Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2002

Caibidil 4 - Cásanna roghnaithe

Cásanna Roghnaithe

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Faoiseamh Cánach d’Íocaíochtaí Aoisliúntais

Rinne pinsinéir gearán gur chaill sé airgead ar an bhfaoiseamh cánach dá raibh sé i dteideal. Bhraith sé gur bhain a ghearán leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus ní leis na Coimisinéirí Ioncaim. Múinteoir scortha ab ea é a rinne iarratas leis an Roinn ar sheirbhís a cheannach go cúlghabhálach chun críocha aoisliúntais i mí Dheireadh Fómhair 1997. Ach níor chuir an Roinn ar an eolas é go dtí mí Eanáir 2001 faoi mhionsonraí mhéid na seirbhíse a d’fhéadfadh sé a cheannach agus faoi na costais a bheadh ann. I mí na Samhna 2001 sheol an Roinn chuige ráiteas de na ranníocaíochtaí aoisliúntais a bhí íoctha aige don tseirbhís sin agus chuir sé ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim é le héileamh ar fhaoiseamh cánach. D’inis na Coimisinéirí Ioncaim dó, áfach, nach féidir aon éileamh ar aisíoc cánach a cheadú mur h a cheadú mura ndéantar an t-éileamh laistigh de dheich mbliana i ndiaidh dheireadh na bliana measúnaithe. Ní fhéadfaí faoiseamh a thabhairt don tréimhse iomlán a raibh éileamh déanta aige ina leith, ach níor mhór é a shrianadh do na blianta 1991/92 go 1996/97 (le 1991 ag seasamh do dheich mbliana roimh dháta an éilimh).

Bhraith an gearánaí go raibh sé sin éagórach mar go raibh an locht ar an Roinn go raibh moill ceithre bliana ann in eisiúint an ráitis de ranníocaíochtaí aoisliúntais íoctha. Ar thaobh na Roinne, mhínigh sí do m’Oifig go bhfuarthas breis is 10,000 iarratas ar cheannach seirbhíse cúlghabhálach ag múinteoirí scortha i ndiaidh thabhairt isteach na scéime i mBealtaine 1997. Bhí obair phróiseáilte na n-iarratas sin fadálach agus casta.

Rinne an Roinn teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim thar ceann an ghearánaí chun tuilleadh faisnéise a sholáthar faoina ról sa mhoill ar a éileamh a phróiseáil agus chun a iarraidh go nglacfaí dearcadh níos boige i leith an ghnó. Cé nár ghéill siad an cás i dtosach, tháinig na Coimisinéirí Ioncaim ar an tuairim ar deireadh go bhféadfaí faoiseamh cánach don tréimhse iomlán a dheonú. Rinneadh sin ar an mbonn go bhféadfaí a mheas go ndearna an gearánaí éileamh leis na Coimisinéirí Ioncaim i 1997 ag tráth a iarratais leis an Roinn. Cé gur thug na Coimisinéirí Ioncaim le fios go raibh a gcinneadh ar bhonn lamháltais laistigh de reachtaíocht cánach ioncaim agus nár ceart glacadh leis mar fhasach d’aon éilimh amach anseo, dúirt siad freisin go mbeadh feidhm ag an gcinneadh le gach pinsinéir eile a bhí i staid comhchosúil le staid an ghearánaí sa chás seo. Deonaíodh aisíoc breise cánacha de bhreis is €4,000 dó.

Bhí mé sásta, tar éis gur chuir m’Oifig an gearán in iúl don Roinn Oideachais agus Eolaíochta, gur ghlac sí ról gníomhach chun teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim sa chás seo agus gur éascaíodh an bealach chun lánsásamh a fháil don ghearánaí trí thoilteanas na Roinne a páirt sa chaillteanas faoisimh cánach dó a aithint. Ba mhaith liom freisin an cur chuige solúbtha a aithint a ghlac na Coimisinéirí Ioncaim i ndeonú lamháltais ní hamháin don ghearánaí ach freisin do dhaoine eile a bhí i staid chomhchosúil.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Teip chumarsáide idir na Coimisinéirí Ioncaim agus an Oifig Mótarchánach

Fuair mé gearán ó dhíoltóir gluaisteán úsáidte gur fhulaing sé caillteanas airgeadais agus damáiste dá ghnó mar thoradh ar theip na gCoimisinéirí Ioncaim na húdaráis mhótarchánach a chur ar an eolas faoi neamhréireacht clárúcháin maidir le gluaisteán ar leith.

Nuair a scrúdaigh mé an cás fuair mé amach gur bhain sé le gluaisteán a cheannaigh an díoltóir gluaisteán úsáidte i 1988. Ní raibh a fhios aige go raibh seilbh glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ar an bhfeithicil ar dhá ócáid roimhe sin ná go raibh dáta déanta na feithicle taifeadta go mícheart sa leabhar clárúcháin don ghluaisteán. Bhí an gluaisteán allmhairithe isteach go neamhdhleathach i bPoblacht na hÉireann i 1982. Rinneadh é a athchlárú ansin ag baint úsáide as doiciméad allmhairithe brionnaithe. Ghabh roinnt earráidí leis an athchlárú ag oifig mótarchánach Chomhairle Contae Lú, arb í an phríomhearráid díobh dáta déanta na feithicle. Sa leabhar clárúcháin a d’eisigh an oifig mótarchánach liostaíodh bliain déanta an ghluaisteáin mar 1981, cé gurbh í 1977 an bhliain ina ndearnadh é dáiríre.

I 1982, d’eisigh Suirbhéir de chuid an Bhrainse Imscrúdaithe Custaim & Máil liosta feithiclí a allmhairíodh isteach sa Phoblacht ar bhonn doiciméadaithe bhrionnaithe in éineacht le hordú go raibh siad le gabháil dá bhfeicfí iad. Bhí an fheithicil a bhí i lár an ghearáin ar an liosta agus gabhadh í i mBealtaine 1983 agus scaoileadh ansin í i Meitheamh 1985 tar éis gur íoc an t-úinéir cláraithe an tráth sin suim chun táillí allmhairithe a chumhdach. Ainneoin go raibh allmhairiú na feithicle tugtha chun rialtachta ansin, níor chuir na Coimisinéirí Ioncaim na húdaráis mhótarchánach iomchuí ar an eolas faoin neamhréireacht sna sonraí clárúcháin. Níor ghlac siad céimeanna ach oiread chun í a bhaint ón liosta feithiclí le gabháil, cé nach raibh aon chúis ann go bhfágfaí an fheithicil ar an liosta sin tar éis gur gabhadh í i 1983. Gabhadh agus scaoileadh arís í i 1986 ach fágadh ar an liosta feithiclí le gabháil tar éis a scaoilte.

