Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2001

Caibidil 2 - Ceisteanna is ábhar leanúnach imní

Ceisteanna is ábhar leanúnach imní


Pleanáil agus Forbairt � nithe ag éirí as Tuarascáil Bhliantúil 2000

I mo Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2000, chuir mé síos ar an riocht ina bhfuil an córas pleanála in údaráis áitiúla agus dúirt mé "gur córas é atá ar tí titim as a chéile". Ní nach ionadh, tugadh tuairisciú forleathan sna meáin do mo chuid tuairimí agus, cé gur deimhin liom nach raibh údaráis áitiúla sásta le mo thuairimí, spreag siad freagra suntasach ó dhaoine den phobal a lorg cúnamh uaim chun déileáil lena ngearáin leanúnacha i gcoinne údarás áitiúil as a mainneachtain maidir leis an gcód pleanála a fhorfheidhmiú.

Bhí méadú suntasach ann sa líon glaonna teileafóin chuig m�Oifig sna seachtainí tar éis fhoilsiú na Tuarascála agus tháinig méadú 39% ar an líon gearán chuig m�Oifig maidir le cúrsaí pleanála le linn na bliana 2001. Cé go ndúirt roinnt oifigeach de chuid údarás áitiúil le m�fhoireann gur aontaigh siad le mo chuid tuairimí, scríobh beirt Bhainisteoirí Contae chugam á rá gurbh ábhar iontais nó díomá dóibh na nithe a bhí ráite agam. Ar ndóigh, léirigh gach Bainisteoir tuairim a bhí bunaithe ar an taithí a bhí aige ar forfheidhmiú pleanála ina limistéar feidhme féin agus, cé go nglacaim leis go bhféadfadh sé go raibh roinnt údarás áitiúil ag déanamh iarrachtaí níos mó ná cinn eile lena chinntiú go raibh dlíthe pleanála á gcomhlíonadh, bhí mo chuid tuairimí bunaithe ar dhearcadh náisiúnta a foirmíodh le blianta beaga anuas agus atá bunaithe ar ghearáin ó gach cearn den tír faoi mhainneachtain, ar bhonn leanúnach, bearta a dhéanamh i gcoinne forbróirí nach gcloíonn le téarmaí na gceadanna pleanála a thugtar dóibh nó a bhí ag gabháil do ghníomhaíochtaí neamhúdaraithe eile de chineál timpeallachta/pleanála. Le fírinne, is cúis mhór frustrachais é, don phobal agus do m�Oifig, nach bhfuiltear ag déileáil sách daingean le gníomhaíochtaí den sórt sin, lena n-áirítear caingne cúirte más cuí sin.

Ní fhéadfainnse ach a mholadh d�údarás áitiúil beart áirithe a dhéanamh; ní fhéadfainn iachall a chur air déanamh amhlaidh. San am a caitheadh, tá cuid mhór fuinnimh caite ag m�Oifig ag iarraidh a áitiú ar údaráis áitiúla beart cuí á dhéanamh nó, mar mhalairt air sin, míniú a thabhairt ar na cúiseanna gan beart a ghlacadh i gcoinne forbartha neamhúdaraithe. Ní i gcónaí a bhí an gearánach ná m�Oifig sásta le toradh próisis fhada scrúdaithe gearáin. Dá réir sin, tá athbhreithniú á dhéanamh agam ar éifeachtacht nósanna imeachta m�Oifige maidir le déileáil le nithe a bhaineann le forfheidhmiú d�fhonn cur chuige níos criticiúla a ghlacadh i leith mainneachtain ag údarás áitiúil ghíomhú gan mhoill nuair a dhéantar gearán faoi sháruithe tromchúiseacha ar na dlíthe pleanála.

