- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2000
Caibidil 2 - Ceisteanna a thagann chun solais i roinnt Gearan reatha
Ceisteanna a thagann chun solais i roinnt Gearán reatha
Ní mór dom tuairisciú don Dáil agus don Seanad gach bliain ar
chomhlíonadh na bhfeidhmeanna atá agam. Agus mé á dhéanamh sin
tuairiscím ar chásanna aonair inspéise nó ábhair imní agus aithním
téamaí a eascraíonn uathu sin. Tugann mo Thuarascáil Bhliantúil deis
chomh maith chun béim a chur ar theipeanna sa chóras atá aitheanta agam
agus leighis mholta a chur ar aghaidh. Ó am go ham déanaim trácht ar
chásanna a sheirbheálann chun mo dhlínse a shoiléiriú mar gur féidir
leis sin a bheith tábhachtach ó thaobh gearán ionchasach de. Tugann mo
Thuarascáil Bhliantúil deis chun féachaint siar ar an mbliain atá caite
ach tugann sí deis chomh maith chun béim a chur ar cheisteanna imní
leanúnaí a dtabharfar aird ar leith orthu le linn na bliana seo
chugainn.
Sa chaibidil seo déileálaim leis na deacrachtaí ar leith a
chothaítear le gearáin phleanála do m�oifig. Ina theannta sin,
soiléirím mo dhlínse i dtaca le gearáin a scrúdú a bhaineann le
fíneálacha áirithe. Déanaim trácht ansin ar an gcruatan a fhulaingíonn
roinnt teaghlach le hiasachtaí úis aird údaráis áitiúil agus ar na
hiarrachtaí atá déanta agam faoiseamh a thabhairt sna dála ar leith. Ar
deireadh, aithním an méid a fheictear dom mar pholasaithe do-ghlactha a
chuireann roinnt údarás áitiúil i bhfeidhm agus iad ag láimhsiú uiríoll
a dhéantar leo thar ceann ball den phobal.
Gearáin faoi Phleanáil Údaráis Áitiúil
Tá borradh faoin bhfoirgníocht in Éirinn faoi láthair. Mar
shampla, fuair údaráis áitiúla 41,924 iarratas pleanála i 1989. Faoi
1999 bhí sé sin ardaithe go 80,261 iarratas pleanála. Mar thoradh ar an
mborradh tá méadú ar líon na ngearán pleanála a fhaightear i m�Oifig in
éineacht le méadú ar an líon fiosruithe pleanála a dhéantar ó lá go lá
a ndéileálann m�fhoireann leo thar an nguthán. Teorannaíonn mo
chumhacht an ról atá agam i ngnóthaí pleanála do riaradh an phróisis
pleanála ag údaráis áitiúla a scrúdú agus na dlíthe pleanála a chur i
bhfeidhm i gcásanna nuair a tharlaíonn sárú pleanála. Ní féidir liom
cinntí a cheistiú i dtaca le cead pleanála a cheadú nó a dhiúltú mar go
soláthraíonn an Bord Pleanála meicníocht achomharc reachtúil
neamhspleách i dtaca le cinntí pleanála.
I mo thuairimse tá roinnt fachtóirí ann arb iad is cúis le
fuascailt shásúil gearán pleanála a bheith ag éirí níos deacra. Is éard
atá sa tiomáint atá laistiar den bhrú eacnamaíoch agus polaitiúil ná go
gcríochnófaí forbraíochtaí i bhfráma ama chomh gairid agus is féidir. I
mo thuairim, tá dearmad á dhéanamh ar an bhfíor-dhrochthionchar is
féidir a bheith ag forbraíocht foirgníochta ar dhaoine a chónaíonn i
gcomharsanacht forbraíochtaí dá leithéidí. Féadfaidh forbraíochtaí
tionsclaíocha nach rialaítear go docht aerthruailliú agus truailliú de
dheasca torainn a chothú. Féadfaidh forbairtí neamhúdaraithe cúngrach
ar phríobháideacht maoine in aice láimhe a chothú. Féadfaidh eastáit
thionsclaíocha a fhágtar gan chríochnú blianta cur isteach agus ciaptha
a chothú do chinn tí. Sna cásanna aonair atá feicthe agam dearbhaítear
méid agus ilchineálacht na ndrochthionchar a thagann chun solais.
