Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2002

Caibidil 5 - Athbhreithniú ar an mBliain

Athbhreithniú ar an mBliain


Athbhreithniú ar Sheirbhísí Sláinte agus Fairsingiú Shainchúram an Ombudsman

Tuigim go bhfuil athbhreithniú ar ghníomhaireachtaí agus struchtúir na seirbhíse sláinte, lena n-áirítear na boird sláinte, á thabhairt chun críche faoi láthair ag an Roinn Sláinte agus Leanaí. Táthar ag súil go ndéileálfaidh eilimintí den athbhreithniú leis an soláthar seirbhísí tríd an gcóras ospidéal poiblí. Sa straitéis sláinte náisiúnta, Cáilíocht agus Cothroime - Córas Sláinte Duitse, dearbhaítear creideamh an Rialtais gurb é an tOmbudsman an sásra oiriúnach chun déileáil le gearáin a bhaineann leis na seirbhísí sláinte poiblí, agus dearbhaítear freisin rún an Rialtais maidir le sainchúram an Ombudsman a fhairsingiú chuig na hospidéil shaorálacha phoiblí agus chuig gníomhaireachtaí saorálacha eile sa réimse sláinte.

Is oth liom a thuairisciú nach ndearnadh, arís eile, aon dul chun cinn maidir le héifeacht phraiticiúil a thabhairt don tsaincheist seo i 2002. Soláthraíonn an straitéis sláinte freisin d’fhorbairt frámaíochta reachtúla chun soiléireacht níos mó agus aonfhoirmeacht cur chuige sa déileáil le gearáin a bhaint amach, agus próisis fhuascailte áitiúla struchtúrtha a bhaint amach in éineacht le deis le haghaidh athbhreithnithe neamhspleách.

Tá Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir (ÚSRO) ag brú ar aghaidh le forbairt próisis láimhsithe gearán do na gníomhaireachtaí sláinte go léir i réigiún an oirthir, cosúil leis an bpróiseas sin samhlaithe ag an Roinn. Eilimint fhíorthábhachtach den phróiseas beartaithe is ea go mbeadh rochtain ag gach gearánaí ar m’Oifig i ndáil le gnóthaí nach réitítear go háitiúil nó bealach athbhreithnithe neamhspleách. Ach go dtí an tráth sin go bhfairsingítear mo shainchúram chuig an réimse sláinte is leithne beidh an staid mhíshásúil láithreach ann fós ainneoin thionscnamh ÚSRO agus tionscnamh comhchosúil i limistéir eile.



Rochtain agus Feasacht Phoiblí

Déanann m’Oifig a dícheall le go mbíonn ár seirbhísí chomh hinrochtana agus is féidir don phobal i gcoitinne. Le linn na bliana thug m’fhoireann cuairt ar Ionaid Eolais do Shaoránaigh (IESanna) ag raon suíomh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath ar bhonn míosúil chomh maith le cuairteanna tréimhsiúla ar bhailte móra agus ar chathracha ar fud na tíre.

Le linn 2002 thug m’fhoireann cuairteanna míosúla ar IESanna i gCorcaigh, i Luimneach, i nGaillimh agus sa Chúlóg. Fuarthas 363 ghearán nua san iomlán le linn na gcuairteanna sin ar na IESanna a raibh 235 ghearán díobh bailí agus 128 ngearán (nó 35%) díobh neamhbhailí. Thar na blianta tá tacaíocht fhíorluachmhar tugtha ag na IESanna do m’Oifig maidir lenár seirbhísí a thabhairt chuig an bpobal.

Thug foireann ó m’Oifig freisin cuairteanna lae agus dhá lá ar Bhéal an Átha, Inis agus Sligeach. Fuarthas 151 ghearán nua san iomlán mar thoradh ar na cuairteanna sin, a raibh 130 gearán díobh bailí agus 21 ghearán (14%) díobh neamhbhailí. Is é a bhí in iomlán na ngearán nua bailí le chéile mar thoradh ar na cuairteanna míosúla agus aonlae ná 365 ghearán. Tá sonraí faoi chlár cuairteanna 2003 le fáil ó láithreán gréasáin m’Oifige ag www.ombudsman.ie ar an Idirlíon.

Cuairteoirí ar m’Oifig

Le linn na bliana bhí mé sásta go raibh mé mar óstach do roinnt cuairteoirí cáiliúla ar m’Oifig.

