Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 1999

Caibidil 2 - Cearta a Chosaint agus Leigheasanna a Sholáthar

Cearta a Chosaint agus Leigheasanna a Sholáthar

Tugann an tAcht Ombudsman, 1980 cumhachtaí suntasacha don Ombudsman chun scrúdú agus imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha comhlachtaí poiblí. Ceadaíonn sé don Ombudsman freisin a chuid imscrúduithe a dhéanamh ar cibé slí �is cuí leis an Ombudsman in imthosca uile an cháis� agus sin a dhéanamh faoi réir cheanglais an cheartais bhunreachtúil amháin. Mar a chéile, i gcás ina measann an tOmbudsman go ndearnadh dochar do dhuine de thoradh gnímh ceadaíonn an tAcht saoirse measartha mór maidir leis an leigheas a fhéadfaidh an tOmbudsman a mholadh. Is saintréithe de chuid oifigí Ombudsman ar fud an domhain go bhfeidhmíonn siad ar bhonn solúbtha agus neamhfhoirmiúil agus de réir modhanna oibre éagsúla agus go mbaineann siad leas as cineálacha éagsúla leigheasanna. Cumasaíonn an tAcht Ombudsman, 1980 do m�Oifig feidhmiú sa tslí sin agus tugann sé scóip le haghaidh forás agus forbairt de réir dea-chleachtais idirnáisiúnta in oifigí Ombudsman.

Dá réir sin, ní dhéanann m�Oifig breithniú ar ghearáin ar bhonn an eolais a chuireann an dá thaobh ar fáil agus ar an mbonn sin amháin. Ní gá go mbeadh toradh cur chuige den sórt sin cothrom. Mar gheall ar staideanna neamhionanna an dá thaobh, is é sin le rá duine aonair i gcoinne comhlachta mhóir phoiblí de ghnáth, hí bhíonn an gearánach in ann an cás is fearr is féidir a dhéanamh i gcónaí. Ar an ábhar sin, is iondúil go mbainfidh foireann m�Oifige leas as aon oilteacht agus eolas atá acu féin le gur fearr is féidir le gearánaigh cur síos a dhéanamh ar an dochar atá déanta dóibh agus ar an easnamh líomhnaithe i bpróiseas déanta cinntí an chomhlachta phoiblí.

I dtaca leis sin de, gníomhaíonn m�Oifig, ar bhealach áirithe, thar ceann an ghearánaigh le linn an drochriarachán a cheaptar a bheith ann a chur i láthair nó a chur ar aghaidh. Ach ní mór dúinn a bheith oibiachtúil go hiomlán maidir le toradh críochnaitheach an ghearáin. Ní hé mo rólsa uiríll a dhéanamh thar ceann gearánach ach is é atá le déanamh agamsa ná a mheas ar ghníomhaigh an comhlacht poiblí go cuí, go cóir agus go neamhchlaon in aon chás áirithe. Creidim go bhfuil sé réasúnach, le fírinne, idirdhealú a dhéanamh i bhfabhar an ghearánaigh i dtaca lena chinntiú go ndéantar an cás is fearr agus, ag an am céanna, fanacht oibiachtúil i dtaca leis an toradh críochnaitheach. Bíonn sé deacair uaireanta cóimheá a choimeád ar bun ach, i gcoitinne, creidim go nglacann comhlachtaí poiblí le dlisteanacht an chur chuige seo.

De réir mar is fíor i gcás an chuid is mó Oifigí Ombudsman, bíonn ar m�Oifig gníomhú mar réiteoir, mar áisitheoir, mar imscrúdaitheoir, mar láithreoir cásanna gearánach, mar chumasóir (i gcás nach féidir le gearánach na hargóintí iomchuí a fhorbairt agus a chur ar aghaidh); agus, ar ndóigh, ní mór do m�Oifig tuairim a fhoirmiú, sa deireadh, faoi thuillteanais an ghearáin áirithe. Le linn réitigh a lorg ar na fadhbanna a thagann chun cinn i ngearáin is é an beart deiridh ná tuarascáil i scríbhinn faoi imscrúdú agus cinntí agus moltaí foirmiúla ag gabháil léi. Ní tharlaíonn sé sin ach i líon an-bheag cásanna. Críochnaítear formhór mór na ngearán ar bhonn nós imeachta atá measartha neamhfhoirmiúil; ach is nós imeachta cothrom é, dá ainneoin sin. Tá modh oibre na hOifige maidir le hiarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach ar dhíospóidí, más féidir sin, éagsúil go mór le cineál coimhlinteach na gcúirteanna. Ina theannta sin, más cás é a bhaineann le cothroime seachas dlíthiúlacht, is féidir leis an Oifig leigheas a sholáthar nach bhfuil ar fáil sa dlí.

I bprionsabal, bíonn gá le leigheas i gcás ina dtarlaíonn caillteanas (�dochar�) do dhuine den phobal mar gheall ar ghníomhartha (nó neamhghníomhartha) comhlachta phoiblí. D�fhéadfadh sé gurb é atá sa chaillteanas ná caillteanas díreach airgeadais (e.g. deontas a dhiúltaítear go héagórach); nó d�fhéadfadh sé gurb é atá ann ná caillteanas i dtéarmaí ama, iarrachta agus airgid, b�fhéidir, le linn déileáil le hiarmhairtí droch-chinnidh; nó d�fhéadfadh sé gurb é atá ann caillteanas i dtéarmaí deis a chailltear (e.g. agóid i gcoinne ceada pleanála) nó caillteanas i dtéarmaí imní agus crá de thoradh droch-chinnidh. Nó, le fírinne, d�fhéadfadh cónasc de na nithe sin a bheith i gceist sa chaillteanas.

Ní nach ionadh, ní bhíonn réiteach gearán éasca i gcónaí agus léirítear an méid sin sa réimse leigheasanna a bhaintear amach. D�fhéadfadh sé gurb é a bheidh i réiteach ná leithscéal a thabhairt, deontas nó liúntas faoi dhíospóid a íoc, cúiteamh a íoc agus/nó athruithe a dhéanamh ar na rialacha nó ar na nósanna imeachta lena rialaítear scéim áirithe. I gcás nach seastar ach go páirteach le gearán, mar shampla i gcás comhréiteach a dhéanamh idir na páirtithe, ansin léireofar an comhréiteach sa leigheas. Roghnaíodh na cásanna a ndéantar cur síos orthu sa chaibidil seo chun léargas a thabhairt ar an réimse leathan modhanna oibre a úsáidtear i m�Oifig lena n-áirítear an cur chuige a úsáidtear i ndáil le leigheasanna. Ach ní mór do chomhlachtaí poiblí a bheith níos gníomhaí i dtaca le leigheasanna a thairiscint as a stuaim féin i gcás inarb iad gníomhartha s�acusan is cúis le caillteanas do chliant. Tá cur chuige den sórt sin ar comhréir go hiomlán leis an Tionscnamh Seirbhíse Ardchaighdeáin Custaiméirí atá á chur i bhfeidhm faoi láthair sa státseirbhís agus le forbairt córas inmheánach gearán sa tseirbhí phoiblí i gcoitinne.