Chun na deacrachtaí os comhair daoine atá ag cur in aghaidh
forbraíochtaí neamhúdaraithe, nó forbraíochtaí nach gcomhlíonann an
cead pleanála, más fíor, a réiteach tá sé ag éirí róshoiléir go bhfuil
cuid mhaith rannóg pleanála de chuid na n-údarás áitiúil gann i
bhfoireann. Mar thoradh air sin, tá an bhéim á cur ar iarratais ar
cheadanna pleanála a phróiseáil in áit í a chur ar sháruithe ceadanna
pleanála a phóilíniú nó dul ar thóir forbróirí a bhfuil forbraíochtaí
neamhúdaraithe déanta acu. Nuair atá sé soiléir go bhfuil sárú i
ndiaidh tarlú nó go bhfuil forbraíocht neamhúdaraithe i bhfeidhm,
braithim go bhfuil drogall sonrach ar thaobh na n-údarás áitiúil
forbróirí a thabhairt chun cúirte. Is minice ná a mhalairt go nglactar
cur chuige �ná cuirtear isteach orthu�, le forbróirí á spreagadh le cur
isteach ar choinneáil chun go dtabharfaí sáruithe láithreacha chun
rialtachta, in áit imeachtaí forfheidhmiúcháin a chur orthu. Cé go
bhfuil rogha ag údaráis áitiúla maidir le himeachtaí forfheidhmiúcháin
a ghlacadh i gcásanna aonair, dealraíonn sé dom go mbaintear leas as an
rogha sin go han-mhinic ar thaobh an fhorbróra. Cothaíonn sé sin
atmaisféar a spreagann forbróirí le leanúint de na dlíthe pleanála a
shárú, go háirithe nuair atá comhlíonadh iomlán níos costasaí agus
míchaoithiúil don fhorbróir. Ina theannta sin, baineann sé an bonn ó
mhuinín an phobail sa phróiseas pleanála agus méadaíonn sé ciniceas an
phobail agus an claonadh go dtugtar creidiúint do líomhaintí gan bhunús
de mhorgthacht agus coinbhleachtaí leasa ar thaobh oifigeach poiblí
agus ionadaithe an phobail.
Tá na heilimintí is bunúsaí de na seirbhísí a sholáthraíonn
rannóga pleanála ag dul in olcas fiú. Insíonn an pobal dom nach bhfuil
siad in ann teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann chun a ngearáin a
phlé, go bhfuil an deacracht le cruinnithe a shocrú le hoifigigh
phleanála ag dul i méid agus nach bhfuil litreacha á n-admháil ná á
bhfreagairt. Is ábhar imní dom chomh maith é an mhoill mhór a bhíonn
ann ar thaobh na n-údarás áitiúil ag soláthar tuairiscí do m�Oifig ar
ghearáin phleanála. Is é mo mhórthuairim ná gur córas é atá ar tí titim
as a chéile.