I mí Eanáir, chuir m’Oifig fáilte roimh thoscaireacht seirbhíseach poiblí ó Shingeapór atá ag obair i nuachóiriú seirbhíse poiblí. Níl Ombudsman nó reachta íocht a cheadaíonn rochtain ar fhaisnéis oifigiúil ag Singeapór. Bhí spéis ar leith acu scrúdú a dhéanamh ar thionchar na bhforálacha reachtaíochta sin ar chlár nuachóirithe sheirbhís phoiblí na hÉireann.

I mí Mheán Fómhair, chuir mé fáilte roimh thoscaireacht ó Chomhairle Náisiúnta Ban na hÉigipte. Bunaíodh an Chomhairle i 2002 agus is é an cuspóir foriomlán atá aici ná mná a chosaint ar mhí-úsáid maidir lena gcearta daonna agus ar idirdhealú inscní. Mar chuid dá hoibriú bhí Oifig Ombudsman bunaithe aici féin chun déileáil le gearáin agus ba é cuspóir na cuairte tarraingt ar thaithí m’Oifige ar ghearáin a láimhsiú.

I mí Dheireadh Fómhair, thug Sir Brian Elwood, Príomh-Ombudsman na Nua-Shéalainne, cuairt ar an Oifig. Ceapadh Sir Brian ina Phríomh-Ombudsman i 1995 agus toghadh ina Uachtarán ar an Institiúid Ombudsman Idirnáisiúnta é i 1999, eagraíocht dhomhanda d’oifigí ombudsman. Le linn a chuairte labhair Sir Brian le m’fhoireann ar obair a Oifige a chomhcheanglaíonn ról Ombudsman thraidisiúnta le ról athbhreithnithe cinntí maidir le rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú faoin Acht um Fhaisnéis Oifigiúil. Tá Sir Brian le scor dá phost i 2003 agus tá súil agam go mbeidh saol scoir fada agus sona aige.

I mí Dheireadh Fómhair chomh maith, thug an tOllamh Alice Brown, Ombudsman nuacheaptha Sheirbhísí Poiblí na hAlban, cuairt ar an Oifig, tionlactha ag a triúr leas-Ombudsman. Déanann a hOifig an obair anois a bhí mar fhreagracht roimhe ar Ombudsman Parlaiminteach na hAlban, Ombudsman Sheirbhís Sláinte na hAlban, Ombudsman Rialtas Áitiúil na hAlban agus Ombudsman Chumann Tithíochta na hAlban. Mar Oifig nuabhunaithe bhí spéis ar leith acu foghlaim faoi chórais TE m’Oifige agus faoi na modhanna a úsáidimid chun ár seirbhísí a thabhairt chuig daoine i gceantair iargúlta bealach cuairteanna áitiúla agus réigiúnacha.


Pleanáil Gnó

Dhírigh gníomhaíochtaí pleanála gnó i 2002 ar thrí phríomhréimse, is iad sin cáilíocht na seirbhíse a chuirimid ar fáil dár gcliaint, ár gcaidreamh leis na comhlachtaí poiblí laistigh dár sainchúram agus oiliúint is forbairt ár bhfoirne.


Seirbhís dár gCliaint

Scagadh Cásanna

Tugadh nósanna imeachta nua um scagadh cásanna isteach i 2001 a éascaíonn luathaithint gearán casta agus gearán atá lasmuigh den dlínse. Cabhraíonn na nósanna imeachta chun acmhainní a mheaitseáil le gearáin agus, gan dabht, chun a chinntiú nach ndéantar acmhainní a ídiú gan ghá ar chásanna nach dtuilleann iad nó a bhfaightear amach, i ndiaidh roinnt scrúdaithe, nach bhfuil siad laistigh den dlínse. Rinneadh athbhreithniú ar na nósanna imeachta nua i 2002 agus tá sraith mionchoigeartuithe sainaitheanta a chuirfear chun feidhme i 2003.

Uathu sin eascróidh éifeachtacht níos mó sa tseirbhís a chuirimid ar fáil do ghearánaithe.