Leigheasanna



I gcás a bhaineann le Bord Sláinte an Iarthuaiscirt (BSIT) b�ábhar éagóra leis an ngearánach mainneachtain an Bhoird, dar leis, tacaíocht leordhóthanach a thabhairt dó i dtaca le haire a thabhairt sa bhaile dá thuismitheoirí a bhí tinn agus aosta. Bhí sé míshásta freisin leis an tslí inar dhéileáil BSIT le gearáin a rinneadh faoin ábhar. Tar éis an cás a scrúdú chinn mé gur thuill an cás íocaíocht �1,000 mar aitheantas i leith na héifeachta carnaithí a bhí ag sraith cinntí de chuid BSIT agus i leith an chrá a bhí ann don fhear seo, agus i leith an ama a chaith sé agus na hiarrachta a bhí déanta aige, le linn dó déileáil leis an mBord.

Níor éirigh le roinnt iarratas éagsúl a bhí déanta ag an ngearánach chuig an BSIT:

1. Rinne sé iarratas ar chúnamh faoin Scéim Chúnaimh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta chun cithfholcadán a sholáthar mar go raibh deacrachtaí ag a thuismitheoirí i dtaca leis an bhfolcadán a úsáid. Diúltaíodh an t-iarratas ar dhá chúis. I dtosach dúirt BSIT nach raibh soláthar cithfholcadáin san áireamh sa Scéim; ina dhiaidh sin dúirt BSIT nach raibh a thuismitheoirí cáilithe faoin Scéim mar go bhfuair siad deontas Gaeltachta chun obair eile a dhéanamh sa teach.

2. Rinne sé iarratas ar chabhair faoi scéim an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh (LLF) chun meaisín níocháin a cheannach. Bhí ar an ngearánach a chuid éadaí féin agus éadaí a thuismitheoirí a ní de láimh. Mar gheall ar easláine a thuismitheoirí b�éigean a gcuid éadaí, lena n-áirítear éadaí leapa, a athrú agus a ní cúpla uair sa tseachtain. Diúltaíodh an t-iarratas seo ar an bhforas go raibh an t-ioncam teaghlaigh iomlán os cionn threoirlínte LLF.

3. Tar éis dá mháthair bás a fháil rinne sé iarratas chuig BSIT ar íocaíocht LLF chun cabhrú leis na caiteachais sochraide a íoc. Diúltaíodh an t-iarratas ar an bhforas go raibh cuntas na sochraide íoctha an tráth a rinneadh an t-iarratas agus gur mheas BSIT nach raibh aon ghá eisceachtúil ann. Dúirt an gearánach go raibh air airgead a fháil ar iasacht óna dheartháir chun an bille a íoc agus go raibh caiteachais eile le híoc aige de dheasca bhás a mháthar.

I dteannta na gcinntí sin a ndearna sé agóid ina gcoinne, bhí ábhar éagóra eile ag an ngearánach mar gheall ar ghníomhartha BSIT. Ba ábhar crá dó é, agus ba chúis lena cheapadh go raibh BSIT ag feidhmiú goneamhchúramach, coinne othair sheachtraigh a chuir an t-ospidéal chuig a mháthair ceithre mhí tar éis di bás a fháil. Rinne sé gearán freisin nach bhfuair a mháthair cúram agus cóireáil chúi, dar leis, fad a bhí sí in Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn nó tar éis di teacht amach as an ospidéal.

Rinne BSIT socrú go ndéanfadh Speisialtóir Liachta Sláinte Poiblí seachtrach scrúdú ar na gearáin sin. Chinn an speisialtóir:

  • - go ndearnadh na hiarratais ar an gcithfholcadán agus ar an meaisín níocháin a dhiúltú go cuí;
  • - go raibh easnaimh áirithe ann i ndáil le máthair an ghearánaigh a ligean amach as an ospidéal;
  • - gur cliseadh cumarsáide san ospidéal ba chúis leis an gcoinne othair sheachtraigh a eisiúint.

Níor nochtadh aon tuairim maidir leis an iarratas ar chaiteachais sochraide. Ghabh BSIT leithscéal ansin leis an ngearánach as na heasnaimh a luadh. Ach ní raibh sé sásta leis sin agus, dá bhrí sin, rinne sé gearán chuig m�Oifig.

Tar éis an cás a scrúdú bhí roinnt gnéithe den tslí inar dhéileáil BSIT leis an ngearánach nach raibh mé sásta leo. Chonacthas dom, ag féachaint don tsolúbthacht a ghabhann leis an Scéim Chúnaimh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta, go bhféadfaí an t-iarratas ar an gcithfholcadán a cheadú. Le linn breithniú a dhéanamh ar an iarratas ar an meaisín níocháin is léir nár cuireadh i gcuntas na cúinsí eisceachtúla sa teaghlach, is é sin le rá fear singil ag tabhairt aire dá thuismitheoirí a bhí tinn agus aosta, nó acmhainní airgeadais an iarratasóra (bhí iasacht á aisíoc aige i dtaca leis an gcostas a ghabh le deisiúcháin tí). Cé gur gabhadh leithscéal faoin tslí inar déileáladh le máthair an ghearánaigh agus faoin gcoinne othair sheachtraigh a eisiúint, níor tugadh aon aitheantas don éifeacht charnaitheach ar an ngearánach mar gheall ar na fadhbanna go léir a bhí ann nó don am a caitheadh agus don trioblóid a bhí ann le linn iarracht a dhéanamh na nithe seo a réiteach.

D�iarr mé ar BSIT an cás a athbhreithniú go hiomlán. D�iarr mé air freisin rud éigin a dhéanamh faoin gcrá a bhí ann don ghearánach agus faoin am a chaith sé agus faoi na hiarrachtaí a rinne sé le linn a chuid gearán a dhéanamh chuig an mBord. Tar éis pléití le BSIT chinn sé íocaíocht ex gratia �600 a thairiscint mar admháil i leith an ama, na hiarrachta agus na gcaiteachas a bhain lena ndéileálacha leis an mBord. Dhiúltaigh an gearánach do thairiscint BSIT. Tar éis an gearán a athbhreithniú go hiomlán nocht mé an tuairim go ndearnadh dochar don ghearánach mar gheall ar ghníomhartha BSIT roimh bhás a mháthar agus dá éis sin. Mheas mé gur ceart do BSIT rud éigin a dhéanamh mar aitheantas air sin agus mhol mé go mbeadh íocaíocht �1,000 leis an ngearánach ina leigheas cuí. D�aontaigh an Bord an íocaíocht sin a dhéanamh. Ghlac an gearánach leis an réiteach sin ar an mbonn gur léirigh sé mo chuid tuairimí faoin ngearán agus go nglacfadh sé le mo chonclúidí neamhspleácha.



Maidir le gearán i gcoinne na gCoimisinÉirí Ioncaim, chinn mé nár cloíodh go leordhóthanach le dea-chleachtas riarachán, agus dá bhrí sin, go ndearnadh dochar don ghearánach. Ba é mo thuairim, sa chás áirithe seo, gurbh ionann leithscéal a ghabháil leis an ngearánach, mar aon le gealltanais go bhfeabhsófaí nósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim, agus leigheas sásúil.

