Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2001

Caibidil 3 - Sásamh - Botún a dhéanamh agus rudaí a cheartú

Sásamh - Botún a dhéanamh agus rudaí a cheartú

Tá cumhacht agam faoin Acht Ombudsman, 1980, scrúdú nó imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin i gcoinne comhlachtaí poiblí áirithe. Más rud é, de thoradh idirghabháil ar mo thaobhsa, go bhfaighim amach go bhfuil dochar déanta do ghearánach mar gheall ar ghníomh éagothrom nó míchuí éigin de chuid an chomhlachta phoiblí, d�fhéadfadh sé go n-iarrfaidh mé ar an gcomhlacht poiblí sásamh a thairiscint. Ina lán cásanna admhóidh an comhlacht go bhfuil dochar éigin déanta don ghearánach de thoradh a chuid gníomhartha agus beidh fonn air an éifeacht dhochrach a leigheas.

Sa bhliain 1997, nuair a d�fhoilsigh mé Treoir an Ombudsman maidir le Caighdeáin an tSárchleachtais do Sheirbhísigh Phoiblí, dúirt mé nach foláir a chur san áireamh i ndéileáil go cothrom le daoine déileáil sa tslí chéanna le daoine i gcúinsí comhchosúla. Mar leathnú ar an bprionsabal sin is ceart do chomhlachtaí poiblí iarracht a dhéanamh a chinntiú go mbíonn leigheasanna comhchosúla ann ghearáin chomhchosúla nuair a sheastar leo.

Sa chaibidil seo tugaim suntas don oibleagáid atá ar chomhlachtaí poiblí sásamh cuí a sholáthar. Ina theannta sin, tugaim roinnt treoirlínte agus samplaí de shásamh d�fhonn cabhrú le sheirbhísigh phoiblí cur chuige comhréireach a fhorbairt ar fud na seirbhíse poiblí maidir le feidhmiú an tsásaimh sin.


Sásamh agus riarachán poiblí

Tá comhlachtaí poiblí freagrach as réimse ollmhór seirbhísí a chur ar fáil don saoránach. Más rud é, de thoradh droch-riaracháin, nach gcuirtear an tseirbhís ar fáil go sásúil, ní féidir leis an saoránach de ghnáth dul go dtí soláthraí ionadach eile chun an tseirbhís a fháil. Sampla soiléir de sin is ea soláthar íocaíochtaí leasa nó tithíochta sóisialta. Bunghné de Thionscnamh Bainistíochta Straitéisí an Rialtais is ea ardchaighdeán seirbhíse a sholáthar do chliaint. Leanann sé as sin, dá bhrí sin, gur ceart don chomhlacht poiblí, i gcás an caighdeán sin a bheith easnamhach, agus gurb é an comhlacht poiblí atá freagrach as an easnamh, an t-easnamh a leigheas trí shásamh a thabhairt.

Mar atá luaite agam cheana féin, is é is cuspóir le sásamh ná an duine a chur ar ais sa riocht ina mbeadh sé/sí Murach an mhainneachtain riaracháin. Is é an treocht atá ann le déanaí ná go bhfoilsíonn comhlachtaí poiblí cairteanna ceart ina leagann siad síos a n-aidhmeanna i dtaca leis na seirbhísí a sholáthraítear dá gcliaint. Áirítear i gcuid mhór de na cairteanna sin sprioc-amanna le haghaidh scéimeanna, clár agus aisíocaíochtaí. Cuirim fáilte roimh spriocanna den sórt sin mar fhorbairt dhearfach maidir le seirbhís ardchaighdeáin custaiméara a sholáthar. Measaim, áfach, gurbh fhearr i bhfad luach agus inchreidteacht cairteanna agus prótacal dá dtabharfadh an comhlacht poiblí gealltanas iontu sásamh a thabhairt nuair nach sroichtear na caighdeáin agus na spriocanna atá geallta ag na comhlachtaí.



