- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2001
Caibidil 4 - Cásanna roghnaithe
Cásanna Roghnaithe
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe/Dúchas
Cúiteamh i leith chailliúint deontais faoi Scéim Chosanta na Timpeallachta Tuaithe Chuaigh feirmeoir isteach i Scéim Chosanta na Timpeallachta Tuaithe (SCTT) sa bhliain 1997. Faoin scéim sin faigheann iarratasóirí préimh má bhainistíonn siad a gcuid talún de réir téarmaí plean bainistíochta a cheadaíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe. Faoin SCTT tá préimh bhliantúil iníoctha má tá aon chuid den talamh laistigh de theorainneacha Limistéir Speisialta Caomhantais (LSC) nó Limistéir Oidhreachta Náisiúnta (LON). Is é Dúchas, is é sin Seirbhís Oidhreachta na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, a ainmníonn LSC-anna faoi Threoir na Comhairle Eorpaí ar an Timpeallacht, 92/43/CEE.
Sa bhliain 1997, d�fhiafraigh an feirmeoir de Dhúchas an raibh aon chuid dá thalamh laistigh de theorainneacha LON nó LSC. Cuireadh in iúl dó nach raibh. Ach, sa bhliain 1999, dúradh leis go raibh Dúchas tar éis earráid a dhéanamh agus go raibh cuid bheag dá thalamh laistigh de LON. Lorg sé íocaíocht chúlghabhálach ansin i leith na bpréimheanna breise do na trí bliana a raibh sé ina rannpháirtí in SCTT lena linn. Dhiúltaigh an Roinn na préimheanna breise a íoc á rá nach bhféadfadh sí íocaíochtaí cúlghabhálacha a thabhairt faoi théarmaí SCTT.
Ba é an tuairim a bhí ag an Roinn ná gur íocadh an feirmeoir de réir théarmaí agus choinníollacha SCTT agus nach raibh aon fhoráil maidir le híocaíochtaí cúlghabhálacha sa scéim. Bhí an phréimh bhreise íoctha ag an Roinn nuair a cuireadh an staid cheart in iúl di agus, dar léi, ghníomhaigh sí sa tslí cheart. Tharraing mé aird ar Dhúchas ansin agus d�iarr mé orthu tuairisc a thabhairt maidir le ról s�acusan sa chás. Chinn mé gurbh é an earráid a rinne Dúchas ba chúis le chailliúint préimheanna trí bliana agus gur ceart do Dhúchas, ar mhaithe le dea-riarachán, cúiteamh a thabhairt don ghearánach. Ghlac Dúchas leis sin agus d�íoc siad �4673 (�3,680) leis an bhfeirmeoir ar bhonn ex gratia.
An Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh
Sochar Banchéile Thréigthe a Thabhairt ar ais
Fuair mé dhá ghearán maidir le mainneachtain ar thaobh na Roinne eolas iomlán a chur in iúl d�éilitheoirí faoi na himpleachtaí diúltacha a bhainfeadh le hathrú ó íocaíocht amhain leasa shóisialaigh go dtí ceann eile. Sa dá chás bhí na gearánaigh i ndiaidh a iarraidh ar an Roinn iad a aistriú ó Shochar Banchéile Thréigthe (SBT) go dtí Íocaíocht Teaghlaigh Aon Tuismitheora (ÍTAT) le go bhféadfaidís a bheith páirteach i scéimeanna Fostaíochta Pobail (FP), ó tharla nach raibh SBT ina íocaíocht cháilitheach le haghaidh páirteachais i scéimeanna den sórt sin.
