- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Treoir an Ombudsman maidir le Corais Ghearán Inmheanacha
Gearáin a Réiteach
Treoir an Ombudsman maidir le Córais Ghearán Inmheánacha
CLÁR
-
Réamhrá 3
-
Leathanach
-
1. Na tairbhí a ghabhann le córas gearán inmheánach
-
2. Ullmhúcháin i gcomhair córas gearán inmheánach a chur ar bun
-
3. An córas gearán a chur ar bun agus a oibriú
-
4. Na gnéithe riachtanacha de dhea-chóras gearán inmheánach
-
5. Na tairbhí a bhaint amach agus a mheasúnú
Réamhrá
Tarlaíonn a lán de na gearáin a thagann chuig m�Oifig mar gheall
ar chliseadh cumarsáide idir comhlachtaí poiblí agus a gcuid
custaiméirí. De ghnáth, réitítear na gearáin seo nuair a bhunaítear na
fíorais, an fhianaise nó na cúinsí. Sa chuid is mó cásanna is é a
tharlaíonn ná go bhfreaschuirtear cinneadh bunaidh an chomhlachta
phoiblí nó go n-admhaíonn an gearánaí go ndearnadh cinneadh ceart i
leith a cháis nó a cáis.
D�fhéadfadh na comhlachtaí poiblí féin, agus is ceart go
ndéanfaidís, a lán gearán a réiteach go réidh agus go tapa ag céim
an-luath. D�fhéadfaí líon na ngearán measartha neamhchasta a fhaigheann
m'Oifig a laghdú dá ndéanfadh comhlachtaí poiblí córais láimhsithe
gearán inmheánacha a chur ar bun ar córais iad a bheadh éifeachtach
inmhuiníne.
Tá údarás reachtúil agam gearán a scrúdú i gcás ina mbeidh
bearta réasúnacha glactha ag an ngearánaí chun sásamh a lorg ach nár
éirigh leis nó léi, agus sa chás sin amháin. Go hiondúil, ceanglaím ar
ghearánaí a iarraidh ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann an cinneadh
bunaidh a athbhreithniú mura bhfuil sé sin déanta cheana aige nó aici.
Ina lán cásanna is é an t-oifigeach céanna a rinne an chéad chinneadh a
dhéanann an t-athbhreithniú sin; is mínic a bhíonn an gearánaí míshásta
fós agus tagann sé nó sí ar ais chugamsa. Dá ainneoin sin, tá córais
ghearán inmheánacha curtha ar bun ag roinnt comhlachtaí poiblí chun
déileáil go díreach le gearáin ó dhaoine den phobal. Is iad na cinn is
suntasaí díobh sin ná An Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh, An Oifig
Achomharc Gearán i mBord Sláinte an Oirthir agus Aonad Achomharc na
nÍocaíochtaí Ceannsraithe agus na bPréimheanna sa Roinn Talmhaíochta.
Trí na córais ghearán sin cumasaítear do dhuine seachas an duine a
rinne an chéad chinneadh athbhreithniú a dhéanamh agus cuirtear bealach
réidh, éasca ar fáil chun díospóidí, míthuiscintí agus botúin a
réiteach. Tá buntáiste breise ag córais den sórt sin sa mhéid go
gcuirtear in iúl don ghearánaí go bhfuil an ceart aige nó aici an
t-ábhar a chur faoi bhráid m�Oifigse i gcás ina seastar leis an
gcinneadh bunaidh. Ní ghlacann comhlachtaí poiblí a thagann faoi mo
chúram i gcoitinne an beart sin ach mholfainn go mór dóibh déanamh
amhlaidh.