Cásobair Cáilíochta

Tá caighdeáin agus táscairí cáilíochta forbartha a thomhaisfidh an cháilíocht ionchuir ó m’fhoireann i gcásanna aonair. I measc na saincheisteanna a bhfuil monatóireacht le déanamh orthu áirítear amscálaí chun gearáin a admháil agus dul chun cinn a thuairisciú do ghearánaithe, cibé acu an ndearnadh an cás a scagadh go cuí, ar tugadh aghaidh go sásúil ar gach pointe iomchuí sa ghearán, an raibh comhfhreagras leis an ngearánaí i dteanga shoiléir agus shimplí agus, sa chás go ndéantar an cinneadh a achomharc, ar eascair athoibriú an cháis as. Tríd an mbliain 2003 déanfaidh roinnt grúpaí oibre den Oifig comhaid ghearáin aonair a shampláil trí thagairt do na caighdeáin agus táscairí cáilíochta agus tuairisceoidh siad a dtorthaí don Choiste Bainistíochta ag eatraimh dhémhíosúla.

Is deacra cáilíocht a thomhas ná cainníocht a thomhas. Ach leis an obair a dhéantar chun forbairt agus monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht ná cásoibre cabhrófar chun a chinntiú go bhfuil sa tiomáint i dtreo éifeachtachta níos fearr bearta i bhfeidhm a thabharfaidh luach do cháilíocht an phróisis scrúdaithe cásanna agus, ar deireadh, a chosnóidh leasanna ár ngearánaithe.

Straitéis um Sheirbhís do Chliaint

Ag féachaint dá feidhmeanna reachtúla, agus do na tionscnaimh a dtugtar achoimre orthu sna paragraif roimhe, beidh sé soiléir go bhfuil an Oifig, de dhroim riachtanais, an-íogair do riachtanais a cliant. Ach d’fhonn an tábhacht le seirbhís cháilíochta do chustaiméirí agus na nascálacha le pleanáil gnó agus an Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (CBFF) a threisiú, cuireadh tús le hobair i 2002 ar straitéis um sheirbhís do chliaint a fhorbairt. I measc nithe eile, tabharfaidh an straitéis aghaidh ar na prionsabail um sheirbhís cháilíochta do chustaiméirí lena n-áirítear córas achomharc inmheánach curtha ar bhonn foirmiúil do ghearánaithe atá míshásta le cinneadh an Ombudsman ina gcásanna.

Cás-Uimhreacha

Is é a bhí sa cheathrú príomhréimse gníomhaíochta faoin gceannteideal seo ná iarracht chomhbheartaithe feadh na bliana chun an líon cásanna ar láimh a laghdú. Baineadh laghdú 37% amach, ó 1514 chás ar láimh ag deireadh 2001 go 960 cás ar láimh ag deireadh 2002. Mar thoradh air sin, tá cásanna á bpróiseáil do níos mó gearánaithe ag an Oifig laistigh d’amscála níos gairide.


Caidreamh le Comhlachtaí Poiblí laistigh dár Sainchúram

I dTuarascáil Bhliantúil 2001 uaim thug mé achoimre ar fhrámaíocht a bhí comhaontaithe idir mé féin agus ionadaithe ón gCumann Bainisteoirí Contae agus Cathrach ar an gcaoi le caidreamh oibre níos fearr le m’Oifig a fhorbairt. Is cúis áthais dom é a thuairisciú go bhfuil dul chun cinn maith ann maidir leis sin agus go bhfuil glactha go maith leis an bhfrámaíocht, atá forbarthach go pointe, agus go bhfuil tairbhí á dtabhairt aici ó mo thaobhsa de. Is é an aidhm bhunúsach ná caidreamh oibre a fhorbairt idir m’Oifig agus údaráis áitiúla trí thuiscint níos fearr ar ár róil féin a fhorbairt agus, nuair is féidir, ábhair imní údarás áitiúil a chur san áireamh.

Le linn na bliana bhuail baill foirne ó m’Oifig le hochtar Bainisteoirí Contae agus thionóil seimineáir do bhaill foirne údarás áitiúil ag trí shuíomh: Gaillimh, Dún Dealgan agus Cill Mhantáin. D’iarr an t-údarás óstach ag gach suíomh ar bhaill foirne údarás áitiúil laistigh dá réigiún freastal ar na seimineáir freisin sa chaoi go raibh ionadaíocht roinnt údarás áitiúil ag na seimineáir réigiúnacha. Ba é téama bunúsach na seimineáir ná: Cad is féidir le húdaráis áitiúla a dhéanamh chun seirbhís a fheabhsú don Ombudsman agus conas is féidir leis an Ombudsman cabhrú le húdaráis áitiúla.

