- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2002
Caibidil 2 - Treoir chothrom le dáta maidir leis na Caighdeáin Chleachtais is Fearr do Sheirbhísigh Phoiblí
Treoir chothrom le dáta maidir leis na Caighdeáin Chleachtais is Fearr do Sheirbhísigh Phoiblí
I dTuarascáil Bhliantúil 1996 uaim d’fhoilsigh mé treoir maidir
leis na caighdeáin chleachtais is fearr do sheirbhísigh phoiblí. Is é a
bhí sa treoir ná seicliosta rialacha iompair do sheirbhísigh phoiblí
agus bhí sí bunaithe ar mo thaithí ar bheith ag déileáil le gearáin
aonair thar na blianta. Sa treoir treisíodh gur ceart do sheirbhísigh
phoiblí, le linn dóibh seirbhísí a sheachadadh dá gcuid cliant, déanamh
amhlaidh ar bhealach cuí, cóir agus neamhchlaon. Rinneadh an treoir a
fhoilsiú i bhfoirm bileoige freisin agus dáileadh go forleathan í i
measc comhlachtaí poiblí.
Tá cinnte agam leagan cothrom le dáta a fhoilsiú a chuireann
forbairtí ó shin san áireamh ar nós achtú na reachtaíochta um shaoráil
faisnéise, um eitic in oifigí poiblí agus um stádas comhionann.
Bainteach le hábhar freisin is ea foilsiú na bPrionsabal um Sheirbhís
Cháilíochta do Chustaiméirí (SCC) ag Grúpa Oibre SCC Tras-Rannach an
TBS. Agus ag leanúint ó lárthéama Thuarascáil Bhliantúil 2001 uaim, tá
béim bhreise curtha agam ar shaincheist an tsásaimh chuí ag comhlachtaí
poiblí i gcásanna ina bhfuil tionchar neamhfhabhrach imeartha ar
dhaoine mar thoradh ar mhíriaradh.
Tá an seicliosta méadaithe i bhfad agus i leithead - folaíonn sé
anois treoir ar an gcaoi le déileáil le daoine ar bhealach cuí, cóir,
oscailte agus neamhchlaon. Mar sin féin, tá iarracht déanta agam an
treoir a choinneáil chomh praiticiúil agus is féidir.
Tá sé ráite agam go mion minic go bhfuil an caidreamh idir comhlachtaí
poiblí agus an saoránach ina eilimint riachtanach de chaighdeán ár
sochaí agus ár ndaonlathais agus feicim an treoir seo mar chabhair chun
an caidreamh sin a threisiú. Ar leibhéal amháin is féidir féachaint ar
an treoir mar shraith céimeanna chun míriaradh a sheachaint - bearta
riaracháin den chineál a shonraítear san Acht Ombudsman, 1980, mar
bhearta atá in aghaidh an riaracháin chóir nó shláin. Ach, tá súil agam
go bhféachfaidh seirbhísigh phoiblí uirthi mar thaca úsáideach ina
gcuid iarrachtaí na caighdeáin is airde riaracháin a bhaint amach ina
ndéileálacha lena gcuid cliant.
Tá an leagan cothrom le dáta den treoir á foilsiú arís i bhfoirm
bileoige le dáileadh ar chomhlachtaí poiblí agus ar an bpobal i
gcoitinne.
Comhlachtaí Poiblí agus an Saoránach - Treoir an Ombudsman maidir leis na Caighdeáin Chleachtais is Fearr do Sheirbhísigh Phoiblí
Is ceart do chomhlachtaí poiblí a ndícheall a dhéanamh na
caighdeáin is airde riaracháin a bhaint amach ina ndéileálacha le
daoine. Agus is ceart do sheirbhísigh phoiblí a chinntiú go
ndéileáiltear le daoine go cuí, go cóir, go hoscailte agus go
neamhchlaon. Is é atá sa seicliosta seo a leanas, cé nach bhfuil sé
iomlán, ná treoir maidir leis na caighdeáin chleachtais is fearr do
sheirbhísigh phoiblí. Tá súil agam go mbeidh sí úsáideach do
chomhlachtaí poiblí ina gcuid iarrachtaí seirbhís níos fearr a
sholáthar dá gcliaint.
