- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 1999
Caibidil 1 - Réamhrá
Caibidil a hAon Réamhrá
Tá Oifig an Ombudsman ann le 16 bliana anois agus san am sin tá fás tagtha uirthi i dtaca leis an gcineál gearáin a fhaightear, i dtaca le conas a dhéantar an obair agus, freisin, i dtaca leis na prionsabail agus na luachanna a bhfuil an obair bunaithe orthu. Tá an baol ann go dtiocfaidh seargadh ar aon eagraÌocht nach n-athraÌonn i gcomhréir leis an aimsir. Cé nár tháinig aon athrú ar bhunrialacha na hOifige, tá a lán scóip ann le haghaidh smaointe nua agus le haghaidh bealaí nua chun bunobair an Ombudsman a dhéanamh. Foghlaimíonn m�Oifig óna taithí féin ach, ina theannta sin, tagann sí faoi thionchar forbairtí sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne agus i sochaí leathan na hÉireann agus faoi thionchar teagmhála le hOifigí Ombudsman eile ar bhonn idirnáisiúnta.
I gCaibidil a Dó den Tuarascáil Bhliantúil seo déanaim iarracht cur síos a dhéanamh ar an réimse cur chuige agus modhanna oibre agus ar na cineálacha leigheasanna nó sásaimh a lorgaítear, is é sin le rá ar shaintréithe Oifig an Ombudsman faoi láthair. Tuigim go mbeidh breithniú á dhéanamh ag an Oireachtas, amach anseo, ar an gcéad leasú substainteach ar an Acht Ombudsman ó achtaíodh é sa bhliain 1980.
Beartaítear leis sin mo dhlínse a leathnú chuig ospidéilphoiblí shaorálacha, chuig comhlachtaí stát-tionscanta neamhthráchtála agus chuig roinnt comhlachtaí eile a fhaigheann maoiniú poiblí. Dá réir sin, tá súil agam go gcabhróidh an Tuarascáil seo le comhaltaí na Dála agus an tSeanaid le linn tograí reachtaíochta do m�Oifig a bhreithniú.
Seirbhís Phoiblí atá ag Athrú
Tá rianú maith déanta ar mhéid na n-athruithe i sochaí na hÉireann ónmbliain 1984 nuair a bunaíodh M�Oifig. D�fhéadfadh sé nach bhfuil an tuiscint chéanna ann ar na hathruithe comhchéimeacha i seirbhís phoiblí na hÉireann ach, dá ainneoin sin, is athruithe suntasacha iad. Is é an timpeallacht ina n-oibríonn an tseirbhís phoiblí anois ná timpeallacht ina bhfuil fás agus farasbairr bhuiséid nach raibh a leithéid ann riamh, ina bhfuil laghduithe móra ar dhífhostaíocht agus ina bhfuil forbairt mhór á déanamh ar an mbonneagar. Go hinmheánach, tá seirbhís phoiblí na hÉireann ag leanúint ar aghaidh de bheith ag feidhmiú chlár nuachóirithe an Rialtais lena ngabhann stíleanna nua bainistíochta a fhorbairt, béim ar oscailteacht agus ar chuntasacht mar aon le seirbhísí poiblí a sholáthar ar shlí a oireann do chliaint. Is cinnte go bhfuil an tAcht um Shaoráil Faisnéise, a bhfuil spéis dhíreach agam ann i mo cháil mar Choimisinéir Faisnéise, ag dul i bhfeidhm, ar shlí réadúil, ar stíl an riaracháin phoiblí in Éirinn - ach is ceart a lua go bhfuil roinnt comhlachtaí poiblí níos sásta ná a chéile i dtaca le géilleadh don Acht sin!
Cruthaíonn rath eacnamaíochta a chuid fadhbanna féin agus tá dúshláin le sárú ag an tseirbhís phoiblí anois ar scála nach mbeifí á shamhlú deich mbliana ó shin. �irítear orthu sin nithe a bhaineann le bainistíocht tráchta, coimhlintí pleanála, ganntanais tithíochta poiblí, uaillmhianta méadaitheacha i ndáil le cúram sláinte poiblí gan trácht ar an líon méadaitheach daoine atá ag lorg tearmainn in Éirinn. Tá mé ag ceapadh go dtiocfaidh cuid mhór de na réimsí sin chun bheith ina n-ábhar gearáin i m�Oifig le himeacht aimsire. Le fírinne, is léir sin cheana féin i gcás gearán a bhaineann le forfheidhmiú pleanála agus riarachán pleanála a bhfuil méadú mór tagtha orthu le blianta beaga anuas - fuarthas 165 ghearán den sórt sin sa bhliain 1999. Dá thoradh sin, den chéad uair, ba mhó líon na ngearán i gcoinne na n-údarás áitiúil ná líon na ngearán i gcoinne na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail & Teaghlaigh (féach Caibidil a Cúig le haghaidh na sonraí).
