- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2000
Caibidil 3 - An tOmbudsman, an Dlí agus an Saoránach - Cur Chuige bunaithe ar Luachanna
An tOmbudsman, an Dlí agus an Saoránach - Cur Chuige bunaithe ar Luachanna
Reachtaíocht Phríomha agus Thánaisteach
Tá tasc deacair ag seirbhísigh phoiblí an iliomad scéimeanna
agus clár a theagmhaíonn le gach gné den saol a riar. Tá an méid
reachtaíochta ar na leabhair reachtanna ag dul i méid i gcónaí agus tá
cuid di, cé go bhfuil sí seanaimseartha, i bhfeidhm i gcónaí. Ritheadh
425 Acht den Oireachtas ar an meán idir 1990 agus 2000. Ina theannta
sin, tá iomadú reachtaíochta tánaistí, nó tarmligthe, ann le cuid
mhaith di ag teacht ón Aontas Eorpach. Le deich mbliana anuas thart ar
450 san iomlán a bhí sa mheánlíon bliantúil píosaí reachtaíochta
tarmligthe a ritheadh. I 1998 ann féin achtaíodh 572 phíosa
reachtaíochta tánaistí.
Tá eolas maith ar mo thuairimí ar reachtaíocht thánaisteach ó
foilsíodh mo thuarascálacha ar Dheontais Tí Altranais agus ar Riaráiste
Pinsin Chaillte. Ní dhéanann Tithe an Oireachtais ach fíorbheagán
mionscrúdaithe, má dhéantar aon mhionscrúdú, ar reachtaíocht dá
leithéid. Caithfidh mé áirgiúlacht na reachtaíochta tánaistí a aithint,
i dtéarmaí na solúbthachta a sholáthraíonn sí do na rialacháin
il-leabhrach agus chasta go minic agus i dtéarmaí na dodhéantachta i
dtaca le Tithe an Oireachtais ag mionscrúdú na reachtaíochta uile dá
leithéid sin. Tá sé áitithe agam, áfach, nach ceart pionóis nó eirí a
ghearradh ach de réir rialacháin nuair is léir go raibh sé i gceist ag
an Oireachtas sa reachtaíocht phríomha chuí gur mar sin is ceart a
bheith. Tá sé molta agam chomh maith gur ceart go dteastódh ceadú
sainiúil na dTithe i gcás rialachán a bhronnann teidlíochtaí, a iarrann
íocaíochtaí ar, nó a ghearrann pionóis ar bhealach eile ar, bhaill den
phobal. Féadfaidh tionchar trom, agus nach rabhthas ag súil leis
uaireanta, a bheith ag reachtaíocht dá leithéid. Mar shampla, i mo
Thuarascáil Bhliantúil do 1998 (leathanaigh 20-22) luaigh mé samplaí de
na hailt de na Rialachaín Tithíochta (Deontais le haghaidh Daoine faoi
Mhíchumas agus le haghaidh Deisiúchán Riachtanais), 1993, a raibh mar
thoradh orthu go ndearnadh iarratasóirí cáin-chomhlíontacha deontas a
dhícháiliú óna dteidlíochtaí mar nach raibh gnóthaí cánach na
bhfoirgneoirí a bhí i mbun na ndeisiúchán in ord.
Ó dhearcadh comhlachta phoiblí, tá tasc na cinnteoireachta
éirithe níos casta ná riamh, tasc nach mór a dhéanamh leis an mbrú
breise ama agus bacainní buiséadacha. Feicim go bhfuil na gearáin ag
éirí níos casta agus, ar ócáidí, go dteastaíonn cuid mhaith taighde dlí
agus eile ó m�Oifig dóibh. Ar shlí, tá an áis agam gur féidir liom am
agus acmhainní a cheadú le tabhairt do mhionscrúdú na ngearán is casta
a fhaighim agus mo thuairimí measta a chur in iúl do na comhlachtaí
poiblí lena mbaineann agus do Thithe an Oireachtais. Ach tá sé chomh
tábhachtach céanna go nglacaim am chun mo chur chuige agus ról a mhíniú
i dtaca le gearáin a bhraitheann ar léirmhíniú agus feidhmiú
reachtaíochta mar nach dtuigtear mo ról ina iomláine i gcónaí.
Cur Chuige bunaithe ar Luachanna don Chaidreamh idir an Stát agus an Saoránach
Tá cumhachtaí agus feidhmeanna comhlachtaí poiblí leagtha amach
sa dlí ach nuair a úsáideann siad a gcumhachtaí agus nuair a bhaineann
siad leas as a bhfeidhmeanna, ceadaítear méid mór rogha do na
comhlachtaí poiblí i gcónaí, nach mór. I ndaonlathas, tá sé riachtanach
go bhfuil gealltanas ag saoránaigh go mbainfidh comhlachtaí poiblí
úsáid as a gcumhachtaí agus leas as a bhfeidhmeanna ní hamháin ar
bhealach cuí agus dleathach ach ina theannta sin ar bhealach atá de
réir cothroime agus dea-riaracháin. I mo Thuarascáil Bhliantúil do
1996, d�fhoilsigh mé Treoir do Chaighdeáin Bharrchleachtais do
Sheirbhísigh Phoiblí ina ndéileáil le saoránaigh, treoir atá le fáil i
bhfoirm bileoige. Agus an treoir sin á dréachtadh, chuimhnigh mé ní
hamháin ar ghníomhaíochtaí riaracháin míchuibhiúla a leagtar amach in
Alt 4 den Acht Ombudsman, 1980, ach ina theannta sin do phrionsabail
ghinearálta an dlí riaracháin mar atá soiléirithe ag Cúirteanna na
hÉireann, an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus an Chúirt
Bhreithiúnais Eorpach.