Go feadh méid áirithe, d�fhéadfadh sé tarlú go ndéanfar maolú ar an ábhar imní atá agam nuair a thiocfaidh ailt áirithe den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, i bhfeidhm i Márta na bliana seo. Leis an Acht sin, méadaítear go mór na cumhachtaí atá ag údaráis áitiúla i ndáil le forfheidhmiú pleanála ach leagtar oibleagáid orthu gníomhú laistigh d�amscálaí sonraithe. Má táthar chun forálacha forfheidhmithe an Achta nua a chur chun feidhme i gceart beidh gá le hathrú mór ar mheon údarás áitiúil a mbeidh orthu freagra a thabhairt laistigh de shé sheachtain ón dáta a fhaightear uiríll nó gearán ó dhaoine den phobal faoi fhorfheidhmiú. Cé go mbeidh sé de rogha ag údarás áitiúil gan beart forfheidhmithe a dhéanamh tar éis imscrúdú a sheoladh, ní mór sonraí faoi chinneadh den sórt sin agus faoi aon chinneadh maidir le fógra forfheidhmithe a eisíodh faoin Acht a thaifeadadh i gclár pleanála a bheidh ar fáil don phobal. Beidh níos mó trédhearcachta ann sa phróiseas dá bharr sin. Mura bhfeidhmíonn údaráis áitiúla amhlaidh d�fhéadfadh sé go dtarraingeofar míchlú ar an Acht nua agus is mian liom a chur in iúl d�údaráis áitiúla go mbeidh dearcadh an-chriticiúil agam i leith aon údaráis áitiúil nach ndéanfaidh, i mo thuairim, leas éifeachtach a bhaint as forálacha an Achta chun comhlíonadh a chinntiú nó chun imeachtaí cúirte a thionscnamh i gcásanna nach gcomhlíontar na forálacha sin. Tá a fhios agam go mbreathnaítear, in áiteanna áirithe, ar dhlíthe agus ar phróisis sa réimse pleanála mar rudaí a d�fhéadfadh bac a chur ar fhorás agus ar fhorbairt bonneagair. Ní mór a rá, áfach, gur rud é mainneachtain forfheidhmiú a dhéanamh a d�fhéadfadh a bheith ina ghné thábhachtach den chúis go mbítear ag cur i gcoinne forbairtí pleanála sa chéad ásc. Is cinnte go bhfuil muinín an phobail as an bpróiseas pleanála ina réamhriachtanas le haghaidh córais éifeachtaigh pleanála.

Leis an Acht nua Pleanála agus Forbartha, 2000, ar thagair mé dó thuas, agus leis na rialacháin atá déanta faoin Acht (Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001), déantar comhdhlúthú ar an reachtaíocht go léir maidir le pleanáil agus forbairt. Is cúis áthais dom a thabhairt faoi deara go bhfuil aghaidh tugtha sa reachtaíocht nua chomhdhlúite ar lochtanna áirithe i reachtaíocht a bhí ann roimhe seo ar lochtanna iad ar scríobh mé chuig an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil ina leith. Áirítear orthu sin:

  • forbróir a bheith ábalta dara hiarratas ar chead pleanála a thaisceadh le húdarás áitiúil fad a bhí iarratas roimhe sin maidir leis an bhforbairt chéanna á bhreithniú ag an mBord Pleanála gan fógra ceart a bheith tugtha don phobal faoin iarratas. I gcás iarratas den sórt sin, ní mór dath a bheith ar a chúlra an fhógra láithreáin (buí) atá éagsúil le dath an chéad fhógra a mbeadh cúlra bán air.
  • aimhrialtachtaí maidir le fógraí láithreáin a chur in áiteanna dofheicthe nó in áiteanna nach bhfuil rochtain orthu. Ceanglaítear leis na rialacháin nua nach mór fógraí láithreáin a chur in ionad feiceálach nó gar do phríomh-bhealach isteach chuig an talamh nó chuig an déanmhas agus, i gcás níos mó ná bealach isteach amháin a bheith ann, ar na bealaí isteach sin go léir nó gar dóibh.

Tá impleachtaí ann d�iarratasóir ar chead pleanála i gcás nach gcomhlíonann sé nó sí ceanglais na rialachán maidir le fógraí láithreáin. Más rud é, tar éis iniúchadh a dhéanamh, go measann an t-údarás nár comhlíonadh na ceanglais, tá an t-iarratas neamhbhailí agus tabharfar na doiciméid go léir ar ais in éineacht leis an táille. Ní mór sonraí faoi iarratais neamhbhailí a thaifeadadh sa chlár pleanála freisin.