Déanann an tAcht Pleanála agus Forbartha, 2000, na hAchtanna
Pleanála go léir roimhe a chomhdhlúthú agus a athbhreithniú agus tugann
raon forálacha nua isteach, ina n-áirítear roinnt forálacha i réimse an
fhorfheidhmiúcháin pleanála. Tá na forálacha sin á gcur i bhfeidhm thar
am agus níl tionchar iomlán an Achta nua soiléir fós. Teastaíonn
próiseas pleanála ónár ngeilleagar forásach a fheidhmíonn ina iomláine
agus a aithníonn is a spreagann pleanáil chothromaithe agus
chomhtháite, ar thaobh amháin, fad a léirítear meas ar chearta agus ar
cháilíocht beatha daoine a chónaíonn láimh le forbraíochtaí nua. Ní
tharlóidh sé sin le hathrú sa reachtaíocht amháin mura soláthraítear
dóthain foirne agus acmhainní eile ar an talamh. Tá sé de rún agam
monatóireacht ghéar a dhéanamh ar an réimse sin sa bhliain romhainn
agus, más gá, béim a chur ar aon lochtanna córasacha a aithním sa
phróiseas pleanála de réir mar a bhíonn lánfheidhm ag an reachtaíocht
nua.
Dlínse an Ombudsman agus Fíneálacha áirithe
Ó am go ham faighim gearáin nach dtagann go soiléir faoi mo
dhlínse. Tháinig ceisteanna dlínse chun solais le linn na bliana i
dtaca le trí phíosa reachtaíochta ar leith. Ba í an chomhghné de na trí
cinn díobh ná an bhféadfainn déileáil le fineálacha/ pionóis a
ghearrann comhlachtaí atá laistigh de mo dhlínse. Bheartaigh mé ar
chomhairle dlí ar an ngnó sin a fháil.
Bhain an chéad chás le cinneadh ón bPost triúr tionóntaí ar
chreid sé nach raibh ceadúnais teilifíse acu a ionchúiseamh. Chuir an
Post na cónaitheoirí ar an eolas go rabhthas chun gach duine díobh a
ionchúiseamh go hachomair faoi Alt 77(b) den Acht Seirbhísí Poist agus
Teileachumarsáide, 1983. D�áitigh an Post nár tháinig a ghníomhaíochtaí
laistigh de scóip Alt 4(2) den Acht Ombudsman, 1980 agus �gur glacadh
iad chun an dlí coiriúil a chur i bhfeidhm agus ní chun feidhm
riaracháin a chomhlíonadh�. Faoi Alt 4(2) den Acht Ombudsman, 1980,
ceadaítear dom gníomhaíochtaí riaracháin na gcomhlachtaí laistigh de mo
théarmaí tagartha a imscrúdú.
Is í an chomhairle a fuair mé i dtaca leis an gcás seo ná go
raibh an gnó laistigh de mo dhlínse agus, le comhoibriú an Phoist, táim
ag dul ar aghaidh leis an ngearán a scrúdú.
Bhain an dara gearán le cinneadh ó Bhardas Átha Cliath fíneáil a
ghearradh as sárú líomhanta ar Alt 3(1) den Acht um Thruailliú ó
Bhruscar, 1997. Rinne an gearánaí an gnó a achomharc le Bardas Átha
Cliath ach cuireadh in iúl dó nach ndéanfaí an fhíneáil a
tharscaoileadh. Cuireadh ar an eolas é go gceadódh an Bardas síneadh
ama dó chun an fhíneáil a íoc sula rachfaí i muinín an dlí leis an ngnó
a réiteach.
Is é an cuspóir atá le fógraí pionóis sheasta (nó
�spotfhíneálacha�) ná an costas agus an stró a ghabhann le himeachtaí
cúirte a sheachaint i leith cionta atá réasúnta soiléir agus nach
bhfuil chomh trom sin. Féadfaidh duine lena mbaineann fógra an
�fíneáil� a íoc laistigh de 21 lá, as a stuaim féin, agus leis sin
ionchúiseamh don chion líomhanta a sheachaint.