Le bliain nó dhó anuas, tá sé tugtha faoi deara agam, gan baint
dá dtábhacht, go léiríonn na prionsabail ghinearálta sin, mar sin féin,
dearcadh traidisiúnta ar ról na gcomhlachtaí poiblí. Cuireann siad béim
ar na sriantachtaí a chuirtear ar chomhlachtaí poiblí i gceart nuair a
dhéileáiltear le daoine agus nuair a dhéantar cinntí a imríonn tionchar
orthu. Go bunúsach, ní mór do chomhlachtaí poiblí neamhdhlíthiúlacht,
mírialtacht, míchuibhiúlacht i nósanna imeachta agus easpa comhréire a
sheachaint - mura ndéantar é sin d�fhéadfadh sé go gcuirfí in aghaidh a
gcinntí bealach athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Gan dabht, tá na
prionsabail sin forbartha go mór thar am. Tá tionchar imeartha orthu ag
athruithe sa tsochaí agus sa rialú, i gcoitinne, agus, ach go háirithe,
ag forbairtí a bhaineann le coincheapa saoránachta agus
rannpháirteachais dhaonlathaigh. Ach táim tógtha leis an díospóireacht
fhorásach i measc dlíodóirí acadúla faoi na luachanna atá mar bhonn ag
na prionsabail atá fógartha san iliomad cinntí cúirte a bhaineann le
cásanna dlí riaracháin agus le hathbhreithniú breithiúnach.
Tagraítear do na luachanna sin go minic mar �cearta cúlra� ach
ní cearta iontu féin iad. Go bunúsach, is éard atá i gcearta ná na
meáin chun luachanna a chosaint. Cé go mbaineann cearta le próiseas
agus nósanna imeachta na cinnteoireachta, baineann luachanna leis an
tábhacht le gníomhaíocht nó cinneadh do na daoine aonair a n-imríonn
sí/sé tionchar orthu. Ar bhealach eile, d�fhéadfadh sé go mbeadh
cinneadh ceart ó thaobh nóis imeachta agus de réir an dlí, ach chun na
luachanna atá mar bhonn den chinneadh a mheas is gá díriú ar thoradh an
chinnidh. Tá tráchtaire1 amháin i ndiaidh tagairt do luachanna mar an
�dearcadh morálta cúlra den chaoi ar ceart don saol a bheith do dhaoine
aonair i sochaí eagraithe�. Tá tráchtaire2 eile i ndiaidh cúig
chroíluach a aithint a rialaíonn an caidreamh idir an stát agus an
saoránach, rud a léiríonn sí mar an ngá le huathriail, dínit, meas,
stádas agus slándáil daoine aonair a chaomhnú.
I gCaibidil a hAon thagair mé do chineál athraitheach
eagraíochtaí na seirbhíse poiblí. Ag cuimhneamh ar an athrú sin, an
bhfuil gá le ráiteas níos soiléire faoi na luachanna is ceart don Stát
a chaomhnú agus ar ceart dó meas a léiriú orthu ina dhéileálacha le
saoránaigh? Dhéanfainn idirdhealú ansin idir, ar thaobh amháin, na
luachanna a mbítear ag súil go bhfuil siad ag seirbhísigh phoiblí
aonair agus a bhfeidhmeanna á gcomhlíonadh acu mar ionracas,
macántacht, seachaint coinbhleachtaí leasa, freagracht, cothroime,
oscailteacht agus éifeachtúlacht agus, ar an taobh eile, na
croíluachanna atá mar bhonn den tslí inar ceart dóibh déileáil le
saoránaigh. Dhéanfainn idirdhealú chomh maith idir na croíluachanna sin
agus prionsabail na seirbhíse cáilíochta do chustaiméirí atá leagtha
amach sa Treoir Phraiticiúil d�Fhorbairt Pleananna Gníomhaíochta na
Seirbhíse Cáilíochta do Chustaiméirí a fógraíodh faoin Tionscnamh
Bainistíochta Straitéisí.
Go hachomair, ní mór prionsabail sheanbhunaithe an dlí
riaracháin dá ndearna mé tagairt ní ba thúisce a fheiceáil mar chaoi le
críoch a bhaint amach agus ní mar chríoch iontu féin. Tá sé éirithe
soiléir dom - agus chuir mé béim air sin sa tuarascáil uaim le déanaí
ar Dheontais Tí Altranais - gur minic a ligeann comhlachtaí poiblí i
ndearmad toradh deiridh roinnt mhaith gníomhaíochtaí dá gcuid, go fiú
gníomhaíochtaí a thionscnaítear le dea-rún. Léiríonn na deontais
tithíochta do dhaoine le míchumais dá dtagraítear níos túisce sa
chaibidil seo an pointe sin chomh maith.
Táim ag súil leis na coincheapanna sin a fhorbairt trí thagairt
do chásanna amach anseo mar go bhfeictear dom gurbh fhiú go mór é
iarracht a dhéanamh cabhrú le comhlachtaí poiblí cur chuige atá
bunaithe níos mó ar luachanna a ghlacadh nuair atá siad ag plé le
daoine, anois agus cur chuige ceart daonna don soláthar seirbhíse ag
éirí riachtanach. Tá na cúig chroíluach d�uathriail, dínit, meas,
stádas agus slándáil a luaigh mé thuas idirnasctha. Ach is léir dom go
bhfuil tábhacht ar leith ag luachanna mar uathriail, dínit agus meas i
gcás grúpaí mar dhaoine scothaosta agus daoine le míchumais ar ceart
dearbhú a thabhairt dóibh gur ionann a bhfiúntas féin agus fiúntas
daoine eile den tsochaí. Beidh stádas - arb é is brí leis anseo ná
suíomh nó seasamh duine inár sochaí - tábhachtach do ghrúpaí
forimeallaithe nach bhfuil in ann ról gníomhach a ghlacadh chun
tionchar a imirt ar a dtodhchaí féin. Tá slándáil - arb éard atá ann ná
cosaint in aghaidh athraithe dhamáistithe gan údarás - mar bhunús le
cuid mhaith gníomhartha a dhéanann an Stát ar thóir an ruda atá chun
leas an phobail, dar leis, ach a d�fhéadfadh drochthionchar a imirt ar
dhaoine aonair ar leith. Tá tagairt déanta agam níos túisce sa
tuarascáil faoi na hábhair imní atá agam sa réimse pleanála. Arís, ní
mór dom a threisiú nach ionann na luachanna sin agus cearta. Tá sé i
gceist go gcuirfidí meán ar fáil chun díriú ar thionchar cinntí ar
dhaoine aonair, ach go háirithe nuair is drochthoradh é an tionchar sin.
