- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2000
Caibidil 5 - An Bhliain faoi Athbhreithniú
An Bhliain faoi Athbhreithniú
Comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh-Theas
De réir Chomhaontú Bhéal Feirste 1998, tá sé Chomhlacht
Forfheidhmithe Thuaidh-Theas nua bunaithe. Feidhmíonn na comhlachtaí
nua sin sna réimsí seo a leanas: sábháilteacht bia, trádáil agus
forbairt gnó, teanga, uisceshaothrú agus ábhair mhuirí, sainchláir AE
agus uiscebhealaí intíre. Bunaíonn Acht Chomhaontú na Breataine-na
hÉireann, 1999, na comhlachtaí sin sa dlínse seo agus tugann laistigh
de théarmaí tagartha m�Oifige iad. Tá dlínse ag an dá Oifig Ombudsman,
Thuaidh agus Theas, thar na Comhlachtaí Forfheidhmithe agus
soláthraíonn an tAcht d�idirchaidreamh agus comhoibriú idir an dá
Oifig, chun déileáil le gearáin in aghaidh na gcomhlachtaí sin.
Clúdaíonn dlínse m�Oifige �gníomhartha a dhéanann na comhlachtaí sa
Stát nó a dhéantar ar a son� agus tá feidhm ag foráil pharailéalach i
gcás Ombudsman Thuaisceart Éireann.
An Bille Ombudsman (Leasú)
Don seachtú bliain as a chéile braithim gur gá a thaifeadadh sa
Tuarascáil Bhliantúil go bhfuil an Bille Ombudsman (Leasú) le hachtú
fós. Cheadaigh an Rialtas cinn Bhille a leathnódh mo théarmaí tagartha
san earnáil phoiblí níos leithne chun ospidéil phoiblí dheonacha, FÁS
agus an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta a áireamh. In ainneoin
chinneadh an Rialtais tá an dréachtreachtaíocht - atá simplí go maith -
le hullmhú agus le cur faoi bhráid an Oireachtais fós.
Áirím gurbh fhéidir i dtaca leis an Acht um Shaoráil Faisnéise,
1997, an líon comhlachtaí poiblí a mhéadú, roinnt babhtaí, atá faoi mo
dhlínse mar Choimisinéir Faisnéise. Ina theannta sin, mar a luaitear
thuas, tá na Comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh-Theas tugtha isteach
faoi mo dhlínse mar Ombudsman ag Acht Chomhaontú na Breataine-na
hÉireann, 1999. Leis na forbairtí sin is mó an domhíniú a thugtar don
teip i dtaca leis an mBille Ombudsman (Leasú) a achtú.
Bainistíocht Straitéiseach agus Pleanáil Gnó
Tá tasc an tseachadta seirbhísí poiblí éirithe i bhfad níos
casta agus níos dúshlánaí. Ní mór do chomhlachtaí poiblí athbhreithniú
leanúnach a dhéanamh ar a bpróisis agus nósanna imeachta inmheánacha
chun a chinntiú go seachadtar seirbhísí poiblí go héifeachtach agus go
gairmiúil. Baineann sé sin chomh maith leis na trí réimse gníomhaíochta
atá ag foireann m�oifige, is é sin Oifig an Ombudsman, Oifig an
Choimisinéara Faisnéise agus an rúnaíocht do Choimisiún na nOifigí
Poiblí. Cé go bhfeidhmíonn gach comhlacht feidhmeanna reachtúla
neamhspleácha, tá comhaidhm acu, mar a chuirtear in iúl inár ráiteas
misin, �cabhrú chun seirbhís phoiblí atá oscailte, cothrom agus
freagrach a bhaint amach.�
I Meitheamh 2000 lainseáil mé an chéad phlean gnó chun na trí
fheidhm reachtúla a chlúdach. Tá dhá ghné ag an bplean. Ar an gcéad dul
síos, tuairiscítear ann an ráiteas misin, na luachanna agus na
príomhthosaíochtaí straitéiseacha do na trí oifig ina n-iomláine. Ar an
dara dul síos, faightear ann pleananna gnó mionsonraithe do gach ceann
de na feidhmeanna líne laistigh den eagraíocht ina hiomláine.
Mórdhúshlán ann féin a bhí i dtasc foirmithe an phlean. Díríonn
an plean ar chuspóirí praiticiúla agus inbhainte amach agus cuireann sé
an-chuid béime ar fheidhmiú na n-eilimintí éagsúla laistigh de
spriocdhátaí sonraithe. Tá obair ar a fheidhmiú chun cinn go mór agus
táim cinnte go ndéanfaidh sé ár gcaighdeáin ghairmiúlachta agus
cáilíocht na seirbhíse a thugaimid dár gcliaint a fheabhsú níos mó.