I 1988, cheannaigh an gearánaí, an díoltóir gluaisteán úsáidte, an fheithicil agus dhíol í ina dhiaidh sin. I mí na Samhna 1988, ghabh na Coimisinéirí Ioncaim an fheithicil den tríú huair. Nuair a scaoileadh an fheithicil thionscain an t-úinéir nua imeachtaí cúirte in aghaidh an ghearánaí ar an bhforas, toisc an fhaisnéis sna doiciméid chlárúcháin a bheith mícheart, go raibh mífhaisnéis tugtha i ndíol na feithicle maidir le haois na feithicle. Socraíodh an cás lasmuigh den chúirt agus mar thoradh air d’íoc an gearánaí cúiteamh de €1,905 leis an úinéir nua in éineacht le táillí dlí de €635 san iomlán. Ina theannta sin, déiligh an gearánaí go raibh tionchar díobhálach ag an eachtra ar a cháil sa ghnó mótardhíolachán.

Bhí na fadbhanna a bhí ann i ndáil leis an bhfeithicil a dhíol an gearánaí mar thoradh ar dhá fhachtóir ar leith - iontráil mhícheart do bhliain déanta na feithicle nuair a céadchláraíodh í agus coinneáil na feithicle ar an liosta feithiclí le gabháil tar éis gur tugadh a hallmhairiú chun rialtachta. Glacaim leis nach raibh na Coimisinéirí Ioncaim freagrach as an earráid i leabhar clárúcháin na feithicle maidir leis an dáta déanta - bhí an locht ina leith sin go soiléir ar an údarás áitiúil iomchuí, Comhairle Contae Lú, agus ghlac an Chomhairle leis sin. Réamhdhátaigh gníomhartha na Comhairle tosach feidhme an Achta Ombudsman, áfach, agus mar sin ní fhéadfainn sin a imscrúdú. Ar an ábhar céanna, ní raibh an t-údarás agam cúiteamh a mholadh i leith aon lochta ar an gComhairle.

D’áitigh na Coimisinéirí Ioncaim nach raibh aon oibleagáid reachtúil orthu faisnéis faoi chlárú feithicle a chur ar aghaidh go dtí an oifig mótarchánach. Ghlac mé leis nach raibh aon cheanglas reachtúil ar Chustam & Mál an neamhréireacht sna sonraí clárúcháin a chur in iúl don oifig mótarchánach. Is é mo thuairim, áfach, i gcás mar seo gur ceart don chomhlacht poiblí beart ceartaitheach a dhéanamh de réir phrionsabail an dea-riaracháin. Tá comhlachtaí poiblí cáinte agam i gcásanna eile atá curtha faoi mo bhráid mar a bhfuil tionchar díobhálach imeartha ar ghearánaithe ag teip dhá chomhlacht phoiblí cumarsáid nó comparáid a dhéanamh le chéile. Creidim go bhfuil sé réasúnta a bheith ag súil go ndéanfadh comhlachtaí poiblí cumarsáid dá leithéid. Ní dhéanfaidh sé ach cáilíocht fhoriomlán na seirbhíse do chustaiméirí a fheabhsú a bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim agus an tseirbhís phoiblí i gcoitinne tiomanta di.

Ba é toradh m’imscrúdaithe ar an gcás seo ná moladh go n-íocfaí €3,000 leis an ngearánaí. Ghlac na Coimisinéirí Ioncaim leis an moladh.

Córas Athbhreithnithe Neamhspleách

Tarlaíonn sé uaireanta nach nochtann mo scrúdú ar ghearán fianaise chun tacú le cás an ghearánaí ach go nochtann sé locht i gcóras riaracháin an chomhlachta. I gcás amháin dá leithéid sin, ghearán fear faoin gcaoi ina ndearna na Coimisinéirí Ioncaim a ghnóthaí cánach a láimhsiú.

Nuair a scrúdaigh mé an cás tháinig mé ar an gconclúid nach raibh foras leordhóthanach ann ar a bhféadfaí formhór na saincheisteanna a d’eascair ón ngearán a shaothrú. Thug mé do m’aire, áfach, go raibh athbhreithniú neamhspleách iarrtha ag an ngearánaí. Chuir na Coimisinéirí Ioncaim cás an ghearánaí chuig a ngníomhaire dlí, gnólacht aturnaetha, chun bailiú na gcánacha amuigh a shaothrú. D’eisigh an gníomhaire dlí toghairm shibhialta ansin i ndáil leis na suimeanna dlite. Níor déileáladh le hiarratas an ghearánaí ar athbhreithniú neamhspleách go pras ná go cuí ag an ngíomhaire dlí. Mheas mé gur locht trom sa chóras é sin agus d’iarr mé ar na Coimisinéirí Ioncaim cuimhneamh ar shásra a chur i bhfeidhm chun a chinntiú sa chás go gcuirtear éilimh chánach ar aghaidh chuig gníomhaire dlí le bailiú go gcuirtear na gníomhairí sin ar an eolas faoi cheart an íocóra cánach chun achomhairc nó athbhreithnithe.

Mar fhreagairt thoiligh na Coimisinéirí Ioncaim céimeanna láithreacha a ghlacadh chun a chinntiú go bhfuil a gcuid gníomhairí go léir ar an eolas faoin nós imeachta cuí atá le leanúint sa chás go dtugann íocóir cánach le fios gur mian leis nó léi leas a bhaint as nósanna imeachta athbhreithnithe inmheánaigh nó sheachtraigh.


An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh

Oifig Achomharc Leasa Shóisialta

I roinnt cásanna a scrúdaigh mé le linn na bliana treisíodh an gá go gcinnteodh comhlachtaí poiblí go bhfuil a gcleachtais riaracháin de réir a chéile. I gcás amháin dá leithéid dhiúltaigh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh d’éilimh ag fear ar Liúntas Míchumais agus ar Chúnamh Dífhostaíochta. Ar achomharc, chuir sé an fhianaise chéanna faoina ghnóthaí airgeadais don dá éileamh faoi bhráid na hOifige Achomharc Leasa Shóisialta. Rinne triúr Oifigeach Achomharc breithniú ar an bhfianaise sin ag céimeanna éagsúla sa phróiseas cinnteoireachta. I ndáil leis an éileamh ar Chúnamh Dífhostaíochta ní raibh Oifigeach Achomharc amháin sásta go raibh an gearánaí tar éis a imthosca a nochtadh go hiomlán agus thacaigh Oifigeach Achomharc eile leis an seasamh sin. Mar sin diúltaíodh an t-éileamh ar Chúnamh Dífhostaíochta ar an bhforas nach raibh acmhainn an ghearánaí nochta go cuí. I ndáil leis an éileamh ar Liúntas Míchumais bhí an tríú hOifigeach Achomharc sásta go raibh léiriú réasúnach tugtha ar staid airgeadais an ghearánaí, rud a cheadaigh dó measúnacht a dhéanamh ar a acmhainn chun críocha an iarratais. Tugadh Liúntas Míchumais don ghearánaí. Is í an tsaincheist fhíorthábhachtach anseo ná go ndearna na hOifigigh Achomharc an fhianaise chéanna a bhreithniú ar gach ócáid.