Tá comhlachtaí poiblí eile ag smaoineamh anois ar chórais
ghearán inmheánacha a chur ar bun faoin Tionscnamh um Straitéis
Bhainistíochta atá á spreagadh ag an Rialtas; tá béim mhór sa straitéis
sin ar shaoránaigh agus ar a riachtanais mar chliaint nó mar
chustaiméirí de chuid seirbhísí poiblí. Tá gealltanas tugtha ag Ranna
agus Oifigí Rialtais maidir leis na prionsabail a bhaineann le cúram
ardchaighdeáin do chustaiméirí agus tá siad tar éis aontú le córais a
chur ar bun chun déileáil le gearáin faoi chaighdeán na seirbhíse a
thugtar agus ar córais iad a ndéanfar poiblíocht mhaith ina leith, a
mbeidh teacht orthu, a bheidh trédhearcach agus a bheidh furasta a
úsáid. Tá siad tar éis aontú freisin le córais fhoirmiúla a thabhairt
isteach chun sásamh a chur ar fáil do chustaiméirí nach bhfuil sásta le
cinntí.
I mo Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 1996, d�fhoilsigh mé
treoir maidir le caighdeáin dea-chleachtais do sheirbhísigh phoiblí le
linn dóibh a bheith ag déileáil leis an bpobal. Bhí mé an-sásta leis an
dóigh dhearfach inar ghlac an tseirbhís phoiblí leis an treoir sin agus
is eol dom go bhfuil a lán comhlachtaí poiblí tar éis glacadh léi mar
chuid dá bpleananna do sheirbhísí custaiméirí. Sa treoir sin, thug mé
le fios, i gcomhthéacs déileáil go cothrom le daoine, go mbíonn gá le
córas athbhreithnithe inmheánach ionas gur féidir cinntí
neamhfhabhracha a bhreithniú athuair agus gur duine éigin seachas an
duine a rinne an chéad chinneadh a dhéanfadh an t-athbhreithniú sin. Ní
mór glacadh leis gur cuid dhílis de chúram custaiméirí é láimhsiú maith
gearán. Tá an treoir seo maidir le córais ghearán inmheánacha á foilsiú
agam i gcomhar le mo thuarascáil don bhliain 1997. Sa tuarascáil sin
tugaim léiriú ar luach agus ar ghnéithe córas den sórt sin faoi threoir
cásanna atá scrúdaithe ag m�Oifigse. Tá súil agam go gcabhróidh an
treoir seo le comhlachtaí poiblí ina n-iarrachtaí chun feabhas a chur
ar chaighdeán na seirbhíse a thugann siad. Tá an treoir scríofa i
dtéarmaí ginearálta agus tá sí beartaithe mar threoir chomhairleach
seachas mar threoir ordaitheach. Cé go bhfuil roinnt moltaí praiticiúla
inti, is ceart do gach comhlacht poiblí iarracht a dhéanamh córas a
cheapadh a oireann dá riachtanais áirithe féin.
Caoimhín Ó Murchú
Ombudsman
Aibreán 1998
1. Na tairbhí a ghabhann le córas gearán inmheánach
San am atá caite, d�fhéadfadh sé gurbh é tuairim comhlachtaí
poiblí i dtaobh gearán ná gur ábhar cráite iad a chuir isteach ar a
ngnáth-obair agus/nó gur cháineadh a bhí iontu ar a gcuid cinntí agus
go raibh orthu iad féin a chosaint ina gcoinne. Sa lá atá inniu ann, cé
gur mó an bhéim atá ar chaighdeán na seirbhíse a fheabhsú is iondúil
gurb iad na comhlachtaí poiblí féin a leagann síos na caighdeáin do na
seirbhísí a sholáthraíonn siad agus is iad na comhlachtaí sin freisin a
cheapann na córais agus na nósanna imeachta chun na caighdeáin sin a
bhaint amach. Ní féidir, áfach, éifeachtúlacht na nósanna imeachta sin,
agus ábharthacht na gcaighdeán a leagtar síos, a thomhas ná a mheas ach
amháin faoi threoir na ndaoine a gcuirtear an tseirbhís ar fáil dóibh -
is é sin le rá, an pobal. Mar chuid de dhea-chóras gearán inmheánach
beidh socrú ann chun eolas a fháil ar ais ón bpobal agus rachaidh an