Bunfheidhmeanna
Níor tháinig aon athrú ar bhunfheidhmeanna an Ombudsman, áfach. Is féidir iad sin a achoimriú mar a leanas:
- - cearta daoine aonair a chosaint le linn dóibh déileáil leo sin a bhfuil feidhmiú cumhachta poiblí faoina gcúram;
- - sásamh a sholáthar i gcás ina gcinntear gur sáraíodh na cearta sin;
- - ardchaighdeáin riaracháin phoiblí a chur chun cinn i gcoitinne;
- - gníomhú go neamhspleách i dtacaíocht le rialú Parlaiminteach ar an bhFeidhmeannas ar mhaithe le riarachán cothrom a bhfuil bonn maith leis.
Measaim go bhfuil an fheidhm sin is deireanaí atá luaite, is é sin le rá gníomhú i dtacaíocht leis an Dáil agus leis an Seanad, thar a bheith tábhachtach. I dteannta mo Thuarascálacha Bliantúla, tá súil agam go mbeidh mé in ann leanúint de bheith ag cur tuarascálacha ócáideacha faoi bhráid an Oireachtais i dtaobh nithe nó réimsí sonracha a bhaineann le riarachán poiblí. Chuir mé tús leis an gcleachtas sin sa bhliain 1999 nuair a foilsíodh an tuarascáil i dtaobh Riaráistí Pinsin Caillte (ina ndearnadh cur síos ar an tslí inar dhéileáil an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail & Teaghlaigh, thar na blianta, le hiarratais dhéanacha ar phinsin ranníocacha). I gceann míosa nó mar sin, tá sé i gceist agam tuarascáil a fhoilsiú i dtaobh ról na Roinne Sláinte & Leanaí, agus i dtaobh ról na mbord sláinte, i dtaca le cúram altranais baile do dhaoine scothaosta. Tá súil agam freisin go mbeidh tuarascálacha imscrúduithe ar leithligh á bhfoilsiú agam i gcás inar gá sin sna himthosca. Tá sé sin déanta agam cheana féin i gcás imscrúduithe a bhaineann leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail & Teaghlaigh agus leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Beidh tuarascáil á foilsiú agam ar ball beag i gcás na n-údarás áitiúil go léir i dtaca le ró-íocaíochtaí iasachtaí tithíochta a choimeád na húdaráis.
Tá srian le mo chumas chun gníomhú i dtacaíocht le rialú Parlaiminteach ar an bhFeidhmeannas ó tharla go ndéantar réimsí suntasacha oibríochta de chuid an Fheidhmeannais a eisiamh go sonrach le hAcht 1980. Tharraing mé aird i mo Thuarascáil don bhliain 1998 ar na réimsí sin agus luaigh mé gur réimsí riaracháin iad sin a thagann faoi chúram oifigí Ombudsman i gcoitinne ar fud na hEorpa. Áirítear ar na réimsí eisiata riaradh na seirbhíse príosúin (agus riaradh daoine faoi choimeád i gcoitinne) agus riaradh an dlí a bhaineann le dídeanaithe, daoine ar lorg tearmainn, saoránacht agus éadóirseacht. Ciallaíonn sé sin nach bhféadfaidh daoine a ndéantar dochar dóibh mar geall ar chinntí i dtaca leis na réimsí sin - arna ndéanamh ag an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais & Athchóirithe Dlí nó ag comhlachtaí nó sásraí achomhairc freagracha eile - gearán a chur faoi mo bhráid i gcás ina measann siad go ndearnadh na cinntí ar shlí a bhí míchuí nó éagothrom nó nach raibh bonn maith leo ar shlí eile. I gcásanna den sórt sin is iad na cúirteanna an t-aon fhóram amháin atá ar fáil chun sásamh a lorg.