Beidh na forálacha a dhéileálann leis na mí-úsáidí a luaitear thuas ina gcabhair maidir lena chinntiú gur lú an seans go dtarlóidh sáruithe ar na rialacháin amach anseo agus go mbeidh an próiseas iarratais níos oscailte agus níos trédhearcaí fós.


Údaráis Áitiúla agus Cuntasacht Phoiblí

Thug mé tuairisc anuraidh freisin ar ghearán atá ann le fada i gcoinne Comhairle Chontae na Gaillimhe a raibh polasaí ginearálta glactha aici gan freagra i scríbhinn a thabhairt ach amháin i gcás uiríoll ó chomhaltaí tofa na Comhairle nó ó chomhaltaí den Oireachtas thar ceann daoine aonair nó thar ceann grúpaí. Sa chás áirithe ní thabharfadh an Chomhairle freagra ar uiríll ó Choimisinéir Baile tofa, as áit laistigh de Chontae na Gaillimhe, a bhí ag gníomhú thar ceann daoine de chuid a bhaile agus thar ceann daoine eile.

Thug mé suntas don ghearán mar gur mheas mé gur ghearán tábhachtach a bhí ann mar gheall ar na ceisteanna sistéamacha a d�ardaigh sé. Ní amháin go raibh dochar déanta, gan amhras, don ghearánach le linn iarracht a dhéanamh gníomhú thar ceann daoine den phobal ach, ar ndóigh, bhí dochar déanta do na daoine sin den phobal a d�iarr air gníomhú thar a gceann. Bhí réimse prionsabal i mbaol i dtéarmaí oscailteachta, trédhearcachta, cuntasachta poiblí agus saorshreabhadh faisnéise ó chomhlachtaí poiblí chuig an bpobal. Ba díol spéise na nithe sin domsa ní amháin mar Ombudsman ach mar Choimisinéir Faisnéise freisin.

Tá áthas orm a thuairisciú go bhfuil cinneadh déanta faoi dheireadh ag an gComhairle anois a polasaí a chur ar ceal agus níl na seansrianta á gcur i bhfeidhm aici a thuilleadh. Leanfaidh mé de ghearáin a shaothrú go bríomhar i gcás ina bhfaightear amach go bhfuil comhlacht poiblí ag tógáil bacainní ar shaorshreabhadh faisnéise chuig an bpobal nó chuig daoine atá ag
feidhmiú thar ceann daoine den phobal.


Solúbthacht agus Cothroime

I mo Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 1996, dúirt mé gur ceart do chomhlachtaí poiblí, le linn iarracht a dhéanamh na caighdeáin is airde riaracháin a bhaint amach ina bplé leis an bpobal, a chinntiú go ndéileáiltear le saoránaigh go cuí, go cothrom agus go neamhchlaon. Dúirt mé go gciallaíonn déileáil go cothrom le daoine glacadh leis nach ceart rialacha agus rialacháin, atá tábhachtach le cothroime a áirithiú, a chur i bhfeidhm ar shlí chomh righin sin nó chomh dolúbtha sin go gcruthaítear éagothroime. Rinne mé tagairt freisin don ghá atá ann, i dtaca le déileáil go cuí le daoine, le tuiscint bhreise nuair atá daoine scothaosta a bhfuil riachtanais speisialta acu i gceist. D�ainneoin nach mór critéir cháilitheachta agus coinníollacha caighdeánacha tacaíochta eile a bheith ag gabháil le scéimeanna agus le seirbhísí atá á riaradh ag comhlachtaí poiblí, tá sé chomh tábhachtach céanna gur ceart go mbeadh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar chásanna neamhghnácha nó speisialta nó ar chúinsí a éiríonn gan choinne. Ní mór dóibh solúbthacht a bheith acu ionas nach ndéantar sochair nó seirbhísí a cheilt ar go héagothrom ar dhaoine mar gheall ar cheanglas teicniúil éigin. Léiríonn an cás seo a leanas an t-ábhar seo.