D�éirigh an gearán as teagmhas a tharla i dteach tábhairne sa bhliain 1994 tráth a líomhnaítear go ndúirt Cigire Cánach rudaí maslacha faoi fhear gnó agus faoina ghnóthaí cánach. Mheas an fear gnó go raibh na rudaí sin clúmhillteach agus gurbh ionann iad agus sárú rúndachta. Ina dhiaidh sin, chuir sé tús le himeachtaí sibhialta i gcoinne an Chigire.

Roinnt míonna ina dhiaidh sin scríobh a aturnae chuig na Coimisinéirí Ioncaim chun gearán a dhéanamh faoin teagmhas seo. Ba é an chéad fhreagra a thug na Coimisinéirí Ioncaim, tar éis dhá mhí, ná nach raibh aon rud le rá acu faoin ábhar. De réir mar a tharla cúrsaí, d�éirigh an Cigire as a oifig leis na Coimisinéirí chun dul i mbun poist eile go gairid tar éis thráth déanta an ghearáin. Roinnt míonna ina dhiaidh sin scríobh na haturnaetha chuig na Coimisinéirí Ioncaim arís chun tuairisc iomlán a iarraidh faoin imscrúdú a bhí déanta acu ar an ngearán. Níor léir ó fhreagra na gCoimisinéirí Ioncaim cibé acu an ndearna siad nó nach ndearna siad imscrúdú. Ach dúradh ann nach raibh aon chúis acu chun a chreidiúint go raibh Alt 163 den Acht Cánach Ioncaim, i dtaca le rúndacht faisnéise pearsanta agus gnó a tugadh do na Coimisinéirí Ioncaim, sáraithe ag an gCigire. Tar éis do na haturnaetha fiosrúchán eile a dhéanamh fuarthas amach nár sheol na Coimisinéirí Ioncaim aon fhiosrúchán i dtaobh na líomhaintí.

Bhain an gearán a ndearna mise breithniú ina leith le mainneachtain fhollasach, ar thaobh na gCoimisinéirí Ioncaim, imscrúdú leordhóthanach a dhéanamh ar an ngearán a rinneadh thar ceann an fhir ghnó. Éisteadh chaingean chúirte sibhialta, a d�éirigh as an teagmhas, sa bhliain 1999 agus dámhadh damáistí do mo ghearánach. (Níor pháirtí sa chaingean na Coimisinéirí Ioncaim.) Chinn mé gur mhainnigh na Coimisinéirí Ioncaim imscrúdú leordhóthanach a dhéanamh ar an ngearán a bhí déanta; nár dhéileáil siad leis an ngearán ar shlí a bhí i gcomhréir le dea-chleachtas riaracháin; agus go raibh na mainneachtainí sin contrártha do na ceanglais a ghabhann le riarachán maith cothrom. D�aontaigh na Coimisinéirí leithscéal a ghabháil leis an bhfear gnó mar gheall air sin agus thug siad gealltanas domsa freisin go ndearnadh athchóiriú ar na nósanna imeachta sa réimse seo agus an cás áirithe seo a chur san áireamh.

Rinne mé breithniú an-chúramach dtaobh an mbeadh sé oiriúnach leigheas airgid a thabhairt freisin ó tharla go raibh dochar déanta don ghearánach dar liom. Is é an prionsabal a bhfaighim treoir uaidh i ndáil le leigheasanna i gcoitinne ná gur ceart go ndéanfaí iarracht, más féidir, staid an ghearánaigh a athbhunú amhail is dá mba rud é nár tharla an beart a ndéantar gearán ina leith. Sa deireadh chinn mé gur leigheas sásúil é, in imthosca áirithe an cháis seo (lena n-áirítear caingean shibhialta i gcoinne an Chigire, ar chaingean ar éirigh léi), leithscéal agus gealltanas ó Chathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim go gcuirfí feabhas ar nósanna imeachta laistigh den eagraíocht sin. Tá léiriú le fáil sa chás seo arís ar an gclaonadh atá ag comhlachtaí poiblí cur i gcoinne gearánach i gcás ina gceapann siad go bhféadfadh dlíthíocht éirí as an ngearán.



Rinne oibritheoirí siopa caife gearán gur thug Bord Sláinte an Oirthir (BSO) faisnéis mhícheart maidir le comhlíonadh na Rialachán Sláinteachais Bhia; bhí na hoibritheoirí ag brath ar an bhfaisnéis sin agus thabhaigh siad costais airgid dá barr nach raibh siad ag súil leo. Ba é an leigheas sa chás seo ná cúiteamh as na costais airgid a tabhaíodh.

Sa chuid dheireanach den bhliain 1992 bhí ceannach an léasa ar áitreabh shiopa chaife á chur i gcrích ag na gearánaigh. Thuig siad ón díoltóir go raibh an t-áitreabh cláraithe lei BSO chun críocha na Rialachán Sláinteachais Bhia. Sular cuireadh an ceannach i gcrích, bhuail siad le hOifigeach Sláinte Comhshaoil áitiúil (OSC) chun daingniú a lorg maidir leis an gclárúchán. Dhaingnigh BSO go raibh an clárúchán in ord agus lean na gearánaigh ar aghaidh leis an gceannach. Ach, i Meán Fómhair 1994, fuair na gearánaigh amach, d�ainneoin na faisnéise a thug BSO ag deireadh 1992, nach raibh an t-áitreabh cláraithe an tráth a ceannaíodh an léas. Ina theanta sin, cé gur eisigh BSO clárúchán sealadach an tráth sin, bhí clárúchán iomlán ag brath ar fheidhmiú liosta athruithe a bhí sonraithe ag an mBord.

Le linn na mblianta 1995 agus 1996 chuaigh na gearánaigh i mbun chomhlíonadh na gceanglas clárúcháin. Bhí deacrachtaí ann i dtaca leis sin mar gur athruithe bonneagair a bhí ann i gcás roinnt de na hathruithe agus bhí toiliú an tiarna talún ag teastáil ina leith. Ag an am céanna, rinne siad gearán le BSO i ndáil leis an bhfaisnéis mhícheart a tugadh agus lorg siad cúiteamh i leith na gcostas breise a tabhaíodh de bhua brath ar fhaisnéis BSO. Sa bhliain 1997 rinne siad gearán le m�Oifigse nuair a dhiúltaigh BSO glacadh le haon dliteanas maidir leis an bhfaisnéis mhícheart. Ba é tuairim na ngearánach ná nach leanfaidís ar aghaidh le ceannach an léasa dá mbeadh a fhios acu nach raibh an t-áitreabh cláraithe i gceart. Ina theannta sin, sheachnóidís na costais airgid agus na costais eile a d�éirigh as na ceanglais chlárúcháin a cuireadh in iúl i Meán Fhómhair 1994. Nuair a rinne na gearánaigh teagmháil le m�Oifig dúirt siad go raibh siad ag súil go bhféadfaí caingean chúirte, agus na costais arda ba dhóigh a bheadh ann i gcaingean den sórt sin, a sheachaint.