Cuid thábhachtach de mo ról mar Ombudsman is ea eilimint dhaonna
a thabhairt isteach sa chaidreamh idir an Stát agus a shaoránaigh.
Déanaim iarracht a chinntiú go gcuirtear an dlí i bhfeidhm go ceart ach
déanaim iarracht chomh maith léirmhíniú ródhocht ar an dlí a mhaolú
nuair a éilíonn cothromas é sin agus dírím aird ar lochtanna sa dlí a
d�fhéadfadh drochthionchar a imirt ar theidlíochtaí daoine. Léiríonn
cuid mhaith de na cásanna a leanann an chaoi a bhfuil drochthionchar
imeartha ar dhaoine ag feidhmiú earráideach nó garbh an dlí nuair a
bheadh an éagóir seachanta le cur chuige bunaithe ar luachanna.
Fonótaí
1. N. McCormick �Jurisprudence and the Constitution� [1983].
2. Dawn Oliver �The Underlying Values of Public and Private Law� i
Michael Taggart (ed.) �The Province of Administrative Law� [1997].
Sa chás seo a leanas ghlac an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha
Tuaithe léirmhíniú ródhocht ar an Scéim Luathscoir ó Fheirmeoireacht ag
iarraidh údar a thabhairt do chinneadh i dtaca le hiarratas ar phinsean
a dhiúltú.
Fuair mé gearán ó bhean ar chuir a fear céile iarratas isteach
faoin Scéim Luathscoir ó Fheirmeoireacht ar lá a bháis. Is coinníoll
den scéim é má fhaigheann pinsinéir atá ag fáil Pinsean Luathscoir bás,
gur féidir fuílleach an phinsin a íoc leis an gcéile agus/nó na
cleithiúnaithe, faoi réir ag critéir áirithe. I dtosach, dhiúltaigh an
Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe an t-iarratas ar an
mbonn go raibh sé neamhiomlán ar an dáta a cuireadh isteach é. Sa chás
seo, ghlac an Roinn an dearcadh nach bhféadfaí iarratas a mheas mar
iarratas bailí agus é a cheadú ach amháin dá mbeadh an doiciméadú
riachtanach go léir ag gabháil leis. Sa chás seo, bhí roinnt
doiciméadaithe riachtanaigh ar iarraidh ón iarratas.
Thuig mé, ó ghearáin eile a scrúdú, go nglacadh an Roinn le
hiarratais neamhiomlána de ghnáth agus gur rud rialta é go n-iarrfaidís
an doiciméadú amuigh i ndiaidh d�iarratas a bheith curtha isteach.
Nuair a bheadh an doiciméadú go léir a bhí ar iarraidh seiceáilte ag an
Roinn, mheastaí an t-iarratas sin a bheith bailí. Ag cuimhneamh air
sin, chuir mé comhairle ar an Roinn go raibh an staid a bhí á glacadh
aici sa chás seo thar a bheith docht. Lorg sí comhairle dlí ó Oifig an
Ard-Aighne ansin. Thug an tArd-Aighne (AA) le fios go bhféadfaí
íocaíocht a dhéanamh sa chás seo ar an mbonn go raibh an t-iarratas
iomlán go maith ag tráth bhás an iarrthóra agus gur sholáthair an scéim
d�íocaíocht a dhéanamh lena baintreach fad a chomhlíon sí critéir
áirithe. Thug an AA le fios chomh maith go raibh an ceart ag an Roinn
déileáil le himthosca ar leith an cháis mar imthosca eisceachtúla.
Bhraith an Roinn, áfach, dá nglacfaí leis an gcomhairle sin go mbeifí
ag scor óna cleachtas caighdeánach agus ó choinníollacha na scéime.
Rinne sí teagmháil le Coimisiún na hEorpa ansin agus chuir siadsan
comhairle ar an Roinn dá ndéanfadh sí an cinneadh a athbhreithniú agus
dá gceadódh sí an t-iarratas mar chás eisceachtúil nach mbeadh sí ag
feidhmiú ar bhealach a bheadh neamh-chomhoiriúnach le Rialacháin an AE
a rialaíonn an scéim. Mar thoradh air sin, fuair an t-iarratasóir a
pinsean ar deireadh, pinsean de �618 (�784.70) in aghaidh na míosa agus
riaráiste a raibh �15,871 (�20,152.01) san iomlán ann.
Ní mór, mar riachtanas, rialacha a bheith ag na scéimeanna atá ceaptha
chun tairbhí a sholáthar a shoiléiríonn teidlíocht agus a chinntíonn
cothroime. Táim i ndiaidh a bheith cáinteach faoi chomhlachtaí poiblí a
chuireann rialacha i bhfeidhm ar mhodh chomh docht sin go ndéantar na
daoine sin a raibh an tairbhe le dul chucu ó thús a eisiamh. Sa
chomhthéacs sin, creidim go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna go
n-aibhsítear na cásanna sin ina bhfuil cur chuige tuisceanach agus
solúbtha glactha ag comhlacht poiblí óna bhfuil toradh sásúil faighte
ar ghearán. Cás dá leithéid is ea an cás seo a leanas ina raibh Oifig
na gCoimisinéirí Ioncaim páirteach.
Bhain an gearán leis an scéim a fheidhmíonn Oifig na
gCoimisinéirí Ioncaim ina bhfuil faoiseamh cánach le fáil ar fheithicil
a fhaightear chun daoine le míchumais a iompar. Sa chás seo, ceadaíodh
faoiseamh cánach iomlán do thuismitheoirí altrama cailín a bhí faoi
ollbhac meabhrach agus fisiceach i dtaca le mótarfheithicil a bhí
curtha in oiriúint chun freastal ar riachtanais iompair a bpáiste
altrama. Bhí cúram faoisimh don pháiste altrama á sholáthar ag duine
eile a chuir isteach ar fhaoiseamh cánach chomh maith i dtaca le
feithicil a cheannaigh sí chun an cailín a iompar nuair a bhí sí faoina
cúram. Diúltaíodh an t-iarratas sin ar an mbonn gur riachtanas den
scéim é gur ball den teaghlach a chónaíonn le agus atá freagrach as an
duine leis an míchumas a iompar a bheadh sa duine a gheobhadh an
faoiseamh cánach.