Chuir mé an neamhréir ar aird an Phríomh-Oifigigh Achomharc. Nocht mé an tuairim go raibh sé fíorthábhachtach go raibh an t-ábhar ar bhraith na cinnteoirí air in ann tacú lena gcinneadh, agus le linn dóibh a gcumhachtaí cinnteoireachta a fheidhmiú nach mór dóibh gníomhú ar mhodh réasúnach, leis na fachtóirí iomchuí go léir a chur san áireamh agus gan aird a thabhairt ar fhíorais neamhábhartha. D’iarr mé air na trí chinneadh a rinne na hOifigigh Achomharc a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile, le saintagairt don cheist ar cuireadh na fachtóirí iomchuí go léir san áireamh sa chéad dá chinneadh. Cuireadh ar an eolas mé ina dhiaidh sin go raibh athbhreithniú déanta ar an gcinneadh maidir le teidlíocht an ghearánaí do Chúnamh Dífhostaíochta a dhícheadú ar bhonn measúnachta ar acmhainn sheachtainiúil agus gur deonaíodh an liúntas, le riaráiste de €11,000 nach mór íoctha.

Diúltú ar Shochar Linbh

Rinne fear gearán go raibh a éileamh ar Shochar Linbh diúltaithe ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Bhraith sé go raibh sé sin éagórach mar go raibh sé i dteagmháil leis an Roinn thar roinnt blianta agus nár cuireadh a theidlíocht in iúl dó riamh.

Scar an gearánaí óna bhean sa Ríocht Aontaithe, d’fhill sé ar Éirinn go luath i 1991 agus íocadh Cúnamh Dífhostaíochta leis ón tráth sin. Tháinig a iníon chun cónaithe leis i mí Mheán Fómhair 1991. Chuir sé isteach ar liúntas Cleithiúnach Linbh a deonaíodh tar éis gur sholáthair sé teastas beireatais fada agus sonraí eile i ndáil lena iníon. Lean sé d’íocaíochtaí cúnaimh dífhostaíochta nó sochair dífhostaíochta a fháil, a d’fholaigh Liúntas Cleithiúnach Linbh, go dtí 1996. I mí Lúnasa 1995, chuir an gearánaí isteach ar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuistmitheora, a deonaíodh ar deireadh le héifeacht ó Bhealtaine 1996. Níor chuir an gearánaí isteach ar Shochar Linbh dá iníon go dtí Meitheamh 2001, tráth a diúltaíodh a éileamh mar gur scoir a iníon d’oideachas lánaimseartha i 2001.

Ba léir dom go raibh an gearánaí, mar a d’éiligh sé, i dteagmháil leis an Roinn thar roinnt blianta agus níor tugadh faoi deara nach raibh sé tar éis an Sochar Linbh a éileamh dá raibh sé i dteideal. D’iarr mé ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh an sochar a dhiúltú ar an bhforas go raibh sé de cheart aici leas a bhaint as roinnt deiseanna a bhí aici roimhe an gearánaí a chur ar an eolas faoina theidlíocht do Shochar Linbh le linn a dhéileálacha le hiarratais eile ar shochair uaidh. D’athbhreithnigh an Roinn a cinneadh agus thug Sochar Linbh don ghearánaí le héifeacht ón dáta céanna i 1991 ónar íocadh Liúntas Cleithiúnach Linbh lena Chúnamh Dífhostaíochta leis. Fuair sé íocaíocht riaráiste do na 10 mbliana, arb ionann í agus €3,958.


An Roinn Talmhaíochta agus Bia

An Scéim um Rialú Truaillithe Feirme

Rinne feirmeoir gearán go raibh dhá iarratas curtha isteach aici leis an Roinn Talmhaíochta agus Bia ar chúnamh deontais faoin Scéim Chúnaimh Infheistíochta um Rialú Truaillithe Feirme (an Scéim RTF) agus go raibh sí míshásta go ndearnadh an dá iarratas a dhiúltú.

Rinneadh an chéad iarratas ar an 15 Iúil 1999, seachtain tar éis go ndearna an t-iarratasóir iarratas go n-athrófaí an tréaduimhir dá heallach ó ainm a fir céile go dtí a hainm féin. D’inis sí don Roinn gurbh é an chúis a bhí leis an iarratas ar an athrú ainm ná go raibh fostaíocht ag a fear céile le cuideachta phríobháideach agus gurbh í féin a bhí ag oibriú na feirme. Rinneadh an tréaduimhir a chlárú ina hainm ar an 19 Iúil 1999. Diúltaíodh iarratas an ghearánaí ar chúnamh deontais, áfach, ar an mbonn nárbh í an t-oibreoir feirme í ag tráth a hiarratais (mar go raibh an tréaduimhir in ainm a fir céile ar an dáta sin agus go raibh íocaíochtaí préimhe agus cúnamh ceantair na bliana roimhe déanta ina ainm freisin).

D’inis an Roinn don ghearánaí ina dhiaidh sin go bhféadfadh sí iarratas úr ar chúnamh deontais faoin scéim a dhéanamh. Rinne sí amhlaidh i mí an Mheithimh 2000 ach diúltaíodh an t-iarratas an uair sin ar an bhforas go raibh a cuid oibreacha infheistíochta tugtha chun críche, nach mór. Thuairiscigh an Cigire go raibh cuairt tugtha aige ar an bhfeirm i mí na Samhna 1999 i ndáil leis an gcéad iarratas agus go bhfuair sé amach an uair sin go raibh umar eisiltigh lataí tógtha.

Is coinníoll den Scéim RTF é nach dtugtar cúnamh le haghaidh oibreacha a bhfuil tús curtha leo sula dtugtar ceadú i scríbhinn don iarratasóir dul ar aghaidh leo. Ba léir dom nuair a scrúdaigh mé an cás gur cheart an chéad iarratas a dhiúltú ar an bhforas sin. Níor luadh an fachtóir sin, áfach, sa chéad chinneadh a rinne an Roinn. Ina theannta sin, nuair a d’ardaigh mé ceisteanna faoi láimhsiú na n-iarratas, d’admhaigh an Roinn nár choinníoll den scéim é go gcaithfeadh an t-iarratas ar chúnamh limistéir don bhliain iomchuí a bheith déanta ag an iarratasóir ar an Scéim RTF (cé gur luadh é sin mar fhachtóir bainteach sa chinneadh chun an t-iarratas a dhiúltú sa chás seo).