Le linn an cás a scrúdú ní raibh mé in ann réiteach a fháil ar easaontas idir na páirtithe i dtaobh ar chuir BSO in iúl do na gearánaigh, ag an gcruinniú sa chuid dheireanach de 1992, go raibh gá le roinnt beart feabhais a dhéanamh chun leanúint de na ceanglais chlárúcháin a chomhlíonadh - agus cheap BSO gur chuir. Ach bhí mé sásta gur thug BSO faisnéis mhícheart maidir le clárúchán agus gur bhrath na gearánaigh ar an bhfaisnéis sin de mheon macánta. Mheas mé go ndearna botún BSO dochar do na gearánaigh, i dtéarmaí airgid agus i dtéarmaí an chur isteach a bhí ann dá bharr sin i dtaca le hoibriú a ngnó. Bhí cúiteamh airgid á lorg ag na gearánaigh ar an mbonn (a) nach ndéanfaidís an comhaontú léasa dá dtabharfaí BSO an fhaisnéis cheart, (b) gur thabhaigh siad costais nach rabhthas ag súil leo mar gheall ar na ceanglais chlárúcháin agus (c) ar fhoras cur isteach agus caillteanais i gcoitinne.

Ba é an cur chuige a bhí agam ná cúiteamh a lorg ar bhonn na n-iarmhairtí dochracha a bhí ann iarbhír de bharr bhotún BSO. Bhain sé sin, go príomha, leis na costais bhreise a tabhaíodh i leith na hathruithe a d�éiligh BSO a chur i gcrích. Mheas mé go mbeadh cúiteamh sa réimse �5,000 - �6,000 réasúnach in imthosca an cháis. Bhí BSO sásta comhaontú leis sin ach mheas na gearánaigh go raibh gá le figiúr níos airde ná sin. Mar a tharla sé, mhol mé don dá thaobh go mbuailfidís le chéile agus iarracht a dhéanamh an cás a réiteach eatarthu féin. Bhuail na páirtithe le chéile agus ina dhiaidh sin chuir siad in iúl dom go n-íocfadh BSO cúiteamh �7,000 ach sin faoi réir coinníollacha áirithe a bhí inghlactha ag na gearánaigh.



Tarlaíonn sé uaireanta go mbainfidh iarmhairtí an leighis a fhaightear i gcás áirithe le gach cás comhchosúil agus, le fírinne, tarlaíonn sé go ndéantar leasú ar an reachtaíocht iomchuí dá bharr. Sin é an rud a tharla i gcás dhá ghearán i gcoinne na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail & Teaghlaigh (RGSPT) i dtaca le Sochar Banchéile Thréigthe (SBT).

Rinne socrú leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1996 maidir le deireadh a chur le SBT ach amháin i gcás faighteoirí láithreacha a leanfadh den íocaíocht a fháil feadh ré theideal leanúnach na mná chuig an sochar. Cuireadh an socrú sin i bhfeidhm ar an 2 Eanáir 1997. Go luath sa bhliain 1997 chuir an bheirt ghearánach a leabhair íocaíochta SBT ar ais chuig an Roinn mar go raibh siad ag dul thar lear ar feadh cúpla mí chun cuairt a thabhairt ar dhaoine dá dteaghlaigh - ní raibh aon bhaint eile eathartu.

Bhí a fhios ag an bheirt bhan nach mbeadh SBT iníoctha le linn aon asláithreachta ón Stát. Nuair a tháinig siad ar ais, i mí Iúil agus i mí Lúnasa faoi seach, rinne siad iarracht an SBT a fháil ar ais ach níor éirigh leo. Sa dá chás, dúirt an RGSPT gur scoir siad �de theideal leanúnach� a bheith acu ó tharla go raibh siad as láthair ón Stát; dá bhrí sin, rinneadh difear don bheirt bhan nuair a cuireadh deireadh le SBT ar an 2 Eanáir 1997. Rinne an bheirt bhan agóid i gcoinne na gcinntí sin agus sa deireadh rinne siad gearán le m�Oifigse.

Ní raibh a fhios ag ceachtar den bheirt ghearánach roimh ré gurbh ionann dul thar lear agus cailleadh buan an tSochair Bhanchéile Thréigthe. Le fírinne, dúirt duine amháin díobh gur chuir sí glao teileafóin ar an RGSPT sular imigh sí agus gur tugadh le fios di nach mbeadh aon fhadhb ann i dtaobh an sochar a athbhunú. Ach ba é an cheist ba thábhachtaí ná an raibh bonn maith dlíthiúil chun a chinneadh gurb ionann asláithreacht shealadach ón Stát agus sárú ar thréimhse teidil leanúnaigh agus gur choisc an asláithreacht sin an sochar a athbhunú. Ba léir go mbeadh faighteoir SBT dícháilithe chun íocaíochtaí a fháil le linn fhad na hasláithreachta; ach níor léir aon bhonn a bheith ann chun a chinneadh gurbh ionann dícháiliúchán den sórt sin agus sárú ar an tréimhse teidil leanúnaigh.

Mhaígh mé don Roinn nár déileáladh leis an gceist thábhachtach seo sa reachtaíocht agus, i gcomhthéacs asláithreachta sealadaí ón Stát, go raibh na cinntí a rinneadh míréasúnach. Ag éirí as an dá ghearán seo, agus as easpa socraithe shonraigh sa reachtaíocht, gheall an RGSPT go ndéanfaidís athscrúdú ar a polasaí sa réimse seo. Is é a tháinig as athbhreithniú polasaí na Roinne ná gur cinneadh, i gcás faighteoirí SBT, nach mbrisfí an tréimhse teidil leanúnaigh mar gheall ar asláithreacht ón Stát nach faide na 12 mhí. Dá bhrí sin, cé nach bhfaigheadh faighteoir SBT íocaíocht i leith aon tréimhse asláithreachta ón Stát, d�athbhunófaí SBT ar philleadh dóibh ar choinníoll nach mairfeadh an asláithreacht níos mó ná 12 mhí. Ar an mbonn sin tugadh SBT ar ais don bheirt ghearánach agus íocadh riaráistí cuí, is é sin le rá, tuairim is �7,500 agus �5,700 faoi seach. Chomh maith leis sin, cuireadh cinneadh polasaí na Roinne ar bhonn reachtúil de bhua Alt 23 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1999. Sa tslí sin, cuireadh an leigheas a fuarthas don bheirt ghearánach isteach sa reachtaíocht ar mhaithe le cásanna eile den sórt sin a d�éireodh sa todhchaí.


Rachaidh gearán a bhaineann leis an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, agus a d�éirigh as éileamh ar aisíoc mótarchánach, chun tairbhe gach cás chomhchosúil sa todhchaí.

