Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2002

Caibidil 3 - Comhréireacht agus Sásamh

Comhréireacht agus Sásamh


Prionsabal na Comhréireachta

In aon idirghníomhaíocht idir comhlacht poiblí agus duine den phobal ceangalítear faoi phrionsabal na comhréireachta nach mór gaolmhaireacht réasúnach a bheith ann idir an cuspóir is mian le comhlacht poiblí a bhaint amach agus na meáin a úsáideann an comhlacht poiblí chun an cuspóir sin a bhaint amach. Is saincheist í sin a thagann chun solais go rialta nuair a chinneann comhlacht poiblí ar chineál éigin pionóis a fheidhmiú i gcás sáraithe rialacha nó nósanna imeachta. Féadfaidh an pionós a bheith i bhfoirm diúltaithe i leith deontas nó leas a íoc nó i bhfoirm cinnidh pionós nó cineálacha eile smachtbhanna a fhorchur.

In aon chás aonair breithneoidh mé saincheisteanna mar mhéid an tsáraithe, más ann, de chuid an ghearánaí; an bhfuil aon imthosca maolaitheacha ann ar cheart iad a chur san áireamh sular cinneadh ar an bpionós; an raibh an pionós féin i gcomhréir leis an sárú; agus, níos bunúsaí fós, an raibh an comhlacht poiblí faoi dhlí i dteideal an pionós a fhorchur sa chéad dul síos. Tabharfaidh mé aird freisin ar an gceist an bhfuil impleachtaí ag an bpionós forchurtha do pháirtithe neamhchiontacha nó an bhfuil iarmhairtí díobhálacha aige orthu. Go bunúsach, measaim an bhfuil an comhlacht poiblí tar éis gníomhú ar mhodh díréireach agus má chinnim go bhfuil iarrfaidh mé ar an gcomhlacht poiblí athbhreithniú a dhéanamh ar réasúntacht a chinnidh. Ó mo thaobhsa de, le linn dom réasúntacht aon chinnidh a bhreithniú dhéanfainn é a thomhas trí thagairt do théarmaí na rialacha, rialachán nó reachtaíochta faoina ndearnadh an cinneadh, do chineál an tsáraithe sa chás aonair agus d’iarmhairtí an chinnidh don ghearánaí.

I dTuarascáil Bhliantúil 1995 uaim leag mé amach liosta Prionsabal um Dhea-Riarachán mar threoir do chomhlachtaí poiblí ina ndéileálacha leis an bpobal i gcoitinne. Agus mé ag trácht ar phrionsabal na comhréireachta dúirt mé mar a leanas:

"ní mór do chomhlachtaí poiblí a chinntiú go mbaintear cothromaíocht oiriúnach amach ach go háirithe i ndáil le haon phionóis nó iarmhairt dhíobhálach......d’fhéadfadh sé sin a bheith fíorspéisiúil nuair is gá do chomhlacht cinneadh idir riachtanais an leasa phoiblí agus cearta pearsan aonair ar leith;"


Soláthar Sásaimh

Nuair a theagmhaíonn cás liom mar a bhfuilim sásta nach bhfuiltear tar éis déanamh de réir phrionsabal na comhréireachta ní mór dom é sin a chur san áireamh i mo mheasúnacht ar an leibhéal agus cineál sásaimh a measaim é a bheith oiriúnach sa chás. I roinnt cásanna mar thoradh air sin mhol mé ní hamháin go dtabharfaí ar ais an sochar nó teidlíocht a diúltaíodh sa chéad dul síos ach freisin go dtabharfaí cúiteamh airgeadais breise. Tá soláthar leighis oiriúnaigh do dhuine a n-imríonn míriaradh de chuid comhlachta phoiblí tionchar díobhálach air nó uirthi ina chuid lárnach den phróiseas réitithe gearán. Maidir leis sin is fiú a thabhairt faoi deara go gceadaítear dom faoin Acht Ombudsman, 1980, moladh a dhéanamh "...go nglactar bearta nó sainbhearta chun tionchar díobhálach gníomhaíochta (de chuid an chomhlachta phoiblí) a leigheas, a mhaolú nó a athrú...". Le fírinne, níl aon teorainneacha airgeadais nó eile ar an rud/méid is féidir liom a mholadh i gcás aonair.