Ar iarratas uaim, rinne an Roinn an cás a athbhreithniú. Chinn sí, mar nach raibh an t-iarratasóir curtha ar an eolas faoin gcúis chuí le diúltú an chéad iarratais, go mbeadh sé cothromasach í a chur ar ais chuig an staid a bhainfí amach dá ndéileálfaí leis i gceart, is é sin, bheadh an t-iarratas ar chúnamh deontais don umar eisiltigh lataí diúltaithe mar go raibh an obair tosaithe sula bhfuarthas ceadú ón Roinn. Dá mbeadh an t-iarratasóir curtha ar an eolas, áfach, nár cheart di tús a chur leis an obair roimh cheadú a fháil b’fhéidir go mbeadh sí tar éis déileáil leis an dara hiarratas le haird á tabhairt ar rialacha na scéime. Ghlac an Roinn leis gurbh ionann obair thógála bhreise a tosaíodh i ndiaidh dhiúltú an chéad iarratais agus aonad oibre ar leith agus rinne sí athbhreithniú ar an iarratas ar chúnamh deontais do na hoibreacha sin. Cinneadh gur chomhlíon an t-iarratas na riachtanais intofachta agus thug an Roinn le fios go soláthródh sí an cúnamh deontais i ndiaidh chríochnú sásúil na hoibre tógála breise.

Mheas mé gur léirigh réiteach an cháis seo ag an Roinn toilteanas le botúin a rinneadh a admháil agus cineál cothromasach cúitimh a fháil.



Boird Sláinte

Bord Sláinte Limistéar an Tuaiscirt

Táillí le haghaidh cúraim fhadchónaithe

Fuair mé gearán ó bhean faoin leibhéal ranníocaíochta lena rabhthas ag súil uaithi i leith chostais tí altranais a fir céile. Bhí Galar Alzheimer ar fhear céile an ghearánaí. Bhí sé faoi chúram i dteach altranais príobháideach ó 1993, i leaba a bhí ar conradh ag Bord Sláinte Limistéar an Tuaiscirt (BSLT). Bhí cártaí liachta aici féin agus ag a fear céile. Bhí a fear céile ag fáil Pinsean Seanaoise, a d’fholaigh Liúntas Cleithiúnaithe maidir léi féin. Ghearán sí cé go raibh BSLT ag seasamh formhór chostais chothabhála a fir céile sa teach altranais, go raibh sé ag forfheidhmiú ranníocaíochta uaithi a bhí ina hualach mór airgeadais di.

Tá dhá shraith rialachán ann a rialaíonn an cur táillí ar othair faoi chúram fadchónaithe. Faoi na Rialacháin um Chúnamh Institiúideach, 1954, a bhí á bhfeidhmiú ag BSLT sa chás seo, ceadaítear do Bhoird Sláinte táille chothabhála a ghearradh i leith costais cúraim othair. Ach níl na rialacháin sin infheidhme ach nuair atá duine á chur isteach i dteach contae nó in institiúid chomhchosúil le haghaidh cúraim fhadchónaithe, le haghaidh cúraim faoisimh nó nuair is easpa tacaíochta ag baile, seachas riachtanas leighis, is cúis leis an ligean isteach. Baineann na rialacháin eile, na Rialacháin Sláinte (Táillí i leith Seirbhísí Othar Cónaitheach), 1976, le hothair atá ag fáil an raon iomlán cúraim míochaine agus altranais in ospidéal nó i dteach altranais sonraithe ag an mbord sláinte.

Nuair a scrúdaigh mé sonraí chás an ghearánaí, chinn mé go raibh BSLT tar éis an tsraith mhíchruinn rialachán a chur i bhfeidhm agus é ag cinneadh oibleagáid a fir céile maidir le ranníocaíocht a thabhairt. Thug mé le fios gur cheart go ndéanfaí an mheasúnacht faoi na Rialacháin Sláinte (Táillí i leith Seirbhísí Othar Cónaitheach), 1976, mar go raibh a fear céile ag fáil an raon iomlán cúraim míochaine agus altranais. Sna rialacháin sin foráiltear go bhfuil táillí dlite ar othar sa chás nach bhfuil lán-intofacht aige nó aici, nach bhfuil cleithiúnaithe aige nó aici, agus má bhí sé nó sí ina (h)othar cónaitheach ar feadh tríocha lá nó ar feadh tréimhsí a shroicheann tríocha lá eatarthu sa dá mhí dhéag roimhe. Toisc gur shealbhóir cárta liachta é fear céile an ghearánaí (le lán-intofacht mar sin) agus gur chleithiúnaí í, ní raibh táillí dlite air faoi na rialacháin sin.

Rinne an Bord athbhreithniú ar an gcás agus ghlac leis nach raibh táillí dlite ar fhear céile an ghearánaí. D’aisíoc an Bord €25,400, nach mór, leis an ngearánaí, is é sin méid na ranníocaíochtaí a d’íoc sí ó ligeadh a fear céile isteach sa teach altranais i 1993.

Ar iarratas uaim, gheall gach ceann de na boird sláinte go ndéanfaidís athbhreithniú ar an mbunús leis na táillí a ghearrtar ar othair i dtithe altranais, in imthosca comhchosúla, laistigh de limistéar gach boird. Is é an chúis a bhí leis sin ná a chinntiú go raibh na táillí reachtacha cuí á bhfeidhmiú i gceart ag féachaint d’imthosca gach cáis.


Bord Sláinte Limistéar Chósta an Oirthir

Taillí le haghaidh Seirbhisí Ospidéil

I gcás eile a bhain le táillí le haghaidh seirbhísí ospidéil othar cónaitheach ardaíodh ceisteanna faoi léiriú na reachtaíochta iomchuí.

Rinne fear gearán faoi na táillí cothabhála a bhailigh Bord Sláinte Limistéar Chósta an Oirthir maidir lena athair nach maireann a bhí ina othar fadchónaithe in ospidéal poiblí.

Bailíodh na táillí faoi na Rialacháin Sláinte (Táillí i leith Seirbhísí Othar Cónaitheach), 1976 agus 1987, agus gearradh iad ar bhonn ioncam agus leibhéal coigiltis a athar. Sna rialacháin foráiltear go bhfuil seirbhísí othar cónaitheach saor in aisce má tá cárta liachta i seilbh an othair. Forálann siad freisin nach féidir aon táillí a bhailiú sa chás nach bhfuil cárta liachta ag othar, ach a bhfuil cleithiúnaí aige/aici. Níor shealbhóir cárta liachta é athair an ghearánaí ach d’éiligh sé gurbh í a bhean chéile a chleithiúnaí. Ag an am a bailíodh na táillí, níor bhreithnigh an Bord an cheist ar chleithiúnaí í a bhean.

