Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 1999

Caibidil 4 - Súil Siar ar an mBliain

Caibidil a Ceathair - Súil Siar ar an mBliain

Is cúis áthais dom an tslí inar chomhlánaigh m�oifigí ar leithligh mar Ombudsman (faoi Acht Ombudsman, 1980) agus mar Choimisinéir Faisnéise (faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997) a chéile go praiticiúil le linn 1999. De bhreis ar an dá oifig sin, soláthraíonn foireann an Ombudsman an rúnaíocht don Choimisiún um Oifigí Poiblí (a bhfuil mise ag feidhmiú mar Chathaoirleach air faoi láthair) agus, le fírinne, tá trí chomhlacht ar leithligh, cé go bhfuil ceangal éigin eatharthu, ag oibriú inár n-áitreabh ag 18 Sráid Líosain Íochtarach. Faigheann gach ceann de na trí chomhlacht tairbhe as na ceangail sin leis an dá cheann eile, go háirithe i dtéarmaí na dtairbhí móra a bhaineann le seirbhísí atá á gcomhroinnt (e.g. i dtaca leis na feidhmeanna riaracháin, pearsanra, airgeadais agus teicneolaíochta eolais). I rith na bliana, le cabhair ó áisitheoir, tugadh aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le bainistiú trí fheidhm reachtúla ar leithligh, a bhfuil ceangail áirithe eatarthu. Le fírinne, is é seo an chéad chéim den phróiseas a ghabhann le pleananna gnó a fhorbairt do gach ceann ar leith de na feidhmeanna reachtúla.

I gCaibidil 10 de Partnership for Inclusion, Employment and Competitiveness leagadh amach na príomhphrionsabail a ghabhann le nuachóiriú na státseirbhíse agus an cur chuige lena rialaítear an nuachóiriú sin. Rinneadh socrú sa Chaibidil sin maidir le struchtúir chomhpháirtíochta éifeachtacha a bhunú, i ngach Roinn, d�fhonn spreagadh a thabhairt don lucht bainistíochta, do na ceardchumainn agus don fhoireann chun cláir gníomhaíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ionas go dtabharfaí an Tionscnamh Bainistíochta Strairéisí (TBS) ar aghaidh céim eile. I mo chás féin, cuireadh Coiste Comhpháirtíochta, faoi cheannas mo Stiúrthóra agus ar a bhfuil ionadaithe ó na trí Oifig, ar bun go luath sa bhliain 1999 agus tá bun maith leis anois. De bhreis ar cheisteanna a bhaineann le TBS, tá ról fóinteach ag an gCoiste i dtaca le páirt a thabhairt don fhoireann san obair a ghabhann le nithe agus dúshláin i gcoitinne a bhfuil baint acu le cúrsaí eagrúcháin agus leis an obair a shainaithint, agus san obair a ghabhann le aghaidh a thabhairt ar na nithe sin.

An Bille Ombudsman (Leasú)

Tá díomá an-mhór orm nár foilsíodh an Bille Ombudsman (Leasú) le linn 1999 mar a bhí geallta. Ó ceapadh mé i mí na Samhna 1994 tá mé i dteagmháil ar bhonn rialta leis an Roinn Airgeadais maidir leis an ngá leis an Acht Ombudsman, 1980 a thabhairt cothrom le dáta agus maidir le leathnú a dhéanamh ar an réimse comhlachtaí poiblí a thagann faoi réir dhlínse an Ombudsman. I mo Thuarascáil don bhliain 1995 luaigh mé go raibh Bille Leasaitheach á dhréachtú an tráth sin. I mbeagnach gach Tuarascáil ó shin i leith dúirt mé go raibh súil agam go bhfoilseofaí agus go n-áchtófaí an Bille sin roimh i bhfad. Ar an drochuair, is cosúil go bhfuil cúrsaí anois mórán mar a chéile leis an staid i 1995 i.e. tá Bille á dhréachtú.