córas chun tairbhe don chomhlacht:-
trí bhealach a chur ar fáil inar féidir leis an bpobal a rá leis an
gcomhlacht cé chomh maith atá sé a dhéanamh ina iarrachtaí chun
seirbhís ardchaighdeáin fheabhsaithe a chur ar fáil;
trí bhealach tapa éifeachtúil a chur ar fáil chun deacrachtaí a éiríonn a réiteach;
tríd an am agus an costas breise a bhaineann le hachomhairc bhreise a sheachaint;
trí dhea-chaidreamh agus dhea-chumarsáid leis an bpobal a chur chun cinn;
trí dhearcadh dearfach a spreagadh i leith an chórais riaracháin;
trí na réimsí ina bhfuil fadhbanna maidir le soláthar seirbhísí a thaispeáint;
trí lochtanna sa chóras riaracháin, agus réimsí a bhféadfadh gá a bheith le feabhsú iontu, a léiriú; agus
trí chabhrú leis an gcomhlacht poiblí poiblíocht neamhfhabhrach a sheachaint.- Rachaidh an córas chun tairbhe don phobal freisin de thoradh an mhéid seo a leanas:-
soláthróidh sé bealach tapa, éasca, costéifeachtach chun deacrachtaí le
comhlachtaí poiblí a réiteach agus chun sásamh a fháil más gá sin;
cothóidh sé mothúchán i measc an phobail go dtugtar aird orthu agus gur comhpháirtithe iad sa tseirbhís;
cuirfidh sé mothúchán chun cinn go bhfuil cumhacht ag an duine aonair
mar go mbeidh ar a chumas nó ar a cumas a bheith páirteach i
bhfeasuithe a dhéanamh sa tseirbhís phoiblí;
cinnteoidh sé go bhfuil a fhios ag daoine den phobal go nglactar
dáiríre lena ngearáin agus go bhfuiltear ag déileáil leo go cuí, go
cothrom agus go neamhchlaon.
2. Ullmhúcháin i gcomhair córas gearán inmheánach a chur ar bun
D�fhéadfadh sé tarlú go mbeidh roinnt comhlachtaí poiblí den
tuairim gur ábhar míchaoithiúlachta atá i gcórais ghearán inmheánacha
agus go rachaidh siadh trí na céimeanna lena mbaineann le go bhfeicfear
iad i mbun �an rud ceart� a dhéanamh ar mhaithe lena n-íomhá. Is ceart
an dearcadh agus an cur chuige sin a thuiscint sa chomhthéacs ceart -
is sin le rá gurb ionann iad agus deis chaillte. Tá fíorthairbhí
inbhraite le fáil as córas gearán inmheánach éifeachtach a bheith ann
ach, chun an tairbhe is mó a fháil, ní mór coinníollacha bunúsacha a
chomhlíonadh. Áirítear orthu sin:
Gealltanas de chuid na bainistíochta
Ní bheidh córais ghearán inmheánacha éifeachtach mura dtugtar
gealltanas ina leith ag leibhéal na bainistíochta san eagraíocht lena
mbaineann. Is ceart go mbeadh mar bhuntaca le ráiteas misin an
chomhlachta gealltanas i leith an phrionsabail go bhfuil déileáil go
héifeachtach le gearáin ón bpobal ina chuid dhílis den tseirbhís a
chuirtear ar fáil. Is ceart don bhainistíocht dearcadh dearfach
oscailte a chothú i leith gearán. Is ceart breathnú ar chumas chun a
admháil go ndearnadh botún mar bhua, seachas mar laige, de chuid an
chomhlachta lena mbaineann.
Gealltanas de chuid na foirne
Tá gealltanas de chuid na foirne laistigh den eagraíocht thar a bheith
tábhachtach. Is ceart go dtabharfaí spreagadh don fhoireann go léir,
agus go háirithe iad sin a mbíonn teagmháil dhíreach acu leis an
bpobal, dearcadh dearfach a bheith acu maidir le gearáin. Is dóichí go
mbeidh an dearcadh sin ag an bhfoireann i gcás fios a bheith acu go
bhfuil gealltanas i leith déileáil le gearáin ann ag leibhéal na
hardbhainistíochta agus i gcás páirt iomlán a bheith acu i mbunú an
chórais.