Nuair a d’iarr mé ar an mBord athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás ar an mbonn sin shainaithin sé gur chothaigh an easpa sainmhínithe ar "cleithiúnaí" sna rialacháin deacracht maidir leis an ngnó a chinneadh. Dhírigh mé aird an Bhoird ar an gcomhairle a thug an Roinn Sláinte agus Leanaí, le linn scrúdaithe ar ghearán eile roinnt blianta roimhe, mar a leanas:
"Faoi na rialacháin seo ní cheadaítear táillí a thobhach ar othair le cleithiúnaithe agus tá sé curtha in iúl go comhsheasmhach ag an Roinn seo do bhoird sláinte má dhéantar amhlaidh go bhfuiltear á sárú..... Is é a bhí sa chomhairle dhlíthiúil a fuair an Roinn seo ná dá ndéanfaí aon iarracht táille a thobhach ar othar le cleithiúnaí go mbeifí ag sárú na rialachán, agus nár stop cleithiúnaí de bheith amhlaidh má bhí cuid den ioncam dáilte air/uirthi".

I ndiaidh breithnithe tháinig an Bord ar an gconclúid nár cheart táillí a bhailiú faoi na rialacháin, mar nárbh ann d’aon fhianaise a thabharfadh le fios nach raibh máthair an ghearánaí ach ina cleithiúnaí dá athair nach maireann. Rinne an Bord na socruithe ina dhiaidh sin chun na táillí a bailíodh a aisíoc.

Á chuimhneamh go bhféadfadh fadhb chomhchosúil teacht chun solais in aon cheann de na boird sláinte eile tá sé de rún agam an tsaincheist seo a shaothrú tuilleadh leo agus leis an Roinn Sláinte agus Leanaí d’fhonn comhsheasmhacht sa bhail a thugtar i gcásanna comhchosúla a chinntiú.


Bord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt

Liúntas Leasa do Dhaill

Rinne fear gearán liom go raibh ganníocaíocht Liúntais Leasa do Dhaill (LLD) á híoc leis ag Bord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt (BSLID). Is é cuspóir an LLD ná tacaíocht airgeadais fhorlíontach a chur ar fáil do dhaill dhífhostaithe atá ag fáil Liúntas Míchumais, Pinsean Daill nó Pinsean Seanaoise. Tá sé iníochta fad atá an duine dífhostaithe, fad a dhearbhaíonn dochtúir go bhfuil sé nó sí radharcéislinneach agus fad nach bhfuil sé nó sí á c(h)oinneáil in institiúid. Ní mór do na hiarratasóirí dul faoi thástáil acmhainne chun intofacht a chinneadh. Tá ríomhaireacht an liúntais seo arna rialú ag Ciorclán 4/79 na Roinne Sláinte agus Leanaí, a luann an chuid ábhartha de go ndéantar

"aon liúntas daill forlíontach iníochta a laghdú ag farasbarr ioncaim iomláin daill thar shuim an phinsin daill uasta iomchuí móide liúntas daill forlíontach." (béim á cur air seo agam).

Sa scrúdú a rinne mé ar an gcás nochtadh go raibh fadhb le léirmhíniú an chiorcláin seo. Bhain BSLID agus formhór na mbord sláinte eile an chiall as go ndéantar an LLD iníoctha a laghdú ag farasbarr ioncaim iomláin daill thar an bpinsean daill iomchuí. Agus an ríomhaireacht á déanamh níor tugadh aird ar na ceithre fhocal dheireanacha den abairt thuas, is iad sin "móide liúntas daill forlíontach". I mo thuairim, bhí sé sin mícheart agus mar thoradh air fuair an gearánaí, agus cuid mhaith gearánaithe eile, ráta níos ísle den liúntas ná mar a gheofaí dá ndéanfaí an ríomhaireacht de réir na dtéarmaí luaite den chiorclán.

I ndiaidh caibidlí fairsinge thoiligh BSLID athmheasúnacht a dhéanamh ar iarratais an ghearánaí ar an liúntas de réir na dtéarmaí luaite den chiorclán. Mar thoradh ar an measúnacht sin fuair sé liúntas méadaithe le riaráiste iomchuí. Ina theannta sin, toisc go n-oibríonn BSLID feidhm achomharcach seirbhíse rannpháirtithe maidir leis na boird sláinte eile i réigiún an oirthir, rinneadh athmheasúnacht ar gach pearsa aonair atá ag fáil an liúntais sa réigiún ar an mbonn céanna le héifeacht ón 1 Eanáir 2002. Rinne mé teagmháil ina dhiaidh sin le gach ceann de na boird sláinte eile agus d’iarr mé orthu dul i mbun athbhreithnithe chomhchosúil ina limistéir féin, ionas go gcinnteofaí comhsheasmhacht i léirmhíniú cruinn an chiorcláin ar fud na mbord sláinte go léir. San iomlán, chuaigh mo scrúdú ar an ngearán aonair seo i gcion ar 700 dall, nach mór.


Bord Sláinte an Lár-Réigiúin

Liúntas Cúraim sa Teaghais

Fuair mé gearán ó ionadaí grúpa tacaíochta do thuismitheoirí le leanaí uathacha i ndáil le teidlíocht Liúntais Cúraim sa Teaghais (LCT). Nuair a scrúdaigh mé an gearán chinn mé go raibh cleachtais dhifriúla á n-oibriú laistigh den bhord sláinte céanna i ndáil le LCT a íoc. Is é a bhí sa ghearán ná gur tugadh an liúntas ó dháta an iarratais do bhaill den ghrúpa tacaíochta a chuir iarratas isteach le Seirbhísí Pobail i Laois/Uíbh Fhailí ar LCT. Ach tugadh an liúntas ó dháta intofachta a linbh do bhaill den ghrúpa a bhí ina gcónaí i limistéar an Longfoirt/na hIarmhí. Cheap an gearánaí go rabhthas ag déileáil ar mhodh idirdhealaitheach leis na tuismitheoirí a chónaigh i limistéar Laoise/Uíbh Fhailí agus gur cheart riaráiste a íoc leo ón tráth ar tháinig a gcuid leanaí chun bheith intofa don liúntas. D’áitigh an gearánaí freisin go raibh baint ag na leanaí, i ngach cás ar a raibh ionadaíocht á déanamh aici, leis an mBord agus lena fhoireann i ndáil lena riocht sular tugadh LCT dóibh. Ní raibh na tuismitheoirí curtha ar an eolas, áfach, faoin teidlíocht a d’fhéadfadh a bheith acu don liúntas. B’shin an chúis nach raibh a n-éilimh curtha faoi bhráid acu ag dáta ní ba thúisce.

Rinne mé teagmháil leis an mBord faoin ngearán agus chuir mé ar a shúile go raibh dualgas ar fhoireann boird sláinte a gcliaint a chur ar an eolas faoi theidlíochtaí leasa éagsúla atá ann. Mheas mé go raibh sé réasúnach a bheith ag súil i gcásanna den chineál seo, mar a raibh teagmháil idir baill foirne an Bhoird agus na leanaí, go mbeadh na baill foirne tar éis aird na dtuismitheoirí a tharraingt ar an teidlíocht LCT a d’fhéadfadh a bheith acu. Mar a tharlaíonn, sheol mé meamram i 1996 chuig Príomhfheidhmeannaigh na mbord sláinte go léir i ndáil le héilimh ar íocaíocht chúlghabhálach LCT, inar déileáladh leis an tsaincheist ghinearálta maidir le faisnéis a sholáthar ag cuimhneamh ar pháirtíocht ghairmiúil roimhe ag foireann na mbord sláinte i gcoitinne. Glacadh leis an bprionsabal ag an am.

