Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2002

Caibidil 1 - Réamhrá

Is é seo an naoú Tuarascáil Bhliantúil uaim. Is é an ceann deireanach uaim chomh maith mar beidh mé ag éirí as oifig ar an 1 Meitheamh 2003 tar éis fónaimh le breis agus ocht mbliana. Ba mhór an onóir dom mo cheapadh mar Ombudsman agus tá súil agam gur chomhlíon mé mo dhualgais go cuí, go cóir, go hoscailte agus go neamhchlaon de réir na hardcaighdeáin atá socraithe agam do chomhlachtaí faoi dhlínse. Is iad an neamhspleáchas a bhaineann leis an Oifig agus a baint speisialta tuairisceoireachta le Tithe an Oireachtais, an dá eilimint den fíorthábhachta a dhéanann deimhin de gur féidir leis an Oifig sásamh cuí agus dóthanach a chur ar fáil do shaoránaigh nuair a dhéantar dochar dóibh ag gníomhaíochtaí comhlachtaí poiblí atá míchuí, míchrothom nó lochtach. Tacaíonn Oifig Ombudsman éifeachtach le Tithe an Oireachtais an Fheidhmeannas a choineál freagrach as riaradh cóir nó slán. Mar an gcéanna is féidir leis an Oifig tacaíocht a iarradh ar Thithe an Oireachtais nuair nach nglacann comhlachtaí poiblí le moltaí foirmeálta.

Ag éirí as an chineál hoibre ní mór do shealbhóir na hoifige próifíl phoiblí réasúnta ard a bheith aige/aici chun cur ar chumas an ghnáthphobail dáibh a bheith acu le duine seachas le hoifig neamhphearsanta. Ach ag tacú leis an Ombudsman tá foireann d’indibhiúla cumasacha, tiomnaithe agus saothraíoch ar mhian liom a gcuidiú a admháil. Ach go háirithe, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Pat Whelan, an Stiúrthóir Ghinearálta ar a bhfuil dualgas faoi bhainisteoireacht laethiúil na hOifige agus a sholathraíonn freisin comhairle luachmhar ar ghearáin chasta nó leochailleach. Tá cabhair tugtha ag Pat, agus ag an gceathrar Imscrúdaitheoir Sinsearach, Máirín Behan, Michael Brophy, Tom Morgan agus David Waddell, Oifig a chur i bhfeidhm atá aitheanta go hidirnáisiúnta bheith ar thús cadhnaíochta i measc Oifig Ombudsman ar fud an domhain.

Tá trácht déanta agam roimhe seo ar luas an athraithe i sochaí na hÉireann agus ar fud na seirbhíse poiblí de réir mar a dhéanann sí a dícheall luas a choinneáil le dúshláin níos casta agus níos éilithí sa fhreastal ar an bpobal. Tugann fianaise oibiachtúil le fios go bhfuil seirbhís phoiblí na hÉireann ag freagairt go leordhóthanach do na dúshláin sin.

I Márta 2002 chuir an PA Consulting Group measúnacht chuimsitheach ar an Tionscnamh Bainistíochta Straitéisí (TBS) i láthair Roinn an Taoisigh i ndiaidh suirbhé a rinne sé ar 23 Roinn agus Oifig. D’fholaigh an suirbhé agallaimh le hAirí agus raon leathan oifigeach agus dáileadh 30,000 ceistneoir ar státseirbhísigh. Is é a bhí in aidhm bhunúsach an bhirt ná tionchar an phróisis TBS a thomhas agus measúnacht a dhéanamh ar a thionchar ar sheirbhís do chustaiméirí. Clúdaíonn an tuarascáil raon leathan réimsí ach ba é an buntoradh ná go bhfuil státseirbhís na hÉireann i 2002 níos éifeachtúla ná mar a bhí sí deich mbliana ó shin. Tá tuiscint agus glacacht níos mó ann i measc státseirbhíseach anois maidir leis an ngá le bheith cuntasach, cur chuige straitéiseach do bhainistíocht acmhainní daonna a ghlacadh, luach ar airgead a bhaint amach agus cáilíocht na rialála a fheabhsú chun an t-ualach riaracháin ar an bpobal a laghdú.