I bprionsabal, agus go praiticiúil freisin sa chuid is mó tíortha Eorpacha, tá an tOmbudsman ar fáil do gach duine agus, le fírinne, gníomhaíonn an tOmbudsman mar ráthóir i leith cóireála córa do phríosúnaigh agus dá dteaghlaigh agus do neamhnáisiúnaigh a chónaíonn sa tír lena mbaineann. Is léir go mbeadh muintir na hÉireann go mór i bhfabhar bearta atá ceaptha chun cothroime a chinntiú do gach duine sa tsochaí. De réir phobalbhreith IrishTimes/MRBI a seoladh in Eanáir 2000, chreid 97% de na freagróirí gur cuspóir an-tábhachtach nó cuspóir measartha tábhachtach é go mbeadh Éire ina háit chóir mar áit chónaithe do gach earnáil den tsochaí. B�ionann scriosadh na n-eisiamh atá luaite thuas ón Acht Ombudsman agus beart dearfach san obair a bhaineann lena chinntiú go bhfuil an leibhéal cothroime a dtacaíonn an pobal leis ann.
Ní dhéanann an tOmbudsman cinntí ceangailteacha ach tá cumhachtaí ag an Ombudsnam chun mion-imscrúduithe measartha neamhfhoirmiúil a dhéanamh ar imscrúduithe iad a leanann moltaí astu. De thoradh na n-imscrúduithe sin agus de thoradh na taithí carnaithí a thugann siad i réimsí áirithe, tá an tOmbudsman in ann tuairimí agus conclúidí a thabhairt don Oireachtas atá neamhspleách agus bunaithe ar eolas maith. Le linn breithniú a dhéanamh ar cibé tograí reachtaíochta a bheidh ann do M�Oifig, d�fhéadfaí breithniú iomlán a dhéanamh ar leathnú dlínse an Ombudsman chuig raon iomlán an riaracháin phoiblí de réir mar is gnáth ar fud na hEorpa.
Úsáid an Téarma �Ombudsman�
Le tamall de bhlianta anois tá ábhar imní ann i measc oifigí Ombudsman ar fud an domhain mar gheall ar mhí-úsáid an téarma �Ombudsman� agus mar gheall ar an mearbhall a bhíonn ar an bpobal i gcoitinne dá bharr. Is é atá in Oifig an Ombudsman ná sásra chun a chinntiú go mbeidh comhlachtaí poiblí cuntasach don pharlaimint i dtaca le córas riaracháin cothrom a bhfuil bonn maith leis. Tá an téarma á úsáid níos minice ná riamh, áfach, ar shlí chontráilte le haghaidh cuid mhór sásraí éagsúla réitithe díospóidí. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach go háirithe, tá an téarma á úsáid i dtaca le hidirghabhálaithe nó áisitheoirí cuideachta a dhéileálann le fadhbanna foirne nó le gearáin chustaiméirí uaireanta.
Rinne Bord Stiúrthóirí an International Ombudsman Institute (IOI), atá ionadaitheach d�oifigí Ombudsman ar fud an domhain, rún a rith le déanaí lenar dearbhaíodh nach ceart an téarma Ombudsman a úsáid ach amháin nuair a chomhlíonann an oifig critéir shonraithe ar a n-áirítear:
- bonn bunreachtúil nó reachtúil chun a neamhspleáchas ó aon údarás poiblí laistigh dá dlínse a ráthú; - cumhachtaí dóthanacha chun imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha comhlachtaí poiblí agus chun leigheasanna nó sásamh a mholadh i gcás ina gcinntear gur tharla droch-riarachán, sárú ar chearta nó éagothroime.
Tá aird dírithe agam cheana féin, i mo Thuarascálacha, don chosaint reachtúil a tugtar i dtíortha eile don téarma �Ombudsman�.
An Tarascáil Seo
Clúdaíonn an Tuarascáil seo an cúigiú bliain iomlán, arb é an bhliain iomlán is déanaí é freisin, de mo théarma mar Ombudsman. Léiríonn Caibidil a Dó an éagsúlacht ról agus modhanna oibríochta atá ag an Oifig agus, chomh maith leis sin, léiríonn sí an réimse sásamh nó leigheasanna a baineadh amach i gcásanna cuí. Tugann Caibidil a Trí cuntais ar réimse gearán ar déileáladh leo le linn 1999; sainaithnítear inti freisin roinnt nithe a bhfuil tábhacht ghinearálta leo agus déantar iarracht inti suntas a thabhairt do roinnt prionsabal a bhaineann le dea-riarachán. Agus leagtar amach i gCaibidil a Ceathair agus i gCaibidil a Cúig sonraí faoi obair na hOifige le linn 1999 lena n-áirítear sonraí staitistiúla agus anailís ar chásanna ar déileáladh leo.
Is mian liom buíochas a ghabháil le foireann na hOifige, le mo Stiúrthóir, Pat Whelan, agus le Patricia Doyle, Fintan Butler agus John Doyle as an obair a rinne siad le linn an Tuarascáil seo a ullmhú.