Fuair mé gearán thar ceann baintrí a bhí ós cionn 80 bliain d�aois agus ar diúltaíodh tarscaoileadh nó ráta laghdaithe di i leith mhuirear bruscar Comhairle Chontae Luimnígh. Bhí Pinsean Baintrí Neamhranníocach á fháil ag an mbean atá i gceist ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh. Ina theannta sin, bhí sí ina cónaí ina haonar agus bhí cárta liachta aici. Ba é ráta iomlán an mhuirir ná �203 (�160) agus ba é an ráta laghdaithe ná �127 (�100).
Chinn an Chomhairle nach bhféadfaí ráta laghdaithe a lamháil di mar nár chomhlíon sí na coinníollacha a forchuireadh le rún de chuid na Comhairle a bhain le laghdú den sórt seo a cheadú. Seo a leanas an rún:-

Ráta laghdaithe bailithe bruscair �100 i gcás Pinsinéirí Seanaoise, a bhfuil pinsean neamhranníocach acu, a chónaíonn ina n-aonar agus a bhfuil cárta liachta acu.

Ó tharla nach raibh Pinsean Seanaoise Neamhranníocach á fháil ag an ngearánach agus go raibh Pinsean Baintrí Neamhranníocach aici, b�ionann léiriú an rúin ag an gComhairle agus a rá nár cháiligh sí don laghdú. Chun bheith cáilithe, mhol siad go n-athródh sí a pinsean ó phinsean baintrí go pinsean seanaoise.

Is é mo thuairim go bhféadfaí an rún a léiriú ar shlí eile. Mheas mé nach raibh i gceist leis an abairt "Pinsinéir Seanaoise", mar a úsáideadh sa rún í, ach rud a chiallaigh na daoine sin den daonra atá os cionn aois 66. Tá an abairt "Pinsinéir Seanaoise" in úsáid go coitianta agus ní mheastar, de ghnáth, nach gclúdaíonn sí ach na daoine sin a bhfuil Pinsean Seanaoise Neamhranníocach á fháil acu. Dá leanfaí an loighic sin, dá bhrí sin, bheadh an gearánach cáilithe mar go raibh sí os cionn aois 66, go raibh pinsean neamhranníocach á fháil aici, go raibh sí ina cónaí ina haonar agus go raibh cárta liachta aici. Dúirt mé leis an gComhairle gurbh é mo thuairim ná go mbeadh cruatan á chur ar an mbean seo dá n-iarrfaí uirthi a pinsean a athrú ag an tráth sin dá saol. D�fhéadfadh sé go mbeadh gá le comhfhreagras leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh ar feadh achair fhada d�aon toisc chun cáiliú don mhuirear laghdaithe ar bhailiú bruscair. Níl aon difríocht airgid idir rátaí uasta an dá phinsean agus, dá bhrí sin, ní bhfaigheadh an gearánach aon tairbhe seachas an ráta laghdaithe muirir le haghaidh bailiú bruscair ach bheadh uirthi dul trí phróiseas a d�fhéadfadh a bheith ina ábhar imní di.

Níor mheas mé go mbeadh costas an-ard le híoc ag an gComhairle mar gheall ar an léiriú a bhí agam agus ní bheadh aon dochar a dhéanamh do chuspóir an rúin seo, is é sin, go bhfuil daoine os cionn aois 66 a bhfuil pinsean seanaoise neamhranníocach á fháil acu etc. cáilithe chun muirear laghdaithe a fháil le haghaidh bailiú bruscair.

Tar éis breithniú a dhéanamh ar m�iarraidh, d�aontaigh an Chomhairle glacadh le mo léiriú ar an ábhar agus an difríocht idir an muirear iomlán agus an muirear laghdaithe a aisíoc leis an ngearánach agus le gach duine eile ar bhain na cúinsí céanna leo.