Acmhainní a sholáthar
Caillfidh an córas gearán muinín an phobail gan mórán moille mura
bhfuiltear in ann beart a dhéanamh de réir briathair. Ní mór acmhainní
a chur ar fáil lena aghaidh, idir acmhainní ábhartha agus acmhainní
daonna, le gur féidir torthaí a bhaint amach. Ní mór don bhainistíocht
a chinntiú go bhfuil cóiríocht, trealamh agus maoiniú oiriúnach ann
agus go bhfuil spreagadh maith ag an bhfoireann.
Traenáil
I dteannta spreagadh maith a bheith ag an bhfoireann, is ceart go
mbeadh traenáil speisialta acu maidir le cúram do chustaiméirí agus
maidir le scileanna idirphearsanta agus scileanna cumarsáide. Is ceart
cur le traenáil tosaigh i mbunscileanna agus i mbunteicníochtaí trí
thraenáil inseirbhíse a chur ar fáil lena chumasú don fhoireann a
bheith cothrom le dáta le dul chun cinn nua sa réimse láimhsithe gearán.
Cuspóirí soiléire
De ghnáth, bíonn rathúlacht aon chórais gearán inmheánaigh ag brath ar
eolas cruinn a bheith ag na daoine a oibríonn é i dtaobh na gcuspóirí a
bheartaítear a bhaint amach. Bheadh sé fóinteach dá mbeadh míniú ar an
bhfocal �gearán� ann ag céimeanna tosaigh phróiseas bunaithe an
chórais. D�fhéadfadh réimse leathan nithe a bheith san áireamh sa
téarma �gearán� agus d�fhéadfadh nach mbeadh baint acu go léir leis an
gcóras láimhsithe gearán e.g. iarratais ar eolas nó nithe a bhfuil
ceart reachtúil achomhairc ann ina leith - achomharc pleanála, mar
shampla. Sa chomhthéacs seo, d�fhéadfaí ghacadh leis gurb ionann an
méid seo a leanas agus míniú oibre ar na cúinsí ina mbeadh gearán ann:
�i gcás ina ndéantar cinneadh nó gníomh a bhaineann
le soláthar seirbhíse nó comhlíonadh feidhme a n-éilítear ina leith
nach bhfuil sé de réir rialacha, chleachtas nó polasaí na heagraíochta
ná de réir na bprionsabal maidir le cothroime agus dea-chleachtas
riaracháin, a bhfuil glacadh leo i gcoitinne, agus go ndéanann sé
dochar don duine lena mbaineann�
Níl sé beartaithe gur míniú cuimsitheach atá sa mhéid sin thuas
ach d�fhéadfadh comhlachtaí poiblí smaoineamh ar leas a bhaint as mar
phointe tosaigh i gcomhthéacs a struchtúir áirithe féin agus i
gcomhthéacs na seirbhísí a sholáthraíonn siad. D�fhéadfadh sé tarlú
freisin gur ghá an míniú a athbhreithniú de réir mar a thagann forbairt
ar an gcóras gearán.
3. An córas gearán a chur ar bun agus a oibriú
Struchtúr
Beidh sé seo ag brath go mór ar mhéid an chomhlachta phoiblí, ar
struchtúr na foirne agus ar chineál na seirbhísí atá á soláthar.
D�fhéadfadh sé gurbh fhiú do roinnt comhlachtaí comhordaitheoirí
ainmnithe inaitheanta a bheith acu a chuirfidh gearáin faoi bhráid
cheann an aonaid nó na rannóige a bhí freagrach as an gcinneadh
bunaidh. Mura réitítear an gearán ansin cuirfidh an comhordaitheoir
faoi bhráid an aonaid láimhsithe gearán inmheánaigh é. Is ceart go
mbeadh an comhordaitheoir, nó an t-aonad gearán, freagrach as
faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus as na gearánaithe a
choimeád ar an eolas faoi cad atá ag tarlú.
Is ceart oifigeach sinsearach de chuid na heagraíochta a bheith
i gceannas ar an aonad gearán inmheánach agus ní ceart go mbeadh aon
bhaint dhíreach ag an aonad leis na réimsí oibre ina ndéantar cinntí is
cúis le gearáin. Is ceart go mbeadh údarás ag an oifigeach sin an
cinneadh bunaidh a athrú más gá sin sna himthosca, sásamh a thabhairt i
gcásanna cuí agus na dálaí a chinneadh ina mbeadh údarás ag daoine eile
den fhoireann sásamh a thabhairt.