Achtaíodh an tAcht Ombudsman láithreach sa bhliain 1980 agus, ó shin i leith, tá athruithe móra tar éis tarlú sa tseirbhís phoiblí. Níor choinnigh an tAcht Ombudsman céim ar chéim leis na hathruithe sin agus dá thoradh sin tá mearbhall ar an bpobal i dtaobh cad iad na nithe a thagann faoi chúram an Ombudsman agus cad iad na nithe nach dtagann faoina chúram. Ó tharla go gclúdaíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 réimse i bhfad níos leithne comhlachtaí poiblí - lena mbím ag plé i mo cháil mar Choimisinéir Faisnéise - is mó an mearbhall fós. Is féidir maitheamh don phobal ábhar iontais a léiriú nuair a deirtear leo nach féidir leis an Ombudsman déileáil leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil nó le hoispidéil shaorálacha, mar shampla, ach gur féidir leis an gCoimisinéir Faisnéise déileáil leo. Sa bhliain 1999 fuair m�Oifig 1,301 ghearán neamhbhailí; b�ionann sin agus 33% den líon iomlán gearán. Ní mór go léiríonn an figiúr an-ard sin de ghearáin neamhbhailí, go feadh méid áirithe, an mearbhall atá ann i measc an phobail i dtaobh na nithe a cheaptar gur féidir leis an Ombudsman, nó gur ceart don Ombudsman, déileáil leo. Tá mé ag súíl go mór go bhfoilseofar agus go n-achtófar an Bille Ombudsman (Leasú) roimh i bhfad eile.

Rochtain agus Eolas don Phobal

Is féidir le daoine ar mian leo gearán a dhéanamh chuig m�Oifig sin a dhéanamh i scríbhinn (lena n-áirítear le ríomhphost), leis an teileafón nó trí theacht go dtí ár n-áitreabh i mBaile Átha Cliath. Chun cabhrú le daoine lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, tá cuairteanna míosúla á reáchtáil againn le tamall de bhlianta ar Ionaid Chomhairle do Shaoránaigh (ICS) mar aon le cuairteanna aon-uaire ar bhailte móra agus ar chathracha eile ar fud na tíre.

Le linn 1999 thug m�Oifig cuairteanna míosúla ar ICS i Luimneach, i Gaillimh, i gCorcaigh, i bPort Láirge, i bPort Laoise agus, ó Dheireadh Fómhair 1999 amach, i gCúlóg i mBaile Átha Cliath. Is é cuspóir na gcuairteanna míosúla sin ná a chumasú do dhaoine den phobal a ngearáin a thabhairt go pearsanta do dhaoine den fhoireann. Bíonn na cuairteanna ar ICS an-úsáideach i gcónaí agus fuarthas 566 ghearán nua uathu i 1999; bhí 388 díobh sin bailí agus bhí 178 (nó 31%) díobh neamhbhailí.

Thug daoine d�fhoireann m�Oifige cuairteanna lae freisin ar Thrá Lí, ar Chaisleán an Bharraigh, ar Eochaill, ar Ros Comáin, ar an Longfort, ar Chill Chainnigh agus ar Loch Garman. Rinneadh fógraíocht mhaith i dtaobh na gcuairteanna sin roimh ré lena chinntiú go bhfuil eolas ag daoine faoin gcineál oibre a dhéanann m�Oifig agus chun daoine a spreagadh gearáin a chur inár láthair ar gearáin iad, bífhéidir, a mbeadh deacracht acu iad a mhíniú i scríbhinn. Fuarthas 474 ghearán nua ar fad le linn na gcuairteanna sin; bhí 388 díobh sin bailí agus bhí 86 (nó 18%) díobh neamhbhailí. Fuarthas 776 ghearán bhailí nua san iomlán ó na cuairteanna míosúla ICS agus ó na cuairteanna aon lae le chéile.

Is feasach dom go bhfuil gá ann go mbeadh m�Oifig ar fáil an oiread is féidir don phobal agus gur gá a chinntiú nach mbeadh áit chónaithe, nó cumas chun gearán casta a chur i láthair i scríbhinn, ina bhac míchuí ar ghearánaigh ionchasacha. Sa chomhthéacs sin, beidh mé ag leanúint ar aghaidh le linn na bliana 2000 den chlár cuairteanna míosúla ICS agus de shraith cuairteanna aon lae ar bhailte móra agus ar chathracha eile. Tá eolas faoin Oifig, lena n-áirítear sonraí faoin gclár cuairteanna réigiúnacha agus ICS don bhliain 2000, ar fáil ag Iwww.irlgov.ie/ombudsman/ ar an Idirlíon.

