Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 1999

Caibidil 3 - Cásanna Roghnaithe agus Ceisteanna Ginearálta

Cásanna Roghnaithe agus Ceisteanna Ginearálta

Tá réimse na bhfreagrachtaí atá ar chomhlachtaí poiblí ollmhór agus dá réir sin is ollmhór an scóip atá ann do ghearáin chuig m�Oifig mar gheall ar chomhlíonadh na bhfreagrachtaí sin. Gach bliain bíonn ceisteanna nua ann in éineacht leis na hearnálacha seanbhunaithe gearán. Sa chaibidil seo, leagaim amach sonraí faoi chásanna ar déileáladh leo le linn 1999 ar cásanna iad lena mbaineann ceisteanna spéisiúla maidir leis an dlí agus/nó maidir le dea-chleachtas riaracháin. Ní raibh aon tagairt i dTuarascálacha Bliantúla le tamall de bhlianta do roinnt de na ceisteanna seo, mar shampla cearta slí poiblí a chosaint nó deacrachtaí a bhaineann le fógraí faoi chead pleanála; i gcás roinnt cásanna eile, bíonn siad ann ó bhliain go bliain, mar shampla, fadhbanna maidir le riaradh na Scéime Deontais Ardoideachais nó fadhbanna maidir le híocaíochtaí ceannsraithe éagsúla le feirmeoirí.



I gcás gníomhartha comhlachta phoiblí, ní mór dóibh a bheith údaraithe go soiléir sa reachtaíocht nó sna rialacha iomchuí. Le fírinne, is ionann gníomhartha a dhéantar gan údarás cuí agus mí-úsáid cumhachta.

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

In dhá chás ar leithligh rinne daoine gearán gur diúltaíodh Deontais Ardoideachais dá leanaí i leith bliana inar tharla sé go raibh a n-ioncam iarbhír laistigh den teorainn atá ann chun cáiliú do dheontas. Sa dá chás bhí tuismitheoir, a bhí dífhostaithe roimhe sin, tar éis fostaíocht a fháil agus dá bharr sin tharla méadú ar ioncam na dtuismitheoirí. Ach, in ionad cáilitheacht a chinneadh faoi threoir ioncam iarbhír na dtuismitheoirí don bhliain, rinne an Roinn ioncam barúlach a mheasúnú a bhí bunaithe ar an méid a bheadh ann i gcás an tuismitheoir a bheith i bhfostaíocht ar feadh bliana iomláine. D�fhág an t-ioncam barúlach sin go raibh ioncam na dtuismitheoirí os cionn na teorann ioncaim sa dá chás. Ach bhí an t-ioncam iarbhír sa dá chás faoi bhun na teorann ioncaim. Ní nach ionadh ba ábhar éagóra an cur chuige sin do na tuismitheoirí lena mbaineann agus rinne siad gearán le m�Oifigse.

Dúirt an Roinn gurbh é an polasaí é, i gcásanna ina dtarlaíonn méadú ar ioncam ar méadú é ar dóigh dó a bheith buan, go ndéantar an t-ioncam seachtainiúil níos airde a �bhliantúlú� agus an measúnú dá thoradh sin a chur i bhfeidhm don bhliain lena mbaineann. Ní luaitear an polasaí sin sna doiciméid a bhaineann leis an scéim dheontas. Ach dúirt an Roinn go leantar de chleachtas den tsamhail chéanna i gcás ina dtarlaíonn laghdú ar ioncam agus go dtéann an cleachtas chun tairbhe mac léinn sna cásanna sin. Mar shampla, i gcás ina dtagann tuismitheoir chun bheith dífhostaithe i gcúrsa bliana, agus inar mó an t-ioncam iarbhír don bhliain sin ná an teorainn ioncaim, déantar ioncam barúlach atá bunaithe ar an ioncam bliantúlaithe �nua� (ar íocaíocht leasa shóisialaigh é de ghnáth) a chur i bhfeidhm agus téann sé sin chun tairbhe an mhic léinn de ghnáth.

Is cinnte go dtacaím le solúbthacht a chur i bhfeidhm i gcás é sin a bheith ar mhaithe le mic léinn agus i gcás in a meastar an toradh a bheith cothrom i gcoitinne. Ach mheas mé nach raibh toradh na gcásanna seo cothrom nó nach raibh sé de réir na rialacha a bhí foilsithe i leith na scéime deontas. I ndiaidh an t-ábhar a phlé, d�aontaigh an Roinn na cásanna a chinneadh faoi threoir an ioncaim iarbhír seachas faoi threoir ioncaim bharúlaigh. Is é a tharla dá bharr sin ná gur deonaíodh deontais sa dá chás. D�aontaigh an Roinn freisin éirí as an gcleachtas tríd a ndéantar bliantúlú ar mhéadú ar ioncam i gcás ina dtarlaíonn athrú dearfach ar ioncam tuismitheoirí. Ach leanfaidh sí de bhliantúlú a dhéanamh ar ioncam i gcás ina dtarlaíonn athrú diúltach d�fhonn tairbhe a thabhairt do mhic léinn san earnáil sin.

Bord Sláinte an Oirthir

Is ceart scéim náisiúnta, atá bunaithe ar reachtaíocht phríomha agus atá á riaradh ar bhonn réigiúnach, a riaradh sa tslí chéanna ar fud na tíre. Is é a éiríonn as athruithe réigiúnacha ar riaradh scéimeanna náisiúnta ná neamhréireacht agus éagothroime.

Rinne fear iarratas faoin scéim aisíocaíochta drugaí (SAD) ar aisíocaíocht i leith costas a tabhaíodh ar mheaisín ocsaigine a fháil ar cíos. D�inis Bord Sláinte an Oirthir (BSO) dó nach raibh costais den sórt sin clúdaithe faoin SAD ach go bhféadfadh sé go mbeadh sé in ann cúnamh airgid a thabhairt faoi scéim ar leithligh dá mbeadh íoc na gcostas sin ina chúis le cruatan airgeadais. Bheadh gá le triail acmhainne a dhéanamh chuige sin. Ní raibh an t-iarratasóir sásta leis sin mar gur chreid sé gur chlúdaigh an SAD - nach bhfuil triail acmhainne ann ina leith - an cineál seo cáis.

Nuair a rinne an fear seo gearán le m�Oifigse, dúirt sé go raibh an costas a ghabhann le meaisín ocsaigine a fháil ar cíos clúdaithe ag SAD i gceann amháin ar a laghad de na boird sláinte. Rinne sé gearán á rá go rabhthas ag déileáil leis [ag BSO] ar shlí ba lú fabhar ná mar a bhí amhlaidh i gcás duine i gcúinsí comhchosúla a bhí ina chónaí i gceantar boird sláinte eile. Sheiceáil mé an cleachtas sna boird sláinte go léir eile agus fuair mé amach go raibh an ceart ag an ngearánach; chlúdaigh gach ceann díobh an costas a bhain le measín ocsaigine a fháil ar cíos faoin scéim aisíocaíochta drugaí. Le fírinne, dhéileáil m�Oifig le gearáin den tsamhail chéanna roimhe sin agus cinneadh an tráth sin gur fearas liachta atá clúdaithe leis an Acht Sláinte, 1970 meaisín ocsaigine a fhaightear de bhun oidis ó lia-chleachtóir cláraithe. Is léir go raibh an SAD beartaithe chun costais leanúnacha fearas liachta a chlúdach. Ba iontach an rud é go raibh BSO ag cur costais den sórt sin san áireamh, mar ba cheart, in éilimh ar aisíocaíochtaí chomh fada siar le 1985 nuair a bhí cúis ag m�Oifig fiafraí a dhéanamh i dtaobh na ceiste seo.