Goideadh gluaisteán mná as Gaillimh i mí an Mheithimh 1998. Ní bhfuarthas an gluaisteán ar ais agus rinné sí éileamh ar a cuideachta árachais sa ghnáthshlí. Chuir sí iarratas chuig an Oifig Mhótarchánach áitiúil ar aisíoc mótarchánach a bhí íoctha suas go Márta 1999. Fuair sí amach, de réir na nósanna imeachta a bhí leagtha síos ag an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, nach mbeadh aisíoc iníoctha go dtí deireadh na tréimhse ar íocadh cáin ina leith (Márta 1999 sa chás seo). Chun a héileamh árachais a réiteach bhí uirthi úinéireacht an ghluaisteáin a aistriú chuig an gcuideachta árachais. Ach sa chás seo rachadh an t-aisíoc cánach, nuair a thabharfaí é sa deireadh, chuig an gcuideachta árachais mar nár cheadaigh na nósanna imeachta aisíoc a thabhairt d�aon duine seachas an duine atá cláraithe mar úinéir. Mheas an bhean go raibh na nósanna imeachta sin éagothrom agus dolúbtha agus rinne sí gearán le m�Oifigse.

Ba léir gur ghníomhaigh an Oifig Mhótarchánach de réir treoracha ón Roinn agus de réir na rialachán iomchuí. Nuair a rinne mé teagmháil leis an Roinn d�admhaigh sí go raibh na nósanna imeachta éagothrom agus rinne sí socrú go n-íocfaí aisíoc mótarchánach leis an ngearánach. Chomh maith leis sin, d�eisigh an Roinn treoracha athchóirithe chuig gach oifig mhótarchánach á chur in iúl dóibh gur ceart aisíoc a thabhairt a luaithe is féidir tar éis iarratas a fháil i gcásanna den sórt seo. Ciallaíonn na nósanna imeachta nua go dtabharfar aisíoc mótarchánach d�úinéir cláraithe an ghluaisteáin ag tráth an iarratais seachas do chuideachta árachais a fhaigheann úinéireacht ar an ngluaisteán sa deireadh. Sa tslí sin, mar gheall ar an leigheas a baineadh amach sa chás áirithe seo, tá feabhas
ginearálta tagtha ar nósanna imeachta rud a rachaidh chun tairbhe gach cáis den sórt seo sa todhchaí.


I roinnt cásanna is léir gur cúiteamh airgid an leigheas ceart má tá an duine lena mbaineann le cur ar ais sa staid ina raibh sé/sí amhail is dá mba rud é nár tharla an teagmhas a ndéantar gearán ina leith. Is cás é seo inar coimeádadh teidil chun íocaíochtaí airgid siar nó inar cuireadh moill le híocaíochtaí thar thréimhse fhada nó inar ró-íocadh cáin ioncaim thar thréimhse áirithe agus nár tugadh aisíoc.

Tá scéim fhoirmiúil i bhfeidhm ón mbliain 1986 i leith le haghaidh cúiteamh a thabhairt i gcás ina ndéantar moill a chur le híocaíochtaí leasa shóisialaigh. Bunaíodh an scéim sin tar éis gearáin áirithe chuig m�Oifig an tráth sin. Íocfaidh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail & Teaghlaigh (RGSPT) cúiteamh i leith caillteanais cumhachta ceannaigh i gcás inarbh í féin amháin ba chúis leis an moill a bhain leis an íocaíocht a dhéanamh nó inarbh í ba mhó ba chúis leis an moill sin. Glacann an RGSPT leis gur ceart di féin cásanna lena mbaineann an scéim a shainaithint agus cúiteamh a íoc as a stuaim féin. Le fírinne, d�aontaigh an RGSPT le moladh uaimse gur ceart di cúiteamh breise a íoc mar gheall ar mhoill i dtaca le cúiteamh a íoc! Bhain an cás sin le fear ar íocadh riaráistí ocht mbliana leis sa bhliain 1996 maidir le Pinsean Easláine ach nár íocadh cúiteamh leis faoin scéim. Fuair sé amach sa bhliain 1998 gur cheart cúiteamh a bheith faighte aige agus, sa deireadh, tugadh beagnach �4,000 dó. Ba cheart an �4,000 sin a bheith íoctha sa bhliain 1996, ar ndóigh, agus, dá bhrí sin, d�íoc n RGSPT �112 breise leis mar chúiteamh as an moill a bhain leis an �4,000 a íoc.

D�íoc an Roinn Oideachais agus Eolaíochta cúiteamh freisin i roinnt cásanna ina ndearnadh deontais nó scoláireachtaí ardoideachais a dhiúltú go héagórach (féach Leathanaigh 68 agus 78).

Sa bhliain 1998/9 dhéileáil mé le dhá ghearán chomhchosúla a bhain le moileanna i dtaca le híocaíochtaí aoisliúntais a thabhairt do sheirbhísigh phoiblí a bhí ar scor. Sa chéad chás, rinne Comhairle Chontae Fhine Gall moill os cionn míosa i dtaca le cnapshuim a íoc. Ghlac an Chomhairle leis go ndeachaigh an mhoill chun tairbhe di agus d�aontaigh sí cúiteamh �287 a íoc i leith mhoill 34 lá i dtaca leis an íocaíocht a dhéanamh. Sa dara cás, a bhain le Bord Sláinte an Oirthuaiscirt, fuair fostaí ar scor amach go raibh a chnapshuim agus a phinsean gann ar feadh dhá bhliain. Í dteanta na ríaráiste a bhí dlite a íoc, d�aontaigh an Bord cúiteamh �635 a íoc mar gheall ar an gcaillteanas a bhí ann. Sa dá chás sin, bhí an cúiteamh bunaithe ar an ráta úis infheistíochta a bhí ar fáil an tráth sin.

Ag éirí as cáis áirithe inar tharla moill i dtaca le híoc sochair i mBord Sláinte an Oirthir (BSO) sa bhliain 1998, mhol mé gur ceart dó scéim a chur ar bun a bheadh ar aon dul le scéim na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh. D�íoc BSO cúiteamh sa chás áirithe seo agus d�aontaigh sé freisin go ndéanfadh na hocht mbord sláinte go léir tabhairt isteach scéime cúitimh a bhreithniú ag leibhéal náisiúnta. D�aontaigh na boird air sin go gairid ina dhiaidh sin agus dréachtaíodh scéim náisiúnta. I láthair na huaire, tá na boird ag fanacht le cead ón Roinn Airgeadais chun an scéim sin a chur i bhfeidhm.

Os a choinne sin, diúltaíonn na Coimisinéirí Ioncaim cúiteamh a íoc i leith caillteanais luacha i gcás ró-íocaíochtaí cánach ioncaim. Ceanglaíodh ar na Coimisinéirí Ioncaim i líon beag cinntí cúirte ús a íoc i gcásanna den sórt sin. Ach déanann siad an argóint go mbeadh údarás sonrach reachtúil ag teastáil chun cúiteamh a íoc i ngach cás den sórt sin. Le fírinne, bhí mé i dteagmháil go tráthrialta leis na Coimisinéirí Ioncaim faoin ábhar seo agus bhí tuairisc mhionsonraithe i mo Thuarascáil Bhiantúil do 1996 i dtaobh an ábhair. Is cúis aiféala nach bhfuil aghaidh tugtha air fós agus, dá bharr sin, tá imscrúdú á dhéanamh agam ar ocht ngearán ar leithligh faoin ábhar seo i gcoinne na gCoimisinéirí Ioncaim.