Caidrimh le Comhlachtaí a thagann faoi mo Chúram

Tá caidrimh mhaithe ann i gcoitinne leis na comhlachtaí poiblí a thagann faoi mo chúram. Ní rud é sin a bhfuil mé beag beann air agus is cúis áthais dom a rá go bhfuil mé buíoch de na hiarrachtaí móra a dhéanann an chuid is mó comhlachtaí poiblí le linn a bheith ag plé le m�Oifig.

Thug mé tuairisc anuraidh ar an líon uaireanta a bhí ar m�Oifig leas a bhaint as Alt 7 den Acht Ombudsman chun a thabhairt ar an gcomhlacht lena mbaineann freagra nó doiciméid a thabhairt i dtaobh gearáin. Nuair a eisítear fógra Alt 7, ní mór an t-eolas a iarrtar a thabhairt faoi dháta sonraithe. Bainim leas as an gcumhacht mar rogha dheireanach amháin agus b�fhearr liom, ar ndóigh, gan leas a bhaint as ar chor ar bith. Tugtar sonraí faoi fhógraí Alt 7 a eisíodh le linn 1999 sa tábla anseo thíos:

An Comhlacht An Líon Fógraí Alt 7
An Státseirbhís
An Roinn Talmhaíochta, Bia & Forbartha Tuaithe 3
An Roinn Oideachais & Eolaíochta 1
Údaráis Áitiúla
Comhairle Cheantar Uirbeach Bhéal an Átha 1
Comhairle Cheantar Uirbeach Bhiorra 1
Comhairle Cheantar Uirbeach Bhun Cranncha 1
Comhairle Cheantar Uirbeach Dhún Dealgan 1
Comhairle Cheantar Uirbeach Ros Mhic Thriúin 1
Comhairle Cheantar Uirbeach Chill Mhantáin 1
Comhairle Chontae an Chláir 1
Comhairle Chontae Chorcaí 3
Comhairle Chontae Chill Dara 3
Comhairle Chontae Laoise 1
Comhairle Chontae Lú 1
Comhairle Chontae Ros Comáin 1
Comhairle Chontae Loch Garman 1
Bardas Bhaile Átha Cliath 2
Bardas na Gaillimhe 2
Bardas Luimnigh 1
Bardas Loch Garman 1
IOMLÁN 27

San iomlán, tá laghdú ar líon na gcásanna is é sin le rá 27 i 1999 i gcomórtas le 45 i 1998. Ach is cúis imní dom a thabhairt faoi deara gurb ionann an figiúr d�údaráis áitiúla agus 85% de na fógraí a eisíodh. Sa bhliain 1998 eisíodh 18 bhfógra i gcoinne na Roinne Talmhaíochta & Bia - an líon ba mhó i gcás aon chomhlachta ar leith. Le linn 1999 laghdaíodh an figiúr sin go dtí trí cinn i gcás na Roinne sin agus eisíodh na trí cinn sin go léir go luath sa bhliain 1999 sular foilsíodh mo Thuarascáil Bhliantúil do 1998. Is cúis áthais dom a thuairisciú gur tháinig feabhas ar an Roinn sin sa bhliain 1999 i dtaca le heolas a chur ar fáil dom agus tugaim admháil i leith an leibhéil aird comhoibrithe a fuarthas ó Oifigeach Idirchaidrimh Ombudsman na Roinne agus lena hOifigeach Seirbhísí do Chustaiméirí.

Teagmhálacha le hOifigí Ombudsman eile

Lean m�Oifig den ardleibhéal páirteachais a choimeád ar bun ina comhaltas san International Ombudsman Institute (IOI) agus sa British and Irish Ombudsman Association (BIOA). I mí Bhealtaine ba chúis áthais dom a bheith mar ósta do Chruinniú Bliantúil 1999 an BIOA chomh maith le páirt a ghlacadh in imeachtaí eile de chuid BIOA i rith na bliana. Mar dhuine de Cheathrar Stiúrthóirí Réigiúnacha don Eoraip, ghlac mé páirt sa chruinniú de Bhord Stiúrthóirí an IOI in Pretoria i mí na Samhna 1999.