Ag eascairt ón dara cás, chinn mé chomh maith ar chomhairle dlí a lorg
faoi mo dhlínse i dtaca le gearáin faoi �spotfhíneálacha� a ghearrann
údaráis áitiúla faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994, i leith cionta
nach chomh tromchúiseach iad, mar shampla, cionta páirceála, agus i
leith dioscaí bailí mótarchánach gan a bheith ar taispeáint. Tá an
Garda Síochána liostaithe ar Chuid 11 den Chéad Sceideal den Acht
Ombudsman, 1980, mar cheann de na comhlachtaí lasmuigh de mo théarmaí
tagartha agus mar sin ní féidir liom gearáin a scrúdú i dtaca le
fíneálacha a eisíonn na Gardaí.
Taobh amuigh den cheist an bhféadfaí na gníomhaíochtaí i gceist
a mheas mar ghníomhaíochtaí riaracháin, bhí ar mo chomhairleoirí dlí
Alt 5 (1)(a)(ii) den Acht Ombudsman, 1980, a chur san áireamh chomh
maith, ina bhforáiltear nach féidir liom aon ghníomhaíocht a imscrúdú
nuair atá ceart �achomhairc, tarchuir nó athbhreithnithe chun cúirte nó
os comhair cúirte ...�.
Ba í an chomhairle dlí a fuair mé i dtaca leis an dara cás agus
i dtaca leis na fíneálacha áirithe tráchta bóthair chomh maith ná go
raibh na gníomhaíochtaí i gceist de chineál riaracháin agus ina
theannta sin nach n-áireofaí a leithéid de chásanna laistigh de
théarmaí an eisiaimh in Alt 5 (1)(a)(ii) den Acht Ombudsman, 1980.
Dá réir sin, chuaigh mé ar aghaidh leis an ngearán in aghaidh
Bhardas Átha Cliath a scrúdú. Rinne an Bardas an fhíneáil a
tharscaoileadh ina dhiaidh sin.
Iasachtaí Tithíochta Údaráis Áitiúil
Le roinnt gearán a fuair mé le linn na bliana cuireadh béim ar
na deacrachtaí atá tagtha chun solais do theaghlaigh áirithe a bhfuil
morgáistí úis aird údaráis áitiúil tógtha acu gan aon chosaint
morgáiste. Cuireadh ráta úis de 12.5% i bhfeidhm ar roinnt iasachtaí
ráta seasta údaráis áitiúil chun teach a cheannach go déanach sna
1970idí agus go luath sna 1980idí. Bhain an ráta úis le costas an
mhaoinithe fadtéarma a bhí i réim ag an tráth sin agus bhí an ráta sin
seasta do thréimhse iomlán na hiasachta. I roinnt cásanna cuireadh na
hiasachtaí ar fáil ag rátaí beagán níos ísle ach bhí na rátaí a
cuireadh i bhfeidhm i bhfad níos airde ná na rátaí úis atá i réim le
blianta beaga anuas.
Ó Iúil 1986 i leith tá cosaint morgáiste i ndiaidh a bheith ina
sainchuid d�iasachtaí údaráis áitiúil dá leithéidí. Agus gearán amháin
á scrúdú agam fuair mé amach, nuair a tugadh isteach an riachtanas
cosanta morgáiste i dtosach báire, nár bhain sé ach le hiasachtaí a
tógadh ar 1 Iúil 1986 nó ina dhiaidh sin. Níor tugadh an rogha do
dhaoine a thóg morgáistí údaráis áitiúil roimhe sin dul isteach sa
scéim cosanta morgáiste ag an am agus níor cuireadh ar an eolas iad go
raibh scéim dá leithéid á tabhairt isteach le haghaidh iarratasóirí
nua. Mar thoradh air sin, ní bheadh an chuid is mó díobh i ndiaidh leas
a bhaint as tairbhí féideartha na cosanta morgáiste agus níor cuireadh
comhairle orthu a gcumhdach féin a lorg. Gan dabht, thar na blianta
ghlac cuid mhaith díobh leis go mícheart go raibh cosaint morgáiste acu
go dtí gur tháinig sé sin chun solais faoi chúinsí éigin a chuir orthu
fiosruithe a dhéanamh leis an údarás áitiúil.