Tá ÍTAT iníoctha le duine a bhfuil leanbh cleithiúnach aige/aici i.e. leanbh faoi bhun 18 mbliana d�aois (nó faoi bhun 22 bhliain d�aois i gcás e/i a bheith ag fáil oideachas lánaimseartha). Tá tástáil acmhainne ann maidir leis freisin, rud nach bhfuil i gceist i gcás SBT. Chaill an bheirt bhan a dteideal chuig ÍTAT nuair a shroich a leanaí is óige aois 18 mar nach raibh siad ag fáil oideachas lánaimseartha a thuilleadh. Dúirt siad go raibh sé sin éagothrom mar gur tugadh an íocaíocht SBT dóibh ó tharla gur tréigeadh iad agus gur mar sin a bhí cúrsaí fós. Bhí an bheirt ghearánach sa riocht nach raibh aon tacaíocht airgid acu i leith a stádais gan athrú ar feadh níos mó na bliain. Dúirt siad nach n-aistreoidís go dtí ÍTAT dá mbeadh an Roinn tar éis an t-eolas iomlán a thabhairt dóibh faoi na hiarmhairtí dochracha a bhainfeadh leis an aistriú.
D�ardaigh mé na ceisteanna seo leis an Roinn agus d�iarr mé athbhreithniú ar an dá chás. Dúirt an Roinn go raibh teideal na beirte gearánach chuig SBT tugtha ar ais dóibh de thoradh comhaontaithe leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ar an 5 Samhain 2000 chun na critéir cháilitheacha a mhaolú le haghaidh páirteachais i scéimeanna FP. B�ionann sin is a rá go bhféadfadh faighteoirí SBT a bhfuil leanaí acu cáiliú. Ach níor thug an Roinn aghaidh ar an gceist maidir leis an mbeirt ghearánach a bheith gan íocaíocht leasa shóisialaigh ar feadh tréimhse 12 mhí ar a laghad d�ainneoin na coinníollacha cáilitheacha le haghaidh SBT a bheith comhlíonta acu.
Thug mé le fios don Roinn gurbh é an t-aon chúis amháin gur aistrigh na gearánaigh ó SBT go dtí ÍTAT ná chun ceanglais na scéime FP a chomhlíonadh. Chreid mé go raibh dochar déanta dóibh de bhua oibleagáid a bheith orthu na ceanglais sin a chomhlíonadh agus ó tharla gur mhainnigh an Roinn na himpleachtaí a ghabhfadh le haistriú ó SBT a chur in iúl dóibh roimh ré. D�athbhreithnigh an Roinn an dá chás agus tugadh a dteideal chuig SBT ar ais dóibh le héifeacht ón dáta a d�aistrigh siad go dtí ÍTAT. Ba é méid na riaráistí ná �4,773 (�3,759) agus �3,681 (�2899) faoi seach. Ina theannta sin, chuir an Roinn in iúl go ndéanfadh sí athbhreithniú ar aon chásanna eile den tsamhail chéanna agus riaráistí cuí a íoc leis na daoine sin freisin.
Pinsean réamh-1953 a Dámhadh.
Ón 5 Bealtaine 2000 i leith, tá daoine os cionn 66 bliana d�aois, a bhfuil 260 ranníoc ÁSPC (5 bliana) ar a laghad acu a íocadh go hiomlán roimh 1953 nó a íocadh roimh 1953 agus dá éis, in ann cáiliú don Pinsin Seanoise Ranniocaigh (PSR) speisialta leath-ráta. B�éigean ranníoc amháin ar a laghad a bheith íoctha nó creidiúnaithe roimh 1953. I gcás a cuireadh faoi mo bhráid bhí níos mó na 260 ranníoc ÁSPC ag bean ach níor íocadh aon cheann acu roimh 1953. Dá thoradh sin, diúltaíodh dá héileamh ar an bpinsean.
Dúirt an gearánach go raibh sí ag obair roimh 1953 agus d�iarr mé ar an Roinn taifid na mná a sheiceáil. D�aimsigh an Phríomh-Oifig Taifead sean-uimhir árachais a raibh ranníocaí réamh-1953 ag gabháil léi agus bhíothas den tuairim gur leis an ngearánach iad. Ach, sula bhféadfaí cinneadh a dhéanamh, bhí orthu a iarraidh uirthi sonraí árachais a fhíorú a taifeadadh an tráth a rinneadh na ranníocaí. Bhí an t-eolas a thug an gearánach ag teacht leis an eolas a bhí sa taifead. Dá thoradh sin, thug an Roinn PSR réamh-1953 mar aon le riaráistí �4,734 (�3,728).