Leithscéalta agus mínithe

D�fhéadfadh sé tarlú go ndéanfar dochar do dhuine ar shlite éagsúla mar gheall ar ghníomhartha comhlachta phoiblí � trí shochar, seirbhís nó íocaíocht airgid a chailliúint nó trí dheis a chailliúint chun ceart a fheidhmiú. I gcás ina dtarlaíonn a leithéid ní mór sa chéad ásc, ar mhaithe le dea-riarachán, go n-admaíonn an comhlacht lena mbaineann go ndearnadh éagóir agus go bhfuil gá le bearta a dhéanamh chun sásamh a thairiscint i leith an chaillteanais. Is ceart go mbeadh mionmhíniú agus/nó fíor-leithscéal ina chuid de na moltaí i gcomhair sásaimh agus tá ról suntasach ag bearta den sórt sin, astu féin, i dtaca le maolú a dhéanamh ar an éagóir a mhothaíonn an gearánach.

Is ceart an méid seo a leanas a bheith san áireamh i mínithe agus i leithscéalta:

  • na cúiseanna nach bhfuiltear in ann an tseirbhís a sholáthar láithreach;
  • leithscéal as aon chiotaí a tharlaíonn;
  • sonraí, más infheidhme, faoi sheirbhísí ionadacha atá ar fáil sa ghearrthéarma;
  • tuairim i dtaobh cathain a sholáthrófar an tseirbhís a iarradh.

Is ceart leithscéalta a thabhairt i gcás nach soláthraítear seirbhís a bhfuil teideal ag duine chuici, i gcás nach soláthraítear í ach go páirteach nó i gcás inar cuireadh moill léi, de thoradh locht de chuid an chomhlachta phoiblí. I gcás litreacha leithscéil, ní mór dóibh:

  • a bheith dáiríre agus fíreata;
  • freagracht a ghlacadh as an locht a tharla;
  • a admháil gur tharla díobháil/ciotaí/cruatan;
  • gealltanas a thabhairt aon chaillteanas a bhí ann a shlánú.

Trí ghearáin a scrúdú agus a imscrúdú, faighim samplaí de chásanna nuair nach ndearna comhlachtaí poiblí seirbhís a sholáthar. D�fhéadfadh sé go nglacann na comhlachtaí poiblí leis go réidh go bhfuil earráid déanta acu agus d�fhéadfadh sé go gcuireann siad leigheas cuí chun cinn. Ach bíonn claonadh iontu gan a bheith toilteanach leithscéal a ghabháil leis an duine a ndéanann an earráid difear dó nó di. Is é an taithí atá agamsa ná dá oscailte agus dá fhorásaí atá comhlacht poiblí is ea is dóiche atá sé go bhféachfaidh sé i ndiaidh theidil a chliant agus go n-admhóidh sé a fhreagracht nuair a éiríonn fadhbanna agus nuair atá an locht air féin.

Bíonn claonadh ar roinnt comhlachtaí a mheas nach gá leithscéal a ghabháil má dhéantar gníomh ceartúcháin i leith na seirbhíse. Tá dul amú orthu. Baineann easpa leithscéil de dhea-chaidreamh, d�iontaoibh agus de mhuinín idir an comhlacht agus an cliant agus déanann an easpa sin dochar do dhea-riarachán poiblí. Idir an dá cheann den mheá tá comhlachtaí poiblí ann nach n-admhóidh go bhfuil an locht orthu ach a ghlacfaidh leis go doicheallach go bhfuil gá le leithscéal a thabhairt. Tá roinnt samplaí den chur chuige sin feicthe agam, is é sin, i gcás ina bhfuil an �leithscéal� a thugann an comhlacht san fhoirm seo a leanas:

"ní ghlacaimid go raibh an locht orainn ach má bhí is mian linn leithscéal a ghabháil leat"

Ní bhíonn freagraí den sórt sin sásúil agus tá géarghá ann go ndéanfadh comhlachtaí a ghlacann seasamh den sórt sin athsmaoineamh ar a gcuid freagrachtaí agus oibleagáidí i leith a gcliant.