Tuarascálacha ar Shaincheisteanna nó ar Shainréimsí Riaracháin Phoiblí
Sa Tuarascáil Bhliantúil ó 1999 uaim thug mé le fios go
leanfainn den chleachtas i dtaca le tuarascálacha ócáideacha a chur
faoi bhráid an Oireachtais ar shaincheisteanna nó ar shainréimsí
riaracháin phoiblí. Is gnách go ndíríonn na tuarascálacha sin ar
easnaimh shistéimeacha agus nós imeachta a bhfuil drochthionchar
imeartha acu ar líonta móra gearán. Tá na tuarascálacha i ndiaidh a
bheith an-éifeacht chun sásamh a dhaingniú do ghearánaithe agus, gan
dabht, do dhaoine eile nach mbeadh i ndiaidh gearán a dhéanamh le
m�oifig ach ar imríodh drochthionchar orthu le gníomhartha an
chomhlachta phoiblí i gceist. Toradh dearfach eile is ea na
feabhsúcháin ar chaighdeáin riaracháin phoiblí i gcoitinne nuair a
ghlacann comhlachtaí poiblí céimeanna chun na heasnaimh nós imeachta a
gcuirtear béim orthu sna tuarascálacha sin a cheartú. Níos tábhachtaí
fós, cuirtear na tuarascálacha sin, in éineacht le mo thuarascálacha
bliantúla, faoi bhráid an Oireachtais chun cabhrú agus tacú leis ina
chuid oibre.
In Iúil 2000, d�fhoilsigh mé tuarascáil ar m�imscrúdú �féintionscanta�
ar leibhéal na ró-íocaíochtaí neamh-aisíoctha ar chuntais iasachtaithe
iasachtaí tithíochta údaráis áitiúil, agus chuir mé faoi bhráid an
Oireachtais í. D�eascair an t-imscrúdú sin ó mo scrúdú ar ghearán
aonair in aghaidh Chomhairle Contae na Mí inar leanadh d�íocaíochtaí a
ghlacadh ó iasachtaí scothaosta i dtaca le hiasacht tithíochta cé go
raibh sí íoctha ina hiomláine dhá bhliain roimhe nach mór. Thug an cás
orm a chreidiúint go bhféadfadh sé go raibh laigeachtaí sistéimeacha i
bpróiseáil aisíocaíochtaí iasachta dá leithéidí in údaráis áitiúla
eile. Agus mar sin, lainseáil mé imscrúdú ar fud na n-údarás áitiúil,
rud a chumhachtaítear dom a dhéanamh gan an ngá le gearáin ar leith.
Chuir an tuarascáil béim ar a mhéid a lean údaráis áitiúla den ghlacadh
le híocaíochtaí ó iasachtaithe ar iasachtaí a bhí íoctha ina n-iomláine
agus chuir sí béim chomh maith ar theip roinnt mhaith údarás áitiúil
aon chéimeanna a ghlacadh chun na ró-íocaíochtaí ar iasachtaí
lán-íoctha a aisíoc. I ndiaidh m�imscrúdaithe rinneadh gach
ró-íocaíocht a aisíoc in éineacht le cúiteamh ar chaillteanas cumhachta
ceannaigh de na méideanna i gceist. Thoiligh na húdaráis áitiúla
nósanna imeachta nua a thabhairt isteach chomh maith chun a chinntiú
nach dtarlódh an cineál gearáin sin arís.
Ina theannta sin, chríochnaigh mé tuarascáil ar m�imscrúdú ar
ghearáin a bhain le híocaíocht deontas tí altranais ó bhoird sláinte.
Tá gearáin faoi na rialacháin deontais - ach go háirithe, an measúnú
teaghlaigh agus forálacha �airgead póca� - i ndiaidh a bheith ina ngné
rialta i dtuarascálacha bliantúla m�Oifige ó 1993 i leith. Dhírigh
m�imscrúdú ar na buncheisteanna a thug na gearáin sin chun solais i
dtosach báire. D�fhéach sé ar ról na Roinne Sláinte agus Leanaí i
ndéanamh na rialachán agus i maoirseacht a dhéanamh ar thabhairt
isteach agus feidhmiú na scéime deontais go náisiúnta.