Modhanna Oibre


Tá solúbthacht ina saintréith riachtanach de chur chuige m�Oifige. Áirítear air sin an cumas chun ceist a shainaithint agus a shaothrú fiú amháin gan í a bheith tógtha go sonrach ag an ngearánach. Léiríonn an gearán seo a leanas, a bhaineann leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta (ROE), an cur chuige sin.

Bhain an gearán a rinneadh i gcoinne ROE le measúnú ar acmhainn chun críocha Deontais Ardoideachais cé go raibh an mac léin, faoin am sin, tar éis cúrsa sé bliana i leigheas a chríochnú i gCorcaigh. Roinnt míonna tar éis dom an scrúdú a thosú, rinne an Teachta Dála, a chuir an gearán chugam thar ceann an mhic léinn, litir a bhí faighte ó mháthair an mhic léinn a chur ar aghaidh. Bhain an litir sin go príomha leis an measúnú acmhainne ach luadh inti, go fánach, go ndearnadh idirdhealú in aghaidh a hiníne roimhe sin nuair nach raibh sí in ann an Scoláireacht �Trí Ghaeilge� a fháil. [Is scoláireacht í sin atá ar fáil do mhic léinn a fuair oideachas dara leibhéal trí Ghaeilge agus a raibh beartaithe acu, an tráth sin, staidéar a dhéanamh ar chúrsa as liosta cúrsaí ceadaithe i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh (COG)]. Luaigh an mháthair nach raibh leigheas ar liosta na gcúrsaí ceadaithe chun críocha na Scoláireachta nuair a thosaigh a hiníon ar an ollscoil sa bhliain 1991 (ach go raibh sé ar an liosta anois). Roghnaigh an iníon staidéar a dhéanamh ar leigheas i gCorcaigh a bhí níos gaire don bhaile mar gur thuig sí nach mbeadh an Scoláireacht �Trí Ghaeilge� le fáil dá ndéanfadh sí staidéar ar leigheas i nGaillimh.

Bhí a fhios ag m�Oifig, mar gheall ar ghearáin eile (féach Tuarascáil Bhliantúil 1995, L. 55), go raibh neamhréireachtaí ann thar na blianta i dtaca le riaradh na scéime scoláireachta seo. Bhí a fhios againn, ach go háirithe, gur tugadh scoláireachtaí do mhic léinn a raibh leigheas á dhéanamh acu i nGaillimh cé nach raibh leigheas liostaithe mar chúrsa ceadaithe i COG. Ba léir gur ghlac an mac léin áirithe seo leis, go réasúnach, nach raibh leigheas san áireamh sa liosta cúrsaí ceadaithe i COG agus, dá bhrí sin, nach dtiocfadh léi leas a bhaint as an scoláireacht chun staidéar a dhéanamh ar leigheas i nGaillimh. Go praiticiúil, dá rachadh sí chuig an ROE faoin ábhar is dócha go bhfaigheadh sí scoláireacht cé nach raibh leigheas ar an liosta cúrsaí ceadaithe. Le fírinne, ba léir go raibh dochar déanta i gcás an mhic léinn seo ó tharla nárbh eol di go raibh riail neamhscríofa ann i dtaobh na scéime scoláireachta.

Mheas mé go raibh sé mícheart gur chaill an mac léinn seo scoláireacht measartha mór, thar sé bliana, mar gur ghlac sí leis na rialacha do scoláireachtaí mar a bhí siad scríofa síos. Go hámharach, ghlac an ROE leis an seasamh sin agus chinn sí ar thairbhe na scoláireachta a thabhairt di cé go ndearna sí staidéar i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, seachas i nGaillimh. D�íoc an ROE na riaráistí scoláireachta leis an mac léinn, is é sin le rá, suim �10,319 mar aon le suim bhreise �1,273 mar chúiteamh as an moill a bhain leis an scoláireacht a thabhairt.



Uaireanta is leor scéala a fháil faoi thaithí gearánaigh amháin chun a thuiscint go bhfuil fadhb ghinearálta ann a fhearann ar a lán daoine eile. Tá sé de chumas ag m�Oifig bogadh ó scrúdú a dhéanamh ar ábhar ar leith chuig scrúdú níos forleithne a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an fhadhb sin ag déanamh dochair do dhaoine eile. Sa Tuarascáil Bhliantúil anuraidh thug mé sonraí i dtaobh cáis áirithe a bhain le Comhairle Chontae na Mí agus ina leanadh d�íocaíochtaí iasachta tí ar feadh i bhfad tar éis an iasacht a bheith íoctha go hiomlán. Mar gheall ar an gcás amháin sin rinne mé imscrúdú ar an méid a d�fhéadfadh an earráid chéanna a bheith ag tarlú in údaráis áitiúla eile. Foilseofar an tuarascáil faoin imscrúdú níos forleithne sin ar ball beag; taispeánfaidh sí go raibh an cleachtas, a tháining chun solais sa ghearán i gcoinne Comhairle Chontae na Mí, forleathan i measc na n-Údarás i gcoitinne agus gur choimeádadh suimeanna substaintiúla de ró-íocaíochtaí ar iasachtaí. Le linn 1999, mar gheall ar ghearán i gcoinne Chomhairle Chontae Uíbh Fhailí, sainaithníodh fadhb i dtaca le córais inmheánacha rialaithe airgeadais a d�fhéadfadh a bheith ann freisin in údaráis áitiúla eile.

Fuair an gearánach iasacht ón gComhairle chun teach nua údaráis áitiúil a cheannach sa bhliain 1979. Mar cheannaitheoir tí nua céaduaire bhí sé i dteideal deontas �1,000 a fháil ón Roinn Comhshaoil. Thuig sé gur íoc an Roinn an deontas sin go díreach leis an gComhairle agus go laghdófaí méid na hiasachta agus na n-aisíocaíochtaí dá réir sin. Sa bhliain 1998 d�iarr an gearánach daingniú á rá gur íocadh an �1,000 agus gur creidiúnaíodh lena chuntas iasachta é. Dhaingnigh an Roinn gur íocadh an deontas leis an gComhairle ach ní raibh aon taifead ag an gComhairle i dtaobh é a fháil. Is ag an am sin a rinne sé gearán le m�Oifigse.

Tar éis mionscrúdú a dhéanamh ar a taifid, dhaingnigh an Chomhairle sa deireadh go bhfuair sí an deontas. Ach le linn ríomhairiú a dhéanamh ar a cuid cuntas iasachta sa bhliain 1988, fágadh an íocaíocht �1,000 ar lár agus bhí na haisíocaíochtaí ina dhiaidh sin bunaithe ar mhéid iomlán na hiasachta bunaidh. B�ionann sin is a rá go raibh ró-íocaíocht �1,195 íoctha ag an bhfear lena chuntas iasachta sa tréimhse 1988 go 1999. D�aisíoc an Chomhairle an ró-íocaíocht sin agus cheartaigh sí an taifead i leith chuntas iasachta an ghearánaí. Chinn an Chomhairle í féin go bhféadfadh sé gur tharla botún den tsamhail chéanna i gcásanna eile den sórt sin agus thug siad faoi na cásanna sin a sheiceáil. Mar gheall ar an tseiceáil a rinne an Chomhairle, thángthas ar 13 chás eile go nuige seo. I gceann amháin de na cásanna seo b�ionann an méid a ró-íocadh ar an iasacht agus suim �4,306.