Dliteanas dlíthiúil is cúis, cuid mhaith, le leisce a bheith ar chomhlachtaí poiblí leithscéal a ghabháil. Ar ndóigh, ní bhaineann dliteanas dlíthiúil le hábhar de ghnáth sa chuid is mó cásanna ina ndéantar botún. Le fírinne, is minic a tharlaíonn sé gurb é is cúis le tús a chur le dlíthíocht ná mainneachtain leithscéal a ghabháil nó míniú a thabhairt. Tá mé cinnte go bhfuil sé indéanta, sa chuid is mó cásanna, mionmhínithe agus leithscéalta fiú amháin a thabhairt ar shlite nach ngabhann aon admháil dliteanais leo. I gcás inar féidir a bheith ag súil le réasún go mbeidh dlíthíocht ann, is léir go bhfuil an ceart ag comhlachtaí poiblí a leasanna a chosaint. Sa chomhthéacs sin, ba dhíol spéise dom an moladh a chuir Ombudsman New South Wales, an tUas Bruce Barbour, chun cinn ina Thuarascáil Bhliantúil 2000 - 2001. Rinne sé an moladh seo a leanas:

... go dtabharfaí reachtaíocht isteach a d�fhágfadh nach mbeadh leithscéalta nó léiriú aiféala a thugann oifigigh earnála poiblí d�fhonn cuidiú gearán a réiteach inghlactha in aon imeachtaí sibhialta.

Ní dhéanfadh sé sin dochar do chearta nó do leasanna daoine den phobal a bhfuil éilimh dhlisteanacha acu i gcoinne gníomhaireachta mar, go praiticiúil, d�éagmais reachtaíocht den sórt seo, is dócha nach bhfaigheadh duine éagóirithe leithscéal � ná, dá thoradh sin, admháil i leith freagrachta � ar chor ar bith.

Os a choinne sin, is é is ceart a tharlódh de thoradh reachtaíocht den sórt seo a thabhairt isteach ná go mbeadh fonn ar níos mó seirbhíseach earnála poiblí �gabh mo leithscéal� a rá agus gur dhóiche na a mhalairt go mbeadh níos mó daoine den phobal sásta go bhfuiltear ag déileáil lena ngearán ar bhealach dáiríre. Léiríonn leithscéal go bhfuil gníomhaireacht ag glacadh le freagracht mhorálta, seachas freagracht dhlíthiúil, as a ngníomhartha agus léiríonn an taighde go mbeadh an chuid is mó daoine sásta leis an méid sin.

Tá an réimse sláinte ar cheann de na réimsí ina bhfuil cuid mhór imní maidir le freagracht a admháil. Mholfainn don Roinn Sláinte agus Leanaí moladh mo chomhghleacaí Astrálaigh a bhreithniú i gcomhthéacs an chórais nua reachtúil gearán atá luaite i straitéis náisúinta sláinte.



Cúiteamh mar gheall ar chailliúint cumhachta ceannaigh

I gcás moill a bheith ann maidir le haisíocaíochtaí nó íocaíochtaí sochar, nó i gcás ina gcoinnítear siar iad, thar thréimhse fhada de thoradh earráide, mí-léiriú, dearmad nó gníomh eile den tsamhail chéanna ar thaobh comhlachta phoiblí, ní mór, ar mhaithe le prionsabal an tsásaimh agus ar mhaithe le dea-chleachtas riaracháin, go bhfuil scéim ghinearálta cúitimh ann chun déileáil le cailliúint chumhacht cheannaigh na n-íocaíochtaí a dhéantar.

Thar na blianta tá iarrtha agam ar chomhlachtaí poiblí, le linn dóibh íocaíochtaí cúlghabhálacha/déanacha a thabhairt do chliaint, socrú a dhéanamh freisin maidir le cúiteamh i leith chailliúint cumhachta ceannaigh. Le 15 bliana anuas, tá scéim den sórt sin á riaradh ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh i gcásanna ina bhfuil an mhoill inchurtha i leith na Roinne féin, go hiomlán nó go formhór. Faoin socrú sin, tá tréimhse chaighdeánach dhá mhí dhéag ann � ar a dtugtar an "tréimhse bhán" uaireanta � ar tréimhse í a mbítear ag súil go bpróiseálfar an t-iarratas/teideal/sochar laistigh di. Ní bhíonn cúiteamh i gceist ach amháin i gcás nach bpróiseáiltear an t-iarratas laistigh den tréimhse sin. In imthosca áirithe, is ceart don Roinn cúiteamh a íoc i leith chailliúint cumhachta ceannaigh le cliaint a bhí déanach maidir le teideal a éileamh. D�fhéadfadh sé sin tarlú, mar shampla, i gcás ina dtugann an Roinn eolas mícheart do dhuine nuair a dhéanann sé/sí fiafraí faoi theidil. Tá Rialacháin déanta ag an Roinn chun stádas reachtúil a thabhairt don scéim seo ach bhí sí á hoibriú, roimhe sin, faoi cheadú tarmligthe ón Roinn Airgeadais.