D�iarr mé ar na Coimisinéirí Ioncaim an cás a athbhreithniú.
Tháinig siad ar an gconclúid go raibh an cinneadh maidir leis an
bhfaoiseamh cánach a dhiúltú ceart ach, de bharr imthosca ar leith an
cháis, go gceadóidís an faoiseamh cánach a lorgaíodh ar bhonn aonuaire
fad a ghlac na tuismitheoirí altrama orthu féin nach ndéanfaidís
éileamh breise faoin scéim ar feadh dhá bhliain i ndiaidh don
fhaoiseamh a bheith ceadaithe i dtaca le feithicil an chúramóra
faoisimh. Ghlac an dá pháirtí leis an mbeart sin agus fuair an cúramóir
faoisimh aisíocíocht de �2,048 (�2,600.42) i dtaca le Cáin Bhreisluacha
agus Cáin Clárúcháin Feithiclí ar an bhfeithicil a cheannaigh sí.
Cé go mb�fhéidir go mbeadh cinneadh a dhéanann comhlacht poiblí de réir
théarmaí na scéime cuí go docht, d�fhéadfaí é a cheistiú, mar sin féin,
dá dtiocfadh éagothromas chun solais ag cuimhneamh ar na himthosca
indibhidiúla. Tháinig sé sin chun solais sa ghearán seo a leanas in
aghaidh na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh.
Bhí ar fhear luathscor den obair in Iúil 1993 de dheasca
easláinte. Níorbh é galar Alzheimer an diagnóis a bhí tugtha ag an
tráth áirithe sin. Ina dhálaí ar leith bheadh sé i dteideal Sochair
Míchumais (SM) nó Pinsin Easláinteachta (PE) ag an tráth nuair a
cuireadh air luathscor dá obair. Ní raibh a fhios aige go raibh sé i
dteideal na sochar sin agus, mar sin, ní dhearna sé aon éileamh ag an
am. I mBealtaine 1994, spreagadh a bhean le fiosruithe a dhéanamh ag an
Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh áitiúil mar gheall ar phinsean
gairme a fir céile a bhí beag go maith. Cuireadh comhairle uirthi
iarratas a dhéanamh thar ceann a fir céile ar SM agus íocadh riaráiste
sé mhí le héifeacht ó Shamhain 1993. Dhiúltaigh an Roinn riaráiste níos
mó ná sé mhí a íoc ar an mbonn gur choisc an reachtaíocht chuí é sin -
cuma cén fáth a raibh an t-éileamh déanach. I Samhain 1994 aistríodh go
PE é, íocaíocht fadtéarma atá níos airde ná an ráta SM agus atá
iníoctha leo sin nach bhfuil in ann filleadh ar an líon saothair de
dheasca breoiteachta nó neamhábaltachta.
Ceist a ardaíodh ná ar ceart don Roinn, agus í ag scrúdú éilimh
dhéanacha ar SM, na prionsapail agus loighic chéanna a chur i bhfeidhm
mar a chuirtear i bhfeidhm ar éilimh dhéanacha ar phinsin ranníocaíocha
leasa shóisialta. Bhí an teip i dtaca leis an bpinsean a éileamh
inchurtha i leith breoiteachta agus neamhábaltachta an fhir seo maidir
lena ghnóthaí a rialú. D'fhéadfadh an Roinn ansin úsáid a bhaint as
socrú seachreachtúil chun riaráiste iomlán pinsin a íoc. Tá an socrú
sin curtha ar bhonn foirmiúil sa reachtaíocht ó shin.
Ghlac an Roinn leis nach raibh an fear in ann a ghnóthaí féin a
rialú ach mheas siad toisc go raibh sé ina oibrí faoi árachas ar feadh
cuid mhaith blianta go raibh sé réasúnta a bheith ag súil go mbeadh a
bhean i ndiaidh déileáil lena theidlíochtaí leasa shóisialta thar a
cheann. Níor ghlac mé leis an argóint sin, go háirithe nuair a bhí an
brú breise ar a bhean chéile déileáil lena fear céile a bhí ag fulaingt
agus galar Alzheimer ag teacht air. Mheas mé cé gur glacadh gníomhartha
na Roinne sa chás seo leis an údarás ceart, gurb é an toradh a bhí air
ná nár cuireadh san áireamh imthosca ar leith an ghearánaí.
Mar go raibh an chuma air nach raibh an Roinn toilteanach
géilleadh chuir mé in iúl di go raibh sé beartaithe agam tús a chur le
himscrúdú.
Mar fhreagra, ghlac an Roinn leis gur cheart go mbeadh sé
soiléir ón bhfianaise míochaine agus ón gcomhfhreagras a bhí ar fáil ag
an am gur dócha go mbeadh sé i dteideal PE láithreach, a d�fhéadfaí a
shiardhátú thar an tréimhse sé mhí de réir an tsocraithe
sheachreachtúil. Dá ndéileálfaí leis an éileamh seo ar an mbealach sin
bheadh teidlíocht do PE ann agus d�fhéadfaí riaráiste a íoc leis le
héifeacht ó thosach a bhreoiteachta agus ón scor riachtanais dá
fhostaíocht. Dá réir sin, thug an Roinn PE dó le héifeacht ó thosach a
bhreoiteachta agus íocadh riaráiste de �1,435 (�1,822.07) leis.
Rinneadh íocaíocht bhreise de �108 (�137.13) i dtaca le cúiteamh ar
chaillteanas chumhacht ceannaigh an riaráiste. D�eisigh an Roinn
leithscéal chuig bean chéile an fhir chomh maith.
Toradh dearfach breise den chás ná gur ghlac an Roinn leis gur
cheart go mbeadh socruithe d�íocaíochtaí riaráiste dá leithéidí leagtha
amach go soiléir sa reachtaíocht ionas gur féidir iad a thuiscint go
soiléir. Bhí sé áitithe ag an Roinn roimhe sin nár thug a taithí le
fios go raibh gá le reachtaíocht chun déileáil le héilimh dhéanacha ar
SM nó PE. D�fháiltigh mé roimh ghealltanas na Roinne chun reachtaíocht
nua a thabhairt isteach chun déileáil leis na fadhbanna a bhí ann sa
chás seo. Is ceart go gcabhródh sé chun a chinntiú go measfar éilimh na
ndaoine sin a dhéanann éilimh dhéanacha ar SM nó PE, mar thoradh ar
neamhábaltacht infhíoraithe nó force majeure, ó dháta tosaithe a
mbreoiteachta nó gortaithe.