Tar éis an t-ábhar a phlé, ghlac BSO leis gurbh ionann meaisín ocsaigine a fháil ar cíos agus costas liachta a bhí cáilithe i gcomhair aisíocaíochhta. Ach dhiúltaigh BSO an aisíocaíocht a iardhátú go dtí an bhliain 1997 nauir a thosaigh an fear ar an meaisín a úsáid. Dúirt mé leis an ngearánach achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin chuig oifig achomharc inmheánach BSO. Rinne sé sin agus dúirt sé ach go háirithe go bhfuil oibleagáid ar gach eagraíocht san earnáil phoiblí déileáil sa tslí chéanna le cásanna den tsamhail chéanna. D�éirigh lena achomharc agus iardhátaíodh a iarratas ar aisíocaíocht go dtí an bhliain 1997.



Glactar leis an bprionsabal dea-riaracháin gur ceart do chomhlachtaí poiblí a bheith oscailte agus trédhearcach le linn déileáil le daoine. Ina theannta sin, i gcás ina ndéantar comhaontú idir comhlacht poiblí agus duine aonair tá sé tábhachtach nach mí-úsáideann an comhlacht poiblí a staid mar an páirtí is cumhachtaí chun téarmaí bunaidh an chomhaontaithe a shárú.

Comhairle Chontae Chill Dara

Rinne bean gearán go ndearna sí iarratas chuig Comhairle Chontae Chill Dara ar thithíocht agus, d�ainneoin go raibh sí i dteagmháil go minic leis an gComhairle, nach raibh sí in ann a fháil amach cén áit a raibh sí ar a liosta tithíochta.

D�inis an Chomhairle do m�Oifig nach raibh �córas pointí� ann ina Scéim Tosaíochtaí Ligean Ar Cíos nuair a bhí tithe á dtabhairt do dhaoine. Ar an ábhar sin, ní raibh an Chomhairle in ann a rá leis an ngearánach cén uair a d�fhéadfadh sí a bheith ag súil le teach a fháil nó cén áit ina raibh sí ar an liosta tithíochta. Tharraing mé aird na Comhairle ar Chiorclán ón Roinn Comhshaoil sa bhliain 1993 ina ndéantar socrú gur ceart d�údaráis [tithíochta] a gcuid iarratasóirí ceadaithe go léir ar thithíocht a liostú in ord tosaíochta agus gur ceart dóibh a bheith in ann a rá le haon iarratasóir, dá réir sin, cén áit ina raibh sé/sí ar an liosta. De réir an Chiorcláin, bhí údaráis tithíochta le socruithe a chur i bhfeidhm faoi Mheán Fómhair 1993 chun an ceanglas seo a chomhlíonadh.

Mheas mé go bhfuil iarratasóirí ar thithíocht i dteideal fios a bheith acu cé na critéir a úsáidtear chun leithroinntí tithe a chinneadh agus, chomh maith leis sin, conas a fhearann na critéir sin ar a n-iarratas féin i.e. cén áit ina bhfuil siad ar an liosta tithíochta. Tar éis do m�Oifig teagmháil a dhéanamh roinnt uaireanta leis an gComhairle d�aontaigh sí córas a thabhairt isteach a chumasódh di a chur in iúl d�iarratasóirí cén áit a bhí acu, go garbh, ar an liosta tithíochta.

Bord Sláinte an Oirthir

D�iarr Bord Sláinte an Oirthir (BSO) ar Bhean Uí A. cailín sé bliana d�aois, a raibh cúram ag teastáil ina leith ar bhonn éigeandála, a ghlacadh ar feadh tréimhse gairide. D�aontaigh sí agus tugadh conradh di ina raibh socrú go n-íocfadh BSO liúntas caighdeánach léi agus go n-íocfadh an Bord aon chostais bhreise a bheadh ann i dtaca le cúram a thabhairt don leanbh. Rinne Bean Uí A. gearán le m�Oifig nach raibh BSO, go praiticiúil, ag íoc ach cuid de na costais a bhain le táillí bus a tabhaíodh i dtaca leis an leanbh a chur ar scoil. Mheas Bean Uí A. go raibh an cleachtas sin contrártha do théarmaí a conartha leis an mBord.

Nuair a rinne mé scrúdú ar an ábhar fuair mé amach go raibh BSO ag asbhaint suim �3 sa tseachtain as an liúntas seachtainiúil caighdeánach d�ainneoin go raibh sé ag aisíoc na gcostas a bhain le hiompar scoile don leanbh. (I gcás leanaí ag freastal ar mheánscoil ba é �5 sa tseachtain an asbhaint.) B�ionann sin is a rá, dáiríre, go raibh Bean Uí A. ag íoc an chéad �3 sa tseachtain de na costais iompair scoile. Cuireadh iontas orm nuair a fuair mé amach, dá mbeadh Bean Uí A. ina cónaí in aice le scoil oiriúnach agus in áit nach mbeadh aon chostais iompair scoile ann, go n-íocfaí an liúntas caighdeánach iomlán léi, is é sin le rá �60.25 sa tseachtain. B�ionann sin is a rá go raibh liúntas caighdeánach Bhean Uí A. á laghdú �3 sa tseachtain ar an bhforas timpisteach go raibh ar a leanbh altramais taisteal ar scoil ar an mbus. De réir BSO, b�amhlaidh an méid sin go léir mar gheall ar chinneadh polasaí a rinne sé roinnt blianta roimhe sin.

Ba é an t-ábhar ba mhó imní dom ná nach raibh aon tagairt don pholasaí sin sa chonradh cúraim altramais arbh é BSO a tharraing suas a théarmaí. Luadh sa chomhaontú go n-íocfadh BSO liúntas le Bean Uí A. agus go dtabharfadh sé cibé cúnamh airgid nó cúnamh eile chun a chumasú do na tuismitheoirí altramais cúram a thabhairt don leanbh. Cheap Bean Uí A., go réasúnach, go bhfaigheadh sí, de bhun an chonartha seo, an liúntas caighdeánach a íoctar le tuismitheoirí altramais agus, ina theannta sin, go n-íocfadh an Bord aon chostais bhreise a bhain le cúram a thabhairt don leanbh.