Measaim go bhfuil sé an-tábhachtach go gcoimeádfaidh m�Oifig cothrom le dáta leis an dea-chleachtas ar bhonn idirnáisiúnta agus bealach amháin chun sin a dhéanamh is ea coinneáil i dteagmháil le hoifigí Ombudsman eile. Ba ábhar lúcháire dom cuairteanna ó Ombudsman na Ríochta Aontaithe (Coimisinéir Parlaiminteach), an tUas. Michael Buckley, Ombudsman Thuaisceart Éireann, an tUas. Gerry Burns, Ombudsman na hIorua, an tUas. Arne Fliflet, agus ón Dr. Marten Oosting, Ombudsman Náisiúnta na hÍsiltíre. Cuireann cuairteanna den sórt sin deis ar fáil dom féin agus do m�fhoireann eolas a fháil faoi fhorbairtí spéisiúla i ndlínse agus i modhanna oibre Oifigí Ombudsman eile.

Trí theagmhálacha den sórt sin freisin éascaítear comhoibriú idir Oifigí Ombudsman. Bhí áthas orm i rith na bliana a bheith in ann déileáil le gearán thar ceann náisiúnach de chuid na Fraince a phill ar an bhFrainc tar éis tréimhse fostaíochta in Éirinn agus a raibh deacracht aige sonraí a fháil faoina thaifead fostaíochta in Éirinn. Fuair mé an gearán ó Ombudsman na Fraince (Le Médiateur de la République) a fuair an gearán bunaidh. Agus bhí ormsa gearán a tharchur chuig Ombudsman na Spáinne (El Defensor del Pueblo) ar gearán é a bhain le neamhghníomh líomhnaithe ar thaobh údarás Spáinneach i dtaca le déileáil le bás saoránaigh Éireannaigh sa Spáinn. Chuir mé ábhar chuig an Ombudsman Eorpach freisin maidir le gearán a rinneadh i gcoinne na Roinne Talmhaíochta, Bia & Forbartha Tuaithe agus i gcoinne Theagasc (an tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia) agus a bhain leis an gCoimisiún Eorpach. Tuigim gur chuir an tOmbudsman Eorpach tús le himscrúdú �féintionscnamh� ar an gCoimisiún Eorpach mar gheall ar an ábhar a cuireadh chuige.

Telecom Éireann

Tar éis Telecom Éireann (Eircom anois) a phríobháidiú scoir sé de bheith faoi mo dhlínse le héifeacht ón 15 Iúil 1999. Idir 1984 agus 1999 dhéileáil m�Oifig le níos mó ná 11,600 gearán i gcoinne Thelecom Éireann. I gcás níos mó ná 28% de na cásanna, réitíodh na gearáin i bhfabhar an chustaiméara agus fuair an custaiméir cúnamh chun déileáil leis an bhfadhb in 13% eile de na cásanna. Bhí líon an-mhór gearán ann i gcoinne na cuideachta i mblianta na 1980-idí agus bhí an líon ba mhó ann sa bhliain 1987, is é sin le rá os cionn 2,000 gearán. Tháinig laghdú mór ar an líon gearán le linn bhlianta na 1990-idí nuair a tugadh isteach billí mionsonraithe agus an Chairt do Chustaiméirí.

Fuair mé 227 ngearán i 1998 i gcoinne Thelecom Éireann agus bhí 113 ghearán ann don chéad sé mhí de 1999. Bhain na gearáin is déanaí sin go príomha le díospóidí maidir le táillí a ghearradh ar ghlaonna chuig �línte siamsaíochta� agus maidir le deacrachtaí i dtaca le seirbhís a sholáthar. Dar liom, leanfaidh an dá ní sin ar aghaidh mar fhoinse fadhbanna do na cuideachtaí teileachumarsáide agus dá gcliaint sa todhchaí. Tagann rialáil an tionscail teileachumarsáide, lena n-áirítear déileáil le gearáin ó chustaiméirí ar leithligh, faoi chúram Oifig an Stiúrthóra Rialála Teileachumarsáide anois.