Sa Chaibidil seo cuirim ar fáil sonraí faoi ghearáin ar dhéileáil mé leo le bliain anuas agus inar tháinig mé ar an gconclúid go raibh sáruithe ar phrionsabal na comhréireachta ann agus tugaim achoimre ar an sásamh a fuair mé don ghearánaí i ngach cás. Tugaim sonraí freisin faoi chásanna eile ina bhfuair gearánaithe leibhéil oiriúnacha sásaimh chun tionchar díobhálach a raibh an locht ar chomhlachtaí poiblí faoi a leigheas.


Na Coimisinéirí Ioncaim

Leithscéal foirmiúil mar chineál sásaimh

I dTuarascáil Bhliantúil 2001 uaim, threisigh mé an tábhacht le leithscéal mar leigheas agus thug mé do m’aire go ndéantar dearmad air sin go minic nuair a bhítear ag déanamh iarrachta gearáin a réiteach. Mar a dúirt mé an uair sin: "is ceart go mbeadh míniú mionsonraithe agus/nó leithscéal fírinneach ón gcomhlacht poiblí mar chuid de na tograí sásaimh agus tá ról tábhachtach le glacadh ag na bearta sin iontu féin chun an mothú casaoide a bhraitheann an gearánaí a mhaolú". Réitíodh an cás seo a leanas chun sástacht an ghearánaí trí leithscéal eisithe ag an gcomhlacht poiblí as a ghníomhartha.

Bhí an gearánaí tar éis comhaontú a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim go n-aisíocfadh sé méid airgid bealach tráthchodanna. Cé gurbh é a bhí sa chomhaontú ná go ndéanfaí an t-aisíoc bealach seiceanna iardhátaithe, d’íoc sé na méideanna bealach dréachta bainc. Fuair sé litir aturnae ansin inar tugadh le fios go raibh sé ag sárú an chonartha agus inar éilíodh íoc iomlán an mhéid amuigh laistigh de sheacht lá. Cé gur lean sé air ag déanamh íocaíochtaí tráthchoda bealach dréachta bainc goilleadh air agus cuireadh isteach air leis an gcaoi inar dhéileáil na Coimisinéirí Ioncaim leis. Bhí sé buartha go rachadh an cheist seo i gcion ar a iarratas ar theastas imréitigh cánach (bhí sé i mbun gnó a bhunú).

I ndiaidh teagmhála ó m’Oifig, rinne na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú ar an gcás. Ghlac siad leis go raibh an cinneadh chun an fiachas amuigh a atreorú chuig a n-aturnaetha díréireach sna himthosca agus nár cheart go mbeadh atreorú dá leithéid déanta gan fógra a thabhairt don ghearánaí i dtosach báire go raibh sé de rún acu an beart sin a dhéanamh. D’admhaigh na Coimisinéirí Ioncaim go raibh earráid breithiúnais ann agus an cás á láimhsiú. Ghabh siad leithscéal foirmiúil leis an ngearánaí a bhí lánsásta le toradh mo scrúdaithe agus leis an leithscéal ó na Coimisinéirí Ioncaim.