Fuair mé amach go raibh an Roinn agus na boird sláinte i ndiaidh
feidhmiú ar mhodh a bhí �gan údarás ceart�, �idirdhealaitheach go
héaguibhiúil� agus tríd is tríd �in aghaidh riaracháin chóir nó
shláin�. Tá gníomh déanta ag an Roinn ó shin chun an scéal a chur ina
cheart. Tá riaráiste mór, �6 mhilliún san iomlán, á íoc agus tá na
rátaí deontais le méadú ó 1 Aibreán 2001.
Ardaítear ceisteanna troma chomh maith sa tuarascáil i dtaca
leis an gcaidreamh, ar thaobh amháin, idir an tOireachtas agus an
Feidhmeannas agus an caidreamh, ar an taobh eile, idir an Feidhmeannas
agus na leibhéil pholaitiúla agus riaracháin. Áirítear sna ceisteanna
sin breathnú ar reachtaíocht thánaisteach, an caidreamh idir Airí agus
státseirbhísigh shinsearacha, maoiniú teidlíochtaí agus ceisteanna
ceart daonna i dtaca le scothaosaigh. Sa tuarascáil míním conas a
d�fhéadfaí na ceisteanna sin a chur chun cinn.
Rochtain agus Feasacht an Phobail
Is príomheilimint sa soláthar seirbhísí don ghnáthphobal í an
inrochtaineacht ar m�Oifig. Is é sin an chúis go bhfuil m�fhoireann i
ndiaidh cuairt a thabhairt thar na blianta ar Ionaid Eolais do
Shaoránaigh (IESanna) ag raon suíomh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath ar
bhonn míosúil in éineacht le cuairteanna tréimhsiúla a thabhairt ar
bhailte agus cathracha ar fud na tíre. Roimh na cuairteanna sin déantar
dianfhógraíocht áitiúil chun béim a chur ar fheasacht an phobail.
Baintear úsáid as póstaeir, eitleoga, preasfhógraí agus fógraí raidió
áitiúil sna feachtais fhógraíochta sin. D�eagraigh m�Oifig dáileadh
bileog eolais ar bhreis is 195,000 teaghlach i 2000.
Le linn 2000, thug m�fhoireann cuairteanna míosúla ar IESanna i
gCorcaigh, Luimneach, Port Láirge, Gaillimh, Port Laoise agus sa
Chúlóg. Fuarthas 621 ghearán nua san iomlán le linn na gcuairteanna sin
ar na IESanna, a raibh 401 díobh bailí agus 220 (nó 35%) neamhbhailí.
Is mian liom mo bhuíochas leis na IESanna a thaifeadadh as an tacaíocht
leanúnach a sholáthraíonn siad do m�fhoireann i seachadadh na seirbhíse
sin. Thug baill foirne ó m�Oifig cuairteanna lae ar Leitir Ceanainn, ar
Dhún na nGall, ar Shligeach, ar an Aonach, ar Thiobraid Árann agus ar
an Uaimh. Fuarthas 326 ghearán nua san iomlán mar thoradh ar na
cuairteanna sin, a raibh 265 díobh bailí agus 61 (19%) neamhbhailí.
Is 666 a bhí i líon iomlán na ngearán bailí mar thoradh ar na
cuairteanna míosúla agus lae. Táthar ag leanúint den tseirbhís
luachmhar áitiúil sin i 2001 agus tá sonraí fúithi le fáil ar láithreán
gréasáin m�Oifige ag http://www.irlgov.ie/ombudsman/ ar an Idirlíon.
Teagmháil le hOifigí eile Ombudsman
Le linn na bliana bhí áthas orm cuairteanna a fháil ó Nuala
O�Loan, an tOmbudsman Póilíní nuacheaptha do Thuaisceart Éireann,
Antonius Sujata, ó Choimisiún an Ombudsman don Indinéis, Oleg
Orestovich Mironov, Coimisinéir na Rúise um Chearta an Duine, agus Tom
Frawley, Ombudsman nuacheaptha an Tionóil do Thuaisceart Éireann. Ina
theannta sin, d�eagraigh m�Oifig dianchúrsa dhá lá ar Scileanna
Agallóireachta Imscrúdaithí inar ghlac baill foirne ó Oifig Ombudsman
Thuaisceart Éireann páirt chomh maith.
Caidreamh le Comhlachtaí laistigh de Théarmaí Tagartha
Táim an-bhuíoch as an leibhéal ard comhoibrithe a fuair mé ó
fhormhór mór na gcomhlachtaí poiblí laistigh de mo dhlínse. Aithním an
ról an-tábhachtach a ghlacann cuid mhaith oifigeach idirchaidrimh a
chinntíonn, i lár sceidil ghnóthacha a gcomhlachtaí poiblí féin, go
dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí m�Oifige ar bhealach tráthúil agus
cuimsitheach.