Ag eascairt ón aiseolas ón gcéad seimineár d’eisigh m’Oifig leabhrán speisialta chuig na húdaráis áitiúla go léir ar an gcaoi le déileáil le gearáin a nglacann m’Oifig leo. Rinne údarás áitiúil amháin fiosrú an bpróiseálfadh m’Oifig gearáin bealach ríomhphoist seachas bealach comhfhreagrais agus toilíodh leis sin mar go mbeidh sé níos éifeachtaí don dá eagraíocht. Ba mhaith liom a thaifeadadh anseo go bhfuilim buíoch de na Bainisteoirí Contae as na seimineáir a eagrú agus as an modh inar glacadh le mo bhaill foirne. Leanfaimid de bhealaí a scrúdú chun seimineáir a fhorbairt i 2003, lena n-áireofar ceardlanna ar théamaí b’fhéidir. Tá suim léirithe ag údaráis áitiúla eile i leith seimineáir a thionól agus maidir leis sin táimid ag súil go mbeimid an-ghnóthach i mbliana agus ina dhiaidh sin.

Lean m’Oifig d’obair a dhéanamh le boird sláinte, ach go háirithe chun nósanna imeachta um ghearáin inmheánacha a chur ar bun, agus is mór agam a thabhairt faoi deara go bhfuil aird agus tosaíocht bhreise á fáil ag an obair sin laistigh de na boird sláinte. Cúig bliana ó shin, d’fhoilsigh mé Treoir maidir le Córais Ghearán Inmheánach "Gearáin a Shocrú" agus tá m’Oifig toilteanach i gcónaí cibé obair is féidir linn a chur ar fáil do na comhlachtaí sin laistigh den dlínse nach bhfuil córas gearán inmheánach acu fós. Tá dhá chúis ann leis an spreagadh a thugaim do na córais ghearán inmheánach; is é sin go bhfeabhsaíonn siad cáilíocht na cinnteoireachta sa chomhlacht iomchuí agus gur ceart go laghdóidís an líon gearán a dhéantar le m’Oifig.

Forbairt dhearfach eile a bhí ann le linn na bliana ná bunú Oifig Achomharc Talmhaíochta i mBealtaine 2002. Bunaíodh an oifig sin faoin Acht um Achomhairc Talmhaíochta, 2001, agus tá sí saincheaptha mar shásra achomharc d’fheirmeoirí atá míshásta le cinntí na Roinne i ndáil lena dteidlíochtaí faoi aon cheann de na scéimeanna FEOGA. Mar a luaigh mé i dTuarascáil Bhliantúil na bliana seo caite, foráiltear go sainiúil faoin Acht go bhfuil an Oifig laistigh de mo shainchúram agus gur féidir liom mar sin scrúdú a dhéanamh ar ghearáin nuair atá an t-achomharcóir míshásta leis an toradh. Caithfidh mé fáiltiú go mór roimh bhunú na hOifige agus táim ag súil le hobair a dhéanamh léi chun cabhrú le riaradh scéimeanna ag an Roinn a fheabhsú.


Ár bhFoireann

Bainistíocht agus Forbairt Feidhmíochta (CBFF)

I 2001, sheolamar an Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (CBFF), chuireamar oiliúint ar an bhfoireann go léir maidir lena oibriú agus chuireamar an córas i ngníomh i 2002. Ag gach ball foirne anois tá próifíl róil, ráiteas príomhnithe inseachadta agus táscairí feidhmíochta comhfhreagracha, agus plean oiliúna agus forbartha. Ag tráth scríofa na tuarascála seo, bhí athbhreithniú déanta ar fheidhmíocht gach baill foirne, nach mór, don bhliain 2002 ag a b(h)ainisteoir agus, nuair is cuí, tá athruithe ar phleananna oiliúna agus forbartha aonair comhaontaithe. Tá na pleananna oiliúna agus forbartha ag cabhrú leis an Oifig oiliúint chineálach a fhorbairt agus tá méadú mór sa líon laethanta oiliúna a seachadadh i 2002 eascartha uaidh sin. Níos tábhachtaí fós, tá an oiliúint níos post-dírithe agus tá sí ag cabhrú chun freastal ar riachtanais eagrúcháin chomh maith le riachtanais bhall foirne aonair.