Sochar Míchumais
Le bliain anuas tá líon beag gearán faighte agam maidir le teideal daoine chun íoc Sochair Míchumais (SM) a choimeád fad atá siad ag gabháil d�obair pháirtaimseartha de chineál athshlánúcháin nó teiripe ceirde. Tugann gearán áirithe amháin sampla den chineál fadhbanna a d�fhéadfadh a bheith ann.
Bhí an bhean lena mbaineann ag fáil SM ón Roinn. Theastaigh uaithi dul ar ais ag obair ar bhonn páirtaimseartha d�fhonn filleadh ar obair lánaimseartha a luaithe ab fhéidir dá éis sin. Déantar socrú leis na rialacháin lena rialaítear íoc SM gur féidir le duine a bheith ag obair go páirtaimseartha agus leanúint de SM a fháil in imthosca áirithe, ar choinníoll go bhfuil díolúine tugtha ag an Roinn ó Riail 5 de na Rialacha Iompair lena rialaítear fáil SM. Rinne sí iarratas ar an díolúine ach diúltaíodh sin di.
Déantar socrú le Riail 5 de na Rialacha Iompair nach mbeidh duine ag gabháil d�obair le linn a bheith ag éileamh SM mura rud é, mar shampla, gur obair éadrom í nach n-íoctar aon luach saothair ina leith, gur obair í a dhéantar go príomha mar chuid de chóireáil le linn do dhuine a bheith ina othar nó ina hothar cónaithe in ospidéal nó i bhforas eile den tsamhail chéanna nó gur obair í de chineál carthanach ar lú an pá seachtainiúil ina leith ná �42.28 (�33.30). Foráiltear le hAirteagal 15(3)(b) de na rialacháin go bhféadfar duine, le cead roimh ré i scríbhinn ó oifigeach don Aire, duine a dhíolmhú ó oibriú Riail 5 ar feadh tréimhse sonraithe ar lena linn atá sé/sí ag gabháil d�obair pháirtaimseartha de chineál athshlánúcháin nó teiripe ceirde. Ba é bunbhrí an ghearáin ná an bhféadfaí an obair pháirtaimseartha a bhí á dhéanamh ag an iarratasóir a aicmiú mar obair de chineál athshlánúcháin nó teiripe ceirde. Bheadh an cinneadh le déanamh ag oifigeach don Aire seachas ag Oifigeach Breithiúnach a bhféadfaí achomharc a dhéanamh chuig an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh.
Ba é an seasamh a ghlac an Roinn ná go ndéantar cinneadh i dtaobh aon obair áirithe a bheith de chineál athshlánúcháin nó teiripe i gcomhthéacs iarratais ar leithligh a bhunú ar chomhairle an Phríomh-Chomhairleora Liachta (PCL) arb é nó í an t-eadránaí maidir le haon tuairim liachta a thugann iarratasóir. Ní thugann na rialacháin aon treoir i dtaobh conas léiriú a dhéanamh ar obair de chineál athshlánúcháin nó teiripe na ní shonraítear iontu go bhfuil aon léiriú den sórt sin ag brath ar thuairim liachta amháin. Nuair a bhí an cás á scrúdú agamsa, thug mé faoi deara nach ndearna an fhoireann riaracháin iarracht comhairle an PCL a mheá i gcoinne na dtuairimí a thug comhairleoirí liachta an iarratasóra. Ba é an tuairim a bhí ag oifigigh na Roinne ná, ó tharla nach raibh aon oilteacht liachta acu, nach raibh siad in ann ceist a chur faoi chomhairle an PCL i gcásanna den sórt seo. Ba dhealraitheach nach raibh sé sin ag teacht leis na treoirlínte a bhí tugtha ag an Roinn don fhoireann agus inar foráladh:
Nuair a fhaightear na foirmeacha comhlánaithe, etc. sa Rannóg Sochar Míchumais cuirtear ar aghaidh chuig Príomh-Chomhairleoir Liachta na Roinne iad, mar aon leis na páipéir éilimh, chun tuairim a fháil maidir leis an ngné athshlánúcháin den fhostaíocht/oiliúint atá beartaithe. Déanfaidh oifigeach sa Rannóg Sochar Míchumais cinneadh ansin atá bunaithe ar na fíorais go léir a bhaineann le cás áirithe, lena n-airítear comhairle ón bPríomh-Chomhairleoir Liachta, Lia-Chleachtóir Ginearálta an duine, litir ón bhfostóir nó ón eagraíocht oiliúna, agus ar aon mholtaí a fhaightear ón mBord Náisiúnta Athshlánúcháin. Cinneadh riaracháin atá ann.