Mheas mise, ar chúiseanna éagsúla, nach raibh gníomhartha BSO inleithscéil. Ní raibh a pholasaí maidir le hiompar scoile trédhearcach; níor chloigh sé leis na téarmaí soiléire a aontaíodh le Bean Uí A. agus is é a tháinig as a ghníomhartha, dá bhrí sin, ná cóireáil éagothrom éagóir. Tar éis teagmhálacha le m�Oifig, d�aontaigh BSO a chleachtas a athrú agus chinn sé ar na costais iomlána iompair a íoc i leith leanaí i dteaghlaigh altramais le héifeacht ó thús na bliana 1999. I dtosach báire dhiúltaigh BSO riaráistí a íoc le Bean Uí A. i leith costas iompair ach, tar éis teagmháil ó m�Oifig faoin bpointe sin, d�athraigh sé a intinn agus fuair Bean Uí A. na riaráistí ina n-iomláine. D�íoc BSO riaráistí cuí freisin le tuismitheoirí altramais eile a d�fhulaing caillteanas mar gheall ar an gcleachtas céanna.

Comhairle Chontae Mhaigh Eo

Sa bhliain 1994 cheannaigh lánúin teach i gcomhar le Comhairle Chontae Mhaigh Eo faoin Scéim Comhúinéireachta. Thug an Chomhairle bille �340 don lánúin as costais dlí a thabhaigh sí agus d�ioc an lánúin é. Trí bliana ina dhiaidh sin fuair an lánúin bille dlí eile ón gComhairle maidir le ceannach an tí; �950 a bhí sa bhille sin. Chuir siad i gcoinne an bhille bhreise dlí sin mar gur chreid siad gur comhlíonadh a gcuid oibleagáidí go léir i dtaca le costais dlí nuair a d�íoc siad �340 sa bhliain 1994. Ach rinne an Chomhairle iarracht na costais bhreise dlí, is é sin �950, a ghnóthú tríd an ngné chíosa de na haisíocaíochtaí, a bhí á n-íoc ag an lánúin leis an gComhairle, a mhéadú. Rinne an lánúin gearán le m�Oifig faoin mbille breise i leith costas dlí agus, freisin, faoin tslí ina raibh an Chomhairle ag iarraidh na costais sin a bhailiú.

De réir an scrúdaithe a rinne mé, taispeánadh gur thug aturnaetha na Comhairle bille breise don Chomhairle sa bhliain 1995 ach nár chuir an Chomhairle scéala chuig an lánúin ina thaobh go dtí 1997. Fuair mé amach freisin nár insíodh don lánúin nuair a bhí an ceannach á dhéanamh go mbeadh costais eile dlí ann de bhreis ar an mbille a tugadh i dtosach báire. Mheas mé go raibh sé réasúnach, i gcás na lánúine, a bheith ag súil nach mbeadh aon chostais dlí eile ann tar éis an íocaíocht a dhéanamh i 1994. Ní raibh mé sásta leis an iarracht a rinne an Chomhairle an méid a ghnóthú trí mhéadú a dhéanamh go haontaobhach ar aisíocaíochtaí na lánúine. Ba léir go raibh an Chomhairle, tar éis dóibh mainneachtain a dhéanamh i dtaobh a bheith oscailte ina ndéileálacha leis an lánúin, ag baint leas as a staid mar an comhpháirtí is cumhachtaí sa Scéim chun íocaíocht bhreise a fháil nach raibh comhaontú ann ina leith.

I dtaca leis an gComhairle de, dúirt sí nárbh ionann na táillí dlí a íocadh cheana féin agus na costais dlí a tabhaíodh iarbhír. Léirigh sí freisin go raibh tagairt shoiléir sa bhileog eolais faoin Scéim do chostais dlí a bheith ann (d�ainneoin nach raibh aon chur síos sa bhileog ar mhéid na gcostas sin). Dhearbhaigh an Chomhairle go ndúirt sí leis an lánúin ag céim luath den phróiseas go mbeadh suim �1,200 i gceist leis na costais dlí. Ach chuir an lánúin ina choinne sin go hiomlán agus ní raibh mise in ann aon fhianaise dhoiciméadach a fháil chun tacú leis. Sa deireadh, ghlac an Chomhairle leis go raibh deacrachtaí ann i dtaca le riaradh na Scéime agus d�aontaigh sí an muirear breise �950 a tharscaoileadh.



An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Is minic go bhfuil na rialacha lena rialaítear an Scéim Dheontas Ardoideachais ina gcúis le gearáin i dtaobh dolúbthachta le linn cinntí a dhéanamh, rud a leanann éagothroime as. Cé go bhfuil bhonn reachtúil leis an Scéim seo, is é an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a dhréachtaíonn na rialacha mionsonraithe ina leith. I roinnt cásanna, ní mór cinntí a dhéanamh i leith na Scéime atá bunaithe ar imthosca neamhábhartha seachas ar imthosca iarbhír an mhic léinn agus ar imthosca a theaghlaigh. Ní nach íonadh bíonn deacracht ag an bpobal glacadh leis go bhféadfadh sé go nglactar cinntí a dhéanann neamhshuim de staid réadúil an mhic léinn. Bhí gearán amháin den sórt sin ina ábhar díimscrúdú faoi Alt 4 den Acht Ombudsman, 1980.

Bhain an gearán leis an tslí inar déileáladh le hiarratas ar dheontas ó mhac léinn aibí. Mínítear gurb é atá i mac léinn aibí ná duine atá 23 bliana d�aois nó os a chionn ar an 1 Eanáir den bhliain ina dtéann sé/sí isteach i bhforas oideachais tríú leibhéal. Tá teideal mic léinn aibí chun deontais faoi réir trialach acmhainne agus tá cineál na trialach acmhainne ag brath ar an mac léinn a bheith á mheas/á meas ina duine/dhuine �spleách� nó �neamhspleách�. I gcás mic léinn �spleách� cuirtear acmhainn na dtuismitheoirí agus acmhainn an mhic léinn san áireamh sa triail acmhainne. I gcás mic léinn �neamhspleách� ní chuirtear san áireamh ach acmhainn an mhic léinn (ach amháin i gcás an mac léinn a bheith pósta nó ag maireachtáil le duine eile, agus sa chás sin cuirtear acmhainn an pháirtnéara san áireamh freisin). D�éirigh an fhadhb sa chás seo as an modh a úsáideadh chun a chinneadh cé acu spleách nó neamhspleách a bhí mac léinn aibí.

Ní mhíníonn an reachtaíocht an téarma �spleách�. Mínítear an téarma sin i rialacha riaracháin na Roinne, áfach, i gcás mac léinn aibí faoi threoir áite cónaithe sa bhliain roimh dhul isteach in ardoideachas. Más rud é, sa bhliain roimh dhul isteach sa choláiste, go raibh an t-iarratasóir ina cónaí lena tuismitheoirí ansin déileálfar léi mar dhuine �spleách� chun críocha deontais; agus, i gcás cónaí a bheith ar an mac léinn ar shiúl ón mbaile sa bhliain sin, measfar í a bheith �neamhspleách� chun críocha deontais. Tá tábhacht ag an gceist i dtaobh spleáchais, ní hamháin i dtaca le cinneadh a dhéanamh faoin triail acmhainne lena mbaineann ach, freisin, ina lán cásanna, i dtaca le cinneadh a dhéanamh cé acu a gheobhaidh an mac léinn an ráta is airde deontais, is é sin an ráta �neamh-thadhlach�, nó an ráta is ísle deontais, is é sin an ráta �tadhlach�. (Baineann sé sin leis an gcleachtas trína n-íoctar ráta níos ísle le daoine a bhfuil cónaí orthu tadhlach leis an gcoláiste - mínítear gurb ionann é sin agus laistigh de 15 mhíle - agus trína n-íoctar ráta níos airde le daoine nach bhfuil cónaí orthu tadhlach leis an gcoláiste - is é sin daoine a bhfuil cónaí orthu níos mó ná 15 mhíle ón gcoláiste.) Meastar gurb é áit chónaithe mic léinn aibí �spleách� ná áit chónaithe a tuismitheoirí is cuma cén áit a bhfuil cónaí uirthi iarbhír; agus meastar gurb é áit chónaithe mic léinn aibí �neamhspleách� ná an áit a bhfuil cónaí uirthi iarbhír.