Ba mhaith liom admháil a thabhairt i leith an chomhoibrithe a fuair m�Oifig ó Thelecom Éireann thar na blianta agus, go háirithe, i leith obair na ndaoine sin d�fhoireann Thelecom Éireann a sannadh chuig an �dualgas Ombudsman�.

Ábhair Ghearáin Leanúnacha

Tá an Roinn Oideachais agus Eolaíochta freagrach as roinnt scéimeanna riaracháin agus tá an Scéim Iompair Scoile ar na cinn is tábhachtaí díobh. Bíonn an Scéim seo ina ábhar gearáin chuig m�Oifig i gcónaí agus mhol mé don Roinn roinnt uaireanta go gcuirfí ar bhonn reachtúil í. Is é an buntáiste a bhaineann le feidhmiú ar bhonn reachtúil ná gur dócha go mbeidh cuspóirí agus critéir rialaithe na scéime soiléir agus go laghdaítear an dóchúlacht go mbeidh déanamh cinntí ar bhonn roghnach ann.

Níor glacadh le mo mholadh. Deir Ard-Rúnaí na Roinne nach bhfuil an Scéim Iompair Scoile oiriúnach lena cur ar bhonn reachtúil. Ní aontaím leis sin. Tháinig mé ar chásanna ina ndearnadh cinntí ar bhonn roghnach i dtaca leis an Scéim seo - féach ach go háirithe mo Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 1998 (leathanach 9-10) - tá seans ann go dtarlóidh a leithéid arís. De réir na taithí atá agam tugtar le fios nach gá go ndéanfaí dochar don tsolúbthacht i gcás bonn soiléir reachtúil a bheith ann do scéimeanna. Iarraim ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh maidir leis an ábhar seo.

I gcás na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe, is cosúil go bhfuil fadhb leanúnach ann ar moilleanna san aonad achomharc ceannsraithe agus préimheanna is cúis léi. Le go mbeidh scéim achomhairc éifeachtach, ní mór di éisteacht chothrom a thabhairt don achomharcóir agus, ina theannta sin, ní mór sin a dhéanamh laistigh d�amscála réasúnach. Má éiríonn le hachomharc ó fheirmeoir, ach má bhíonn air fanacht bliain nó níos mó sula dtugtar cinneadh an achomhairc, is dócha go mbeidh an mhoill sin féin ina cúis le cruatain dó. Ach tugaim faoi deara an Nós Imeachta Do Ghearáin Ó Chustaiméirí atá bunaithe ag an Roinn agus cuirim fáilte roimh an rún atá aici córas cuimsitheach achomharc a chur ar bun ar bhonn reachtúil dá cliaint go léir.

Ábhair eile go hachomair

- I mí na Samhna 1999, ghníomhaigh m�Oifig mar ósta ag seimineár maidir le déileáil le gearáin i dtimpeallacht ospidéil. Seoladh an seimineár i gcomhar leis an Irish Society for Quality in Healthcare. Tá roinnt gearán idir lámha agam ó othair ospidéil agus/nó óna dteaghlaigh agus tá ceann amháin de na gearáin sin ina ábhar imscrúdaithe faoi láthair faoi Alt 4 den Acht Ombudsman, 1980.

- Tá mé ag fáil líon beag gearán i gcónaí maidir le mainneachtain seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge. Tá tagairt déanta agam i dTuarascálacha Bliantúla le déanaí don inmhianaitheacht a ghabhann le hAcht Teanga ina mbeadh míniú ar chearta cainteoirí Gaeilge agus ina mbeadh míniú ar oibleagáidí comhlachtaí stáit i dtaca leis na cearta sin. Is cinnte gur dealraitheach nach ceart brath ar ráitis pholasaí mar mhodh chun a chinntiú go ndéanfar beart sa réimse seo. Léirítear an méid sin i dtorthaí suirbhé a rinne mé i mo cháil mar Choimisinéir Faisnéise agus a fhoilseofar níos déanaí i mbliana. Bhain an suirbhé le foilsiú na lámhleabhar faisnéise (ar a dtugtar �lámhleabhair Alt 15�) a cheanglaítear a fhoilsiú faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. De réir Threoirlínte Rialtais maidir le húsáid na Gaeilge ag comhlachtaí poiblí, is ceart go mbeadh na lámhleabhair sin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Thaispeáin an suirbhé nár fhoilsigh ach 12 chomhlacht phoiblí (nó 7% díobh) i nGaeilge iad, is é sin le rá 12 cheann as 169 gcomhlacht phoiblí a raibh lámhleabhar foilsithe acu.