Is é is ciall le déileáil "go cuí" le daoine ná déileáil leo -
- go pras, gan mhoill mhíchuí agus de réir theorainneacha ama foilsithe;
- go ceart, de réir an dlí nó rialacha eile a rialaíonn a dteidlíochtaí agus de réir caigdheán cáilíochta foilsithe;
- go tuisceanach agus trí chúnamh réasúnach a thabhairt, ag féachaint dá n-aois, dá gcumas rialacha atá casta go minic a thuiscint, d’aon mhíchumas a d’fhéadfadh a bheith acu gus dá mothúcháin, dá bpríobháideacht agus dá gcaoithiúlacht;
- go cabhrach, trí nósanna imeachta, foirmeacha agus faisnéis ar theidlíochtaí agus seirbhísí a shimpliú, trí thaifid chuí a choinneáil, agus trí shonraí soiléire agus cruinne a sholáthar faoi theorainneacha ama nó coinníollacha a bhféadfadh dícháiliú éirí astu mura ndéanfaí dá réir;
- go cúramach, nuair atá níos mó ná comhlacht poiblí amháin i gceist, trí chumarsáid chuí a chinntiú idir na comhlachtaí d’fhonn aon dearmad ar riachtanais duine a chosc;
- go cúirtéiseach, lena n-áirítear cumarsáid i nGaeilge (idir scríofa agus labhartha) mar ar léir gur mian le duine déanamh amhlaidh;
- go freagrach, gan cur chuige neamhfhabhrach a ghlacadh mar ghnás mar a bhféadfadh imní a bheith ann faoi dhlíthíocht agus trí bheith ullamh míniú a thabhairt ar an bhfáth go bhfuil cinneadh neamhfhabhrach tugtha.
Is é is ciall le déileáil "go cóir" le daoine ná -
- déileáil le daoine in imthosca comhchosúla ar an gcaoi chéanna;
- glacadh leis nach ceart rialacha agus rialacháin, cé go bhfuil siad tábhachtach chun cothroime a chinntiú, a chur i bhfeidhm chomh docht nó chomh dolúbtha sin go gcothaítear éagothromas;
- pionóis a sheachaint nach bhfuil de réir an mhéid is gá chun comhlíonadh na rialacha a chinntiú;
- bheith ullamh le hathbhreithniú a dhéanamh ar rialacha agus nósanna imeachta agus iad a athrú más gá;
- fógra leordhóthanach a thabhairt sula ndéantar rialacha a athrú ar bhealach a n-imríonn tionchar neamhfhabhrach ar theidlíochtaí duine;
- córas athbhreithnithe inmheánaigh a bheith ann ionas gur féidir cinntí neamhfhabhracha a chur faoi scrúdú arís agus faoi athbhreithniú ag duine nach raibh baint aige/aici leis an gcéad chinneadh;
- daoine a chur ar an eolas faoin gcaoi inar féidir leo achomharc a dhéanamh, comhoibriú go hiomlán in aon achomharc dá leithéid agus bheith oscailte do mholtaí i leith sásaimh lena n-áirítear leithscéal a ghabháil, míniúcháin a thabhairt agus cúiteamh cuí a íoc;
- sásamh cuí a dhéanamh a chuireann an duine ar ais sa suíomh ina mbeadh sé/sí dá mbeadh an comhlacht poiblí tar éis gníomhú i gceart sa chéad dul síos;
- glacadh le polasaí chun déileáil leis an líon beag daoine a ghníomhaíonn ar bhealach cráiteach nó le drochintinn, a bhaineann cothromaíocht amach idir leasanna an chomhlachta phoiblí, a fhoirne agus an duine lena mbaineann.
Is é is ciall le déileáil "go hoscailte" le daoine ná -
- daoine a chur i dteagmháil le hoifigigh an chomhlachta phoiblí a bhfuil freagracht orthu as déileáil leo agus, más cuí, iad a atreorú chuig foinsí eile cúnaimh;
- faisnéis chuimsitheach a chur ar fáil agus a choinneáil cothrom le dáta faoi na rialacha agus cleachtais a rialaíonn scéimeanna agus cláir phoiblí;
- faisnéis iomlán a thabhairt do dhaoine faoi na cúiseanna le cinneadh a imríonn tionchar neamhfhabhrach orthu lena n-áirítear sonraí faoi aon chinntí fíorais déanta le linn an chinnidh;
- a chinntiú go bhfuil a fhios ag daoine cén fhaisnéis atá ar fáil, cá bhfuil sí ar fáil agus cén ceart ar rochtain atá acu de réir reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise, agus eile;
- cabhrú le daoine, nuair is gá, a n-iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis a ullmhú;
- oifigí poiblí inrochtana a chur ar fáil agus teicneolaíochtaí eolais agus cumarsáide a úsáid chun an rochtain agus rogha uasta sa seachadadh seirbhíse a chinntiú.
Ar deireadh, is é is ciall le déileáil "go neamhchlaon" le daoine ná -
- cinntí a dhéanamh bunaithe ar an méid atá bainteach le hábhar sna rialacha agus dlí agus gan aird a thabhairt ar an méid nach mbaineann le hábhar;
- claonadh i leith duine a sheachaint maidir le hinscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, creideamh, aois, míchumas, cine, más duine den lucht siúil, teanga, dearcadh nó cáil an duine nó cé hé/hí nó cé air a bhfuil aithne aige/aici;
- a chinntiú, mar a bhfuil seirbhís bunaithe ar scéim tosaíochtaí, go bhfuil an scéim oscailte agus trédhearcach;
- bheith cúramach nach dtéann do chlaontachtaí i gcion ar chinntí a dhéanann tú;
- diúltú d’aon pháirt a ghlacadh i gcinneadh ina bhfuil coinbhleacht leasa nó coinbhleacht leasa féideartha agat nó ina bhféadfaí a bhrath go bhfuil coinbhleacht leasa agat.