Rinne an Bord athbhreithniú ar na hiarratais iomchuí agus thoiligh sé riaráiste a íoc i ngach ceann de na 17 gcás. Rinneadh an riaráiste a shiardhátú i ngach cás go dara breithlá an linbh, rud a bhí de réir choinníollacha na scéime d’iarratasóirí a chuir isteach uirthi roimh mhí Aibreáin 2001. Is é a bhí sa riaráiste ná €76,445 san iomlán.


Údaráis Áitiúla

Comhairle Contae Uíbh Fhailí

Fionraíocht Próisis Iarratais Pleanála

I mí na Samhna 1999 fuair mé gearán in aghaidh Chomhairle Contae Uíbh Fhailí á líomhain go raibh forbróir áitiúil ag cairéalú i limistéar nach raibh cead pleanála aige dó.

Bhí an Chomhairle tar éis an cairéal a iniúchadh i ndiaidh gearáin a rinneadh léi. Chinn sí go raibh an cairéal á fhairsingiú thar an láthair cheadaithe agus d’iarr ar an bhforbróir stop a chur leis an gcúngach ar an limistéar i gceist agus iarratas ar chead pleanála a dhéanamh. Iarradh air freisin Ráiteas Tionchair Comhshaoil (RTC) a chur faoi bhráid mar go raibh limistéar na láithreach iomláine a bhí le forbairt níos mó ná 5 heicteár. Dúirt an Chomhairle go ndearna an forbróir de réir an iarratais ar éirí as an obair ag an láthair neamhcheadaithe agus gur chuir sé iarratas pleanála faoi bhráid i mí Aibreáin 1999 ar chead chun an cairéal láithreach a fhairsingiú. Níor chuir sé an RTC a iarradh faoi bhráid.

I mBealtaine 1999, lorg an Chomhairle faisnéis bhreise, lena n-áirítear cóip den RTC, i ndáil leis an gcead pleanála. Foráiltear dó sin faoi Alt 33(3) de na Rialacháin Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1994 (I.R. 86 de 1994), a dhearbhaíonn mar a leanas:

"(1) I gcás go bhfaigheann údarás pleanála cead pleanála féadfaidh sé, bealach fógra i scríbhinn, iarraidh ar an iarratasóir -
(a) aon fhaisnéis bhreise (lena n-áirítear aon phleananna, léarscáileanna nó líníochtaí, nó aon fhaisnéis maidir le heastát nó spéis i dtalamh nó ceartuirthi) a chur faoi bhráid a measann sé í a bheith riachtanach chun a chumasú dóibh déileáil leis an iarratas,

[(2) ní bhaineann le hábhar anseo]

(3) I gcás gur ann do theip nó diúltú chun déanamh de réir ceanglais faoi aon cheann de na fo-ailt roimhe seo laistigh de mhí ón gceanglas sin, féadfaidh an t-údarás pleanála, má mheasann sé gur cuí, a n t-iarratas a chinneadh in éagmais na fianaise nó na faisnéise sonraithe sa cheanglas." (béim á leagan air seo agam).

Tar éis gur malartaíodh comhfhreagras idir m’Oifig agus an Chomhairle, ba léir gurbh é tuairim na Comhairle go raibh an próiseas iarratais pleanála curtha ar fionraí gan ceapadh lae in éagmais na faisnéise a d’iarr sí. Níor chuir an Chomhairle brú ar an bhforbóir, áfach, an fhaisnéis a iarradh a chur faoi bhráid go dtí mí Iúil 2001 agus ní dhearnadh go dtí mí Mheán Fómhair 2002, i ndiaidh roinnt mhaith teagmhálacha ó m’Oifig, cinneadh cead pleanála a dhiúltú in éagmais faisnéise dóthanaí chun tionchar na forbraíochta a chinneadh.

Táim den tuairim go raibh láimhsiú an iarratais pleanála seo fíor-easnamhach. Bhí iarratas pleanála neamhiomlán ar láimh ag an gComhairle ó mhí Aibreáin 1999, ach mar sin féin, gan aon chúis mhaith, ní dhearnadh aon chinneadh air go dtí mí Mheán Fómhair 2002 nuair a diúltaíodh é, in éagmais na faisnéise a iarradh breis is trí bliana roimhe. Idir an dá linn, bhí obair ar an láthair molta ag an bhforbróir agus bhí ábhar acmhainní faighte ag an gComhairle féin ón obair sin bealach an fhorbróra. Tá sé tábhachtach go dtugtar faoi deara go raibh cur chuige fadálach na Comhairle sa chás seo in achrann leis an reachtaíocht iomchuí a lamhálann di déanamh de réir a breithiúnais féin maidir le hiarratas pleanála a chinneadh, in éagmais faisnéise iarrtha, laistigh de mhí ó thráth iarrtha na faisnéise.

I mo thuairim, nuair a cheadaíonn údarás áitiúil d’fhorbóir, gan chúis mhaith, tréimhse ama rófhlaithiúil chun faisnéis iarrtha a sholáthar le haghaidh iarratais pleanála ní hamháin go bhfuil an baol ann forbairt neamhúdaraithe a spreagadh ach tá sé in aghaidh spiorad na reachtaíochta pleanála freisin.


Comhairle Baile Chathair na Mart

Deontas do Dhaoine faoi Mhíchumas

Rinne bean scothaosta a bhí ina cónaí ina haonar i dteach Comhairle agus a raibh deacracht so-aistritheachta aici gearán faoi chinneadh Chomhairle Baile Chathair na Mart a hiarratas ar Dheontas do Dhaoine faoi Mhíchumas a dhiúltú a theastaigh uaithi d’fhonn córas téimh lárnaigh a shuiteáil.

Bhí córas téimh breosla sholadaigh i dteach dhá sheomra an ghearánaí cheana féin ach níor théigh sé na radaitheoirí. Ina theannta sin, bhí sé deacair ar an ngearánaí an córas a chothabháil mar nach raibh sí in ann an obair fhisiceach a dhéanamh maidir lena sorn a lasadh, an breosla a iompar, srl. Dúirt an Chomhairle nárbh é a polasaí é córais téimh láranigh a shuiteáil i dteaghaisí dá leithéidí agus go raibh cigireacht déanta ar an gcóras breosla sholadaigh i gceist agus go raibh sé ag oibriú i gceart.