- D�fhreagair mé go luath sa bhliain 1999 ar roinnt moltaí go bhfuil gá in Éirinn le hOmbudsman Cánach ar leithligh ó m�Oifigse. D�éirigh an moladh sin i gcomhthéacs cumhachtaí breise a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim agus leis an ngá gaolmhar le faireachán a dhéanamh conas atá na cumhachtaí sin á n-úsáid. Go feadh méid áirithe, d�fhéadfadh sé go raibh na moltaí bunaithe ar easpa eolais faoi dhlínse agus chumhachtaí m�Oifige faoi láthair. Dar liom, i dtír bheag ní bheadh aon tairbhe ag baint le hOifigí Ombudsman ar leithligh do réimsí sonracha riaracháin phoiblí agus bheadh sé contrártha do chleachtas ginearálta idirnáisiúnta. Áirítear ar na buntáistí cinnte a bhaineann le hOmbudsman aonair náisiúnta an réimse suntasach cumhachtaí atá tugtha ag an Oireachtas don Oifig sin agus cumas na hOifige sin forléargas a fháil ar riarachán poiblí agus caighdeáin chomhchoiteanna cleachtais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm maidir le gach comhlacht poiblí. Is díol spéise é go bhfuil oibriú oifigí Ombudsman na hearnála poiblí sa Ríocht Aontaithe faoi athbhreithniú i láthair na huaire agus tá breithniú á dhéanamh i dtaobh scéim Ombudsman aonair don earnáil phoiblí i Sasana. (Le fírinne, mar chuid den athbhreithniú sin, tháinig oifigigh ó Oifig Chomh-Aireachta na Ríochta Aontaithe ar cuairt chuig m�Oifig chun eolas a fháil faoi mo chuid feidhmeanna agus nósanna imeachta oibrithe.)

Staitisticí faoi Ghearáin

Fuair mé 3,986 ghearán ar fad le linn 1999 i gcomórtas le líon iomlán 3,779 ngearán i 1998. Chomh maith le gearáin iarbhír dhéileáil daoine den fhoireann le 4,776 fhiafraí ón bpobal freisin. Fiafraithe teileafóin is mó atá sna fiafraithe sin agus, go hiondúil, bhain siad le buneolas a thabhairt maidir le comhlachtaí poiblí nó maidir le scéimeanna agus seirbhísí na gcomhlachtaí sin. Sa chuid is mó cásanna cuirtear an té ag a bhfuil an fiafraí ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht chuí chun tuilleadh cúnaimh a fháil. Bhí leibhéal ard fiafraithe den sórt seo ann i gcónaí ach, den chéad uair riamh i 1999, tá taifead déanta againn ar mhéid na gníomhaíochta seo. Má chuirtear gearáin agus fiafraithe le chéile bhí beagnach 8,800 duine i dteagmháil le m�Oifig le linn 1999.

As measc na 3,986 ghearán a fuarthas i 1999 tharla go raibh 1,301 (nó 33%) díobh lasmuigh de dhlínse na hOifige, rud a d�fhág 2,685 ghearán bhailí a fuarthas. Tá líon na ngearán neamhbhailí ag méadú le blianta beaga anuas d�ainneoin iarrachtaí s�againn féin poiblíocht a thabhairt maidir le dlínse na hOifige.