Bord Sláinte Limistéar an Tuaiscirt

Cúiteamh i leith ama agus trioblóide

Ghearán Cathaoirleach Cumainn Áitritheoirí liom go raibh Bord Sláinte Limistéar an Tuaiscirt tar éis déileáil go neamhchúirtéiseach leis. Chuaigh an Bord i dteagmháil leis chun a fháil amach an bhféadfadh sé úsáid a bhaint as áitreabh an Chumainn mar ionad lae le haghaidh othar síciatrach. Chuir sé an-dua air féin ansin chun cabhrú leis an mBord trí chruinnithe den Chumann a thionól, gníomhais a fhótachóipeáil, cóipeanna de dhoiciméid a sholáthar agus glaonna teileafóin ar oifigigh an Bhoird a dhéanamh. Cé gur vótáil an Cumann i bhfabhar an mholta, sa chás go gcinnfí ar úsáid a bhaint as an áitreabh, chinn an Bord nach raibh an t-áitreabh oiriúnach chun críocha an Bhoird ach níor chuir sé an Cumann ar an eolas faoin gcinneadh sin.

Is i ndiaidh roinnt glaonna teileafóin amháin a fuair an gearánaí amach faoi chinneadh an Bhoird nach raibh an Bord chun úsáid a bhaint as an áitreabh. Atreoraíodh ó dhuine go duine é le gealltanais chruinnithe tugtha, nár tháinig i gcrích riamh, chun an cinneadh a mhíniú. Ní bhfuarthas aon leithscéal ón mBord agus is bliain tar éis go ndearnadh an cinneadh, agus i ndiaidh teagmhála ó m’Oifig, a bhuail duine den Bhord ar deireadh leis an ngearánaí agus ghabh leithscéal leis.

Is prionsabal bunúsach de dhea-riarachán é go ndéileáiltear le daoine den phobal go cúirtéiseach. Bhí mé buartha ní hamháin go raibh an Bord tar éis déileáil go míchúirtéiseach leis an ngearánaí ach freisin go raibh sé thíos leis mar thoradh ar a chuid déileálacha leis an mBord. Chuir mé in iúl don Bhord gur cheart ceist an chúitimh airgeadais a bhreithniú mar aitheantas den mhodh inar dhéileáil sé leis an ngearánaí. Rinne an Bord íocaíocht ex gratia de €1,000 leis an gCumann Áitritheoirí ansin, toradh an-sásúil ar an ngearán.


An Roinn Gnóthaí Eachtracha

Prionsabal na comhréireachta curtha i bhfeidhm maidir le pionóis

Ní hamháin gur ceart go mbeadh smachtbhanna nó pionós a chuireann comhlacht poiblí i bhfeidhm i gcomhréir leis an locht nó faillí de chuid an ghearánaí, is ceart freisin go dtabharfaí achoimre air/uirthi sa reachtaíocht nó sna rialacha iomchuí. D’fhéadfadh beart a dhéantar gan údarás ceart a bheith ina mhí-úsáid cumhachta dáiríre.

Bhain cás den chineál seo a tugadh ar m’aird le linn na bliana leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Fuair mé gearán ó fhear a ndearna an Roinn a phas a shiarchoinneáil nuair a d’agóid sé in aghaidh féich ar éiligh an Roinn go raibh sé dlite di uaidh. Buaileadh breoite é nuair a bhí sé ina chónaí thar lear. Chabhraigh Ambasáid na hÉireann leis a theacht abhaile a shocrú, ag íoc as a eitilt abhaile faoi mhaoirseacht míochaine. D’fhéach an Roinn leis an gcaiteachas de thart ar €1,270 a fháil ar ais ón ngearánaí agus shiarchoinneáil sí a phas fad a bhíothas ag feitheamh leis an aisíocaíocht.

Ag tráth mo scrúdaithe ar an ngearán, bhí an pas siarchoinneáilte ar feadh ocht mbliana. Bhí mé an-bhuartha nach raibh aon sainúdaráss reachtúil ag an Roinn maidir leis an bpas a shiarchoinneáil in imthosca mar sin. Thug mé do m’aire gur easaontaigh an gearánaí agus an Roinn i ndáil le saincheist an fhéich agus mhol mé don Roinn go mba oiriúnaí aisíoc an fhéich a shaothrú bealach gnáthnósanna imeachta dlí. D’iarr mé uirthi freisin go ndéanfadh sí athbhreithniú ar an gcinneadh maidir leis an bpas an shiarchoinneáil.