Sa chás seo a leanas theip ar an Oifig Luachála spriocdháta
reachtúil a chomhlíonadh chun cinneadh ar luacháil ónar eascair
caillteanas airgeadais d�úinéirí áitribh. D�aontaigh sí ina dhiaidh sin
gur thuill imthosca an cháis cúiteamh airgeadais.
Rinne Bainisteoir Forbartha Ionad Eolais do Shaoránaigh (IES)
gearán go raibh a údarás áitiúil ag éileamh rátaí iomlána tráchtála dá
áitreabh. Ba cheart go mbeadh díolúine ó rátaí aige i ngeall ar an
úsáid a bhí á baint as an áitreabh.
Sa scrúdú a rinne mé ar an ngearán taispeánadh gur eascair an
deacracht ón luacháil a chuir an Oifig Luachála (OL) ar an áitreabh. Ní
raibh an dhiscréid ag an údaras áitiúil rátaí a tharscaoileadh nuair a
bhí an t-áitreabh luacháilte ar bhonn húsáide roimh ré mar theach
tábhairne agus oifigí coimhdeacha. Nuair a cheistigh mé an OL, mhínigh
sí go raibh iarratas faighte aici ar 11 Bealtaine 1998 ar athbhreithniú
ar an luacháil curtha ar an áitreabh. Soláthraíonn Alt 3(3) den Acht
Luachála, 1988 go �[g]cuirfidh an Coimisinéir Luachála faoi deara go
ndéanfar, i gcás gach iarratais a dhéanfar chuige faoi fho-alt (1) den
alt seo, cinneadh maidir leis laistigh de shé mhí tar éis an t-iarratas
a fháil nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin agus eiseoidh sé a
luaithe is féidir liosta de na cinntí a bheidh déanta sa ráithe dar tús
dáta thosach feidhme an ailt seo nó in aon ráithe dá éis sin, laistigh
de dheich lá tar éis dheireadh na ráithe sin.�
Chun déanamh de réir na spriocdhátaí reachtúla sin, bheadh gá
leis an iarratas ar athluacháil a phróiseáil agus a eisiúint ar nó
roimh 10 Samhain 1998. Ar an drochuair, de dheasca conspóide
tionsclaíche den chuid is mó a raibh drochthionchar aici ar aschur na
hOifige Luachála i 1988, níor próiseáladh an t-iarratas in am chun go
mbeadh éifeacht aige i 1999. Rinneadh cigireacht ar an maoin le linn
1999 agus cuireadh sna liostaí luachála athbhreithnithe don údarás
áitiúil í ar 10 Samhain 1999. Thosaigh an díolúine ó rátaí don áitreabh
ar 1 Eanáir 2000. Fuarthas an t-iarratas bunaidh ar athbhreithniú i
mBealtaine 1998, áfach, agus dá ndéanfaí é a phróiseáil de réir an
Achta Luachála, 1988, d�fhéadfadh an t-áitreabh leas a bhaint as
díolúine ó 1 Eanáir 1999. Chuir an OL a haiféala in iúl nach raibh sé
in ann an cás a phróiseáil i 1998 agus thairg sí íocaíocht ex gratia de
�2,258 (�2,867.07) a dhéanamh le IES i leith an fhiachais rátaí i 1999.
Bhraith mé gur ghníomhaigh an OL go réasúnta trí fhreagracht a
ghlacadh agus an íocaíocht ex gratia a dhéanamh. Bhí an tairiscint
inghlactha don ghearánaí chomh maith.
Sa chás seo, theip ar Bhord Sláinte an Oirdheiscirt iarratasóir ar
dheontas tí altranais a chur ar an eolas faoin rogha reachtúil atá ag
an bPríomhfheidhmeannach agus iarratais dá leithéidí á meas. Ina
theannta sin, lean sé nósanna imeachta éagothroma agus neamhleora agus
an t-iarratas á mheas.
Go ginearálta, ní mór iarratais ar dheontas a dhéanamh sula
dtéann an duine chun cónaithe i dteach altranais. Mura ndéantar é sin,
ní féidir le duine iarratas a chur isteach ar dheontas laistigh de dhá
bhliain ón dáta iontrála. Tá dhá eisceacht don riail sin ann. Is í an
chéad eisceacht ná nuair a bhaineann an Príomhfheidhmeannach leas as
discréid glacadh le hiarratas. Is í an dara heisceacht ná nuair atá an
bord sláinte sásta go raibh gá leis an duine a ligean isteach mar chás
éigeandála, agus nach raibh aon rogha ag an teach altranais ach an
duine a ligean isteach ag an am.
Dúirt an gearánaí go raibh a hathair i ndiaidh iontráil i dteach
altranais sula ndearnadh an t-iarratas. Dhiúltaigh Bord Sláinte an
Oirdheiscirt an t-iarratas gan comhairle a chur ar an iarratasóir faoin
dhiscréid a dhílsítear don Phríomhfheidhmeannach. Ina theannta sin,
dhiúltaigh an Bord glacadh le fianaise míochaine a thacaigh leis an
éileamh gur ligeadh an fear isteach faoi imthosca éigeandála.
Bhí gá ag athair an ghearánaí, a bhí 81 bhliain d�aois agus ina
chónaí léi, le tréimhse ghairid cúraim i gceann d�ospidéil an Bhoird.
Sular scaoileadh amach é, thug a lia comhairleach le fios go gcaithfí é
a chur isteach i dteach altranais mar nach mbeadh a iníon in ann an
cúram altranais riachtanach a sholáthar.
Rinne sí iarratas don Bhord níos faide anonn ar dheontas tí
altranais thar ceann a hathar agus mhínigh sí imthosca a iontrála sa
teach altranais. Dúirt sí gur chabhraigh ball foirne léi, ar lá a
scaoilte ón oispidéal, chun socruithe a dhéanamh dá iontráil sa teach
altranais. Is ag an gcéim sin a fuair sí amach faoin deontas. Níor
chuir sí isteach air láithreach mar gur cheap sí nach mbeadh a hathair
sa teach altranais ach ar feadh roinnt seachtainí. Chuaigh a riocht in
olcas, áfach, agus d�fhan sé sa teach altranais go bás, trí mhí ina
dhiaidh sin.