I gcás comhlachtaí poiblí eile, tá socruithe tugtha isteach acu maidir le cúiteamh a íoc in imthosca áirithe:

  • Íocann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta cúiteamh i leith chailliúint cumhachta ceannaigh i gcásanna ina bhfuil moill le deontais ardoideachais a íoc.
  • Tá na boird sláinte tar éis aontú scéim náisiúnta cúitimh a thabhairt isteach.
  • Tar éis imscrúdú a rinne m�Oifig ar leibhéal na ró-íocaíochtaí neamh-aisíoctha i gcuntais iasachta de chuid iasachtaithe, ghlac údaráis áitiúla le mo mholadh gur cheart dóibh cúiteamh a íoc leis na hiasachtaithe as cailliúint cumhachta ceannaigh i gcás na méideanna a bhí i gceist.

Mar atá luaite agam roimhe seo, is é is bun le prionsabal an tsásaimh ná gur ceart don ghearánach a chur ar ais sa staid ina mbeadh sé/sí sular tharla an botún. I gcás na socruithe atá glactha ag na comhlachtaí poiblí chun cúiteamh a thabhairt o leith chailliúint cumhachta ceannaigh, sásaíonn siad prionsabal an tsásaimh. Tá eagraíocht amháin ann, áfach, a chuir i gcoinne íocaíochtaí cúitimh den sórt sin a dhéanamh thar na blianta, is é sin le rá, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

Is é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim ná, ar leith ó roinnt cásanna sonracha, níl aon fhoráil reachtach ann a cheadódh íocaíochtaí den sórt sin a dhéanamh. Ní raibh mé sásta riamh leis an argóint sin agus creidim go bhfuil saoirse ann i bhforálacha cúraim agus bainistíochta na nAchtanna Cánach a fhágann gur féidir íocaíochtaí den sórt sin a dhéanamh. Ach is é an t-ábhar is mó imní atá agam ná go ndealraíonn sé go bhfuil neamhthoil bhunúsach ann ar thaobh na gCoimisinéirí Ioncaim a admháil go bhfuil oibleagáid ann sásamh a sholáthar i gcásanna nó aon sásra a chur i bhfeidhm chun déileáil le sásamh. Ardaíodh an t-ábhar seo roimhe seo leis na Coimisinéirí Ioncaim agus d�aontaigh siad athbhreithniú a dhéanamh ina leith. Ach níl aon dul chun cinn déanta faoin ábhar go dtí seo.

Sa bhliain 2002 críochnófar an t-imscrúdú atá ar siúl agam maidir le gearáin i gcoinne dhiúltú na gCoimisinéirí Ioncaim cúiteamh a thabhairt d�ochtar cáiníocóirí i leith chailliúint luach aisíocaíochtaí cánach ioncaim ar cuireadh moill leo. Mar chuid den tuarascáil ar an imscrúdú pléifear an cheist i dtaobh an ceart scéim ghinearálta cúitimh a thabhairt isteach chun déileáil le híocaíochtaí den sórt sin.