Chomhaontaigh an Roinn go bhféadfadh an gearánaí cur isteach arís ar shaoráidí pas. Bhí mé sásta go ndearna an Roinn athbhreithniú ar a gnáthchleachtas go nuige sin pasanna a shiarchoinneáil go dtí go ndéantar fiacha toibhithe le linn aisdúichithe a aisíoc. Chuir an Roinn gach Misean Éireannach thar lear ar an eolas go raibh deireadh le cur leis an gcleachtas agus cé gur cheart dóibh tiomantais a lorg ó dhaoine den phobal chun fiacha dlite don Roinn a aisíoc nár cheart pasanna a choinneáil a thuilleadh.


An Roinn Talmhaíochta agus Bia - dhá chás

Pionóis mhí-oiriúnacha agus dhíréireacha

(1) Rinne feirmeoir gearán gur chuir an Roinn Talmhaíochta agus Bia deireadh lena pháirtíocht sa Scéim Cosanta Timpeallachta Tuaithe (SCTT) agus gur chuir sí air an t-airgead a aisíoc go hiomlán a íocadh leis roimh theagmhas i mBealtaine 2000 a bhí ina shárú ar an scéim. Bhí toilleadh umair sciodair méadaithe aige mar chuid den obair riachtanach faoin bplean SCTT. Thug an t-umar uaidh ansin agus mar thoradh ar an doirteadh sciodair tharla marú éisc ar ionchúisíodh, agus a bhfuarthas ciontach, an feirmeoir ina leith faoin Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959. I mo scrúdú ar an gcás dearbhaíodh gurbh ionann gníomhartha an fheirmeora agus sárú ar an scéim a thug údar ceart le pionós a chur i bhfeidhm. Níor ghlac mé leis, áfach, go raibh an pionós oiriúnach curtha i bhfeidhm.

Thug mé do m’aire nach raibh aon tagairt i dtéarmaí agus coinníollacha scéim 1999, a bhí bainteach le hábhar leis an scéim sa chás seo, d’ionchúisimh faoin Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959. Leag sceideal pionóis na scéime pionós 100% amach maidir le doirteadh dramhaíola i sruthchúrsaí (is é sin, go siarchoinneofaí 100% den deontas dlite i mbliain an tsáraithe ar an scéim). Bhí pionós i bhfad níos déine curtha i bhfeidhm, áfach, sa mhéid gur lorg an Roinn aisíoc iomlán an airgid a íocadh cheana agus, ina theannta sin, chinn an Roinn ar dheireadh a chur le páirtíocht an fheirmeora sa SCTT. Bhí foráilte don phionós níos déine sin i gcoinníollacha scéime ní ba thúisce a raibh feidhm leo an tráth sin ar chuir an feirmeoir a phlean SCTT faoi bhráid i 1998, ach bhí plean athbhreithnithe curtha faoi bhráid aige i mí Lúnasa 1999, a ceadaíodh ag an Roinn. Faoin scéim foráiltear go bhfuil plean SCTT pearsan aonair rialaithe ag na coinníollacha i bhfeidhm ag an tráth sin ar cheadaigh an Roinn an plean. I gcásanna comhchosúla eile, chuir an Roinn an pionós i bhfeidhm ar foráileadh dó sa scéim a bhí i bhfeidhm ag tráth na cigireachta ar lena linn a fuarthas amach faoin sárú.

Bhí mé buartha go raibh tréigean ann ó fhorálacha pionóis scéim 1999 agus d’iarr mé ar an Roinn an gnó a athbhreithniú. Mar fhreagairt, dúirt an Roinn gur choimeád an tAire Talmhaíochta agus Bia an ceart chun an t-airgead go léir a fhorchúiteamh ó rannpháirtithe má theip orthu coinníollacha na scéime a chomhlíonadh. Bhí an Roinn den tuairim go raibh cineál an tsáraithe ar an scéim sa chás seo trom a dhóthain chun údar ceart a thabhairt leis na cistí go léir a deonaíodh a fhorchúiteamh agus chun deireadh a chur le páirtíocht sa SCTT.