Rinne máthair mic léinn aibí 24 bliana d�aois gearán go raibh an ráta íseal �tadhlach� deontais á íoc lena hiníon. Bhí an mac léinn neamhspleách i dtéarmaí airgid roimh dhul isteach i gcoláiste i mBaile Átha Cliath ach bhí sí spleách ar a máthair, a bhfuil cónaí uirthi i gContae Mhaigh Eo, ó theacht chun bheith ina mac léinn. Bhí cónaí ar an iníon i gcóiríocht ar cíos agus bhí a máthair ag íoc an chíosa ina leith mar aon le tacaíocht eile a thabhairt di. Faoi rialacha na Scéime bhí an mac léinn á meas mar dhuine neamhspleách (mar a bhí fíor roimh thosú sa choláiste) agus, ó tharla go raibh cónaí uirthi laistigh de 15 mhíle ón gcoláiste, tugadh an ráta íseal deontais di. Dhéileáil an Roinn leis an ábhar ar achomharc ach diúltaíodh measúnú a dhéanamh ar an mac léinn amhail is dá mba rud é go raibh sí spleách ar a máthair. Dá nglacfaí leis an méid sin, agus ó tharla go raibh acmhainn na máthair laistigh den teorainn le haghaidh cáilitheachta don deontas, bheadh an mac léinn cáilithe chun an ráta ard �neamhthadhlach� deontais a fháil. Bheadh sé sin amhlaidh ar an mbonn go nglacfaí leis gurbh é a háit chónaithe áit chónaithe a máthar a bhí ina cónaí níos mó ná 15 mhíle ón gcoláiste.

Ní raibh aon díospóid ann, ar thaobh na Roinne, i dtaobh an mac léinn seo a bheith spleách ar a máthair. Ach, dar leis an Roinn, ba é an t-aon rud amháin trína ndéanfaí a stádas spleáchais a chinneadh faoi rialacha na Scéime ná go raibh sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath le linn na bliana roimh tosú sa choláiste. Níor bhain aon ní eile leis an ábhar.

Thaispeáin an t-imscrúdú a rinne mise gurbh é a tharla sa chás seo, d�ainneoin rialacha na Scéime a bheith curtha i bhfeidhm sa ghnáthshlí, ná go raibh an cinneadh éagórach agus éagothrom sa chás áirithe seo. Ina theannta sin, bhí an toradh rud beag míréasúnta i gcomhthéacs an teaghlaigh a bhí i gceist. Bhí deirfiúr óg an mhic léinn ina cónaí i gcóiríocht ar cíos freisin le linn di freastal ar choláiste agus bhí an bheirt chailín ag comhroinnt cóiríochta ag tráth áirithe. Bhí cónaí ar an mbeirt acu laistigh de 15 mhíle óna gcoláistí ach, ó tharla nach raibh an deirfiúr óg san aicme mac léinn aibí, fuair sise an ráta ard deontais. Rinneadh sin ar an mbonn go raibh an deirfiúr óg ina cónaí de ghnáth lena máthair i gContae Mhaigh Eo agus, dá bhrí sin, bhí sí i dteideal an ráta ard �neamhthadhlach� deontais a fháil. B�ionann an difríocht idir an ráta ard agus an ráta íseal, thar thrí bliana, agus �2,932 sa chás seo.

Is léir go bhfuil an réasúnú don idirdhealú idir an dá ráta deontais bunaithe ar thuiscint gur dócha go mbeidh ar mhic léinn, a bhfuil a ngnátháit chónaithe suite níos mó ná 15 mhíle ó choláiste, níos mó a íoc as cóiríocht ar cíos. Dá ainneoin sin, chosain an Roinn an tslí inar dhéileáil sí leis an gcás seo cé nár chuir sí i gcoinne na hargóna go raibh an mac léinn spleách ar a máthair agus go raibh uirthi cóiríocht a fháil ar cíos mar go raibh cónaí ar a máthair i gContae Mhaigh Eo. Lena rá ar shlí eile, bhí an ráta ard deontais ceaptha chun cabhrú leis an gcineál seo cáis ach, mar gheall ar an tslí inar dearadh an Scéim, ní fhéadfaí an ráta seo a íoc iarbhír i roinnt cásanna den sórt seo.

Le linn an imscrúdaithe chinn an Roinn ar an ráta ard deontais a íoc le mic léinn aibí cháilithe is cuma cén t-achar a bhí siad ón gcoláiste. Rinneadh an t-athrú sin le héifeacht ón mbliain acadúil 1999/2000. Ach, cé go raibh fáilte roimh an bhfeabhsú ginearálta seo, níor déileáladh leis na blianta roimhe sin nuair a bhí an mac léinn seo ar an gcoláiste. Dá réir sin, lean mé ar aghaidh le m�imscrúdú ar an ngearán.

Ag deireadh an imscrúdaithe fuair mé amach:

(1) nach chomhfhreagraíonn na mínithe ar mac léinn �spleách� agus ar �neamhspleách� atá sna rialacha riaracháin le forálacha na reachtaíochta. Tá foráil sa reachtaíocht go ndéanfar deontais a thabhairt do mhic léinn faoi réir coinníollacha áirithe maidir le hacmhainn. Ach cuirtear na mínithe sna rialacha riaracháin in iúl trí thagairt d�áit chónaithe an mhic léinn seachas trí thagairt do stádas airgeadais mar dhuine spleách nó eile. Thaispeáin an cás a imscrúdaíodh gurb é a leanann as an gcóras seo ná cinntí atá bunaithe ar nithe nach mbaineann le hábhar agus atá, i ndeireadh na dála, contrártha do dhea-riarachán nó do riarachán cothrom.

(2) gurbh é a lean as feidhmiú dian na rialacha sa chás seo ná éagothroime i gcás an mhic léinn a bhí i gceist sa mhéid gur íocadh ráta deontais níos ísle léi i gcomórtas le mic léinn eile a raibh dálaí airgeadais den tsamhail chéanna acu.