Ghlac an Roinn Oideachais agus Eolaíochta cur chuige níos dearfaí sa chás seo a leanas:

Fuair mé gearán ó iarmhúinteoir a ndearnadh asbhaintí ÁSPC ina leith nár cheart a dhéanamh. Ba bhaintreach í ón mbliain 1970 agus, dá bhrí sin, ba cheart di a bheith ag íoc ÁSPC Aicme D2 (Aicme A2 ó Aibreán 1995). Ach rinneadh asbhaintí i dtosach de réir ráta D1 (agus ansin de réir ráta A1 ó Aibreán 1995). Tar éis iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh (RGSPT), tugadh aisíocaíochtaí di i leith na n-asbhaintí míchearta. Ina theannta sin, lorg sí cúiteamh i leith chailliúint cumhachta ceannaigh agus rinne sí gearán chuig m�Oifigse nuair a diúltaíodh an cúiteamh sin. Dúirt an RGSPT gurbh é an fostóir seachas an RGSPT a bhí freagrach as an earráid d�ainneoin gur íoc an RGSPT an t-aisíoc i leith na n-asbhaintí míchearta.

Sa chás seo bhí tuarastal an mhúinteora á íoc ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta (ROE) thar ceann a fostóra, is é sin, bord bainistíochta na scoile. Dá réir sin, d�iarr m�Oifig ar an ROE an gearán a scrúdú a mhéid a bhain le cúiteamh i leith chailliúint cumhachta ceannaigh. Ar dtús, dúirt an ROE gur ar an múinteoir a bhí an fhreagracht as aon athruithe ar chúinsí ba chúis le hasbhaintí de réir ráta D2 seachas de réir ráta D1 a chur in iúl di, mar shampla cárta liachta a bheith ag duine, liúntas tuismitheora aonair nó liúntas baintrí/baintrí fir a bheith á fháil. Mheas an Roinn freisin gurbh é an RGSPT a bhí freagrach as cailliúint a cumhachta a chúiteamh mar gurbh í an Roinn sin a thug aisíocaíocht maidir le hasbhaintí míchearta.

Tar éis an gearán a scrúdú tuilleadh, fuair mé amach go raibh a fhios ag Rannóg Phearsanra an ROE go raibh an gearánach ina baintreach. Ach dúirt an ROE nach gá go mbeadh an Rannóg sin ar an eolas i dtaobh aon impleachtaí ionchasacha a bheadh ann do ranníocaí ÁSPC mar gheall ar an méid sin. Tar éis an t-ábhar a athbhreithniú, mheas mé go raibh dóthain eolais ag an ROE chun go mbeadh sí in ann na hasbhaintí cearta a dhéanamh. Ní fhéadfaí glacadh leis go raibh cosaint leordhóthanach ann ó tharla go raibh an t-eolas á choimeád sa Rannóg Phearsanra seachas i Rannóg na dTuarastal mar gur cheart don Roinn a cuid córas eolais a eagrú ar shlí ina gcinnteofaí go mbeadh gach eolas iomchuí ar fáil do cibé Rannóg a bheadh á lorg. Chinn mé go raibh locht ar an ROE mar nár ghníomhaigh sí de réir an eolais a bhí ar fáil aici agus gur cheart cúiteamh cuí a thabhairt don ghearánach i leith chailliúint cumhachta ceannaigh mar gheall ar na hasbhaintí míchearta as a tuarastal. Mheas mé, i gcomhréir le cásanna den tsamhail chéanna tríd an tseirbhís phoiblí, gur cheart méid an chúitimh a ríomh faoi threoir méaduithe san Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí thar an tréimhse a bhí i gceist. Ghlac an ROE le mo chuid tuairimí agus íocadh cúiteamh cuí leis an ngearánach.



Sochar neamhairgid nó seirbhís a cailleadh a thabhairt ar ais

Soláthraíonn a lán comhlachtaí poiblí sochair neamhairgid nó seirbhísí e.g. iompar scoile, deisiúcháin tithíochta, dramhaíl agus soláthar uisce, seirbhísí ospidéil, saoráidí do dhaoine faoi mhíchumas etc. I gcás ina ndiúltaítear na seirbhísí sin go héagórach do dhuine de dhroim locht ar thaobh an chomhlachta phoiblí agus go soláthraítear iad dá éis sin, is ceart don chomhlacht poiblí sásamh a thabhairt i leith na tréimhse sula soláthraítear iad.

