- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2000
Caibidil 1 - Réamhrá
Réamhrá
Clúdaíonn an Tuarascáil seo na deich mí dheireanacha de mo chéad
téarma mar Ombudsman in éineacht leis an gcéad dá mhí den dara téarma
agam. Rinne A Soilse, Máire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann, mé
a athcheapadh le feidhm ó 1 Samhain 2000 i ndiaidh rún, a rith Dáil
Éireann agus Seanad Éireann, inar moladh mo cheapachán.
I gCaibidil a Dó cuirim béim ar roinnt ceisteanna a neascraíonn
ó ghearáin atá á scrúdú ag m�Oifig. Ina measc sin go príomha tá an
deacracht a bhíonn agam gearáin faoi phleanáil údaráis áitiúil a scrúdú
sa bhorradh foirgníochta reatha. Mar a tharlaíonn sé, tagraíonn na
ceisteanna eile a ardaím sa Chaibidil seo d�údaráis áitiúla chomh maith.
I gCaibidil a Trí, dar teideal �An tOmbudsman, an Dlí agus an
Saoránach - Cur Chuige bunaithe ar Luachanna�, déanaim athmheasúnú, ag
cuimhneamh ar an rud dá dtagraítear mar an clár nuachóirithe do
sheirbhís phoiblí na hÉireann, ar an ról a ghlacann Oifig an Ombudsman
agus oifigí eile chun tacú le saoránaigh ina n-idirghníomhaíochtaí leis
an Stát. I gcroílár an chláir nuachóirithe tá baint amach athraithe
bhunúsaigh i gcomhlachtaí na seirbhíse poiblí. Go traidisiúnta, bhí
siad sin fíorláraithe, faoi cheangal rialacha agus dolúbtha agus is é
an tasc atá ann anois go mbeidís níos oiriúnaí agus níos freagraí do
riachtanais agus éilimh athraitheacha. Is éard a bheidh le déanamh
chuige sin ná níos mó béime a chur ar fheidhmiú ag leibhéal pearsan
aonair, foirne agus eagraíochta araon chun torthaí agus aschuir níos
fearr a bhaint amach. Déanaim iarracht a n-impleachtaí sin a mheas ag
cuimhneamh ar fhorbairtí i ndlí riaracháin trí ní hamháin cearta
saoránach a bhreithniú ach na luachanna atá mar bhonn den chaidreamh is
ceart a bheith ag an Stát le saoránaigh a bhreithniú chomh maith.
Cuirim i láthair chomh maith cuntais ar roinnt gearán atá bainteach
leis na téamaí sin.
I gCaibidil a Ceathair áirítear raon cásanna níos ginearálta ar
dhéileáil m�Oifig leo le linn 2000 agus i gCaibidil a Cúig agus a Sé
tuairiscítear sonraí obair na hoifige in éineacht le sonraí staidrimh
agus anailís ar chásanna a láimhsíodh i 2000.
Táim an-bhuíoch de m�fhoireann as an obair mhór a rinne siad agus as an ngealltanas a thug siad le linn na bliana ar fad. Is mian liom buíochas a ghabháil le m�Ard-Rúnaí, Pat Whelan, agus le Tom Morgan agus John Doyle as a n-obair chun an Tuarascáil Bhliantúil seo a ullmhú.