Mhol mé go ndéanfaí iarratas an mhic léinn ar dheontas a mheasúnú arís ar an mbonn go raibh sí ina mac léinn a bhí spleách ar a máthair agus gnáthchónaí uirthi i gContae Mhaigh Eo. Mhol mé freisin go ndéanfadh an Roinn athbhreithniú ar an Scéim Dheontas Ardoideachais d�fhonn a chinntiú go ndéileáiltear go cothrom le mic léinn aibí agus go ndéantar cinntí atá bunaithe ar a ndálaí airgeadais iarbhír seachas dálaí barúlacha nó dálaí atá as dáta.

Ghlac an Roinn le mo chuid moltaí. Ina dhiaidh sin íocadh suim �3,028 leis an mac léinn ar suim í ina bhfuil riaráistí deontais agus cúiteamh as an moill maidir leis an íocaíocht a dhéanamh.

Tá impleachtaí ag an imscrúdú a rinne mé do chuid mhór cásanna seachas cás na mac léinn aibí. Mar shampla, tháinig mé ar chásanna daoine óga atá faoi bhun 23 bliana d�aois agus atá ina gcónaí go neamhspleách agus, le fírinne, a bhféadfadh teaghlaigh a bheith ag cuid díobh, ach déantar iad a mheasúnú amhail is dá mbeidís spleách ar a dtuismitheoirí. I gcásanna den sórt sin, úsáidtear seoladh na dtuismitheoirí chun ráta an deontais is iníoctha a chinneadh. Tá cásanna ann freisin maidir le mic léinn atá os cionn 23 bliana d�aois agus a bhí spleách ar a dtuismitheoirí nuair a thosaigh siad a gcuid staidéar ach a phós fad a bhí siad ar choláiste. Leanann an Roinn, áfach, de bheith ag déileáil le mic léinn den sórt sin amhail is atá siad spleách ar a dtuismitheoirí fós. Tá an sórt sin riaracháin dolúbtha; níl sé inghlactha agus ní mór aghaidh a thabhairt air gan mhoill.

Tuigim go bhfuil an Roinn chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Scéim Dheontas Ardoideachais mar a mhol mé. Tá mé ag súil le hathruithe suntasacha a fheiceáil sa bhliain atá romhainn ar athruithe iad a chuirfidh feabhas ar chúrsaí.

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe

Fuair mé dhá ghearán chomhchosúla maidir leis an dáta ar ceart Pinsean Scoir Feirme a íoc uaidh. De ghnáth íoctar na pinsin sin ón dáta a fhaightear iarratas bailí. Ach i gcásanna ina gcuirtear iarratais isteach gan na doiciméid riachtanacha a shonraítear (e.g. fianaise ar aistriú talún) ní ghlacann an Roinn leis an iarratas mar iarratas bailí go dtí go gcuirtear na doiciméid ar fáil. Is é an fhadhb a bhí ag an mbeirt ghearánach seo ná go raibh an Roinn an-mhall i dtaca lena rá le daoine go raibh a gcuid iarratas lochtach mar gur cuireadh isteach iad gan na doiciméid riachtanacha. B�ionann sin is a rá gur déileáladh leis na hiarratais mar iarratais neamhbhailí go dtí go raibh na doiciméid a bhí ar iarraidh curtha ar fáil ag na feirmeoirí. Dá bhrí sin is ón dáta ba dhéanaí sin a íocadh na pinsin iarbhír.

Mar shampla, i gceann amháin de na cásanna, thaisc an feirmeoir an t-iarratas i mí Feabhra 1997. I mí an Mheithimh 1997 scríobh an Roinn chuige lena rá go raibh doiciméid áirithe ar iarraidh. Cuireadh an t-ábhar breise ar fáil i mí Lúnasa agus cinn an Roinn ar dhéileáil leis an iarratas amhail is go ndearnadh é i mí Lúnasa 1997. B�ionann sin is a rá go raibh an pinsean iníoctha ó mhí Lúnasa 1997 seachas ó mhí Feabhra 1997.

Sa dá chás a scrúdaigh mé is cinnte go raibh na hiarratais bhunaidh neamhiomlán. Ach mheas mé go raibh moill mhíchuí ann ar thaobh na Roinne i dtaca leis an méid sin a chur in iúl do na hiarratasóirí. Le fírinne, bhí ceithre mhí agus cúig mhí, faoi seach, caite sular chuir an Roinn in iúl do na feirmeoirí go raibh a gcuid iarratas neamhiomlán. Sa dá chás thóg sé cúig seachtaine eile ar na feirmeoirí na doiciméid riachtanacha a sholáthar. Cé gur cheart go mbeadh a fhios ag na hiarratasóirí go raibh gá leis na doiciméid seo mar chuid den iarratas ba cheart don Roinn na heasnaimh sna hiarratais a chur in iúl dóibh i bhfad níos túisce.

Mheas mé gurbh ionann cleachtas na Roinne maidir leis an dá chás seo agus leas míréasúnach dolúbtha a bhaint as a gcuid rialacha féin. Luaigh mé don Roinn go ndearnadh tagairt don chineál seo faidhbe ina Cairt um Chearta d�Fheirmeoirí a foilsíodh i 1995. Gheall an Chairt go gcuirfí feabhas mór le linn 1995 ar an am a thógann sé chun freagra a thabhairt ar fheirmeoirí má bhíonn fadhb lena n-iarratais agus, ó 1996 amach, go bhfaigheadh feirmeoirí scéala i scríbhinn laistigh de 2 - 4 seachtaine faoi fhadhbanna a éiríonn. Dá gcomhlíonfaí an gealltanas sin sna cásanna seo d�fhéadfadh na feirmeoirí iarratais nua a chur isteach i bhfad níos luaithe ná mar a tharla sna cásanna seo. Ba é mo thuairim ná, i gcás nach ndéanann an Roinn seiceáil ar iarratas laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear é, agus i gcás ina bhfaightear amach ina dhiaidh sin go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán, nár chóir an feirmeoir a phionósú thar an chéad mhí i leith aon mhoille ar thaobh na Roinne i dtaca le seiceáil a dhéanamh ar iarratas.

Rinne an Roinn athbhreithniú ar a seasamh sa dá chás seo agus d�aontaigh sí loighic m�argóna ginearálta a chur i bhfeidhm maidir leo. Is é a tháinig as sin ná gur tugadh na pinsin ó dhátaí níos luaithe, trí mhí agus ceithre mhí faoi seach, ná mar a cinneadh i gcéaduair. Ó tharla go gcreidim gur ceart go mbeadh an Roinn in ann gach iarratas den sórt sin a sheiceáil laistigh de mhí amháin ar a laghad ón dáta a fhaightear iad, d�iarr mé ar an Roinn an nós imeachta ar glacadh leis sa deireadh sa dá chás seo a chur i bhfeidhm maidir le gach cás den sórt seo sa todhchaí. Ar an dóigh sin ní fhulaingeoidh feirmeoirí caillteanas airgeadais míréasúnach mar gheall ar mhoileanna laistigh de Ranna.