D�iarr mé ar an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil iarraidh
ar údaráis áitiúla na morgáistithe go léir le hiasachtaí gan íoc a
raibh a n-iasachtaí tógtha acu roimh 1 Iúil 1986 a chur ar an eolas
nach raibh aon chosaint morgáiste acu mar chuid dá n-iasachtaí údaráis
áitiúil agus comhairle a chur orthu a bhfiosruithe féin a dhéanamh faoi
chosaint dá leithéid a fháil. Rinne an Roinn teagmháil leis na húdaráis
áitiúla in am tráth. Creidim go bhfuil an líon teaghlach sa riocht sin
réasúnta mór. Tá breis is 1000 morgáiste dá leithéid ag Comhairle
Chontae an Chabháin agus tá 300, nach mór, ag Comhairle Chontae Loch
Garman.
Mar thoradh ar thionchar airgeadais na rátaí arda úis in
éineacht leis an easpa cosanta morgáiste tá iarmhairtí troma i ndiaidh
a bheith ann i gcás roinnt teaghlach. I gcás amháin thóg lánúin iasacht
údaráis áitiúil i 1981 de �9,000 (�11,427.64) le haisíoc thar 30
bliain. Tugadh an iasacht ag ráta úis sheasta de 12.5%. Ba é an méid a
bhí gan íoc i Márta 2000 ná �7,306.99 (�9,277.96) agus is �96.29
(�122.26) a bhí sna haisíocaíochtaí míosúla. Fuair an fear céile bás i
ndálaí tragóideacha i 1998 agus fágadh an bhaintreach le soláthar do
bheirt pháistí óga. Ba é an t-ioncam a bhí aici ná �110 (�139.67) in
aghaidh na seachtaine. Faoi dheireadh 2000 is �19,987 (�25,378.25) san
iomlán a bhí sna híocaíochtaí. Thar thréimhse iomlán na hiasachta is
�34,578 (�43,905) san iomlán a bheidh sna haisíocaíochtaí, méid ina
n-áirítear ús de �25,578 (�32,477.36). Mar gur tógadh an iasacht i
gceist roimh 1 Iúil 1986 níor áiríodh cosaint morgáiste ann agus níor
thuig sí é sin go dtí go ndearna sí teagmháil lena húdarás áitiúil i
ndiaidh bhás a fir céile.
I gcás eile thóg lánúin iasacht de �12,000 (�15,236.86) i 1985
le haisíoc thar 30 bliain. Tugadh an iasacht ag ráta úis sheasta de
12.0%. Buaileadh an fear céile go dona breoite i 1998 agus bhí air a
phost a fhágáil. Go gairid i ndiaidh dá bhean chéile gearán a chur
chuig m�Oifig cailleadh a fear céile. Fágadh an bhaintreach le ceithre
páistí. Is �129 (�163.80) a bhí sna haisíocaíochtaí míosúla ar an
iasacht. Thar thréimhse iomlán na hiasachta is �44,435 (�56,420.81) san
iomlán a bheidh sna haisíocaíochtaí, méid ina n-áirítear ús de �32,435
(�41,183.95). Arís, níor thuig sí nach raibh aon chosaint morgáiste
aici go dtí go ndearna sí teagmháil lena húdarás áitiúil.
Tá mé buartha go bhféadfadh sé go léiríonn na cásanna sin fadhb
níos forleithne a imríonn tionchar ar chuid mhaith teaghlach eile agus
atá cothaithe ag an teaglaim ar leith fachtóirí acu. Táim cinnte nach
bhfuil an rogha ag cuid mhaith teaghlach le morgáistí údaráis áitiúil,
mar atá ag sealbhóirí morgáiste eile, a morgáistí a thiontú trí aistriú
chuig soláthraí eile morgáiste mar gheall ar a n-ioncam íseal nó
éiginnte. Táim i ndiaidh scríobh chuig an Roinn ag tuairisciú mo
thuairimí agus iarraidh uirthi cuimhneamh ar scéim faoisimh de chineál
chun cúnamh a sholáthar d�fhíorchásanna cruatain. Ní mór athbhreithniú
a dhéanamh ar scéimeanna go tréimhsiúil chun a fháil amach an bhfuil a
gcuspóirí á mbaint amach. Ceapadh scéim na n-iasachtaí tithíochta
údaráis áitiúil ó thús chun cabhrú leo sin nach mbeadh in ann iasachtaí
a fháil ar an margadh tráchtála.