Poiblíocht
Is ceart an méid is mó poiblíochta is féidir a thabhairt do bhunú an
chórais gearán. Is féidir sin a dhéanamh ar roinnt bealaí éagsúla, mar
shampla:-
tagairt don chóras a chur isteach i mbileoga eolais agus i bhfoirmeacha iarratais an chomhlachta;
fógraíocht a dhéanamh, in oifigí poiblí an chomhlachta, i nuachtáin
áitiúla agus ar raidió, i leith an córas a bheith ar fáil; agus
seisiúin eolais a sheoladh do ghrúpaí leasa.
Is ceart ach go háirithe go gceapfadh daoine den phobal go
bhfuil sé de cheart acu gearán a dhéanamh; is ceart go gcreidfidís gur
fiú dóibh gearán a dhéanamh agus is ceart go mbeidís deimhin de nach
mbeidh siad thíos leis i gcás ina ndéanfaidís gearán.
Comhairle a ghlacadh
Éiríonn gearáin as an ngníomhaíocht idir na daoine a sholáthraíonn an
tseirbhís agus na daoine a bhfuil an tseirbhís á soláthar dóibh. Ní
bheidh córas gearán éifeachtach gan comhairle a ghlacadh roimh ré leis
an dá pháirtí sin a bheidh páirteach sa chóras. Is ceart comhairle a
ghlacadh leis an bhfoireann uilig ar fud an chomhlachta phoiblí agus
lena gcumainn ionadaitheacha nó lena gceardchumainn ar thaobh amháin
agus leis an bpobal agus le grúpaí áirithe leasa ar an taobh eile. Tá
sé tábhachtach muinín an phobail sa chóras a chothú trína ráthú go
ndéileálfar le gearán ar shlí chothrom, neamhchlaon.
Athbhreithniú
Caithfidh dea-chóras gearán a bheith in ann athrú de réir mar a thagann
athrú ar imthosca agus ar imeachtaí. Ní mór é do té, a bhfuil
freagracht aige nó aici as an gcóras a eagrú agus a bhainistiú, é a
choimeád faoi athbhreithniú i gcónaí. Ní mór don chóras aird a
thabhairt ar nithe a d�fhéadfadh difear a dhéanamh dá dhea-riaradh e.g.
cloí le sceidil ama chun déileáil le gearáin, soghluaiseacht na foirne,
meanma na foirne agus foinsí nua gearán nárbh eol don bhainistíocht iad
a bheith ann.
4. Na gnéithe riachtanacha de dhea-chóras gearán inmheánach
Is ceart na tréithe seo a leanas a bheith ag dea-chóras gearán:
Sorochtana
Is ceart treoracha simplí a bheith ar fáil don phobal faoin dóigh ina
ndéantar gearán. Is ceart ainmneacha an lucht láimhsithe gearán a
bheith luaite go soiléir sna treoracha agus is ceart míniú a bheith
iontu faoi conas a oibreoidh na daoine sin. Is ceart na slite éagsúla
ina bhféadfar gearán a dhéanamh a lua. Is ceart cóiríocht oiriúnach a
chur ar fáil chun bualadh le gearánaithe agus agallamh a chur orthu i
gcás inar mian leo gearán a dhéanamh i bpearsa. Is ceart freastal ar
ghearánaithe ar mian leo a ngearáin a dhéanamh trí mheán na Gaeilge
agus is ceart breithniú cúramach a dhéanamh faoi riachtanais daoine
faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu. Is
fearr a bheidh an rochtain má chuirtear uimhreacha SAORFÓN agus Lo-call
agus saoráidí saorphoist ar fáil. Is ceart a dhearbhú, gach tráth, go
bhfáiltíonn an comhlacht poiblí roimh ghearán mar bhealach chun feabhas
a chur ar chaighdeán na seirbhíse a sholáthraítear.