Is é ceann de na bealaí ina ndéanaim measúnú ar chéim an
chomhoibrithe ó chomhlachtaí poiblí ná líon na bhfógraí Alt 7 a eisíonn
m�Oifig le linn na bliana. Is éard atá i bhfógra Alt 7 ná éileamh
reachtúil ar an soláthar eolais a dteastaíonn ó m�Oifig chun gearán a
scrúdú. Ní úsáidtear é ach sna dálaí nuair is ann do mhoill mhór ar
thaobh an chomhlachta phoiblí maidir leis an eolas a iarrtar a
sholáthar. Is meicníocht é a úsáideann m�Oifig go gannchúiseach.
Thosaigh mé ag foilsiú líon na bhfógraí Alt 7 a d�eisigh m�Oifig den
chéad uair i dTuarascáil Bhliantúil 1998 inar taifeadadh 45 fhógra san
iomlán. Laghdaíodh é sin go 27 bhfógra i 1999 agus mar a fheictear ó na
figiúirí a thugtar anseo is 14 fhógra a bhí i líon iomlán na bhfógraí
sin a eisíodh i 2000. Fáiltím roimh an laghdú sa líon fógraí ba ghá a
eisiúint, rud a léiríonn rátaí feabhsaithe freagartha ar m�Oifig. Is
ábhar imní dom é, áfach, go bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta,
le trí fhógra dá leithéid, ar bharr an liosta go háirithe nuair a
bhaineann an mhórchuid de na gearáin faoin Roinn le moill nó teip chun
comhfhreagras a fhreagairt. Cé go bhfuil líon foriomlán na bhfógraí a
eisíodh chuig údaráis áitiúla dulta i laghad, ní mór dom ábhar imní ar
leith faoin gcaoi ar bhain aon cheann déag, nó 80% nach mór, de na
fógraí a eisíodh i 2000 leo. Mar a tharlaíonn, baineann formhór mór na
bhfógraí le trí bliana anuas le húdaráis áitiúla. Ba mhaith liom a
fheiceáil gníomhaíocht chomhbheartaithe éigin á thabhairt ag na
Bainisteoirí Contae chun dul i gceann na treochta shuaite seo.
Cé gurb í an phríomhfheidhm atá agam ná gearáin a imscrúdú, tá
ról agam chomh maith i gcur chun cinn caighdeán níos airde riaracháin
phoiblí. Is é ceann de na bealaí ina ndéanaim an ról sin ná comhlachtaí
poiblí a spreagadh le córais ghearán inmheánacha a bhunú. Caitheann
m�Oifig cuid mhaith ama anois ag cur comhairle ar chomhlachtaí poiblí
ar na prionsabail leathana atá mar bhonn de chórais ghearán
éifeachtacha.
| Comhlacht | Líon Fógraí Alt 7 Eisithe |
| An Státseirbhís |
|
| An Roinn Oideachais agus Eolaíochta | 3 |
| Údaráis Áitiúla |
|
| Comhairle Contae Fhine Gall | 2 |
| Comhairle Contae na Gaillimhe | 2 |
| Comhairle Ceantair Uirbigh Ros Mhic Thriúin | 1 |
| Comhairle Contae Ros Comáin | 1 |
| Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas | 1 |
| Comhairle Ceantair Uirbigh Dhurlais | 1 |
| Comhairle Ceantair Uirbigh Chathair na Mart | 1 |
| Comhairle Contae Loch Garman | 2 |
|
|
|
| Iomlán | 14 |
Staitisticí na nGearán
Fuair mé 5,102 ghearán le linn 2000, i gcomparáid le 3,986
ghearán i 1999. Ina theannta sin, dhéileáil m�Oifig le 4,441 fhiosrú
teileafóin ó dhaoine den phobal, seachas fiosruithe teileafóin ó
ghearánaithe. Ón gcuid is mó de na scairteoirí sin teastaíonn eolas
bunúsach nó comhairle i dtaca leis an iliomad seirbhísí poiblí. Sa
chomhairle a sholáthraíonn m�fhoireann áirítear an réimse ó conas
gearán a dhéanamh le comhlacht poiblí go cén áit inar féidir eolas níos
cuimsithí a fháil faoi sheirbhísí éagsúla. Tá an soláthar comhairle i
ndiaidh teacht chun bheith ina réimse forásach gníomhaíochta do m�Oifig
le blianta beaga anuas. Tá níos mó acmhainní geallta againn dó agus
táimid lánsásta an tseirbhís sin a sholáthar do dhaoine a dhéanann
teagmháil le m�Oifig mar nach bhfuil aon áit eile le dul chuige acu.