Dhiúltaigh an Bord an t-iarratas ar dheontas, agus achomharc
iardain, ar an gcuntar go raibh sé ligthe isteach sa teach altranais
roimh an dáta ar a bhfuarthas an t-iarratas. D�iarr an gearánaí go
measfaí an t-iarratas mar iontráil i dteach altranais faoi imthosca
éigeandála. Dhiúltaigh an tOifigeach Achomharc é sin, ag lua nár
iontráil éigeandála í mar go raibh an fear i ndiaidh a bheith ina othar
cónaitheach san ospidéal sular scaoileadh isteach sa teach altranais é.
Sholáthair an dochtúir teaghlaigh fianaise tacaíochta breise.
Dhiúltaigh an tOifigeach Achomharc an t-iarratas arís, áfach, ag athlua
na gcúiseanna bunaidh don diúltú.
D�fhiafraigh mé den Bhord an raibh athrú bunúsach ina riocht i
ndiaidh a iontrála sa teach altranais a chuirfeadh air a bheith chomh
spleách sin go dteastódh cúram i dteach altranais uaidh. D�fhiafraigh
mé den Bhord chomh maith an mbainfeadh sé leas as a dhiscréid, in
imthosca dá leithéidí, an srianadh dhá bhliain ar iarratas ar dheontas
a dhéanamh a tharscaoileadh.
Dhiúltaigh an Bord don chur chuige sin, ag lua go dtiocfadh
athruithe ar riocht míochaine aon othair i dteach altranais thar
thréimhse dhá bhliain. D�áitigh sé dá mbronnfaí deontais ar dhaoine a
bhí tagtha chun bheith ina n-othair i dtithe altranais sular lorg siad
ceadú, ar an gcuntar go raibh a sláinte dulta in olcas ina dhiaidh sin,
go gciallódh sé sin go gcaithfí glacadh le gach cás, nach mór, mar go
bhféadfadh formhór na n-iarratasóirí dá leithéidí an cás a dhéanamh ar
na cúinsí sin.
I dtuairisc iardain a sholáthair lia comhairleach a hathar dúradh:
�...scaoileamar bhur n-athair ón ospidéal ar an gcuntar nach
raibh sé ag dul ach go Teach Altranais. Ag cuimhneamh ar a riocht
forioml*n an tr*th a raibh sé san ospidéal linn ní dóigh liom go
bhféadfaimis é a scaoileadh nó a aistriú ach amh*in le haghaidh cúraim
i dTeach Altranais ... Bheadh sé dodhéanta duit an cúram sin a
sholáthar leat féin agus bheadh gá aige le cúram altranais gairmiúil i
dTeach Altranais.�
D�iarr mé go n-athbhreithneodh an Bord an cás ag cuimhneamh ar
an tuairisc sin. D�fhiafraigh mé an rabhthas i ndiaidh an t-iarratasóir
a chur ar an eolas faoin dhiscréid a dhílsítear don
Phríomhfheidhmeannach i dtaca le glacadh le hiarratais dhéanacha, agus
mura rabhthas, cén fáth nach ndearnadh amhlaidh.
D�fhreagair an Bord nár thug an tuairisc ón lia comhairleach
údar ceart le hathrú sa chinneadh. Luaigh sé cé nach rabhthas i ndiaidh
an t-iarratasóir a chur ar an eolas faoin dhiscréid a dhílsítear don
Phríomhfheidhmeannach, go raibh an gnó measta aige sa chomhthéacs sin,
ach gur bheartaigh sé nach raibh sé oiriúnach úsáid a bhaint as an
dhiscréid sa chás áirithe seo. Ina theannta sin, níor mheas an Bord gur
ligeadh an t-othar isteach faoi imthosca éigeandála.
Bhí mé sásta go raibh fianaise prima facie de mhíriaradh ann ar an gcuntar:
- gur dhiúltaigh an Bord an t-iarratas gan comhairle a chur ar an iarratasóir faoin dhiscréid a dhílsítear don Phríomhfheidhmeannach;
- gur dhealraigh sé gur thug an Bord míthreoir dó féin i dtaca leis an dhiscréid;
- gur theip ar an mBord doiciméadú dóthanach de na cúiseanna leis na cinntiú a choinneáil;
- gur dhiúltaigh an Bord, gan chúiseanna, glacadh le fianaise
míochaine a thacaigh leis an éileamh gur ligeadh an duine isteach faoi
imthosca éigeandála; agus
- gur dhealraigh sé nach raibh gnásanna achomharc dóthanacha ag an mBord.
Bunaithe ar mo chonclúidí rinne an tOifigeach Achomharc an cás a
athbhreithniú. Tháinig sí ar an gconclúid go bhféadfadh sé nach raibh
an cinneadh maidir leis an iarratas faoi imthosca éigeandála a dhiúltú
ceart ar an gcuntar gur thug an litir mhínithe le fios go raibh an
t-ospidéal ag scaoileadh an othair amach chuig a bhaile féin nó chuig
teach altranais, agus ar an gcaoi sin ag cur d�iallach ar a iníon
cinneadh a dhéanamh. Faoi imthosca dá leithéidí, mheas sí go raibh
gníomhartha an ospidéil, ceann d�institiúidí an Bhoird, i ndiaidh cur
leis an gcinneadh athair an ghearánaí a chur sa teach altranais.
Ina theannta sin, dúirt an tOifigeach Achomharc gur ghlac sí
leis nuair a measadh an cás i dtosach go raibh an teach altranais ar an
eolas faoin ngá le hiarratas roimh ré, ach ghéill sí ina dhiaidh sin go
bhféadfadh sé nár sholáthair sé an t-eolas sin don ghearánaí. Bhí sí
sásta gur thug an fhianaise a bhí curtha faoina bráid anois le fios go
raibh athair an ghearánaí i ngátar cúraim tí altranais agus mhol sí go
nglacfaí leis an iarratas le híocaíocht le héifeacht ó dháta an
iarratais.