Morgáistí Údaráis Áitiúil � Rátaí Úis Dochta � Easpa Cosanta Morgáiste

Rinne mé tagairt anuraidh do na deacrachtaí a bhí ag teaghlaigh a raibh morgáistí ard-úis faighte acu ó údaráis áitiúla. Bhí na morgáistí sin socraithe le haghaidh ré na hiasachta agus, tráth a raibh rátaí úis ag titim, bhí siad ina n-ualach suntasach ar shealbhóir an mhorgáiste. Ina theannta sin, bhí an seans ann go dtarlódh tuilleadh cruatain mar nach raibh na morgáistí seo, roimh mhí Iúil 1986, faoi réir cosanta morgáiste éigeantaí. Thagair mé do na hiarmhairtí tromchúiseacha do roinnt teaghlach de bharr ard-rátaí úis agus de bharr easpa cosanta morgáiste. Le linn na bliana 2001, scríobh mé chuig an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil chun mo chuid tuairimí faoi na hábhair seo a chur in iúl. I dtaca leis na hard-rátaí dochta úis, chuir an Roinn in iúl dom go bhfuil roinnt taighde déanta acu agus gur mheas siad gurbh é an costas a ghabhfadh le laghdú a dhéanamh ar an ard-ráta úis 12.5% go dtí ráta docht reatha an údaráis áitiúil, is é sin 5.3%, ná tuairim is �14 mhilliún (�11 mhilliún) sa chéad bhliain agus go dtiocfadh laghdú ar an gcostas sin ina dhiaidh sin de réir mar a bheadh iasachtaí a n-íoc. Scríobh mé chuig an Roinn Airgeadais ina dhiaidh sin agus leanfaidh mé de bheith ag saothrú an ábhair seo agus beidh tuilleadh le rá agam ina leith.

I dtaca le mainneachtain cosaint mhorgáiste a thairiscint do dhaoine a fuair iasachtaí roimh mhí Iúil 1986, chuir an Roinn in iúl dom go bhfuil socruithe á ndéanamh chun scéim a cheapadh a fhreastalóidh ar na hiasachtaithe láithreacha go léir a chomhlíonann critéir áirithe cáilitheachta. Ó tharla nach mór a bheith faoi bhun aois 55 chun bheith páirteach i Scéim Chosanta Morgáiste na nÚdarás Áitiúil, is dócha nach mbeidh líon áirithe d�iasachtaithe láithreacha cáilithe ar fhoras aoise. Tá scrúdú a dhéanamh ag an Roinn freisin ar bhealaí inar féidir faoiseamh de chineál éigin a thairiscint do dhaoine a fhulaingíonn cruatan mór de bharr aisíocaíochtaí iasachta a dhéanamh. Tá súil aici go mbeidh scéim curtha i bhfeidhm aici sa bhliain 2002.


Seirbhísí Ospidéil

Riamh anall is lú an líon gearán atá faighte ag m�Oifig i gcoinne na hearnála sláinte i gcomparáid leis an líon gearán atá faighte i gcoinne earnálacha eile a thagann faoi mo chúram. Is cinnte gur léiriú é sin ar eisiamh breithiúnais chliniciúil ó mo chúram agus ar chineál ilghnéitheach mo chúraim i ndáil le seirbhísí ospidéil agus, dá bhrí sin, níl eolas forleathan ag an bpobal ar an ról atá agam i ndáil le gearáin laistigh den chóras ospidéil. Cé gur féidir liom scrúdú a dhéanamh ar ghearáin i gcoinne ospidéal de chuid bord sláinte e.g. Ospidéal Ollscoil Chorcaí agus Ospidéal Ollscoil na Gaillimhe, ní féidir liom scrúdú a dhéanamh ar ghearáin chomhchosúla i gcoinne ospidéal poiblí saorálach e.g. Ospidéal Beaumont nó Ospidéal San Séam i mBaile Átha Cliath, d�ainneoin maoiniú poiblí a bheith á fháil acu go léir.

Tagann na hospidéil phoiblí shaorálacha agus réimse leathan comhlachtaí sláinte faoi mo dhlínse anois i mo cháil mar Choimisinéir Faisnéise. Ach d�ainneoin go bhfuil tagairt don cheist seo in "Ardchaighdeán agus Cothroime � Córas Sláinte Duitse", is é sin an straitéis nua náisiúnta sláinte, níl na comhlachtaí sin tugtha faoi dhlínse an Ombudsman fós. Dá bhrí sin, nuair a tharlaíonn rud éigin mícheart, is féidir le hothar in ospidéal de chuid boird sláinte gearán a dhéanamh, saor in aisce, chuig an Ombudsman. Má thugtar é nó í isteach in ospidéal poiblí saorálach, áfach, ní féidir liomsa aon chúnamh a thabhairt. Bíonn ar othair den sórt sin breithniú a dhéanamh i dtaobh tús a chur le cás costasach dlí os comhair na gcúirteanna.