Táim an-bhuíoch den fhoireann as an mbród mór a thaispeánann siad, ní
hamháin i bhfuascailt rathúil gearáin, ach ina theannta sin sa
chomhairle a thugann siad do scairteoirí anacracha ar a gcearta agus a
dteidlíochtaí agus ar an gcomhlacht cuí ar ceart teagmháil a dhéanamh
leis le haghaidh tuilleadh eolais. Nuair a chuirtear gnáthfhiosruithe
agus gearáin san áireamh rinne breis is 9,500 duine teagmháil le
m�Oifig i 2000. Is é an figiúr inchomparáide le haghaidh 1999 ná 8,800.
As na 5,102 ghearán a fuair mé i 2000 bhí 2,966 díobh san
iomlán, thart ar 58%, lasmuigh de mo dhlínse, rud a d�fhág figiúr de
2,136 ghearán bhailí faighte. Méadaíonn cion na ngearán neamhbhailí
gach bliain. Ag leibhéal amháin tugann na líonta forásacha sin le fios
go bhfuil saoránaigh ag éirí níos eolaí faoina gcearta agus go bhfuil
claonadh níos mó acu gearán a dhéanamh nuair nach dtéann gnóthaí go
réidh. Cé go bhfáiltítear roimh an bhforbairt sin taispeánann sí chomh
maith an gá go gcinnteodh an rialtas agus eile go gcuirtear
meicníochtaí dóthanacha i bhfeidhm chun déileáil leis an éileamh sin.
Mar a dúirt mé ní ba thúisce sa chaibidil seo, tá dlínse m�Oifige féin
róchúng sa chaoi, gan aon chúis mhaith, go ndéantar réimsí móra den
tseirbhís phoiblí a eisiamh ó imscrúdú. Ní bhíonn aon áit le dul
dáiríre ag saoránaigh nach mbíonn rath ar ghearáin a dhéanann siad in
aghaidh na gcomhlachtaí poiblí sin. Táim ag iarraidh go ndéanfaí an
scéal sin a leigheas gan tuilleadh moille.
Tá patrúin eile ag eascairt sna staitisticí ar léiriú iad,
creidim, de threochtaí sóisialta agus eacnamaíocha reatha. Leanann
gearáin in aghaidh na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus
Teaghlaigh an patrún íslithe le déanaí, ag léiriú na líonta
laghdaitheacha a fhaigheann leasa ón Roinn. Mar shampla, tugann
staitisticí a scaoil an Roinn le fios go bhfuil an líon daoine ar an
gClár Beo do Shamhain 2000 ag an leibhéal is ísle ó Shamhain 1981 i
leith. Sa bhliain 2000 bhí 454 ghearán ann in aghaidh na Roinne i
gcomparáid leis na gearáin i 1999, 1998 agus 1997 ag 665, 786 agus 1007
faoi seach. Léiríonn sé sin laghdú de 55% i ngearáin dá leithéidí ó
1997 i leith. Tá iarracht chomhfhiosach déanta ag an Roinn le blianta
beaga anuas chun seirbhís níos cliant-dírithe a sholáthar agus tá
feabhsúcháin déanta aici i réimsí mar an soláthar eolais do chliaint ar
sheirbhísí agus cinntí. Tá sé sin i ndiaidh cur leis an laghdú ar
ghearáin in aghaidh na Roinne chomh maith.
Arís, mar léiriú ar threochtaí sóisialta agus eacnamaíochta,
táthar ag leanúint den mhéadú ar ghearáin in aghaidh údarás áitiúil
agus is 787 ngearán san iomlán a bhí ann i 2000, méid a sheasann do 37%
de na gearáin ar fad a fuarthas. Is 487 ngearán san iomlán a bhí sna
gearáin phleanála agus tithíochta, méid a sheasann do 62% de na gearáin
ar fad in aghaidh údarás áitiúil a fuarthas. Mar a fheicfear ón méid
atá ráite agam i gCaibidil 2 tá gearáin údaráis áitiúil, agus go
háirithe gearáin phleanála, casta agus glacann siad am agus teastaíonn
an-chuid acmhainní chun na gearáin sin a phróiseáil.