Ceann de na príomhthairbhí atá eascartha ó thabhairt isteach an CBFF ná an cur ina luí ar bhaill foirne agus ar bhainisteoirí faoi bhainteacht phleananna gnó na hOifige lena n-obair laethúil féin. Táthar tar éis spriocanna eagrúcháin a mhiondealú ina gcuspóirí do na leibhéil rannóige agus, uaidh sin, tá siad sin foirmithe mar spriocanna bliantúla do bhaill foirne aonair faoin CBFF. Tá dhá thoradh thábhachtacha ar an gcur chuige sin tar éis a bheith ann. Ar an gcéad dul síos, tá bainisteoirí ag éirí níos eolaí ar an tábhacht le "gnó an bhainistithe" agus leis na hacmhainní atá ar fáil dóibh ina n-iarrachtaí a gcuspóirí a chomhlíonadh. Ar an dara dul síos, tá baill foirne ag éirí níos eolaí ar an tábhacht lena gcion aonair agus leis na tacaí oiliúna agus forbartha atá riachtanach chun cabhrú leo feidhmíocht uasta a chur i ngníomh.

Straitéis Bainistíochta Acmhainní Daonna (BAD) a Fhorbairt

I 2002, le roinnt cúnaimh ó éascaitheoir seachtrach, d’fhorbair an Fhoireann Bainistíochta dréacht-Straitéis BAD don Oifig. Sainaithníodh cuid de na heilimintí den straitéis i dtosach báire nuair a bhíothas ag foirmiú Plean Gnó na hOifige do 2000-2001. Cinneadh an tráth sin, áfach, gan tosaíocht a thabhairt ach do dhá phríomh-shaincheisteanna BAD, is iad sin oiliúint forbartha bainistíochta don Fhoireann Bainistíochta Sinsearaí agus cur chun feidhme an CBFF. Níl na cuspóirí sa Phlean Gnó i ndáil leis an dá shaincheist sin comhlíonta go hiomlán fós.

Tar éis dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gclár BAD iomlán feicimid éirim straitéis BAD mar fhócas leanúnach ar na daoine a dhéanann obair eagraíochta. Tá straitéis BAD riachtanach chun cúram cáilíochta do chustaiméirí a chothabháil, foireann ardcháilíochta a mhealladh agus a choinneáil agus tiomantas leanúnach ón bhfoireann a chinntiú maidir leis an eagraíocht a fheabhsú go leanúnach. Áirítear ann straitéisí a fhorbairt chun na daoine iomchuí a mhealladh chuig an eagraíocht le scil agus cumais oiriúnacha agus straitéisí chun iad a choinneáil, a luaithe a earcaítear iad. Tugann siad sin dúshláin nua don státseirbhís agus, uaidh sin, dár n-eagraíocht mar gur gá di anois dul san iomaíocht ar bhealach nach ndearnadh riamh le deiseanna fostaíochta tarraingteacha eile d’fhágálaithe scoile, céimithe agus daoine eile atá ag féachaint le hathiontráil sa líon saothair i lár a ngairmréime.

Tá feasacht nua cruthaithe ag an CBFF ar an tábhacht lenár n-acmhainní daonna chun spriocanna aonair, cuspóirí rannóige agus spriocanna eagrúcháin a bhaint amach. Roimhe seo, bhí an luí ann pleananna straitéiseacha agus gnó a fhoirmiú gan an iomarca airde a thabhairt ar an rud a theastaigh chun cabhrú le baill foirne na pleananna sin a chur chun feidhme. Is é an cuspóir le straitéis BAD ná aghaidh a thabhairt ar na riachtanais fhoirne sin agus freisin ar na riachtanais eagrúcháin luaite thuas.

Tá Coiste Comhpháirtíochta na hOifige tar éis cur cheana féin le forbairt na Straitéise BAD agus beidh comhairliúchán níos leithne ann leis an bhfoireann i gcoitinne. Beidh ról ag an gCoiste freisin i gcur chun feidhme sainghnéithe den straitéis.
Athbhreithniú ar an bPróiseas Comhpháirtíochta

Le cúnamh éascaíochta seachtraí, rinneadh athbhreithniú ar phróiseas comhpháirtíochta na hOifige. Mar thoradh ar an athbhreithniú, tá an Coiste Comhpháirtíochta agus a ghrúpaí oibre éagsúla níos gníomhaí anois i gclár bainistíochta athraithe na hOifige. Tá an Coiste ag forbairt raon tionscnamh freisin chun feasacht ar a ghníomhaíochtaí a chur in iúl don fhoireann go léir.