Tá tionchar dearfach ann, áfach, a éiríonn as na comhlachtaí seo a bheith faoi dhlínse an Choimisinéara Faisnéise sa mhéid go bhfuil eolas ar mo ról mar Ombudsman á mhéadú dá bharr sin agus, le fírinne, tá aird á tarraingt, dá bharr, ar na haimhrialtachtaí a bhaineann le mo dhlínse. Agus tá fianaise ann go bhfuil eolas an phobail ag méadú maidir le mo ról mar Ombudsman a mhéid a bhaineann le gearáin faoi sheirbhísí ospidéil. Léiríonn an cás seo a leanas an pointe seo.


Bord Sláinte an Deiscirt � Ospidéal Ginearálta Thrá Lí

Bhain an cás seo le himscrúdú ar ghearán i gcoinne Ospidéal Ginearálta Thrá Lí (OGTL) atá suite laistigh de limistéar feidhme Bhord Sláinte an Deiscirt (BSD).

Scríobh teaghlach chugam agus dúirt gur tugadh a n-athair isteach san ospidéal mar go raibh droch-phianta aige ag bun a dhroma agus ina chosa. Le linn na laethanta dá éis sin rinne dochtúirí éagsúla scrúdú air agus tógadh samplaí fola. I rith na tréimhse sin ar fad tháinig méadú ar na pianta agus ar an míchompord, ní raibh aon fhaoiseamh á fháil aige agus bhí sé ag éirí níos corraithe i gcaitheamh na faide. D�éirigh a theaghlach buartha agus imníoch agus d�iarr siad mínithe ar chúis na péine agus an mhíchompoird. Bhí an teaghlach míshásta leis an bhfreagra a fuarthas ó dhochtúir áirithe mar gur mheas siad go ndearnadh neamhshuim den ábhar imní a bhí acu agus nár tugadh mórán eolais. Ina dhiaidh sin, b�éigean a n-athair a aistriú go práinneach chuig ospidéal eile ina bhfuair sé bás go gairid tar éis é a ghlacadh isteach ann.

Ba ábhar éagóra leis an teaghlach nár cuireadh cineál agus déine riocht sláinte a n-athar in iúl dóibh agus ní raibh siad sásta leis an gcaighdeán cúraim liachta a fuair sé go dtí gur aistríodh chuig ospidéal eile go práinneach é. Ina theannta sin, bhí siad iontach buartha faoin tslí inar láimhseáladh an gearán a rinne siad i ndiaidh bhás a n-athar. Thug siad le fios, nuair a rinne siad gearán chuig m�Oifig, nach raibh uathu ach a fháil amach cad a tharla dá n-athair.

Rinne mé imscrúdú ar an ngearán ach fuair mé amach, mar gheall ar a laghad taifead a bhí ar fáil, go raibh sé deacair a rá cad go díreach a tharla. Sa chás seo, i dtaca leis an gcaighdeán tógála nótaí liachta a mbeifí ag súil leis i gcás foirne liachta tar éis dóibh teagmháil a dhéanamh le hothar, ní raibh sé cuimsitheach ar aon slí. Ghlac an sainchomhairleoir liachta iomchuí leis nach mór, i gcás thuairimí an teaghlaigh faoi riocht sláinte a n-athar a bheith ceart (eadhon, go raibh dianphian leanúnach aige nach raibh á maolú leis na drugaí a tugadh dó, go raibh eanglach ar a chois dheas, go raibh an chos fuar agus go raibh mílítheacht ann i mbun a dhroma agus ar a chliabhrach), "go raibh rud éigin tubaisteach ag tarlú". Ag féachaint do na cúinsí sin bheadh sé ag súil go ndéanfadh an dochtúir ar dualgas, dá mba rud é go raibh na tuairimí sin aige, teagmháil láithreach le dochtúir níos sinsearaí. [Nóta: Ó tharla go gcoisctear ar an Ombudsman le dlí imscrúdú a dhéanamh ar chinntí daoine le linn dóibh gníomhú thar ceann bord sláinte agus, i dtuairim an Ombudsman, i bhfeidhmiú breithiúnais chliniciúil i ndáil le fáthmheas tinnis nó le cúram nó cóireáil othair, agus san fheidhmiú sin amháin, ní fhéadfaí breithniú a dhéanamh, mar chuid den imscrúdú, i dtaobh ar chuí don dochtúir sóisearach comhairle a ghlacadh le dochtúir sinsearach tráth níos luaithe na mar a rinne sé.] Ach bhí tacaíocht do thuairimí an teaghlaigh maidir leis an dianphian leanúnach le fáil i dtuairimí na n-altraí a bhí taifeadta ag an bhfoireann altranais.