B�ionann an seasamh a ghlac an fhoireann riaracháin agus a rá nach raibh aon achomharc éifeachtach neamhspleách ann i gcoinne cinneadh diúltú d�iarratas ar dhíolúine mar go gcuirtear aon achomharc ar ais chuig an duine a rinne an cinneadh bunaidh (an PCL) agus go nglacann an fhoireann riaracháin arís leis an gcomhairle/gcinneadh a thugann sé.
Tar éis imscrúdú a dhéanamh, chinn mé nach raibh an cinneadh bunaidh chun an t-iarratas ar dhíolúine ó na Rialacha Iompair a dhiúltú neamhréasúnach. Ach, a mhéid a bhain le hathbhreithnithe ina dhiaidh sin ag foireann riaracháin, níor tugadh aird ach amháin ar chomhairle PCL na Roinne agus ní dhearnadh breithniú leordhóthanach ar an bhfianaise bhreise a tugadh thar ceann an iarratasóra. Ba léir nach raibh sé sin ar comhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha amach i dtreoir-nótaí na Roinne rud a d�fhág nach raibh aghaidh á thabhairt ar shlí áititheach ag an Roinn ar an bhfianaise a chuir an gearánach chun cinn, is é sin le rá, go raibh an post a bhí i gceist de chineál athshlánúcháin.
Tar éis tuilleadh plé leis an Roinn, chinn sí nósanna imeachta feabhsaithe a thabhairt isteach chun déileáil le cásanna den sórt seo. As sin amach, nuair a iarrann iarratasóir athbhreithniú ar chinneadh chun díolúine a dhiúltú:
- déanfar na cúiseanna le tuairim an Mheasúnóra Liachta (ML) nó an PCL a leagan amach go hiomlán agus a chur in iúl don iarratasóir;
- déanfar toiliú an iarratasóra i leith teagmháil a dhéanamh leis an bhfostóir a lorg más cuí sin;
- rachaidh an ML nó an PCL i dteagmháil le dochtúir/sainchomhairleoir an iarratasóir maidir le tuairiscí liachta a thugtar i dtacaíocht leis an iarratas, má mheastar gur cuí sin;
- mura bhfuil na cúiseanna le tuairim an ML/PCL soiléir nó más dealraitheach nach bhfuil siad comhréireach, iarrfaidh an t-oifigeach a bhfuil an cás a chinneadh aige nó aici soiléiriú roimh chinneadh a dhéanamh.
Chomh maith leis sin, d�athbhreithnigh an Roinn a cinneadh maidir leis an ngearánach agus, mar gheall ar imthosca speisialta a cáis, d�aontaigh siad SM a íoc léi agus meastar gur suim �1778 (�1,400) atá i gceist.
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Rialacha Aoisliúntais
Rinne m�Oifig scrúdú ar ghearán i gcoinne na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ar ghearán é a bhain le feidhmiú na rialacha aoisliúntais i gcás iarmhúinteora a bhí ar fostú ag Coiste Gairmoideachais áirithe (CG). Faoin Acht Ombudsman, 1980, ní féidir le m�Oifig scrúdú a dhéanamh ar ghearáin maidir leis na rialacha lena rialaítear aoisliúntas. Tagann gearáin maidir le riaradh na rialacha sin faoi mo chúram, áfach.