Tá mé ag leanúint ar aghaidh le mo chuid fiosrúchán le Comhairle Chontae Uíbh Fhailí i dtaobh conas go díreach a tharla an fhadhb seo agus, freisin, d�fhonn figiúr cinnte a aimsiú don líon cásanna atá i gceist. Tá ceist ghaolmhar ann, a tháinig chun cinn i gcás ceann amháin de na 13 chás a sainaithníodh go nuige seo, is é sin le rá, an ceart don Chomhairle cúiteamh éigin a íoc i leith na míríomhaireachta a rinne sí i dtaca leis na haisíocaíochtaí iasachta. Agus, ina theannta sin, ó tharla go bhféadfadh sé gur tharla botúin den tsamhail chéanna in údaráis áitiúla, d�iarr mé ar an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil a chinntiú go ndéanfaidh gach údarás áitiúil seiceáil mhaith ar a dtaifid chun aon chásanna den sórt seo a shainaithint.


Bíonn ar m�Oifig, uaireanta, forbairt a dhéanamh ar an argóint ar mian leis an ngearánach a dhéanamh agus an argóint sin a chur i bhfriotal. Léirítear an pointe sin sa ghearán seo a leanas i gcoinne na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail & Teaghlaigh (RGSPT) ina dtógtar ceisteanna maidir le rialacháin slándála sóisialaí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm in Éirinn.

Tá an gearánach agus a chéile ina náisiúnaigh de bhallstát eile den AE ach tá cónaí orthu in Éirinn le tamall de bhlianta. Tá an bhean éagumasaithe agus ní mór dá fear céile leibhéal ard cúraim a thabhairt di. Ba é an t-aon fhoinse ioncaim a bhí ag an lánúin ná íocaíocht mhíchumais slándála sóisialaí leis an mbanchéile óna dtír féin. I mí na Nollag 1993 chuir an fear céile iarratas chuig an RGSPT ar an Liúntas Cúramóra ach níor éirigh leis an iarratas mar go ndearnadh ioncam a bhanchéile a mheasúnú ina aghaidh. Rinne sé achomharc maidir leis an gcinneadh sin ach níor éirigh leis agus níor éirigh le hiarratas eile ina dhiaidh sin ach oiread. Sa deireadh, i mí an Mheithimh 1995, tar éis scaoileadh a dhéanamh ar na rialacha don triail acmhainne, cháiligh sé i gcomhair ráta laghdaithe Liúntais Cúramóra. Ach lean sé den agóid i gcoinne bhailíocht na ndiúltuithe roimhe sin agus rinne sé gearán le m�Oifigse sa bhliain 1996.

Rinneadh tagairt sa litir ghearán, ar mhodh ginearálta, do rialacháin slándála sóisialaí an AE agus don tuairim gur ceart go bhfaighidh saoránaigh AE a chónaíonn lasmuigh dá dtír féin an chóiréail chéanna, i dtaca le cúrsaí slándála sóisialaí a fhaigheann saoránaigh na tíre ina bhfuil cónaí orthu. Dá mbeadh a bhean easlán ag fáil íocaíochta slándála sóisialaí Éireannaí dhéanfaí í a fhágáil ar lár ar fad le linn measúnú a dhéanamh i leith Liúntais Chúramóra. De réir an ghearánaigh, bhí ceanglas ann i ndlí slándála sóisialaí AE gur ceart déileáil leis an íocaíocht míchumais lena bhean óna dtír féin (a bhí níos mó ná an íocaíocht in Éirinn) sa tslí chéanna ina ndéileálfaí le híocaíocht Éireannach i.e. is ceart é a fhágáil ar lár ar fad i dtaca leis an triail acmhainne. Dúirt sé gur cás é seo ina raibh tosaíocht ag dlí an AE thar dhlí baile na hÉireann. Rinne sé gearán go ndearnadh gach duine a bhí bainteach leis an ábhar neamhshuim den argóint sin.

Tar éis scrúdú a dhéanamh , ní raibh aon fhianaise ann go ndearna an RGSPT ná an Oifig Achomharc aird mhionsonraithe ar an argóint i dtaobh dhlí an AE. Os a choinne sin, ba léir nár cuireadh an argóint ina láthair go hiomlán ná nár tugadh tacaíocht iomlán ina leith. Mheas mise go raibh dealramh leis an argóint AE agus gur ceart é a scrúdú tuilleadh. Tar éis an t-ábhar a bhreithniú ba léir go bhféadfadh sé go raibh an fhoráil in Achtanna Leasa Shóisialaigh na hÉireann, lena ndéantar íocaíochtaí slándála sóisialaí na hÉireann a eisiamh (ach nach ndéantar amhlaidh i gcás íocaíochtaí slándála sóisialaí ó thíortha eile) ón triail acmhainne don Liúntas Cúramóra - sa tslí ina gcuirtear an fhoráil sin i bhfeidhm ar a laghad - contrártha don fhoráil Eorpach iomchuí maidir le slándáil shóisialach i.e. Airteagal 3 de Rialachán CE 1408/71. Ceanglaítear le hAirteagal 3.1 go mbeidh daoine a chónaíonn i gcríoch ceann amháin de na Ballstáit lena mbaineann an Rialachán seo faoi réir na n-oibleagáidí céanna, agus go mbeidh na tairbhí céanna acu, faoi reachtaíocht aon Bhallstát atá ar náisiúnaigh nó ag náisiúnaigh an Stáit sin.

Mheas mé gurbh ionann eisiamh ioncaim ó fhoinse slándála sóisialaí Éireannaí ón triail acmhainne agus idirdhealú indíreach in aghaidh náisiúnach AE eile nach dóigh dóibh, sa chuid is mó cásanna, a bheith ag fáil íocaíochtaí den sórt sin. Dá réir sin, dúirt mé leis an RGSPT go raibh cás maith ann chun a chreidiúint go raibh sárú déanta ag an bhforáil Éireannach ar Airteagal 3 den Rialachán. Idir Bealtaine 1997 agus Meitheamh 1999 bhí an t-ábhar seo á phlé agam leis an RGSPT. Baineann cuid den mhoill sin le castacht na gceisteanna a tháinig chun cinn lena n-áirítear an raibh an gearánach ina dhuine a tháinig faoi réim an rialacháin AE. San idirlinn, réitigh an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1998 an t-ábhar ar bhonn reatha. Rinne socrú leis gurb é a tharlóidh i gcás céile cúramóra a bheith ag fáil íocaíochta slándála sóisialaí ó bhallstát eile, ar íocaíocht í ar a dtugtar Pinsean Easláine in Éirinn, ná go ndéanfar neamhshuim, le linn na trialach acmhainne do Liúntas Cúramóra, de mhéid den íocaíocht sin atá comhionann le ráta uasta Phinsean Seanaoise Ranníocach na hÉireann. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil aon idirdhealú ann a thuilleadh i bhfabhar cásanna ina bhfuil íocaíocht Éireannach ag an gcéile thar chásanna ina bhfuil íocaíocht ann ó bhallstát eile. Ach bhí teideal an ghearánaigh don tréimhse roimh Mheitheamh 1998 le réiteach fós.