Diúltú na nÚdarás Áitiúil i dtaca le Comhfhreagras a Fhreagairt
Is í an chuisle a chothaíonn daonlathas beoga, sláintiúil agus
lánfheidhmeach ná an saorshreabhadh eolais ó chomhlachtaí poiblí
isteach san fhearann poiblí. Tá an dualgas ar chomhlachtaí poiblí a
gcinntí a mhíniú agus eolas a thabhairt don phobal ar a gcearta agus a
dteidlíochtaí. Is ceart go mbeadh gach saoránach in ann uiríll a
dhéanamh go pearsanta, trí ionadaí poiblí, trí ghrúpa a bhfuil sé/sí
mar bhall de e.g. cumann cónaitheoirí, nó le cúnamh tríú páirtí a
roghnaíonn siad e.g. sagart, dochtúir, oibrí sóisialta, srl. Cuireann
an reachtaíocht agus tionscnaimh na seirbhíse poiblí le déanaí bonn
faoi na prionsabail sin ó roinnt dearcaí. Is iad na samplaí is soiléire
ná an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997, agus an Tionscnamh
Bainistíochta Straitéisí (TBS) atá ag tosú dá leathadh ar fud na
hearnála údaráis áitiúil. Gan dabht, i gcomhthéacs an phróisis TBS,
tagraíonn foilseachán na Roinne Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil
Rialtas a Nuachóiriú - An Dúshlán roimh Rialtas Áitiúil don ghá le
�craobhscaoileadh eolais réamhghníomhach do chustaiméirí�.
Déanann comhlachtaí poiblí a fhéachann le hoibriú in atmaisféar
rúndachta, a sholáthraíonn eolas i bpáirt do shaoránaigh nó a
chraobhscaoileann eolas ar bhonn roghnach, an bonn a bhaint ó na
bunphrionsabail sin d�oscailteacht agus trédhearcacht. Is ábhar mór
imní é má chuireann comhlacht poiblí constaicí in airde go comhfhiosach
a sheirbheálann leis an saorshreabhadh eolais don phobal a chosc nó a
bhacadh. Ach is é sin a d�aimsigh mé agus mé ag déileáil le roinnt
gearán in aghaidh Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus Chomhairle
Chontae Liatroma. Táim i ndiaidh a bheith ag déileáil leis na cásanna
aonair le tréimhse mhór ama agus tá curtha in iúl dom go bhféadfadh sé
nach bhfuil an fhadhb teoranta don dá údarás áitiúil sin amháin. Ag
cuimhneamh air sin, tá an gnó ardaithe agam leis an Roinn Comhshaoil
agus Rialtais Áitiúil.
Tá polasaí curtha i bhfeidhm ag Comhairle Chontae Liatroma nach
bhfreagraíonn sí ach d�uiríll ó bhaill tofa den Chomhairle agus ó
ionadaithe tofa eile de thoghlach Shligigh/Liatroma nó ó Airí Rialtais
agus Airí Stáit. Ba í éifeacht an pholasaí sin ná nach bhfreagródh sí
d�uiríll, mar shampla, ó ghníomhaígh phobail nár toghadh i dtoghcháin
na Comhairle, ó dhochtúirí, ó shagairt, srl. I ndiaidh na hidirghabhála
uaim fuair an Chomhairle réidh leis an bpolasaí sin.