Ba mhúinteoir de chuid CG é an gearánach agus bhí luathscor faighte aige ar chúiseanna sláinte. Tugadh 1.043 bliain de sheirbhís bhreise dó ó tharla go raibh air éirí as ar fhoras easláine. Faoi théarmaí comhaontaithe le ceardchumainn mhúinteoirí faoin gClár le haghaidh Iomaíochais agus Oibre, tugadh Liúntas Fadseirbhíse �1,269.79 (�1,000) sa bhliain do mhúinteoirí agus bhí an liúntas sin á fháil ag an múinteoir seo nuair a scoir sé. Ó tharla nach raibh an liúntas sin ina chuid den tuarastal incriminteach, ní mór córas meánmhéide a chur i bhfeidhm nuair atá sé a chur san áireamh chun críocha luach saothair inphinsin, eadhon, má bhí sé á shealbhú sna trí bliana dheireanacha den tseirbhís inphinsin cuirtear san áireamh ina iomláine é in éineacht leis an mbuntuarastal; ma bhí sé á shealbhú ar feadh tréimhse ba ghiorra na sin is é an méid a chuirtear san aireamh i luach saothair inphinsin ná méid an liúntais arna iolrú faoin líon laethanta a sealbhaíodh é / 1095 lá.
Dúirt an gearánach gur cheart, le linn an líon laethanta a raibh an liúntas ina sheilbh a ríomh, an 1.043 bliain de sheirbhís bhreise a chur san áireamh. Dhiúltaigh an Roinn don tuairim sin i dtosach ar an mbonn nár cheadaigh na rialacha imeacht ón gceanglas nach mór liúntais a chur faoi réir meánmhéideanna thar na trí bliana deireanacha de sheirbhís iarbhír fiú amháin i gcás ina n-éiríonn oifigeach as ar fhoras easláinte. D�iarr m�Oifig ar an Roinn a seasamh a athbhreithniú ar an mbonn go bhfuil foráil in Airteagal 84(2)(b)(ii)(II) de I.R. 455 de 1998 (Scéim Aoisliúntais Rialtais Áitiúil) (Scéim Comhdhlúite, 1998) gurbh é a bheidh i meánmhéid bliantúil an liúntais atá le húsáid ná an méid sin a chinnfí amhlaidh dá mba rud é gur lean sé nó sí de bheith in oifig go dtí gur sroicheadh an aois scoir íosta.
Ghlac an Roinn leis an argóint sin agus chinn siad go gceadófaí an tréimhse idir scor an mhúinteora agus an dáta a shroich sé an aois scoir íosta a chur san áireamh le linn meánmhéid a ríomh dá theidil. Cuireadh sin in iúl don CG agus eisíodh leabhrán cuimsitheach eolais faoin Scéim Aoisliúntais do Mhúinteoirí Gairmoideachais ina ndeirtear go soiléir nach ndéanfar, i gcás múinteora a fhaigheann bás i seirbhís nó a scoireann ar chúiseanna easláinte, liúntas a chur faoi réir meánmhéid má tá dóthain seirbhíse ionchasaí ag an múinteoir go haois 60 chun nach gá meánmhéid a ríomh.
Iompar Scoile
Scrúdaigh m�Oifig gearán i gcoinne na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ó thuismitheoirí linbh ar diúltaíodh iompar scoile saor in aisce ina leith ar an bhforas go raibh cónaí ar an teaghlach in áit a bhí níos lú ná dhá mhíle ón scoil. Faoin Scéim Iompair Bunscoileanna is féidir le daltaí a chónaíonn níos mó ná dhá mhíle ón scoil náisiúnta oiriúnach is cóngaraí iompar saor in aisce a fháil.
Rinne na tuismitheoirí díospóid leis an Roinn faoina gconclúid agus dúirt siad go raibh cónaí orthu níos faide ná dhá mhíle ón scoil. Dúirt an Roinn go ndearna Bus Éireann, a sholáthraíonn an tseirbhís, an t-achar a thomhas dhá uair i veain agus go bhfuair siad amach an dá uair sin go raibh an t-achar faoi bhun dhá mhíle. Ní raibh na tuismitheoirí sásta maidir le cruinneas an tomhais. Fuair siad roth calabraithe a dúirt siad a bhí in ann tomhas níos cruinne a thabhairt agus chuir siad na torthaí in iúl don Roinn. Chuir an Roinn in iúl dóibh gur ghlac siadsan le tomhas Bhus Éireann agus, dá réir sin, nach raibh an leanbh i dteideal iompar scoile saor in aisce a fháil.