I roinnt cásanna, is féidir íocaíocht a dhéanamh chun costais an chliaint a chlúdach. Mar shampla, i gcás ina mainníonn údarás áitiúil, gan cúis mhaith, deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh ar dhíon tí tionónta agus, dá bharr sin, go dtarlaíonn damáiste inmheánach agus gur gá athmhaisiú a dhéanamh, is ceart don údarás áitiúil breithniú a dhéanamh i dtaobh na costais atá i gceist a mhaoiniú nó a pháirt-mhaoiniú. Ar an dóigh chéanna, i gcás ina ndéantar rochtain ar iompar scoile a dhiúltú go héagórach agus go dtabhaíonn tuismitheoirí costais maidir le socruithe ionadúla a dhéanamh, is ceart aisíoc a thabhairt dóibh i leith na gcostas sin más rud é go mbunaítear teideal chuig na seirbhísí dá éis sin. I gcásanna áirithe, is ceart íocaíocht a thabhairt nó costais nó táillí a d�fhéadfadh a bheith dlite ina dhiaidh sin a chur siar mar admháil gur ceileadh an tseirbhís go héagórach ar an duine.



Cailliúint Deise

D�fhéadfadh sé tarlú gurb é a leanfaidh as gníomh comhlachta phoiblí ná a chosc ar dhuine leas a bhaint as socruithe speisialta nó páirt a ghlacadh i scéim áirithe. Léiríonn an cás seo a leanas an t-ábhar seo:

Chuir Comhairle Chontae Cheatharlach in iúl do lánúin go bhféadfaidís a dteach a cheannach ar �25,331 (�19,950). An tráth sin, ní raibh dóthain airgid acu chun dul ar aghaidh láithreach leis an gceannach ach lean siad de bheith ag iarraidh ceadú i leith iasachta. Nuair a fuair siad ceadú i leith iasachta sa deireadh cuireadh in iúl dóibh go raibh siad rómhall chun an teach a cheannach ar �25,331 mar go raibh an teorainn ama chun glacadh leis an tairiscint imithe in éag. Cuireadh in iúl dóibh gurbh é a bhí sa phraghas ceannaigh nua ná �41,274 (�32,506).

Le linn an t-ábhar a scrúdú fuair mé amach nach ndearna an litir bhunaidh tairisceana, a eisíodh ar an 14 Bealtaine 1999, aon tagairt i dtaobh an luacháil a bheith ann ar feadh tréimhse teoranta. Thairis sin, luaitear an méid seo a leanas i gCuid 7 de Litir Chiorcláin HRT 6/95, a d�eisigh an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil i ndáil leis an scéim:

Tar éis do thionóntaí fógra a fháil faoi luacháil, is ceart dóibh a thuiscint go mairfidh an luacháil ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná 12 mhí, is cuí leis an údarás agus is ceart do thionóntaí ar mian leo teach a cheannach comhaontú a dhéanamh i scríbhinn, laistigh den tréimhse sin, chun dul ar aghaidh leis an gceannach.

Ó tharla nár cuireadh in iúl do na gearánaigh i mBealtaine 1999 go raibh dáta scoir ann maidir le tairiscint bhunaidh na Comhairle, bhí súil réasúnach acu go raibh an tairiscint oscailte go dtí cibé uair a bheadh iasacht faighte acu ar iasacht í a ndúradh ina leith go raibh siad á hiarraidh sa tréimhse ó Mheitheamh 1999 go Meitheamh 2000.

D�iarr m�Oifig ar an gComhairle an cás a athbhreithniú. Gheall an Chomhairle go ndéanfaidís, tar éis fianaise dhoiciméadach a fháil a thaispeánfadh go raibh fíor-iarracht á déanamh ag na gearánaigh morgáiste a fháil le linn 1999/2000, go n-athosclóidís díol an tí ar an phraghas na tairisceana bunaidh, is é sin le rá �25,331 (�19,950), ar feadh thréimhse theoranta 3 mhí. Cheap mé gur seasamh réasúnach a bhí á ghlacadh acu.