Ní raibh mé sásta leis an bhfreagairt sin agus d’iarr mé ar an gComhairle Teiripeoir Saothair a chur ag déanamh measúnachta ar na deacrachtaí a bhí ann don ghearánaí mar gheall ar a deacracht so-aistritheachta. D’iarr mé uirthi freisin breithniú a dhéanamh ar chóras téimh eile a bheadh níos fusa le hoibriú, agus chuir mé in iúl don Chomhairle go ndúirt an gearánaí liom go mb’fhéidir go mbeadh a clann sásta cion a íoc i leith costais córais dá leithéid. Shocraigh an Chomhairle é go dtabharfadh Teiripeoir Saothair cuairt ar an teach agus luadh ina tuairisc go raibh deacrachtaí fisiceacha an phinsinéara den chineál go raibh údar maith le córas téimh eile a sholáthar. Chinn an Chomhairle go suiteálfadh sí córas téimh a bheadh inmharthana go heacnamaíoch mar go raibh an gearánaí ag fáil Liúntas Leictreachais Shaoir. Ag an bpointe sin, áfach, bhí moilleanna móra ann, nach raibh an locht ar an gComhairle fúthu go léir. Cuireadh an gearánaí isteach in ospidéal agus bhí deacrachtaí ann maidir le dul isteach ina teach. Ansin, chinn clann an ghearánaí ar chóras téimh lárnaigh ola-adhainte a shuiteáil, rud ar íoc siad féin as mar nár theastaigh uathu go bhfillfeadh an gearánaí ar a teach ón ospidéal chuig teach nach raibh téite go leordhóthanach. Thug an Chomhairle le fios nach n-íocfadh sí deontas don obair sin mar go ndeachthas ina bun gan ceadú uaithi.

Rinne mé teagmháil leis an gComhairle agus thug mé dá haire go raibh dhá bhliain caite ó cuireadh céad-iarratas an ghearánaí isteach ar chúnamh ón gComhairle. Thug mé le fios go bhféadfaí in imhtosca an cháis seo féachaint ar an gcinneadh chun deontas a dhiútú ag an gcéim sin mar chinneadh atá in aghaidh riaracháin chóir nó shláin. D’fhreagair an Chomhairle cé nach ndéanfadh sí costais na bhfeabhsuithe déanta ag tionóntaí, gan cead uaithi roimh ré, a fhorchúiteamh de ghnáth, gur admhaigh sí go raibh sé i gceist aici sa chás seo an obair a dhéanamh í féin agus sna himthosca thoiligh sí 50% de chostas shuiteáil an chórais téimh a aisíoc. Ghlac mé leis sin mar réiteach cothromasach ar an gcás agus bhraith mé go raibh cur chu ur chuige réasúnach glactha ag an gComhairle. Ina theannta sin, dúirt an Chomhairle go raibh athbhreithniú déanta aici ar a polasaí i ndáil le cásanna dá leithéidí agus go raibh sí chun dul i mbun cláir cothabhála a d’fholódh an soláthar téimh lárnaigh ina stoc tithíochta féin atá i seilbh ag scothaosaigh.


Comhairle Contae na Gaillimhe

Diultú Iarrastais ar Dheontas Soláithair Uisce

Fuair mé gearán in aghaidh Chomhairle Contae na Gaillimhe faoi dhiúltú iarratais ar Dheontas Soláthair Uisce Tí.
Dúirt an gearánaí gur diúltaíodh a iarratas ar an mbonn go raibh Grúpscéim Soláthair Uisce (GSSU) beartaithe chun freastal ar a cheantar. Bhraith sé nár bhonn cóir é sin chun an deontas a dhiúltú dó mar go raibh amhras ann faoi fhéidearthacht eacnamaíoch na GSSU agus faoin bhfad ama a thógfadh sé sula mbeadh sí inoibrithe.

Sa chéad tuairisc a chuir an Chomhairle chugam tugadh le fios nach raibh sí in ann cinneadh ar an iarratas ar dheontas go dtí go mbeadh cinneadh déanta ar an GSSU. Ag an am céanna, ní raibh an Chomhairle in ann, mar gheall ar fhachtóirí costais, a rá cathain a bheadh an GSSU tógtha. Dá réir sin, is é an dearcadh a ghlac sí ná nach gceadódh sí an t-iarratas ar dheontas mar go raibh togra ann chun GSSU a dhéanamh i gcóngar theach an ghearánaí.

Le linn dom scrúdú a dhéanamh ar an gcás is é an dearcadh a bhí agam ná, mura raibh an GSSU le críochnú roimh mhalairt dálaí nó gan dabht mura raibh sé indéanta í a dhéanamh, go raibh sé míréasúnta ón gComhairle iarratas an ghearánaí ar dheontas a chur siar gan ceapadh lae, ach go háirithe nuair nach raibh rochtain aige ar sholáthar uisce inólta.

Thug mé do m’aire coinníoll 2.1(b) de mheamram mínithe na Comhairle ar an scéim deontais a dhearbhaíonn go bhfuil :

"duine intofa le haghaidh deontais má tá sé nó sí..

(b) ag déanamh feabhsuithe ar sholáthar uisce píobáin láithreach atá fíor-easnamhach chuig teach nuair is soláthar nach grúpscéim soláthair uisce nó soláthar uisce poiblí é an soláthar uisce iomchuí".
Ina theannta sin, faoi choinníoll 2.2(c) dearbhaítear nach bhfuil :

"duine intofa le haghaidh deontais más amhlaidh, i dtuairim an údaráis áitiúil....

(c) go bhfuiltear ag freastal, nó chun freastal, ar an gceantar ina bhfuil an teach suite le soláthar uisce poiblí nó grúpscéim soláthair uisce".

Ba léir gur cháiligh iarratas an ghearánaí faoi choinníoll 2.1(b). I ndáil le coinníoll 2.2(c), d’iarr mé ar an gComhairle meastachán a chur ar fáil den amscála measta chun an GSSU beartaithe a chríochnú.

Ba é mo thuairim féin ná, má bhí an tionscadal beartaithe ag réamhchéim dearaidh nó níos túisce agus mura raibh aon leithdháileadh caipitil tiomanta do thógáil an tionscadail, bheadh sé míréasúnach ansin dá ndiúltódh an Chomhairle d’iarratas an ghearánaí ar dheontas faoi choinníoll 2.2(c) dá meamram. Má bhí an tionscadal ag céim luath dá leithéid den fhorbairt níor dhóichí go dtiocfadh sé chun críche laistigh de thrí bliana. D’iarr mé ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an iarratas ar dheontas ag cuimhneamh ar an méid sin.

D’admhaigh an Chomhairle nár dhóichí go dtiocfadh an an GSSU chun críche laistigh de thrí bliana agus thoiligh sí iarratas an ghearánaí ar dheontas dá sholáthar uisce tí a phróiseáil. Dhearbhaigh an Chomhairle ina dhiaidh sin go raibh íoc an deontais ceadaithe aici, faoi réir ag dearbhú go raibh an cháilíocht uisce den chaighdeán riachtanach faoin Treoir maidir le hUisce Óil.