An Roinn Airgeadais

Tá réimse eile ann ina bhféadfadh easpa reachtaíochta i gcomhréir le cúinsí réadúla a bheith ina cúis le héagothroime is é sin le rá faoiseamh cánach i leith costas liachta. Is ábhar mór imní dom nach léir aon dul chun cinn a bheith déanta ag an Roinn Airgeadais i dtaca le tograí chun nuachóiriú a dhéanamh ar an reachtaíocht seo. Níos mó ná seacht mbliana ó shin, tharraing mo réamhtheachtaí, Michael Mills, aird ar an ngá leis an dlí sa réimse seo a uasdátú. Ba léir an tráth sin nach gcuireann an córas atá ann san áireamh forbairtí i gcleachtas liachta ó tugadh isteach é níos mó ná 30 bliain ó shin.

Léiríodh an méid sin a bheith amhlaidh i roinnt gearán faoi fhaoiseamh cánach i gcómhair cóireáil le haghaidh fadhbanna meabhair-shláinte. Sna Tuarascálacha Bliantúla do na blianta 1993 agus 1995, tharraing m�Oifig aird ar ghearáin faoi diúltú faoiseamh cánach a thabhairt i leith an chostais a bhain le síciteiripe. Níl feidhm ag faoiseamh cánach ach amháin i gcás inar lia-chleachtóir cláraithe an síciteirpeoir nó ina dtugtar an teiripe ar chomhairle a fháil ó lia-chleachtóir cláraithe. Sa bhliain 1995 tharraing m�Oifig siar ó scrúdú a dhéanamh ar ghearán sonrach sa réimse seo ar an tuiscint go raibh an reachtaíocht iomchuí á hathbhreithniú sa Roinn Airgeadais agus gur réasúnach a chreidiúint go mbeadh athruithe sa reachtaíocht dá éis sin.

Rinne an Roinn Airgeadais athbhreithniú ar an reachtaíocht sa bhliain 1995/96, i gcomhairle leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach ní dhearnadh aon fhoráil le haghaidh faoisimh chánach. Le linn na bliana atá imithe tharainn tógadh an cheist seo arís agus scrúdaigh mé an t-ábhar arís in éineacht leis na Coimisinéirí Ioncaim. Thaispeáin mo scrúdú nár tháinig aon toradh as an athbhreithniú a rinneadh ar an reachtaíocht agus nach ndearnadh a dhath dá bharr.

Is é mo thuairim go bhfuil sé éagórach faoiseamh cánach a bheith ar fáil i leith táillí a thabháitear de bharr cóireála síciteiripe nuair a sholáthraíonn lia-chleachtóir cláraithe an teiripe, nuair a sholáthraítear é ar chomhairle ó lia-chleachtóir cláraithe, ach nach bhfuil sé ar fáil nuair a sholáthraíonn síceolaí cáilithe an chóireáil chéanna go díreach. Mhol mé arís don Roinn Airgeadais gur ceart go mbeifí in ann an reachtaíocht iomchuí a leasú chun faoiseamh cánach a sholáthar sa réimse seo. I dtosach báire, dúirt an Roinn go bhféachfaidís ar an ábhar ar shlí
chomhchiallach i gcomhthéacs an Bhille Airgeadais, 2000. Ach sa Bhille Airgeadais, 2000 - a foilsíodh le déanaí - níl foráil ar bith sa réimse seo. Thug an Roinn an míniú seo ar an cheist:

� Cé go nglactar leis i bprionsabal gur ceart faoiseamh cánach a bheith ar fáil i gcás cóireála ó síceolaí cáilithe, measann an Roinn Airgeadais nach mbeadh sé seo indéanta gan clár cuí de síciteirpeoirí bheith ar fáil. Bhí ráite ag an Roinn Sláinte agus Leanaí...go raibh sí ag smaoineamh ar chlár den sórt seo a eagrú. Ach tá tugtha le fios ag an Roinn sin anois nach bhfuiltear ag súil le clár mar seo a bheith ar fáil roimh deireadh na bliana 2000.�

Tá an seasamh sin an-chosúil leis an seasamh a bhí ag an Roinn sa bhliain 1996. Is cúis díomá a fháil amach nach ndearnadh athbhreithniú cuimsitheach ar an ábhar seo i bhfianaise na bhforbairtí atá tar éis tarlú le 30 bliain anuas. Dá bharr sin, tá teideal chuig faoiseamh cánach maidir le costais liachta á chinneadh fós ar bhonn córais a bhí oiriúnach i mblianta na 1960-idí, b�fhéidir, ach is ar éigean atá sé oiriúnach sa bhliain 2000.

An Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh

Má leantar de sheanreachtaíocht agus de reachtaíocht atá as dáta a chur i bhfeidhm, tá an seans ann go dtarlóidh éagothroime agus tá tuairiscí tugtha i dtaobh roinnt samplaí de sin i dTuarascálacha Bliantúla an Ombudsman thar na blianta. Baineann ceann amháin de na samplaí sin, ar thug mo réamhtheachtaí Micheal Mills tuairisc ina leith ina Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 1987, leis an tslí ina ndéileáiltear le hoibrithe páirtaimseartha chun críocha árachais shóisialaigh. Is cúis mhíshástachta é a fháil amach go dtarlaíonn an cineál céanna faidhbe fós 12 bhliain ina dhiaidh sin.

Rinne fear áirithe, a bhí fostaithe ar feadh lá amháin in aghaidh na seachtaine, éileamh ar íocaíocht dífhostaíochta don chuid eile den tseachtain. Bhí an staid seo ann le tamall de bhlianta. De réir na reachtaíochta árachais shóisialaigh, níor ceadaíodh é a bheith clúdaithe leis an ranníoc iomlán Aicme A mar nach raibh sé spleách go príomha ar a thuilleamh ón bhfostaíocht. Ach ní raibh sé i dteideal ranníoc creidiúnaithe Aicme A ach oiread in éineacht lena íocaíocht d�fhostaíochta mar nach raibh sé d�fhostaithe ar feadh na seachtaine ar fad. B�ionann sin is a rá go raibh sé eiscthe ó chosaint árachais shóisialaigh agus bhí impleachtaí aige sin i dtaca le pinsean seanaoise agus teidil easláine sa todhchaí. Tharla an dochar nuair a rinne an fear seo éileamh ar Phinsean Easláine agus gur diúltíodh an pinsean mar nach raibh taifead árachais shóisialaigh dóthanach aige.

Bhí mé sásta go raibh na cinntí a rinneadh sa chás seo de réir na rialachán iomchuí. Ach bhí an fear seo níos measa as, i dtaca le teideal chuig sochair a fhabhrú, de bhua go raibh sé ag obair ar feadh lá amháin sa tseachtain seachas é a bheith d�fhostaithe go hiomlán. Ba chosúil go raibh sé sin éagothrom agus d�-fhiafraigh mé den Roinn an bhféadfadh sí cúrsaí a chur ina gceart ar mhodh cinnidh riaracháin. D�aontaigh an Roinn go gceadófaí ranníocaí creidiúnaithe árachais shóisialaigh do gach seachtain dá raibh an fear cláraithe mar dhuine dífhostaithe. Ar an mbonn sin bhí an fear cáilithe i gcomhair Pinsin Easláine. Ach, cé go bhfuil an cás áirithe seo réitithe anois, níl aon athrú ar chúrsaí i dtaca leis an reachtaíocht láithreach.