I ndiaidh conspóid eile a réiteach i dtaca le measúnú ar
acmhainn teaghlaigh, rinneadh íocaíocht le héifeacht ó dháta an
iarratais agus ríomhadh an méid a bhí i gceist, bunaithe ar an deontas
iomlán ag an uasráta spleáchais, ag �1,646 (�2,089.99).
Ní raibh mé sásta go raibh na gnásanna a d�úsáid an Bord i dtaca
le hiarratais dóthanach, nó nach dtarlódh cás comhchosúil arís.
Aithním, áfach, gur lú an dóchúlacht go dtarlóidh sé sin arís ag
cuimhneamh ar na gnásanna feabhsaithe ar ghlac an Príomhfheidhmeannach
air iad a chur i bhfeidhm. Threoraigh sé go gcuirfí aon duine a bhí
míshásta le cinneadh an Bhoird ar dheontas ar an eolas faoin gceart
achomharc a dhéanamh leis. Dhearbhaigh sé chomh maith go spreagfadh sé,
go ginearálta, oifigigh an Bhoird le sochar an amhrais a thabhairt don
iarratasóir i gcásanna léirmhínithe theorannaigh na Rialachán.
Sa ghearán seo a leanas in aghaidh Chomhairle Chontae Bhaile Átha
Cliath Theas bheadh léirmhíniú mícheart ar chritéir intofachta faoin
Scéim Cheannaigh reachtúil le haghaidh Tionóntaí, murach an
idirghabháil a rinne mé, i ndiaidh mórthionchar dochrach a imirt ar an
ngearánaí.
Nuair atá tionchar dochrach imeartha ar dhuine ag gníomhartha
míchearta comhlachta, is ceart gach ní is féidir a dhéanamh chun a
chinntiú go gcuirtear an duine ar ais sa suíomh ina mbeadh sé/sí mura
mbeadh an gníomh mícheart i ndiaidh tarlú. Bhí an prionsabal sin
bainteach le cás inar dhiúltaigh Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath
Theas ligean do bhean a teach a cheannach nuair a chuir sí isteach air
faoi Scéim Cheannaigh 1995 le haghaidh Tionóntaí. Níor diúltaíodh go
foirmiúil í ach dúradh léi thar an nguthán nach bhféadfadh a hiarratas
dul ar aghaidh mar go raibh sí, dar leo, ina cónaí i gcineál tí nach
raibh intofa le díol faoi théarmaí na scéime.
Chruthaigh mé go raibh an Chomhairle mícheart ag rá go raibh bac
uirthi an teach a dhíol leis an mbean faoin scéim agus i ndiaidh na
hidirghabhála a rinne mé d�aontaigh sí ar ligean don bhean an teach a
cheannach. Tháinig an bhean chugam arís, áfach, tamall ina dhiaidh sin
chun a rá go raibh an Chomhairle i ndiaidh an teach a ofráil di ar
phraghas 1998 in áit phraghas 1995. Bhraith sí go raibh sé sin éagóir
mar go raibh luach an tí dulta i méid go mór ó 1995, agus nach uirthi a
bhí an locht go raibh moill ann.
D�áitigh an Chomhairle gur mhór an dóchúlacht nach mbeadh cead
aici an teach a cheannach i 1995 go fiú dá nglacfaí lena hiarratas, ar
chúiseanna airgeadais agus eile. Rinne an Chomhairle an pointe chomh
maith nár lean an bhean dá hiarratas ó 1995 i leith agus gur amhlaidh
gur chuir sí isteach ar théamh lárnach a shuiteáil agus síneadh a chur
leis an teach. Bhraith an Chomhairle gur thaispeáin sé sin go raibh
suim caillte aici sa teach a cheannach.
Scrúdaigh mé an gnó agus rinne mé na pointí seo a leanas don Chomhairle:
- cuireadh comhairle mhícheart ar an ngearánaí ón tús go raibh
an teach inar chónaigh sí neamh-intofa le háireamh i Scéim Cheannaigh
1995 le haghaidh Tionóntaí. Cé nach bhfuair sí cinneadh foirmiúil sa
ghnó sin, ghlac an Chomhairle leis gur cuireadh comhairle mhícheart
uirthi ag an am;
- mar gheall ar an ngníomh mícheart i 1995, ní dhearnadh aon
scrúdú ceart ar a dálaí, ina n-áirítear cumas chun íoc as an teach, ag
an am;
- d�fhéadfadh a teaghlach cabhrú léi ó thaobh airgid dá mbeadh deacrachtaí aici le haisíocaíochtaí;
- cé gur áitigh an Chomhairle nár lean sí dá hiarratas i ndiaidh
1995 dúirt sí gurb éard a bhí in eilimint mhór dá hiarratas ar shíneadh
a chur leis an teach i 1996 ná go n-athródh síneadh dá leithéid
aicmiúchán an tí agus go gcuirfí ar a cumas an teach a cheannach. Dá
ndéanfaí an cinneadh ceart i dtosach, ní dócha go mbeadh ceist an
tsínte tagtha chun solais.
Ag cuimhneamh nár scrúdaigh an Chomhairle a iarratas i gceart ag
an tráth cuí, mheas mé gur ceart sochar an amhrais a thabhairt di i
dtaca lena cumas cáiliú ar chúinsí ioncaim. Ina dhiaidh sin agus uile
rinne Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath Theas mór-earráidí
riaracháin agus í ag láimhsiú iarratas an ghearánaí.
Rinne an Chomhairle an gnó a athmheas agus d�aontaigh ar an teach a dhíol léi ar phraghas 1995.
Sa chás seo a leanas d�fhéadfadh feidhmiú mícheart rialachán a
rialaíonn íocaíocht Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas ag Comhairle
Cheantair Uirbigh Dhún Dealgan, go bhfágfaí an gearánaí i riocht
caillteanas airgeadais.