Ina theannta sin, leasaigh an Chomhairle a nósanna imeachta agus a ndoiciméid chun nach dtarlódh fadhb den tsamhail chéanna amach anseo.


Deis achomhairc a dhiúltú

I réimse an riaracháin pleanála, tá gearáin faighte agam maidir le mainneachtain ag údaráis pleanála fógra faoi chinntí pleanála a thabhairt do pháirtithe leasmhara in am chun go mbeidh siad in ann achomhairc a thaisceadh i gcoinne na gcinntí sin. I gcásanna den sórt sin is é is gnách liom a dhéanamh ná a iarraidh ar an údarás pleanála a ghníomhartha a athbhreithniú agus breithniú a dhéanamh i dtaobh sásamh de chineál éigin a thairiscint don ghearánach i leith chailliúint na deise chun a gceart reachtúil achomhairc chuig an mBord Pleanála a fheidhmiú. Áirítear na nithe seo a leanas i measc na nithe a mbeinn ag súil go ndéanfadh údarás pleanála breithniú ina leith:

  • admháil ón údarás pleanála go bhfuil sé freagrach as an mainneachtain fógra a thabhairt don pháirtí leasmhar nó do na páirtithe leasmhara;
  • leithscéal a ghabháil as an mainneachtain;
  • athbhreithniú a dhéanamh ar a nósanna imeachta i dtaca le hagóidí a thaisceadh i gcoinne iarratas pleanála agus i dtaca le fógra a thabhairt d�agóideoirí faoi chinntí;
  • íocaíocht a dhéanamh go díreach leis an ngearánach i leith costas a thabhaigh sé/sí le linn an t-ábhar a shaothrú leis an údarás pleanála nó ranníoc a thabhairt i gcomhair oibreacha éigin pobail, nó i gcomhair plandáil, sa cheantar ina bhfuil cónaí ar an ngearánach;
  • cúiteamh airgid i leith chailliúint na deise achomharc a thaisceadh.

A mhéid a bhaineann le cailliúint deise chun achomharc a dhéanamh dúirt mé an méid seo a leanas i mo Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 1999:

"Ní féidir le cúiteamh airgeadais a bheith ina chúiteamh dóthanach i gcás ina gcailltear an deis chun agóid a dhéanamh i coinne forbartha atá beartaithe - is cuid bhunúsach dár gcóras pleanála é sin. Beidh mé an-chriticiúil amach anseo má thagann cleachtais den chineál céanna chun cinn san údarás áitiúil seo nó in aon údarás áitiúil eile."

Is é an tuairim atá agam ná gurb ionann cailliúint deis den sórt sin agus droch-riarachán tromchúiseach ar ceart cúiteamh a bheith iníoctha ina leith mar bhealach chun sásamh de chineál éigin a sholáthar mar gheall ar neamhghníomh an údaráis pleanála. Go hiondúil, tá íocaíochtaí suas go �700 molta agam i gcásanna inar chinn mé go ndearnadh an deis chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh pleanála a cheilt ar dhuine mar gheall ar mhainneachtain riaracháin ar thaobh an údaráis pleanála. Níor tháinig cás os mo chomhair fós ina raibh fianaise prima facie ann go bhféadfadh sé tarlú nach n-éireodh le cead pleanála ag céim an Bhoird Pleanála nó go bhféadfadh sé go gcuirfí coinníollacha áirithe ag gabháil le cead pleanála dá mba rud é go mbeadh agóid taiscthe ag duine a ndéanfadh an cead dó nó di. Is cinnte go n-ardódh sé sin ceisteanna níos casta fós maidir le sásamh cuí.