Ina Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 1987 dúirt mo réamhtheachtaí, sa chomhthéacs seo, go bhfuil gá le hathbhreithniú leanúnach ar reachtaíocht agus ar nósanna imeachta riaracháin ag féachaint do chleachtais nua oibre agus do chleachtais athraitheacha oibre. Ba é seasamh na Roinne sa bhliain 1987 ná go raibh forálacha cuí reachtaíochta á mbreithniú chun déileáil leis an gcineál seo neamhréireachta. Ach, faoin mbliain 1999, is léir nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta maidir le breithniú na Roinne ar an ngá le leasuithe ar na rialacháin. Mar fhreagra ar an ngearán áirithe seo, dúirt an Roinn liom go bhfuil breithniú á dhéanamh ag an Roinn ar na himpleachtaí reachtaíochta agus polasaí a bhaineann leis an tslí ina ndéileáiltear le hoibrithe páirtaimseartha vis à vis oibrithe fostaithe a mhéid a bhaineann le teidil faoin gcóras árachais shóisialaigh. Feictear dom nach bhfuil sé inghlactha go bhfuil freagra na Roinne faoin gceist seo sa bhliain 1999, is é sin go bunúsach go bhfuil an t-ábhar faoi athbhreithniú, díreach cosúil lena freagra 12 bhliain ó shin i 1987. Tá mo chuid tuairimí ina leith seo curtha in iúl don Roinn.

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe

Tá prionsabal an force majeure ina ghné de dhlí an Aontais Eorpaigh agus, i gcoitinne, bíonn feidhm aige i gcás scéimeanna AE a bhaineann le talmhaíocht. Is féidir an prionsabal seo a úsáid in imthosca ina bhfuil mainneachtain gníomhú laistigh de chreat ama sonraithe agus ina mbíonn pionós i gceist de bharr na mainneachtana sin (mar shampla, i dtéarmaí cailleadh sochair). Baineann force majeure le himthosca nach bhfuil neart ag duine aonair orthu agus i gcás nach féidir na hiarmhairtí a sheachaint. Tá baint ag an bprionsabal seo le prionsabal na comhréireachta a oibríonn chun a fhoráil go mbeidh aon phionós a fhorchuirtear i gcomhréir leis an dochar a tharlaíonn, mar shampla, i gcás mainneachtain gníomhú in am. Trí na prionsabail seo cumasaítear solúbthacht a úsáid maidir le feidhmiú rialacha ionas nach mbeidh éagothroime ann. D�ainneoin go bhfuil gá, de réir phrionsabal an dea-riaracháin, go mbeadh leanúnachas ann i dtaca le déanamh cinntí ní ceart go mbeadh sé sin ina chúis le mainneachtain aird a thabhairt ar an rogha a cheadaítear, ar mhaithe le cothroime, leis na prionsabail seo.

Tuigim gurb annamh a bhaineann an Roinn leas as coincheap an force majeure agus nach n-úsáidtear é ach amháin i gcásanna eisceachtúla. Maidir le gearán a bhain leis an scéim Chúnaimh Limistéir, thug an Roinn le fios do m�Oifig nach féidir force majeure a úsáid �ach amháin i gcásanna ina gcoisceann cúinsí gan choinne ar iarratasóir iarratas a dhéanamh in am agus, ar an drochuair, ní féidir talamh a chur le hiarratas a chlúdach le force majeure�.

Sa chás áirithe seo, mhainnigh feirmeoir dáileacht talún a chur san áireamh ina iarratas ar Chúnamh Limistéir. Dá bharr sin d�íocfaí leibhéal laghdaithe íocaíochta leis. Níor thuig sé go raibh botún déanta aige go dtí go raibh an dáta deireanach caite maidir le leasuithe a chur isteach. D�iarr sé ar an Roinn gan pionós a fhorchur ina chás-sa mar, dar leis, gur bhain a mhainneachtain na sonraí a leasú in am go díreach le fadhbanna laistigh dá theaghlach. Dúirt sé go raibh a theaghlach faoi shuaitheadh mór mar go ndearnadh fáthmheas i leith a mháthair, a bhfuil cónaí uirthi leis, á rá go bhfuil Heipitíteas C uirthi ar tinneas é sin a bhí go mór i mbéal an phobail an tráth áirithe sin.

Ba léir nár chuir an Roinn imthosca neamhghnácha an cháis san áireamh agus nár chuimhnigh sí ar phrionsabal an force majeure a fheidhmiú sa chás seo. Ba é an cleachtas a bhí ann ná úsáid an phrionsabail sin a theorannú do chineálacha áirithe cásanna; ba léir go raibh laincis á cur aici ar a cumhacht roghnach. Tar éis do m�Oifig teagmháil a dhéanamh leis an Roinn, agus tar éis fianaise liachta a fháil maidir le máthair an fheirmeora, díaontaigh an Roinn go bhféadfaí glacadh leis an leasú déanach ar an iarratas ag féachaint d�imthosca eisceachtúla an cháis. Íocadh an réimse iomlán deontas leis an bhfeirmeoir ansin de bhun an chinnidh nua sin..


Le fada tá freagracht ar údaráis áitiúla chun a chinntiú go ndéantar cearta slí poiblí a chosaint. Déantar foráil ina leith sin faoi láthair in Acht na mBóithre, 1993. Tá gearáin faighte agam ó dhaoine a chreideann go bhfuil a n-údarás áitiúil tar éis mainneachtain a dhéanamh i dtaca le cearta slí poiblí den sórt sin a chosaint.

Comhairle Chontae Mhaigh Eo

Dúnadh an rochtain ar Thrá Uggool i gContae Mhaigh Eo sa bhliain 1989 nuair a thóg úinéir talún áitiúil claí. Fuair an Chomhairle Chontae gearáin gurbh ionann an claí agus forbairt neamhúdaraithe agus iarradh uirthi a chinntiú go n-athbhunófaí rochtain don phobal ar an trá. Chreid na gearánaigh go raibh ceart slí poiblí ann chun na trá. Ach d�éiligh an t-úinéir talún nach raibh ceart slí den sórt sin ann riamh. Rinneadh gearáin chuig m�Oifigse sa deireadh á rá nach ndearna an Chomhairle Chontae a dhath chun an cheist a réiteach.

Tá rogha ag na húdaráis pleanála, faoi na hAchtanna Pleanála, i dtaca le cinneadh a dhéanamh i dtaobh gníomh fordheidhmithe a ghlacadh i gcásanna ina líomhnaítear sárú ar an reachtaíocht pleanála. Le linn a chinneadh an nglacfar nó nach nglacfar gníomh forfheidhmithe, cuireann siad i gcuntas méid an tsáraithe mar aon le cinneadh a dhéanamh i dtaobh an éireoidh le caingean chúirte. Sa chás áirithe seo mhaígh an Chomhairle go mbeadh deacrachtaí ann i dtaca le toradh rathúil a bhaint amach trí na cúirteanna. Ní mór gníomh forfheidhmithe den sórt seo a ghlacadh laistigh de chúig bliana ón teagmhas agus, faoin am a tógadh ceist Uggool le m�Oifigse, bhí an tréimhse cúig bliana sin caite. B�ionann sin is a rá go raibh cosc dlí ar Chomhairle Chontae Mhaigh Eo cheana féin ar ghníomh forfheidhmithe a ghlacadh. Ach ní raibh mé sásta leis an tslí inar dhéileáil an Chomhairle leis an gceist agus, dá réir sin, chinn mé ar an ábhar a scrúdú.