Rinne an gearánaí iarratas le Comhairle Cheantair Uirbigh Dhún
Dealgan ar Dheontas do Dhaoine faoi Mhíchumas chun cóiríocht urláir
talún a sholáthar dá fear céile scothaosta maolghluaiste. Agus an
gearán á scrúdú tháinig sé chun solais gur lorg an Chomhairle, thar
thréimhse trí bliana, roinnt meastachán le haghaidh na n-oibreacha
riachtanach ach, toisc gur sháraigh na meastacháin a fuarthas an
t-uasdeontas iníoctha, go raibh gannchion mór ann a chaithfí a réiteach
ó fhoinsí eile. Bhraith an Chomhairle nach mbeadh an gearánaí sa suíomh
ceart chun an gannchion sin a mhaoiniú agus, sna dálaí sin, ní dhearna
an Chomhairle a hiarratas ar dheontas a phróiseáil níos mó.
Dúirt an Chomhairle chomh maith gurb éard a bhí i gcóiríocht
láithreach an ghearánaí ná teach sraithe dhá stór trí sheomra codlata
leis na seomraí agus an seomra folctha thuas staighre. Luaigh an
Chomhairle go rabhthas i ndiaidh aistriú chuig teach dhá sheomra
codlata i stíl bungaló leis na saoráidí go léir ag leibhéal urlár na
talún a thairiscint don ghearánaí cheana féin agus gur dhiúltaigh sí
glacadh leis an aistriú.
I ndiaidh dom an gnó a bhreithniú go mion dhírigh mé aird na Comhairle
ar Alt 4(2)(a) de na Rialacháin Tithíochta (Deontais le haghaidh Daoine
faoi Mhíchumas agus le haghaidh Deisiúchán Riachtanais), 1993 (I.R.
Uimh. 262 de 1993) a fhorálann:
�Ní rachaidh deontas faoin alt seo thar - (a) costas ceadaithe na
n-oibreacha i gcás tí ar ligean ag údarás áitiúil de bhun aon
fheidhmeanna dá chuid faoi na hAchtanna Tithíochta, 1966 go 1992.�
Bhí an teach ar cíos ag an ngearánaí ón gComhairle. Ní raibh sé
ar úinéireacht aici agus thuig an Chomhairle é sin. Mar sin, d�fhoráil
na Rialacháin go bhféadfadh an Chomhairle deontas suas le costais
cheadaithe na n-oibreacha a íoc. Sa chás seo, �17,000 (�21,585.55) a
bhí i gcostas ceadaithe na n-oibreacha. Ghlac mé an dearcadh nár cheart
don Chomhairle cion tairbhe a lorg ón ngearánaí i leith chostas an
tionscadail ar an mbonn go raibh an teach ar úinéireacht ag an
gComhairle, agus ní ag an ngearánaí.
Maidir leis an moladh go mbainfeadh an gearánaí agus a fear
céile leas as aistriú tí, thug mé faoi deara go raibh, thar na blianta,
córas tacaíochta sóisialta cothaithe acu agus, dá réir sin, ní bheinn
ag súil go n-aistreoidís teach, in aghaidh a dtola, ag an gcéim seo ina
saol. Dá réir sin, d�iarr mé ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an
Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil maidir leis an gcaoi a
bhféadfadh sí an gannchion sa chistiú deontais a bhí ar fáil a mhaoiniú.
I ndiaidh don Chomhairle athmheas a dhéanamh ar an ngnó, níor
mheas sí gur ghá an gnó a atreorú chuig an Roinn. Ina áit sin, fuair sí
tairiscintí breise chun an síneadh a bhí ag teastáil a dhéanamh agus
críochnaíodh an tionscadal. Mhaoinigh an Chomhairle é ón deontas agus
óna hacmhainní airgeadais féin.
Sa chás seo a leanas d�áitigh Comhairle Chontae Chill Chainnigh
nach raibh aon chumhacht reachtúil aici doiciméid phleanála áirithe a
chur ar fáil le ceannach ag an bpobal. D�áitigh mise nach raibh cosc
air sin agus gur thug imlitir Roinne agus cleachtas dea-riaracháin le
fios gur ceart na doiciméid a chur ar fáil.
Dhiúltaigh an Chomhairle cóipeanna a chur ar fáil, le ceannach,
de thuarascáil pleanálaí agus doiciméadú eile ó chomhad pleanála. Rinne
an gearánaí amach go raibh sé sin in aghaidh mholtaí na Roinne
Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil go gcuirfí doiciméadú dá leithéid ar
fáil.
Dúirt an Chomhairle nach bhfuil aon fhoráil reachtúil ann a
chuireann ar údarás áitiúil cóipeanna d�aon doiciméadú seachas Ráiteas
faoin Tionchar ar an gComhshaol (RTC), cóip de chead pleanála agus na
coinníollacha a ghabhann leis, a chur ar fáil do dhuine den phobal.
Rinne an Chomhairle amach nár threoraigh imlitir ón Roinn di polasaí a
ghlacadh chun an suíomh reachtúil a fhorlíonadh.
I ndiaidh dom freagra na Comhairle a mheas, chuir mé in iúl go
raibh an imlitir eisithe ag an Roinn i ndiaidh gur chríochnaigh m�Oifig
imscrúdú oifigiúil ar ghearán i 1995. Ag an tráth sin, mheas mé gur
tháinig an diúltú do dhoiciméadú pleanála, le ceannach, a chur ar fáil
salach ar thiomáint ghinearálta na n-achtanna agus rialachán pleanála
atá foirmithe ar bhealach chun lán-rannpháirtíocht ó dhaoine den phobal
a cheadú i gcinntí a bhaineann le pleanáil agus forbairt cheart a
gceantar áitiúil féin. In imlitir na Roinne iarradh ar údaráis áitiúla
�socruithe a chur i bhfeidhm a chuirfidh cóipeanna d�aon doiciméad, ina
iomláine nó cuid de, a bhaineann le hiarratas ar phleanáil, seachas
plean nó líníocht eile nó grianghraf, ar fáil le ceannach.�
Mhínigh mé nach bhfuil aon fhoráil reachtúil ann faoi láthair a
chuireann ar údarás áitiúil cóipeanna d�aon doiciméadú nach RTC, cóip
de chead pleanála agus na coinníollacha a ghabhann leis, a chur ar fáil
do dhuine den phobal. Ar an taobh eile, thug mé le fios nach bhfuil ann
d�aon fhoráil reachtúil a choisceann ar údarás áitiúil an doiciméadú
bainteach a chur ar fáil.
