamh 2009.
Mar Ombudsman, is ball í an tUasal O'Reilly den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifig Poiblí, den Choimisiún Reifrinn, den Choimisiún um Thoghlaigh agus den Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. I Bhealtaine 2007, taréis do na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol faoi scáth Threoir 2003/4/EC a theacht i bhfeidhm, sannadh an ról breise mar Choimisinéir um Fhaisnéis faoin gComhshaol ar an tUasal O'Reilly.
Sular ceapadh mar Coimisinéir Faisnéise agus Ombudsman í don chéad uair i Mheitheamh 2003, ba iriseoir agus údar oilte a bhí san Uasal O'Reilly agus bhí sí le fada ag feidhmiú mar chomhfhreagraí polaitiúil do mheáin chlóite agus chraolta suntasach. Is as Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí di ó dhúchas, agus tá sí pósta agus cúigear clainne uirthi. Is céimí í ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Lena chois sin, fuair sí Comhaltacht Niemann san Iriseoireacht in Ollscoil Harvard, Cambridge, Stáit Aontaithe Mheiriceá. I mhí na Nollag 2008, bronnadh céim Dhochtúireachta sa Dlí uirthi ag Ollscoil Náisiúnta na hÉireann as ucht atá déanta aici don seirbhís phoiblí agus do chearta daonna.