Bhí a fhios ag an gComhairle go raibh claí tógtha ag an trá i 1989 agus, de réir an scrúdaithe a rinne mé ar chomhaid na Comhairle, taispeánadh go bhfuair sí 25 ghearán ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí lena n-áirítear comhlachtaí stát-tionscanta. Bhí an claí chomh leathan sin, ag leanstan ar aghaidh ag pointí áirithe chuig an urthrá agus chuig an trá, gur deacair a thuiscint nach bhfuil ann ach modh cosanta do thalamh talmhaíochta. Is deacair gan an tuairim a bheith ann go raibh an claí ann chun cosc a chur le rochtain ar an trá - agus níor chuir an Chomhairle i gcoinne na tuairime sin. Rinne an Chomhairle teagmháil leis an úinéir talún roinnt uaireanta ó 1989 i leith. Sa bhliain 1992 lorg an Chomhairle comhairle dlí faoin gcás; ach níor glacadh aon ghníomh ansin nó sna blianta dá éis sin.

Tar éis do m�Oifig teagmháil a dhéanamh le Comhairle Chontae Mhaigh Eo thar thréimhse áirithe, thug an Chomhairle dearbhú dom sa bhliain 1999 go raibh rún daingean aici anois a chinntiú go mbeadh rochtain shábháilte ag an bpobal ar an trá. Deir an Chomhairle go mbeartaíonn sí sin a dhéanamh trí ordú ceannaigh éigeantaigh nó trí ceart slí poiblí a chruthú go héigeantach. Cuirim fáilte roimhe sin. Ach is cúis mhíshástachta dom gur thóg sé deich mbliana chun an pointe seo a shroicheadh agus is ábhar mór imní dom gurb é atá i ndiaidh teacht as moill seo na Comhairle ná cailleadh ceart rochtana do dhaoine den phobal thar thréimhse deich mbliana. Tá súil agam go ngníomhóidh an Chomhairle go daingean agus go tapa anois chun rochtain ar an trá a athbhunú don phobal.

Comhairle Cheantar Uirbeach Bhré

Fuair mé gearán ó chumann cónaitheoirí á rá go raibh sé i gceist ag Comhairle Cheantar Uirbeach Bhré ceart slí poiblí thar pháirc ina limistéar a mhúchadh. Nuair a rinne mé teagmháil leis an gComhairle dúirt siad nach ceart slí poiblí an cosán pabháilte a bhí i gceist agus, dá bhrí sin, nach raibh feidhm ag téarmaí Acht na mBóithre, 1993. (Déantar socrú le hAcht na mBóithre maidir le sásra comhchomhairliúcháin phoiblí i gcás ina mbeartaíonn údarás áitiúil ceart slí poiblí a mhúchadh.)

Nuair a scrúdaigh mé an gearán, agus cuairt ar an láithreán a bhí i gceist san áireamh, bhí deacracht agam a thuiscint cén fáth a dúirt an Chomhairle nach raibh ceart slí poiblí ann ag an láithreán. Déanmhas fisiciúil a bhí sa chosán agus bhí sé ann le níos mó ná deich mbliana; caitheadh airgead poiblí air agus bhí sé i ngnáthúsáid ag an bpobal. Ba ábhar imní dom go ndúirt an Chomhairle nach raibh feidhm ag Acht na mBóithre mar go gciallódh sé sin nach mbeadh feidhm ag an gceart achomhairc reachtúil a bhí ar fáil faoin Acht.

D�iarr mé ar an gComhairle an cás a athbhreithniú agus roinnt nithe éagsúla, lena n-áirítear an cás-dlí iomchuí, a chur san áireamh. Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar a seasamh agus cinneadh sa deireadh, ag cruinniú de chomhaltaí tofa, gur ceart déileáil leis an gceist maidir leis an gceart slí poiblí faoin sásra a sholáthraítear le hAcht na mBóithre, 1993. Foilsíodh fógra intinne sna nuachtáin áitiúla rud a d�fhág go raibh sé de cheart ag an bpobal achomharc a dhéanamh i gcoinne an togra.

Bhí mé sásta go gciallaíonn an nós imeachta seo, atá ar siúl faoi láthair, go ndéanfar tuairimí an phobail a chur san áireamh sular féidir aon chinneadh a dhéanamh chun an ceart slí poiblí a mhúchadh.



Mar gheall ar roinnt cásanna tá suntas tugtha do dheacrachtaí maidir le feidhmiú rialachán pleanála as ar tháinig cailleadh, nó laghdú, chearta reachtúla an phobail i dtaca le fógra a fháil agus achomharc a dhéanamh.

Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath Theas

Thaisc An tUas. B. agóid i dtaca le hiarratas pleanála a bhí déanta maidir le forbairt ina cheantar. Thug an Chomhairle cead agus rinne An tUas. B achomhairc i gcoinne an chinnidh chuig an mBord Pleanála. Nuair a bhí an t-achomharc á bhreithniú, ghlac an Chomhairle le dara hiarratas ón bhforbróir; bhí an dara hiarratas díreach cosúil leis an gcéad cheann. Ní raibh eolas ag an Uas. B. faoin dara hiarratas. Thug Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath Theas cead don dara hiarratas, mar a bhí déanta don chéad cheann. D�éirigh leis an achomharc i gcoinne an chéad iarratais - dhiúltaigh an Bord Pleanála cead a thabhairt don fhorbairt. Ach ní raibh aon éifeacht phraiticiúil leis an gcinneadh sin mar go raibh cead pleanála bailí ann fós de dhroim an dara hiarratas. Faoin am a fuair An tUas. B. amach go raibh an dara hiarratas ann, bhí sé ró-mhall chun achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála. Chuir An tUas. B. gearán chuig m�Oifigse maidir leis an tslí inar dhéileáil an Chomhairle leis an iarratas.

D�admhaigh an Chomhairle go raibh a fhios aici go raibh an dá iarratas díreach cosúil lena chéile; b�eol di freisin, le linn an dara hiarratas a phróiseáil, an cineál agóidí a bhí ag an Uas. B. Dúirt an Chomhairle nach bhfuil aon fhoráil ann sa reachtaíocht láithreach lena gceanglaítear go bhfaighidh daoine a dhéanann agóid i gcoinne an chéad iarratais fógra nuair a fhaightear dara hiarratas atá díreach cosúil leis an gcéad cheann. Dá réir sin, mheas sí gur ghníomhaigh sí mar ba cheart faoin ábhar seo. Luaigh an Chomhairle gur scríobh sí féin chuig an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil (RCRÁ) á mholadh go raibh gá le hathrú sna rialacháin chun an cineál seo ruda a chosc sa todhchaí. Tá a fhios agam go ndea

Back to contents