Creidimse go bhfuil tuismitheoirí i dteideal muinín a bheith acu, i gcás inar gá achar a thomhas chun a chinneadh an bhfuil iarratas de réir critéar cáilitheach scéime, gur modh cóir cruinn a úsáidtear chun an tomhas a dhéanamh. I gcás díospóid a bheith ann maidir leis an achar atá tomhaiste agus go bhfaightear amach nach bhfuil mórán sa difear idir é agus an fad riachtanach, mar a tharla sa chás seo, measaim gur ceart aon achomharc a thaisctear a chur faoi bhráid tríú páirtí neamhspleách agus modh cruinn measúnaithe a úsáid. Dá réir sin, d�iarr mé ar an Roinn tomhas neamhspleách a fháil sa chás seo. D�iarr mé ar an Roinn freisin an nós imeachta sin a chur i bhfeidhm in aon chásanna imeallacha eile ina mbeadh an t-achar faoi dhíospóid.
D�fhreagair an Roinn trína rá go nglacfaí le tomhas an teaghlaigh, ag féachaint don fhad ama a bhí i gceist agus chun aon chrá eile ar an teaghlach a sheachaint, agus go measfaí na leanaí a bheith cáilithe go hiomlán le haghaidh iompair scoile. D�aontaigh an Roinn freisin, i gcás an t-achar ón mbaile go dtí an scoil a bheith beagáinín faoi bhun na teorann dhá mhíle agus é a bheith faoi dhíospóid, go n-úsáidfear seirbhísí tríú páirtí neamhspleách chun an t-ábhar a réiteach amach anseo.
Na Coimisinéirí Ioncaim
Creidmheas cánach a diúltaíodh
Rinne fear iarratas ar chreidmheas cánach Cúramóra Baile i leith a mhná céile a raibh uirthi cathaoir rothach a úsáid an t-am go léir. Is féidir le lánúin phósta an creidmheas sin a éileamh i gcás ina dtugann céile amháin aire do dhuine cleithiúnach amháin nó níos mó. Chuir na Coimisinéirí Ioncaim in iúl don ghearánach nach raibh sé i dteideal an chreidmheasa mar gurbh í a chéile an cleithiúnaí sa chás seo. Tugadh deis don ghearánach cur i gcoinne léiriú na gCoimisinéirí Ioncaim ar mhodh achomhairc chuig na Coimisinéirí Achomhairc.
Mhínigh na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil míniú le fáil ar �duine cleithiúnach� in alt 466A den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, agus go gciallaíonn sé �duine seachas céile éilitheora cháilithigh� a thugann aire do leanbh, do dhuine atá 65 bliana d�aois nó os a chionn nó do dhuine a bhfuil éagumas buan air nó uirthi de dheasca easláine meabhrach nó coirp. Ghlac mé leis gur léir go raibh rialú na gCoimisinéirí sa chás seo de réir na reachtaíochta iomchuí ach tá imní orm fós go bhfuil idirdhealú a dhéanamh ar roinnt cúramóirí d�aon toisc gur céile an duine cleithiúnach a dtugann siad aire dó nó di. Tá mo chuid tuairimí curtha in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim.
Cáin Fháltas Caipitiúil.
Scríobh beirt duine chugam i dtaobh deacrachtaí a bhí acu maidir le Cáin Fáltas Caipitiúil. Tógadh an bheirt acu mar leanaí uchtaithe ach, i gcás amháin, bhí fadhb theicniúil ann a chosc an leanbh a uchtáil go dlíthiúil agus, sa chás eile, ní rabhthas in ann teacht ar dhoiciméid á dheimhniú gur uchtaíodh é.