Tá truailliú uisce agus maruithe éisc, gan dabht, ina sárú glan ar spiorad na scéime atá saincheaptha chun dea-chleachtais fheirmeoireachta a bhunú agus gnáthóga fiadhúlra a chosaint. Le hómós do mo chuid tuairimí i leith an phionóis oiriúnaigh sa chás, áfach, d’athbhreithnigh an Roinn a cinneadh agus thoiligh sí pionós 100% a chur i bhfeidhm arb é a bhí ann ná an deontas a shiarchoinneáil don tríú bliain amháin den chomhaontú in áit forchúiteamh an airgid go léir a íocadh a lorg. Comhaontaíodh freisin go bhféadfadh an feirmeoir leanúint de pháirt a ghlacadh sa scéim, faoi réir ag cigireacht ag an Roinn chun a dhearbhú go bhfuil téarmaí an chomhaontaithe á n-urramú aige.

(2) Tugadh cás ar m’aird le linn na bliana a bhain leis an Scéim Cosanta Timpeallachta Tuaithe (SCTT) agus pionós ródhian. Ba fheirmeoir orgánach é an gearánaí a bhí ag fáil íocaíochtaí faoin SCTT. I ndiaidh cigireachta ar a fheirm fuarthas amach go raibh sá ag sárú na rialacha agus tarraingíodh siar a cheadúnas feirmeoireachta orgánaí le héifeacht ó Lúnasa 1999, ag Cumann Saothróirí agus Feirmeoirí Orgánacha na hÉireann. Tharraing an Roinn Talmhaíochta agus Bia íocaíochtaí d’fheirmeoireacht orgánach siar a bhí le híoc ag an am do 1998/99 (an cúigiú bliain aige sa scéim) agus d’iarr ar an bhfeirmeoir íocaíochtaí a bhí íoctha leis cheana féin do gach bliain roimhe a aisíoc in éineacht le hús ar na híocaíochtaí sin.

Bhraith an gearánaí go raibh seasamh na Roinne éagórach, mar go raibh ceadúnas cuí agus cead aige feirmeoireacht orgánach a dhéanamh do na cúig bliana sular tarraingíodh siar an ceadúnas. Rinne sé cinneadh na Roinne a achomharc agus, nuair nach raibh freagairt fhabhrach ar fáil, ghearán sé liom faoin ngnó. Nuair a scrúdaigh mé é, chinn mé nach raibh foráil i dtéarmaí agus coinníollacha scéim 1994, a raibh feidhm leo sa chás seo, i leith forchúitimh airgid a íocadh i mblianta roimhe le haghaidh tréimhsí a raibh ceadúnas orgánach bailí ag an bhfeoirmeoir. D’iarr mé ar an Roinn míniú a thabhairt ar an mbunús leis an gcinneadh na híocaíochtaí do na blianta roimh 1999 a fhorchúiteamh.

Rinne an Roinn athbhreithniú ar an gcás agus chinn sí a cinneadh a chealú maidir le forchúiteamh iomlán an airgid a íocadh leis an ngearánaí a lorg. An t-aon íocaíocht a bhí le siarchoinneáil ná an íocaíocht a bhí dlite ó dháta aistarraingthe an cheadúnais i mí Lúnasa 1999. Íocadh íocaíocht orgánach leis an bhfeirmeoir ansin dá chúigiú bliain agus do dhá mhí den séú bliain (suas go dáta aistarraingthe an cheadúnais). Aisíocadh airgead leis a d’éiligh sé faoi scéimeanna eile agus a bhí tarraingthe siar ag an Roinn chun an ró-íocaíocht SCTT a d’ardaigh sí ina aghaidh a chúiteamh. Ina theannta sin, d’athbhreithnigh an Roinn gach cás comhchosúil chun comhsheasmhacht sa chur chuige a chinntiú i gcásanna ina ndearnadh ró-íocaíochtaí. Bhí feidhmiú teoranta aige sin mar gurbh í scéim SCTT 1994 an t-aon scéim nach raibh foráil ann a cheadaigh don Roinn gach airgead íoctha faoin scéim a fhorchúiteamh i gcás go raibh ceadúnas feirmeoireachta orgánaí tarraingthe siar. Bhí foráil dá leithéid i scéimeanna iardain.