I mí an Mheithimh 1999 chuir an RGSPT in iúl dom gur ghlac sí leis anois, ar bhonn comhairle dlí, gurb ionann an cleachtas a ndearnadh gearán ina leith agus sárú ar Airteagal 3 de Rialachán CE 1408/71. Bhí ceartúchán déanta ar an sárú sin san Acht Leasa Shóisialaigh, 1998, ach bhí an gearánach i dteideal riaráistí Liúntais Chúramóra siar go mí na Nollag 1993. B�ionann na riaráistí sin agus �2,360 agus d�íoc an RGSPT cúiteamh freisin mar gheall ar an moill maidir leis an íocaíocht sin a dhéanamh.



I gcás roinnt gearánach ní éiríonn leo ina ndéileálacha le comhlacht poiblí mar nach dtuigeann siad go bhfuil gá le cineál áirithe fianaise chun tacú lena gcásanna. Nuair a shroicheann gearán den sórt sin m�Oifig d�fhéadfadh sé gurb é an príomhrud a dhéanaim ná comhairle a thabhairt don ghearánach faoin tslí is fearr chun an cás a chur i láthair an chomhlachta phoiblí lena mbaineann. Le cúpla bliain anuas bhí a lán samplaí de sórt sin ann a bhaineann, ach go háirithe, le pinsinéirí nár éiligh a bpinsean in am agus a chaill riaráistí móra pinsin dá bharr sin. Sampla amháin den sórt seo atá sa ghearán seo a leanas a rinneadh i gcoinne na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh (RGSPT).

Rinneadh an gearán thar ceann mná scothaosta ar chóir éileamh a bheith déanta aici ar Phinsean Seanaoise Ranníocach sa bhliain 1980 ach nach ndearnadh éileamh ina leith go dtí an bhliain 1996. Tugadh an pinsean di agus íocadh riaráistí sé mhí. De réir chleachtas an RGSPT an tráth sin, níor íocadh riaráistí siar go 1980. Dúirt teaghlach na mná nár éiligh sí an pinsean sa bhliain 1980, ná sna blianta ina dhiaidh sin, mar go raibh sí tinn le tamall fada agus, i dteannta cúinsí trámatacha baile, gurbh ionann sin is a rá nach raibh sí in ann a cuid gnóthaí a bhainistiú. Ba é an chomhairle a thug m�Oifig dá teaghlach ná íocaíocht na riaráistí a lorg faoi théarmaí socraithe seachreachtúla a chuireann i gcuntas aon mhoill a bhaineann le pinsean a éileamh ar moill í a tharlaíonn mar gheall ar éagumas liachta. Mar thacaíocht le héileamh den sórt sin, mhol m�Oifig gur ceart fianaise mhionsonraithe liachta a lorg ó dhochtúir an phinsinéara.

In am trátha, scríobh dochtúir an phinsinéara tuairisc mhionsonraithe liachta inar cuireadh síos ar réimse tinneas ainsealach arbh iad ba chúis, dar leis, le luathmheath mór feasa agus le laghdú mór intleachta agus cuimhne. Thagair an dochtúir freisin do na cúinsí deacra sa bhaile mar ghné iomchuí den staid ina raibh sí. Ach ba é freagra na RGSPT air sin ná gurbh é tuairim a comhairleora liachta, tar éis an fhianaise liachta a cuireadh ar fáil a bhreithniú, nach raibh an pinsinéir chomh héagumasaithe sin nach raibh sí in ann pinsean a éileamh in am. Bhí iontas orm faoin tuairim sin ag féachaint don fhianaise láidir a bhí ag an bpinsinéir óna dochtúir, ó tharla nár bhuail comhairleoir liachta na RGSPT leis an bpinsinéir riamh agus ó tharla nár ghlac an comhairleoir liachta nó an RGSPT le moladh an dochtúra go rachfaí i dteagmháil leisean dá mbeadh aon sonraí eile ag teastáil.

Tar éis comhad na RGSPT a scrúdú fuair mé amach go raibh tuairim an chomhairleora liachta bunaithe, go feadh méid áirithe, ar pháirteachas an phinsinéara ina gnó beag le linn cuid den tréimhse lenar bhain tuairisc an dochtúra. Ba é an tuiscint a bhí ann ná gur dócha go bhfuil duine atá in ann obair a dhéanamh in ann a ghnóthaí nó a gnóthaí a bhainistiú. D�fhéadfadh sé, i gcoitinne, go bhfuil an tuiscint sin réasúnach ach ní gá go mbeadh sí bailí i ngach cás ar leith. Le fírinne, ghlac an RGSPT féin leis, i líon cásanna ar leithligh, go raibh daoine ar éirigh leo leanúint de bheith i bhfostaíocht éagumasach, ag an am céanna, i dtaca lena ngnóthaí a bhainistiú. Sa chás áirithe seo, mheas an teaghlach nach raibh an pinsinéir i mbun a gnó ach go hainmniúil sna blianta deireanacha a raibh an gnó ann agus go bhrath sí go hiomlán ar fhostaithe chun é a bhainistiú di.

Nuair a rinne an teaghlach teagmháil leis an RGSPT i dtosach báire dúirt siad nach raibh an pinsinéir in ann a bheith ina cónaí léi féin ar feadh an chuid is mó den tréimhse (1980 - 1996) lenar bhain na riaráistí. Luaigh an teaghlach go raibh sí ina cónaí i dtithe altranais ó 1984 i leith. Ní dhearna an RGSPT aon ní faoin ráiteas sin riamh agus ní raibh aon ní déanta ag an teaghlach chun é a fhíorú nó chun scrúdú a dhéanamh faoina thábhacht. Mhol mé don teaghlach gur cheart go mbeadh cás níos láidre ann i dtaca le híoc riaráistí dá bhféadfaí an méid sin a fhíorú agus dá gcuirfí an fíorú sin leis an bhfianaise liachta. In am trátha thug an teaghlach fianaise ar aird ar chónaí an phinsinéara i dtithe altranais éagsúla agus, ina theannta sin, bhí sonraí acu faoi sealanna a bhí caite aici san ospidéal idir 1979 agus 1993. D�fhéach an RGSPT ar an gcás arís agus, mar gheall ar an bhfianaise nua seo, chinn siad riaráistí pinsin a dheonú ó mhí Eanáir 1984, eadhon, ón dáta a chuaigh an pinsinéir isteach i dteach altranais. B�ionann na riaráistí sin agus beagnach �31,000 (agus íocadh méid �4,800 ar leithligh i mí na Nollag 1998 de réir socruithe ginearálta maidir le cuid de riaráistí pinsin gan íoc a íoc i gcásanna �éileamh déanach� den sórt seo).

Back to contents