Rinne Lansdowne Market Research suirbhé neamhspleách breise, arna choimisiúnú ag Roinn an Taoisigh, i mí na Samhna 2002. Sa suirbhé féachadh leis na leibhéil sásaimh i measc an ghnáthphobail agus an phobail gnó a thomhas i ndáil lena ndéileálacha le státseirbhísigh. Bhí na torthaí an-dearfach. Mar shampla, bhí 84% den ghnáthphobal a ndearnadh suirbhé orthu an-sásta nó sásta go maith leis an tseirbhís thar an gcuntar a fuair siad. Dúirt an céatadán céanna go raibh siad bródúil as státseirbhís na hÉireann. Thug an pobal gnó meánrátálacha de 4 as 5 do státseirbhísigh i dtéarmaí a gcúirtéise, a chabhraí atá siad, cáilíocht na seirbhíse a thugann siad agus a leibhéil eolais.

Tá an gá ann i gcónaí, áfach, maidir le caighdeáin a athbhreithniú agus a fheabhsú go leanúnach, ach go háirithe sa réimse Seirbhíse Cáilíochta do Chustaiméirí (SCC). Tá dul chun cinn mór déanta sa réimse sin faoi scáth an TBS agus trí thionscnaimh de chuid m’Oifige. Tionscnamh amháin dá leithéid a ghlac mé mar chúram orm féin ba ea foilsiú Threoir an Ombudsman maidir leis na Caighdeáin Chleachtais is Fearr do Sheirbhísigh Phoiblí i 1997. I gCaibidil 2 dírím ar leagan cothrom le dáta den Treoir sin. Bhí an Treoir mar chuid de na hiarrachtaí atá déanta agam thar na blianta chun a chinntiú go ndéanann m’Oifig cion dearfach maidir le caighdeáin riaracháin phoiblí in Éirinn a ardú. Aithníodh an cion sin i dtuarascáil an PA Consulting Group inar cuireadh béim ar m’Oifig mar "catalaíoch tábhachtach a thiomáineann SCC agus a thacaíonn le tionscnaimh ar leibhéal láir". Chonaic mé an gá leis an leagan cothrom le dáta seo a fhoilsiú i bhfianaise na taithí atá faighte ó bheith ag déileáil le cásanna ó 1992 chomh maith le forbairtí le déanaí sa tseirbhís phoiblí i ndáil le caighdeáin eiticiúla agus cur chun feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997. Táthar tar éis an Treoir a tháirgeadh freisin i bhfoirm bileoige, i nGaeilge agus i mBéarla, agus déanfaidh mé na socruithe chun í a dháileadh go forleathan ar sheirbhísigh phoiblí.
Cé gur thrácht mé go mion ar shaincheist an tsásaimh i dTuarascáil Bhliantúil 2001 uaim ceanglaím tábhacht chomh mór sin di go bhfillim uirthi i gCaibidil 3. Tugaim mionsonraí faoi roinnt cásanna inspéise a réitíodh bealach cineálacha difriúla sásaimh. Tráchtaim freisin ar phrionsabal na comhréireachta a bhí ina ghné de roinnt cásanna.

I gCaibidil 4 tugtar achoimre ar chásanna inspéise a thug mé chun críche le linn na bliana thar raon comhlachtaí poiblí agus i gCaibidil 5 féachaim siar ar chuid de bhuaiceanna na bliana do m’Oifig. Folaíonn sé sin forbhreathnú mionsonraithe ar an bpróiseas pleanála gnó atá ionchorpraithe go daingean san Oifig le feabhsuithe iarmhartacha sa tseirbhís a chuirimid ar fáil dár gcliaint. I gCaibidil 6 soláthraítear miondealú staitistiúil ar chásanna ar déileáladh leo le linn na bliana.

Back to contents