Simplí
Is ceart a laghad céimeanna difriúla is féidir a bheith sa phróiseas
láimhsithe gearán agus is ceart gach céim sa phróiseas a ainmniú go
soiléir. Tá sé thar a bheith tábhachtach nach dtarlaíonn díospóidí
inmheánacha faoin tslí ina ndéileáiltear le gearáin. Nuair a bhítear ag
admháil go bhfuarthas gearán, is ceart eolas faoi na céimeanna éagsúla
sa phróiseas a chur chuig an ngearánaí.
Tapa
Is ceart spriocanna a leagan síos maidir le hadmháil a thabhairt i
leith gearáin a bheith faighte agus maidir le scrúdú gearán a chur i
gcrích. I gcás nach féidir an próiseas a chríochnú faoin spriocdháta,
is ceart litreacha idirlinne, ina bhfuil an t-eolas is déanaí faoin
ngearán, a eisiúint.
Cothrom agus Neamhspleách
I gcás gearán nach mbeidh réitithe ag an duine a rinne an chéad
chinneadh, is ceart do dhaoine nach raibh baint acu leis an gcinneadh
sin na cinntí nó na gníomhartha bunaidh a scrúdú go hoibiachtúil. Le
linn an scrúdaithe, is ceart aird a thabhairt ar na rialacha a
rialaíonn an scéim agus ina theannta sin is ceart cothroime agus
dea-chleachtas riaracháin a chur san áireamh. Is ceart, ach go
háirithe, na prionsabail a leagtar amach i dTreoir an Ombudsman maidir
le Dea-Chleachtas do Sheirbhísigh Phoiblí (a scaipeadh in éineacht lena
Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 1996) a chur san áireamh.
Rúnda agus Neamhchlaon
Is ceart déileáil le gach gearán mar ábhar rúnda (ach amháin i gcás
inar mian leis an ngearánaí a mhalairt a dhéanamh). Is ceart go mbeadh
daoine den phobal deimhin de, i gcás ina ndéanfaidh siad gearán, nach
ndéanfar dochar dóibh sa todhchaí maidir lena ndéileálacha agus lena
dteagmhálacha leis an gcomhlacht lena mbaineann. Is ceart comhfhreagras
faoin ngearán a chomhdú ar leithligh ó eolas eile a choimeádtar faoin
ngearánaí mar chliant de chuid an chomhlachta.
Éifeachtach
Is ceart go mbeadh údarás ag an gcóras gearán aghaidh a thabhairt ar na
ceisteanna go léir is cúis leis an ngearán. I gcás ina gcinntear de
thoradh an scrúdaithe go bhfuil an locht ar an gcomhlacht poiblí, ní
mór cumhacht a bheith ann an sásamh cuí a thabhairt. Más rud é nach
mbíonn gearánaí sásta fós, is ceart a chur in iúl dó nó di go bhfuil an
ceart aige nó aici an cás a chur faoi bhráid an Ombudsman, más cuí sin.
Solúbtha
Cé go bhfuil gá le rialacha chun comhréireacht a chinntiú, is ceart an
iomarca dolúbthachta a sheachaint agus is ceart a cheadú dóibh sin a
bhíonn páirteach sa chóras rogha a fheidhmiú maidir le coigeartú a
dhéanamh de réir riachtanas agus éileamh athraitheach gearánaithe agus
oiriúnú a dhéanamh i gcás cúinsí nua.
5. Na tairbhí a bhaint amach agus a mheasúnú
Maidir le córas gearán inmheánach de chuid comhlachta phoiblí is ceart go mbeifí ag súil:-
go mbainfeadh sé réiteach sásúil, tapa amach ar chostas íseal i gcás gearán ó úsáidirí seirbhísí;
go gcuirfeadh sé eolas cruinn ar fáil don bhainistíocht faoi chaighdeán
na seirbhísí atá á soláthar agus go léireodh sé an bhfuil na seirbhísí
cearta á gcur ar fáil; agus
go gcumasódh sé athruithe a dhéanamh ar nósanna imeachta agus ar
chórais lena chinntiú nach dtarlaíonn gearáin den chineál céanna arís
agus arís eile.
