- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2001
Caibidil 1 - Réamhrá
Réamhrá
Is é seo an t-ochtú Tuarascáil Bhliantúil uaim. Rith an
tOireachtas an tAcht Ombudsman sa bhliain 1980, is é sin le rá 21
bhliain ó shin. Le linn na tréimhse ó achtaíodh an tAcht tá athrú agus
fás, nach raibh a leithéid ann roimhe, tar éis teacht ar an tsochaí
agus ar an ngeilleagar agus tá tír ann anois atá rathúnasach,
leathanaigeantach agus atá muiníneach as a háit sa gheilleagar
domhanda. Mar gheall ar na forbairtí sin tá dúshláin agus freagrachtaí
nua ann do chomhlachtaí poiblí i dtaca le hoiriúnú a dhéanamh i
gcomhair timpeallachta eacnamaíche agus sóisialta atá ag athrú de shíor
agus, ag an am céanna, i dtaca lena chinntiú go gcosnaítear cearta agus
teidil úsáideoirí seirbhísí poiblí.
I gCaibidil a Dó den Tuarascáil, déanaim tagairt do roinnt
ceisteanna is ábhar imní i gcónaí. Éiríonn cuid díobh sin as
imscrúduithe a rinne m�Oifig roimhe seo agus baineann cuid díobh le
nithe de chineál leanúnach.
Le linn dom a bheith i seilbh oifige mar Ombudsman, chomh maith le
gearáin ar leithligh a réiteach, tá iarracht déanta agam freisin
caighdeán foriomlán an riaracháin phoiblí a ardú. I gcomhar le mo
Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 1995, leag mé amach Prionsabail an
Dea-Riaracháin agus thug mé le fios gur ceart do chomhlachtaí poiblí na
prionsabail sin a chur i bhfeidhm le linn a gcumhachtaí a fheidhmiú. Sa
bhliain 1997, d�fhoilsigh mé Treoir an Ombudsman maidir le Caighdeáin
an tSárchleachtais do Sheirbhísigh Phoiblí, agus sa bhliain 1998,
d�fhoilsigh mé treoir maidir le córais inmheánacha le haghaidh gearán,
Gearáin a Réiteach, d�fhonn cabhrú le comhlachtaí poiblí feabhas a chur
ar chaighdeán na seirbhíse a sholáthraíonn siad.
I mbliana, i gCaibidil a Trí den Tuarascáil, tugaim roinnt
smaointe maidir le prionsabal an tsásaimh agus maidir le tábhacht an
phrionsabail sin i dtaca le riarachán poiblí níos fearr a chur ar fáil.
Gabhann comhlachtaí poiblí don iliomad idirbheart éagsúil gach lá agus
déantar an formhór mór acu a phróiseáil go héifeachtúil agus go
héifeachtach. Ach tarlaíonn earráidí uaireanta agus déanann comhlachtaí
poiblí botúin a théann chun dochair don chliant. De réir mo chuid
taithí ar dhéileáil le gearáin, is léir dom go n-éiríonn roinnt
comhlachtaí poiblí róchosantach nuair a dhéantar botún. Bíonn eagla
orthu a admháil go ndearnadh earráid agus bíonn leisce orthu leithscéal
a ghabháil mar go mbíonn imní orthu, gan réasún go minic, go leanfaidh
cás dlí as. Cuireann a gcosantacht le hamhras agus le mímhuinín ar
thaobh an chliaint éagóirithe.
Nuair a tharlaíonn earráid nó botún tá oibleagáid ar an
gcomhlacht poiblí gníomh cuí a dhéanamh ionas go mbeidh an seasamh
céanna ag an gcliant, a mhéid is féidir é, a bheadh aige/aici dá mba
rud é nár tharla an earráid nó an botún. Is gá don saoránach, agus ní
mór de réir riachtanais an dea-riaracháin phoiblí, go mbeadh earnáil
phoiblí ann a fhreastalaíonn ar éilimh a cliant agus a chothaíonn meon
muiníne i measc na ndaoine nach mór di fónamh dóibh. Is gá go mbeadh
muinín ag faighteoirí seirbhísí go n-oibríonn comhlachtaí poiblí ar
shlí atá cothrom, cóir agus uilechuimsitheach agus a fhreastalaíonn ar
a gcuid riachtanas. Ní féidir an mhuinín sin a áirithiú mura rud é go
bhfuil comhlachtaí poiblí oscailte, cóir agus cuntasach agus mura rud é
go bhfuil sásraí éifeachtacha ann chun a chinntiú gur mar sin atá
cúrsaí. Is ionann córas struchtúraithe sásaimh agus slí amháin inar
féidir le comhlacht poiblí feabhas a chur ar a chaidreamh lena chuid
cliant.
Tá roinnt cineálacha sásaimh ann agus tá miontagairt déanta agam
don ghné sin i gCaibidil a Trí. D�fhéadfadh sé gur gá íocaíocht airgid
a thabhairt nó sochar a bhí a cheilt ar an gcliant roimhe sin a
thabhairt ar ais dó nó di. Ach, ina lán cásanna, is é an sásamh is
simplí, is sásúla agus is marthanaí ná admháil ó chomhlacht go bhfuil
earráid déanta aige agus leithscéal uaidh. Cailltear a lán deiseanna
chun díospóid a réiteach go luath agus go hiomlán ó tharla nach
ngabhtar leithscéal.
Tá sonraí le fáil i gCaibidil a Ceathair maidir le cásanna
roghnaithe agus tugtar suntas i gCaibidil a Cúig ar na teagmhais is
suntasaí de chuid na bliana 2001 in Oifig an Ombudsman. Tá sonraí
staitistiúla agus anailís ar chásanna a láimhseáladh sa bhliain 2001 le
fáil i gCaibidil a Sé.
Tugann an Tuarascáil Bhliantúil deis dúinn athbhreithniú a
dhéanamh ar chúrsaí agus cúinsí a mheas. De thoradh ghníomhaíochtaí na
bliana 2001 treisíodh an tuairim atá agam go bhfuil an t-ádh orm grúpa
daoine an-tallannach agus an-díograiseach a bheith agam i m�Oifig.
Murach a gcúnamh, a ndílseacht agus a ndíogais, ní fhéadfaí an
rathúlacht a bhaineann le hOifig an Ombudsman seo ná an t-ard-mheas atá
air a choimeád ar marthain. Ar an drochuair, fuair duine amháin den
fhoireann, Catherine Boylan, bás le linn 2001. Ghoill a bás
tragóideach, agus í chomh hóg sin, orainn go léir mar chomhghleacaithe
dá cuid agus, go háirithe, ar a muintir agus is mian liom comhbhrón ó
chroí a dhéanamh leo arís.
Chinn duine den fhoireann imscrúdaithe, Ann Hayes, a raibh meas
an-mhór uirthi, ar scor d�oifig sa bhliain 2001. Cronófar a
dea-ghiúmar, a pearsantacht bhríomhar agus a meon sona ar fud na
hOifige. Guím rath uirthi sa saol atá roimpi.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis an Ard-Stiúrthóir, Pat Whelan, agus le Matt Merrigan agus Derek Finnegan as a gcúnamh le linn an Tuarascáil Bhliantúil seo a ullmhú.