Galway County Council

Domestic Water Supply Grant Refused

I received a complaint against Galway County Council about the refusal of an application for a Domestic Water Supply Grant.

The complainant said that his application was refused on the basis that a Group Water Supply Scheme (GWSS) had been proposed to serve his area. He felt that this was not a fair basis for refusal of the grant to him as there were doubts about the economic feasibility of the GWSS and the length of time it would take to become operable.

In its initial report to me the Council indicated that it was not in a position to decide on the grant application until such time as the proposed GWSS had been decided upon. At the same time, the Council was not in a position, because of cost factors, to say when the GWSS would be constructed. Accordingly, it took the view that it would not approve the grant application as there was a proposal to undertake a GWSS in the vicinity of the complainant’s home.

In examining the case I took the view that, if the GWSS was not due for completion within the foreseeable future or indeed if it was not economically feasible to undertake it, then it was unreasonable of the Council to postpone the complainant’s grant application indefinitely, particularly as he did not have access to a potable water supply.

I took note of condition 2.1(b) of the Council’s explanatory memorandum on the grant scheme which stated that:
"a person is eligible for a grant if he or she is ...

(b) carrying out improvements to a seriously deficient existing piped supply of water to a house where the supply of water concerned is a supply other than a public or group scheme supply".

In addition, condition 2.2(c) stated that:

"A person is not eligible for a grant if, in the opinion of the local authority....

(c) the area in which the house is located is or is about to be served by a public water supply or a group scheme water supply"

It was clear that the complainant’s application qualified under condition 2.1(b). In relation to condition 2.2(c), I asked the Council for an estimate of the expected timescale for completion of the proposed GWSS.

My own view was that, if the proposed project was at preliminary design stage or earlier, and no capital allocation had been committed to the construction of the project, then it would be unreasonable for the Council to decline the complainant’s grant application under condition 2.2(c) of its memorandum. If the project was at such an early stage of development then it was unlikely that it would come to fruition within three years. I asked the Council to review the grant application with these considerations in mind.

The Council acknowledged that it was unlikely that the GWSS would come to fruition within three years and agreed to process the complainant’s grant application for his domestic water supply. The Council subsequently confirmed that it had approved payment of the grant, subject to confirmation that the water quality was of the standard required under the Drinking Water Directive.


Comhairle Contae Chill Mhantáin

Nósanna Imeachta mí-éifeachtúla um Fhorfheidhmiú Pleanála

I 1996, dheonaigh Comhairle Contae Chill Mhantáin cead pleanála le haghaidh bungaló agus umair sheiptigh ach, i ndiaidh achomhairc, rinne an Bord Pleanála an cinneadh a chealú. Dhá bhliain níos faide anonn d’oscail an t-úinéir talún (forbróir) bealach isteach don láthair. Rinneadh gearán faoin mbealach isteach leis an gComhairle, bealach trí litir ar a laghad. Fiche mí níos faide anonn d’eisigh an Chomhairle litir chuig an bhforbróir inar iarradh air scor den obair agus an talamh a thabhairt ar ais chuig a staid bhunaidh laistigh de mhí. Ní dhearnadh sin agus, mar a tharlaíonn, rinneadh tuairisc bhreise leis an gComhairle go raibh nuafhianaise ann go raibh sé de rún ag an bhforbróir leictreachas a shuiteáil ar an láthair. Bogadh teach soghluaiste chuig an láthair go gairid ina dhiaidh sin.

I mí Lúnasa 2000, eisíodh Fógra Forfheidhmithe chuig an bhforbróir agus, i mí Mheán Fómhair, chuir sé iarratas chuig an údarás pleanála chun teach soghluaiste agus umar seipteach a choinneáil ar an láthair. Taisceadh agóidí in aghaidh an iarratais agus tarraingíodh an t-iarratas siar ceithre mhí ina dhiaidh sin. I mí Aibreáin 2001, eisíodh litir eile chuig an bhforbróir ón gComhairle inar iarradh air an teach soghluaiste a bhaint den láthair agus, dhá mhí ina dhiaidh sin, taisceadh iarratas eile ar choinneáil. Rinneadh agóid arís in aghaidh an iarratais agus, naoi lá níos faide anonn, d’iarr an forbróir síneadh bliana ar an údarás pleanála, rud a deonaíodh i mí Lúnasa 2001 gan cheist ná bonn cirt. (Faoi na dlíthe pleanála lamháiltear d’údarás áitiúil déanamh de réir a bhreithiúnais féin maidir leis an tréimhse cinnidh a shíneadh, rud a chiallaigh sa chás seo nár ghá don Chomhairle cinneadh ar an iarratas go dtí mí Lúnasa 2002.) Ag an bpointe seo (mí na Samhna 2001), rinne agóideoir gearán liom trí bliana éigin tar éis gur ghearán sé leis an gComhairle den chéad uair.

Sa ghearán a rinne an t-agóideoir liom thug sé do m’aire go ndearna an Chomhairle a cheart chun agóide agus a cheart go mbreithneofaí a chuid agóidí "a chosc" ar feadh bliana trí shíneadh bliana a cheadú ina ndéanfaí cinneadh i leith an iarratais ar choinneáil. Bhí tugtha d’aire na Comhairle aige freisin gur fhoráil an reachtaíocht iomchuí gur féidir déanamh de réir breithiúnais dá leithéid sa chás sin amháin inar lorg an t-údarás pleanála an síneadh ama, ní a mhalairt. Le linn dom scrúdú a dhéanamh ar na páipéir, thug mé do m’aire cé nach raibh aon agóid ag Oifigeach Sláinte Comhshaoil na Comhairle in aghaidh na forbraíochta, go raibh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (Bardas Átha Cliath roimhe seo) in aghaidh na forbraíochta mar gheall "ar ghaireacht an umair sheiptigh do shruth friothálach a ritheann isteach i dTaiscumar Pholl an Phúca óna astarraingíonn Baile Átha Cliath uisce chun críocha óil ...agus...(go bhfuil) glaineacht na foinse uisce fíorthábhachtach don Bhardas."

Ag freagairt don ghearán chuir an Chomhairle in iúl do m’Oifig go raibh athbhreithniú déanta aici ar a polasaí i ndáil le síntí ama agus gur chinn sí nach gceadófaí síneadh ama a thuilleadh i gcás iarratais ar choinneáil; idir an dá linn, lean m’Oifig sa tóir ar an gComhairle i ndáil leis an bhforbraíocht neamhúdaraithe. Eisíodh Fógra Forfheidhmithe i bhFeabhra 2002 agus ba é freagairt an fhorbróra ná tuilleadh oibreacha a dhéanamh tríd an bh

Back to contents