Comhairle Contae Fhine Gall

Ag gníomhú go cóir tríd an bpionós ceart a chur i bhfeidhm

Fuair mé gearán thar ceann mná ón Iaráic a raibh cónaí uirthi in Éirinn ar feadh ocht mbliana agus ar bhain Comhairle Contae Fhine Gall a hainm den liosta tithíochta tar éis gur dhiúltaigh sí trí thairiscint cóiríochta. D’éiligh sí go ndearnadh leithcheal uirthi agus gur cuireadh imeagla uirthi gach uair a chuaigh sí chun an chóiríocht a amharc, rud ba chúis lena diúltú do na trí thairiscint. Scrúdaigh mé an comhad cóiríochta agus Scéim Tosaíochtaí Ligin Chomhairle Contae Fhine Gall, is é sin an scéim a rialaíonn leithdháileadh tithíochta poiblí i limistéar Fhine Gall. Ba léir ó na comhaid, agus gan dabht de réir chuntas an ghearánaí, gur dhiúltaigh sí cóiríocht trí huaire. Ba léir ó na comhaid freisin go raibh cóiríocht ofráilte di sna ceantair a shonraigh sí ina hiarratas tithíochta leis an gComhairle. Ach ní raibh aon fhianaise i gcomhaid na Comhairle gur inis sí don Chomhairle ar gach ócáid faoi na cúiseanna gur dhiúltaigh sí do na tairiscintí cóiríochta.

Nuair a scrúdaigh mé an comhad thug mé do m’aire ag an tráth ar dhiúltaigh sí an tríú tairiscint cóiríochta, nár luadh i Scéim Tosaíochtaí Ligin Chomhairle Contae Fhine Gall go mbainfí ainm duine ón liosta tithíochta i ndiaidh trí dhiúltú. De réir na Scéime mar a bhí ag an am, i ndiaidh trí dhiúltú d’athrófaí dáta iarratais an iarratasóra go dáta an tríú diúltú - is é sin go rachadh an t-iarratasóir go bun an liosta. Athraíodh an Scéim dhá mhí i ndiaidh tríú diúltú an ghearánaí. Is ón bpointe sin amháin a luadh sa Scéim go ndéanfaí i ndiaidh an tríú diúltú ag duine a (h)ainm a bhaint den liosta tithíochta ar feadh dhá bhliain.

Scríobh mé chuig an gComhairle agus chuir ar a súile nach raibh an gearánaí curtha ar an eolas go mbainfí a hainm den liosta tithíochta i ndiaidh an tríú diúltú. Bhí tugtha le fios di, mar a tharlaíonn, go ndéanfaí dáta faighte a hiarratais a athrú go dáta an diúltaithe. Mheas mé go mbeadh sé éagórach dá n-athrófaí na rialacha i ndiaidh a tríú diúltú, agus dá gcuirfí i bhfeidhm uirthi iad go cúlghabhálach. D’iarr mé ar an gComhairle a cinneadh a athbhreithniú.

Thoiligh Comhairle Contae Fhine Gall an gearánaí a aischur ar an liosta tithíochta sa suíomh bunaidh a bhí aici agus tairiscint cóiríochta amháin eile a thabhairt di. Dá ndiúltódh sí an tairiscint cóiríochta sin, bhainfí a hainm den liosta tithíochta ar feadh dhá bhliain de réir na Scéime Tosaíochta Ligin nua. Mheas mé gur fhreagairt réasúnach ón gComhairle í sin.

Back to contents