Fógraí arna n-eisiúint faoi Alt 7 den Acht Ombudsman, 1980

De réir polasaí a thug mé isteach i 1998 táim ag foilsiú na staitisticí ar an líon fógraí Alt 7 a d’eisigh m’Oifig le linn na bliana. Is é atá i bhfógra Alt 7 ná éileamh reachtúil ar an soláthar faisnéise a theastaíonn ó m’Oifig chun gearán a scrúdú. Ní eisítear de ghnáth é ach mar iarracht deiridh i gcás go bhfuil moill neamh-inghlactha tar éis a bheith ann ar thaobh an chomhlachta phoiblí maidir leis an bhfaisnéis a iarradh a sholáthar. I dTuarascáil Bhliantúil 1998 uaim liostaíodh 45 fhógra san iomlán. I 1999 laghdaíodh an líon sin go 27 bhfógra agus laghdaíodh an líon sin arís go 14 fhógra i 2000. Bhí díomá orm gur taifeadadh méadú go 19 bhfógra i 2001. Is é atá sa líon iomlán a eisíodh do 2002 ná 16 fhógra a mhiondealaítear mar a leanas:

Comhlacht



Líon Fógraí Alt 7 Eisithe


Státseirbhís


An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

4

An Roinn Sláinte agus Leanaí

3

Oifig na nOibreacha Poiblí

1



Údaráis Áitiúla


Comhairle Baile Bhun Cranncha

1

Comhairle Cathrach Chorcaí

3

Comhairle Cathrach na Gaillimhe

1

Comhairle Contae Chill Dara

1

Comhairle Contae Mhaigh Eo

1

Comhairle Contae Loch Garman

1



Iomlán

16


Cé go bhfuilim sásta laghdú a thaifeadadh sa líon fógraí Alt 7 a eisíodh i gcomparáid le líon na bliana seo caite, gné mhíthaitneamhach de na figiúirí sin is ea go bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar bharr an liosta don tríú bliain as a chéile. Cuireadh leath na bhfógraí eisithe chuig údaráis áitiúla. I gcás na gcomhlachtaí poiblí sin a bhfuil drochtheist orthu maidir le freagairt do m’Oifig spreagfainn iad chun féachaint le dul i ngleic leis an bpatrún sin trí spriocanna eagrúcháin a shocrú atá dírithe ar amanna freagartha do m’Oifig a fheabhsú mar chuid dá spriocanna pleanála gnó.

Sásamh d’Íocóirí Cánach

Le linn 2002 chuir mé tuarascáil speisialta, "Sásamh d’Íocóirí Cánach", faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais. I ndiaidh imscrúdaithe a rinne mé ar roinnt gearán, dhiúltaigh na Coimisinéirí Ioncaim trí cinn de na cúig mholadh uaim a chur chun feidhme. Cás gan fasach é sin i stair na hOifige agus ar an ábhar sin mheas mé go raibh gá, i mí na Samhna 2002, le tuarascáil speisialta a chur faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais faoi Alt 6(5) agus 6(7) den Acht Ombudsman, 1980. Tá cúlra an imscrúdaithe leagtha amach anseo thíos.

Bhain an t-imscrúdú le gníomhartha na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le dhá shaincheist:

(i) teorainneacha ama ar aisíocaíochtaí cúlghabhálacha cánach a bailíodh go héagórach; agus
(ii) cúiteamh i leith caillteanais luacha sa chás go ndéantar aisíocaíochtaí cánach i gcásanna ina raibh na ró-íocaíochtaí cánach mar thoradh ar mhíriaradh.