Tharla roinnt athruithe spéisiúla i ndáileadh na ngearán bailí a fuarthas sna príomhearnálacha seirbhíse poiblí. Léiríonn an tábla anseo thíos na hathruithe sin:

Gearáin Bhailí de réir Earnála 1986 1996 1997 1998 1999
An Státseirbhís 2,247 1,228 1,632 1,396 1,375
Údaráis Áitiúla 483 569 761 690 737
Boird Sláinte 422 411 403 482 387
Telecom Éireann 1,775 272 262 227 113*
An Post 69 56 68 81 73
* Scoir Telecom Éireann de bheith faoi mo chúram le héifeacht ón 15 Iúil 1999

Cé gur tháinig laghdú beag ar líon na ngearán i gcoinne na státseirbhíse i 1999, tharla roinnt athruithe suntasacha laistigh den earnáil sin. Mar shampla, bhí laghdú 15% ar líon na ngearán i gcoinne na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail & Teaghlaigh (RGSPT) i 1999 i gcomórtas leis an mbliain roimhe sin; agus, laistigh den fhigiúr laghdaithe sin i gcás RGSPT, bhí laghdú 44% ar líon na ngearán maidir le híocaíochtaí dífhostaíochta. Is cinnte go léiríonn na figiúirí do RGSPT an laghdú atá tagtha ar dhífhostaíocht le dhá bhliain anuas. Thaispeáin suirbhé a rinneadh i 1997 gur trí chomhlacht phoiblí [RGSPT, an Roinn Talmhaíochta & Bia, agus na Coimisinéirí Ioncaim] a bhí i gceist i gcás os cionn 90% de na teagmhálacha idir daoine den phobal agus an státseirbhís. Mar is léir ón tábla anseo thíos, baineann tuairim is 80% de na gearáin chuig m�Oifig i gcoinne na státseirbhíse leis na trí chomhlacht sin le chéile:

Gearáin Bhailí i gcoinne na Státseirbhíse 1986 1996 1997 1998 1999
Gnóthaí Sóisialacha, Pobail & Teaghlaigh 1,408 653 1,007 786 665
Talmhaíocht 99 220 223 198 284
Coimisinéirí Ioncaim 335 138 135 123 132
Iomlán 1,842 1,011 1,365 1,107 1,081
% den líon iomlán gearán i gcoinne na Státseirbhíse 82% 82% 84% 79% 79%

Tháinig laghdú 25% ar líon na ngearán in earnáil na mbord sláinte i 1999 i gcomórtas le 1998. D�fhéadfadh sé go bhfuil cuma neamhghnách ar an titim sin ag féachaint don díospóireacht atá ar siúl faoi láthair faoi sheirbhísí ospidéil in Éirinn. Ach ní mór a chuimhneamh nach mbaineann mo dhlínse fós le hearnáil na n-ospidéal poiblí saorálach a chuireann tuairim is 40% de na leapacha ospidéil phoiblí ar fáil sa tír. Tá staitistic bheag ann a bhaineann le rochtain ar thaifid liachta ach is staitistic spéisiúil í mar sin féin. Tháinig laghdú ar líon na ngearán sin ó 22 chás i 1998 go dhá cheann i 1999 agus is dócha go léiríonn sé sin tionchar an Achta um Shaoráil Faisnéise a bhfuil feidhm aige anois maidir le boird sláinte agus ospidéil phoiblí shaorálacha.

Le linn na bliana 1999 déileáladh go críochnaitheach le 2,603 ghearán san iomlán a d�fhág 999 ngearán le tabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain 2000. As measc na ngearán ar déileáladh go críochnaitheach leo, réitíodh 18% díobh (rud a chiallaíonn gur seasadh leis an ngearán); réitíodh 5% díobh go páirteach; tugadh cúnamh i 22% de na cásanna agus níor seasadh le 39% de na gearáin. I gcás an 16% eile tarraingíodh siar iad nó níor leanadh den phróiseas. (Le héifeacht ó 1999 tá earnáil toraidh nua tugtha isteach ag m�Oifig, is é sin �Réitithe Go Páirteach�, chun léiriú a thabhairt ar thorthaí lena seastar le gearán go páirteach agus/nó lena bhfuair an gearánach sásamh inbhraite éigin.) Le fírinne, bhí 45% de na gearánaigh níos fearr as ó tharla go ndearna siad teagmháil le m�Oifig ar an mbonn gur réitíodh a ngearán, nó gur réitíodh go páirteach é, nó ar an mbonn gur tugadh cúnamh.

Tá sonraí iomlána staitistiúla faoi ghníomhaíochtaí na hOifige leagtha amach i gCaibidil a Cúig.

Back to contents