Sheas mé leis an ngearán faoi neamhdhóthanacht an chúraim a tugadh d�athair an teaghlaigh, nach maireann, agus faoin bhfreagra a fuarthas maidir leis an ábhar imní a chuir siad in iúl. Chinn mé freisin go gcaithfeadh OGTL athbhreithniú a dhéanamh ar a chur chuige maidir le láimhseáil gearán agus an fhoireann go léir a oiliúint agus a ullmhú maidir le dea-láimhseáil gearán.
Mhol mé:

  • go dtabharfadh duine d�fhoireann shinsearach bainistíochta BSD agus an ospidéil cuairt ar an teaghlach chun leithscéal a ghabháil as na heasnaimh a sainaithníodh sa tuarascáil agus chun míniú a thabhairt i dtaobh cén gníomh a dhéanfaí de bhun na gcinntí agus na moltaí a bhí sa tuarascáil;
  • gur ceart don ospidéal, i gcomhar le BSD, athbhreithniú a dhéanamh ar a nósanna imeachta maidir le coimeád taifead agus ar a nósanna imeachta maidir le láimhseáil gearán.

Mhol mé freisin go ndéanfadh BSD gníomh lena chinntiú go ndéanfadh gach ospidéal faoina urláimh athbhreithniú ar a nósanna imeachta maidir le coimeád taifead agus láimhseáil gearán.

Mar fhocal scoir, cé go n-aithním go bhfuil cosc orm scrúdú a dhéanamh ar nithe a bhaineann le breithiúnas cliniciúil, d�iarr mé ar BSD, ar an ospidéal agus ar an bhfoireann liachta a chur faoi deara go ndéanfaí an caidreamh oibre idir foireann liachta shóisearach agus foireann liachta shinsearach a shoiléiriú tuilleadh. Mhol mé, go háirithe, go mbeadh prótacal riaracháin ann ina leagfaí amach na cúinsí inar ceart do dhuine sóisearach den fhoireann liachta comhairle a ghlacadh lena shainchomhairleoir nó lena sainchomhairleoir nuair atá ábhar imní ann faoi riocht sláinte othair, agus an oibleagáid chomhfhreagrach a chur san áireamh is é sin an oibleagáid atá ar shainchomhairleoirí a bheith ar fáil chun comhairle a thabhairt. Ghlac BSD le mo chuid moltaí.

Thug an cás seo suntas do cé chomh tábhachtach atá sé go ndéanfadh foireann liachta agus foireann riaracháin cumarsáid thráthúil le gaolta othar. Léirigh sé freisin go bhfuil gá le córas ceart gearáin nuair a tharlaíonn botúin le gur féidir aghaidh a thabhairt ar ábhar imní gaolta ar shlí oscailte dhearfach. Is ceart go dtacódh an fhoireann liachta agus an fhoireann riaracháin leis an gcóras gearán. Ba léir ón gcás seo freisin gurb é a tharlaíonn má ghlacann foireann ospidéil cur chuige diúltach argóinteach ná go méadaítear amhras na ngaolta go bhfuil cúis mhaith ag an ospidéal iarracht a dhéanamh sonraí faoi cad go díreach a tharla a choimeád siar.

Back to contents