Maidir le córas gearán inmheánach, beidh daoine den phobal ag súil go bhfaighidh siad:-
éisteacht chothrom agus míniú soiléir faoin toradh, fiú amháin mura bhfuil sé fabhrach dóibh;
leigheas cuí i gcás ina gcinntear nár déileáladh leo go cothrom cuí; agus
dearbhú nach bhfulaingeoidh daoine eile an dochar a d�fhéadfadh a bheith fulaingthe ag gearánaithe.
Leigheasanna
Is ceart gurb é is cuspóir do leigheas cuí ná go ndéanfar, a mhéid is
féidir, an gearánaí a chur ar ais sa riocht ina mbeadh sé nó sí murach
ábhar an ghearáin. Ina lán cásanna, d�fhéadfadh sé gur leor litir
leithscéil. I roinnt cásanna d�fhéadfadh sé go mbeidh gá le míniú
mionsonraithe ar an mbonn leis an gcinneadh nó leis an ngníomh. I
gcásanna eile, d�fhéadfadh sé gur cuí athrú a dhéanamh ar nósanna
imeachta a rachadh chun tairbhe do chliaint i gcoitinne. B�fhéidir go
mbeadh gá le cúiteamh airgid i gcásanna, mar shampla, inar fulaingíodh
caillteanais airgid shonracha. I gcás moill a bheith ann maidir le
híocaíocht a fháil, d�fhéadfadh sé tarlú go mbeadh gá le hús a íoc. Más
rud é go raibh ar an ngearánaí méid suntasach ama a chaitheamh leis an
ábhar, d�fhéadfadh sé gur ghá breithniú a dhéanamh i dtaobh íocaíocht a
thabhairt i leith �am agus trioblóid�. Is ceart aitheantas a thabhairt
freisin do chúiteamh i leith imní, crá agus míchaoithiúlachta
eisceachtúla atá fulaingthe ag an ngearánaí.
D�fhonn moill a sheachaint maidir le leigheasanna a sholáthar,
is ceart do chomhlachtaí poiblí cumhacht a tharmligean chuig daoine den
fhoireann ag leibhéal cuí chun sásamh a thabhairt de réir coinníollacha
réamhshocraithe. I dtaca le daoine den fhoireann a bhuaileann go
díreach leis an bpobal, ó tharla gurb iad an chéad phointe teagmhála
iad le linn seirbhís a thabhairt agus gearáin a ghlacadh, is ceart
discréid áirithe a bheith acu, laistigh de theorainneacha sonraithe,
chun gearáin a réiteach.
Athruithe ar nósanna imeachta
I gcás ina réitítear gearán i bhfabhar gearánaí, is ceart an toradh a
bhreacadh síos mar ábhar tagartha i gcásanna den tsamhail chéanna. Más
rud é go mbíonn rud áirithe ina ábhar gearáin go tráthrialta,
d'fhéadfadh sé gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú na scéime
lena mbaineann. Is ceart don aonad gearán sonraí a thiomsú faoi oibriú
scéimeanna éagsúla, agus faoi líon na ngearán, ionas gur féidir eolas
cruinn a thabhairt. Chuige sin, is ceart smaoineamh ar leas a bhaint as
bunachair sonraí ríomhairithe.
Tuarascálacha
Chun a chinntiú go mbíonn cuntasacht ann, agus chun a chumasú na
tairbhí a mheas, is ceart d�aonaid láimhsithe gearán tuarascálacha a
fhoilsiú faoina ngníomhaíochtaí uair amháin sa bhliain ar a laghad. Is
ceart sonraí a bheith sna tuarascálacha sin faoin tslí inar oibríodh an
córas le linn na bliana agus go ndéanfaí sin faoi threoir spriocanna a
bhí leagtha síos. Tá ról fóinteach ag tuarascálacha den sórt seo maidir
le muinín an phobail a chothú sa chóras agus agus is ceart go mbeidís
ar fáil go forleathan laistigh den eagraíocht agus go scaipfí iad ar
ghrúpaí úsáidirí agus ar ghrúpaí leasa eile.
Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íocht.
Baile Átha Cliath 2
Lo-call 1890 223030
ríomhphost: ombudsman@ombudsman.irlgov.ie
WWW: http://www.irlgov.ie/ombudsman/