Bhain an chéad saincheist le beirt bhaintreach a bhfuil an bheirt acu ag fáil pinsin bhaintrí ghairme seirbhíse poiblí. I ndiaidh chinneadh Ard-Chúirte i 1988, Ó Coindealbháin (Cigire Cánach) in aghaidh Breda O’Carroll [1988] ITR 221, inar cinneadh nár cheart cáin a ghearradh ar chion na leanaí de phinsean baintrí Garda Síochána mar ioncam an tuismitheora bheo, d’éiligh an bheirt bhan aisíocaíochtaí na cánach a asbhaineadh go héagórach uathu. Bhí impleachtaí fairsinge ag cinneadh na hArd-Chúirte mar go raibh feidhm aige ní hamháin le baintreacha Gardaí ach freisin le baintreacha státseirbhíseach, oifigeach údaráis áitiúil agus múinteoirí. I gcás na ndaoine sin a raibh tionchar ag cinneadh an cháis Ard-Chúirte sin orthu dhiúltaigh na Coimisinéirí Ioncaim aisíoc iomlán na cánach a cheadú agus theorannaigh siad an t-aisíoc do thréimhse cúig bliana, is é sin an teorainn reachtúil a d’éiligh siad. Ghearán an bheirt bhaintreach liom go rabhthas tar éis lán-aisíocaíochtaí cánach a shéanadh orthu go héagórach. D’éiligh an bheirt ghearánaithe freisin cúiteamh i leith caillteanais luacha do na haisíocaíochtaí a séanadh orthu agus do na méideanna iarbhír a aisíocadh leo. Ina theannta sin, ghearán seisear gearánaithe eile go raibh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis aisíoc cánach a bhí dlite go cuí dóibh a choinneáil go héagórach ar feadh tréimhsí fada. Bhí diúltaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim ús nó cúiteamh a íoc leo i leith caillteanais luacha ar an bhforas nach raibh aon sainfhoráil reachtúil ann a d’fhoráil go n-íocfaí ús dá leithéid ina n-imthosca ar leith.

Mar thoradh ar an imscrúdú rinne mé cúig mholadh:

  1. Is ceart do na Coimisinéirí Ioncaim íocaíochtaí cúlghabhálacha a dhéanamh, a chumhdaíonn an tréimhse deich mbliana roimh dháta an éilimh a rinne an bheirt bhaintreach maidir le haon cháin ioncaim toibhithe agus nach bhfuil aisíoctha cheana, ar na híocaíochtaí pinsin a íocadh lena leanaí le linn na tréimhse sin;
  2. Is ceart do na Coimisinéirí Ioncaim socruithe a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir lenar féidir aisíocaíochtaí aon chánach ioncaim toibhithe, agus nach bhfuil aisíoctha cheana, a íoc le gach pearsa aonair a ndeachaigh breithiúnas O’Carroll i gcion air/uirthi ar an dul céanna;
  3. Is ceart do na Coimisinéirí Ioncaim íocaíocht chúitimh a dhéanamh i leith caillteanais cumhachta ceannaigh nó caillteanais úis ar na haisíocaíochtaí cánach ioncaim íoctha sna cásanna aonair atá liostaithe sa tuairisc imscrúdaithe agus i ngach cás lena bhfuil feidhm ag moladh 2;
  4. Is ceart do na Coimisinéirí Ioncaim ar an dul céanna íocaíochtaí cúitimh a dhéanamh i leith caillteanais cumhachta ceannaigh nó caillteanais úis i gcásanna eile ina bhfuil gearán déanta leis an Ombudsman agus ina bhfuil scrúdú an ghearáin coinnithe siar ar feitheamh thoradh an imscrúdaithe seo;
  5. Is ceart do na Coimisinéirí Ioncaim, gan mhoill, soláthar a dhéanamh do scéim ghinearálta chun cúiteamh a íoc i leith caillteanais cumhachta ceannaigh maidir le haisíocaíochtaí cánach íoctha le híocóirí cánach ioncaim toibhithe agus íoctha. Is ceart go mbeadh an scéim ghinearálta sin saincheaptha chun cásanna a chumhdach ina bhfuil tionchar díobhálach imeartha ar an íocóir cánach, mar thoradh ar earráid, míchiall, dearmad nó aon ghníomh comhchosúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ghlac na Coimisinéirí Ioncaim le moladh 1 ina iomláine agus le moladh 2 faoi réir ag cuntair áirithe. Dúirt siad nach bhféadfaidís na moltaí eile a chur chun feidhme maidir le híocaíochtaí cúiteacha á éileamh nach raibh an t-údarás reachtúil acu déanamh amhlaidh.