Cúiteamh i leith costas a tabhaíodh

Nuair is ábhar éagóra do dhuine cinneadh de chuid comhlachta phoiblí agus nuair a chinneann sé nó sí gearán a dhéanamh bíonn sé nó sí páirteach i bpróiseas atá scanrúil uaireanta agus a mbíonn gá le dianseasmhacht agus diongbháilteacht chun réiteach a bhaint amach. Is minic a bhíonn neamhchothroime cumhachta ann sa phróiseas seo agus, ag de réir nádúr an ghearáin, d�fhéadfadh sé go mbeidh ar an duine atá ag dul i ngleic leis an gcomhlacht poiblí comhairle ghairmiúil a lorg ó aturnae, ó chuntasóir, ó ailtire nó ó innealtóir d�fhonn a sheasamh nó a seasamh a shuíomh. Más rud é, ag deireadh an phróisis seo, go ndéantar cinneadh an chomhlachta a fhreaschur nó a athrú is ceart go mbeadh aisíoc costas a tabhaíodh maidir le comhairle ghairmiúil a fháil a chur san áireamh i moltaí an chomhlachta phoiblí i leith sásaimh.



Íocaíochtaí i leith ama agus stró

Is codanna dílse den phróiseas gearáin iad litreacha a scríobh, glaonna teileafóin a dhéanamh, agallaimh a dhéanamh, taighde agus comhairle dhlíthiúil nó comhairle ghairmiúil eile a fháil. Bíonn am agus stró i gceist, ar thaobh an ghearánaigh, le linn na gníomhaíochtaí sin agus gníomhaíochtaí gaolmhara eile a sheoladh. D�fhéadfadh sé go mbeadh costais le híoc i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin freisin mar shampla táillí postais agus teileafóin, costais taistil agus ceannach ábhar. Is ceart go mbeadh cúiteamh i bhfoirm íocaíochtaí as am a caitheadh go réasúnach, agus as stró, le linn an gearán a shaothrú agus costais dheimhnithe ghaolmhara i gcónaí ina gcuid d�aon socrú cúitimh a mholtar. Bheadh leibhéal na n-íocaíochtaí i leith ama agus stró sa réimse ó �100 suas go �500 de ghnáth, agus d�fhéadfadh sé a bheith níos airde ná sin in imthosca eisceachtúla. Gné thábhachtach den bhreithniú a dhéantar ar íocaíochtaí den sórt sin is ea dearcadh agus cur chuige an chomhlachta phoiblí le linn déileáil leis an ngearán tosaigh agus cibé acu a rinne sé nó nach ndearna sé athbhreithniú oibiachtúil ar a chinneadh bunaidh.



Conclúid

Tá roinnt cásanna leagtha amach thuas mar threoir do chúinsí inar ceart sásamh a thabhairt � tá a lán cásanna eile ann. Is ceart go mbeadh sásamh ar fáil do gach duine a bhfuil fíor-ghearán acu agus ní ceart é a theorannú dóibh sin a chuireann gearán chugamsa. Le linn breithniú a dhéanamh i dtaobh an chineáil sásaimh a bheadh oiriúnach in aon chás áirithe, is ceart do chomhlachtaí poiblí na bearta a chur san áireamh atá ag teastáil chun an páirtí lena mbaineann a thabhairt ar ais chuig an staid ina mbeadh sé nó sí mura rud é gur tharla an botún. Is ceart leas a bhaint as samhlaíocht agus cruthaitheacht le linn sásamh oiriúnach a sholáthar agus, le fírinne, tá comhlachtaí poiblí áirithe molta agam ina leith sin sa Tuarascáil Bhliantúil seo agus i dTuarascálacha Bliantúla eile. I roinnt cásanna, d�fhéadfadh sé tarlú nach féidir teacht ar chomhaontú idir an comhlacht agus an duine lena mbaineann ar an leibhéal is oiriúnaí sásaimh. Tháinig cásanna os mo chomhair ina raibh an gearánach ag súil le toradh neamhréasúnach agus ar cásanna iad nach raibh mo chuid moltaí i dtaobh sásaimh ina leith inghlactha. D�fhéadfadh sé go mbeadh cásanna ann, ó am go ham � cibé acu atá nó nach bhfuil m�Oifig páirteach iontu � inar gá leas a bhaint as idirghabhálaithe nó eadránaithe gairmiúla chun an bhearna a chúngú idir meastachán ag chomhlachta phoiblí agus meastachán an ghearánaigh i leith sásaimh seachas céim easaontais a shroicheadh a fhágann gurb é an t-aon rogha amháin atá ann ná tús a chur le cás cúirte.

Back to contents