Ag féachaint do mholadh 5, rinne an tAire Airgeadais foráil sa Bhille Airgeadais, 2003, do theidlíocht ghinearálta nua chun úis ar chánacha ró-íoctha. Faoin bhforáil sin, nuair a chuirfí chun feidhme í, chumasófaí íocaíocht úis 6 mhí i ndiaidh éilimh bhailí ar aisíoc cánach a bheith fós amuigh. Sa chás go mbaineann na Coimisinéirí Ioncaim míchiall as an dlí, áfach, íocfar ús ón dáta a íocadh an cháin bhreise, go dtí go ndéantar an aisíocaíocht faoi réir ag teorainn ama fhoriomlán ar aisíocaíochtaí de cheithre bliana. Comhlíonann an fhoráil ceanglais mholadh 5 agus bhí mé lánsásta leis an bhforbairt seo.

Tar éis dom mo thuarascáil speisialta ar an imscrúdú a chur faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais d’iarr an Comhchoiste Oireachtais um Airgeadas agus an tSeirbhís Phoiblí orm, in éineacht le Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim, faisnéis a thabhairt do na comhaltaí faoi imthosca an imscrúdaithe agus mo chuid moltaí. I ndiaidh an fhaisnéisithe sin, rinne an tAire Airgeadais leasú breise ar an mBille Airgeadais, 2003, a chomhlíon go hiomlán ceanglais mholadh 3. Ina theannta sin, d’fhógair an tAire go ndéanfaí íocaíochtaí cútAire go ndéanfaí íocaíochtaí cúitimh ar bhonn ex gratia leis na híocóirí cánach a dtéann moladh 4 i gcion orthu. Fáiltím ó chroí roimh an bhforbairt sin agus is mór mo mheas ar chinneadh an Aire, i gcomhar leis na Coimisinéirí Ioncaim cúiteamh a íoc leis na híocóirí cánach iomchuí. Creidim go bhfuil teist bhródúil Oifig an Ombudsman dearbhaithe ag an Aire le húdarás mholtaí na hOifige á aithint. Scríobh mé chuig Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Airgeadas agus an tSeirbhís Phoiblí chun buíochas a ghabháil leis agus le comhaltaí an choiste as an bhfuinneamh a chaith siad agus as an aird a thug siad ar mo thuarascáil speisialta. Dúirt mé go raibh an t-am a thug an coiste do mo thuarascáil fíorthábhachtach chun ceartas a chinntiú do na daoine iomchuí agus gur thaispeáin sé go cumasach cumhacht an scrúdain pharlaimintigh éifeachtúil.

Tá téacs iomlán thuarascáil m’imscrúdaithe le fáil ar láithreán gréasáin m’Oifige ag www.ombudsman.ie

Foilsiú Achoimre ar Chásanna

Le linn na bliana thiomsaigh mé Achoimre ar Chásanna inar tugadh achoimre ar shonraí fiche cás suntasach a thug m’Oifig chun críche i 2000-2001. Foilsíodh í go luath i 2003. I mo Thuarascálacha Bliantúla soláthraítear léargas ar obair m’Oifige thar thréimhse áirithe dhá mhí dhéag. I ngeall ar bhacainní spáis ní féidir i gcónaí sonraí a thabhairt ar na cásanna inspéise go léir ar déileáladh leo le linn bliana ar leith agus mar sin tá an achoimre ann chun mo Thuarascálacha Bliantúla a chomhlánú. Cuireann sí béim freisin ar ról forbarthach m’Oifige thar na blianta agus léiríonn sí an chaoi a dtéann m’fhoireann i ngleic le cásanna agus an chaoi a mbaineann siad réitigh ar chásanna amach. Cuimsíonn sí gearrthuairisc ar na cumhachtaí éagsúla atá ar fáil dom Oifig agus ar an gcaoi a mbaintear úsáid ar na cumhachtaí sin chun gearáin a réiteach. Tá súil agam go gcabhraíonn an achoimre chun feasacht an phobail ar m’Oifig a ardú agus go léiríonn sí don phobal i gcoitinne go bhfuil seirbhís shaor in aisce éifeachtúil ar fáil dóibh chun cabhrú leo nuair nach ndéantar mar is ceart ina ndéileálacha le comhlachtaí poiblí. Tá an achoimre ar fáil ón Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais nó is féidir í a íoslódáil ó láithreán gréasáin na hOifige. Déanfar achoimrí comhchosúla a fhoilsiú ar bhonn ócáideacha amach anseo.

Back to contents