Fuair an bheirt acu maoin le huacht tar éis bhás a dtuismitheoirí �uchtála�. Ach, mar gheall ar fhadhbanna a bhain leis an �uchtáil� sa dá chás ní raibh siad i dteideal teideal linbh chuig tairseach saor ó cháin i leith na hoidhreachta a fuair siad. I gcás amháin, is é a tharla ná go raibh dliteanas Cánach Oidhreachta ann os cionn �63,487 (�50,000). Sa chás eile, bhí dliteanas �4,315 (�3,398) ar an tairbhí nuair a fuair sé an teach inar raibh cónaí air le fiche bliain agus inar raibh cónaí air fós. Sa dara cás, mar gheall ar chúinsí deacra an ghearánaí, bhí na Coimisinéirí Ioncaim i ndiaidh a aontú cheana féin bailiú na cánach a chur siar ach bhí sé ráite acu nach bhféadfaidís bailiú na cánach a chur siar go deo.
Scríobh mé chuig na Coimisinéirí Ioncaim faoin dá chás agus is cúis áthais dom a rá, tar éis dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar imthosca an dá chás, gur aontaigh siad gur ceart go mbeadh an dá ghearánach i dteideal an tairseach iomlán saor ó cháin a fháil rud a dhíolmhaigh an bheirt acu ó dhliteanas i leith Cánach Fáltas Caipitiúil ar a n-oidhreacht.
Boird Sláinte
Bord Sláinte an Iarthair
Bhain an gearán seo leis an gcúram a tugadh do mháthair an ghearánaigh in Ospidéal Réigiúnach Pháirc Merlin, Gaillimh. Bhí dhá rud i gceist, eadhon, cneá a tháinig ar a máthair le linn di a bheith san ospidéal agus an tslí inar ligeadh amach as an ospidéal í.
(i) An chneá De ghnáth, tarlaíonn cneánna den chineál atá i gceist de thoradh brú ar chodanna soghonta den chorp, fiú amháin i gcás othair nach gá dó nó di fanacht ina luí. Aithnítear, i gcás othar ospidéil, go háirithe má tá siad scothaosta, gur minic a thagann brú-chneánna orthu fiú amháin má tá cúram cuí á thabhairt dóibh.
Tá córas ann chun brú-chneánna a chosc agus a chóireáil mar atá "Polasaí Coiscthe/Cóireála Brú-Chneánna Waterlow", ar córas é atá aitheanta ar bhonn idirnáisiúnta agus a úsáidtear go forleathan. Is é atá i gceist ná measúnú rialta a dhéanamh i dtaobh cén dóchúlacht atá ann go dtiocfaidh brú-chneánna ar othar agus sin a dhéanamh faoi threoir fachtóirí priacail aitheanta mar shampla aois, easpa soghluaiseachta, a bheith róthrom/ró-éadrom etc. Nuair a dhéantar amach �earnáil phriacail� an othair is feidir áiseanna cuí maolaithe brú agus nósanna imeachta cuí altranais a úsáid.
Chuir an t-ospidéal in iúl do m�Oifig go raibh nósanna imeachta mionsonraithe i bhfeidhm aige trína raibh córas Waterlow á úsáid ag an tráth a bhí i gceist. Chuir siad in iúl freisin go ndearnadh measúnacht eile Scála Waterlow ar mháthair an ghearánaigh an lá a chuaigh sí isteach san ospidéal. Ar an drochuair, ní raibh an t-ospidéal in ann an mheasúnacht sin a aimsiú. Ach tugadh na nótaí altranais, a bhí an-chuimsitheach, do m�Oifig agus rinneadh scrúdú orthu; léirigh siad go ndearnadh iniúchadh ar a craiceann nuair a tugadh isteach í agus nach bhfuarthas aon réimsí briste. Rinneadh seiceáil ar a brú-réimsí ina dhiaidh sin agus bhí siad sásúil de réir dealraimh. Ina dhiaidh sin úsáideadh cúisín uisce mar áis chun brú a mhaolú. Rinneadh measúnacht eile Scála Waterlow, cuireadh tocht speisialta "Nimbus" ar fáil agus rinneadh cóiriú go tráthrialta de réir mar a d�ordaigh na dochtúirí. Taispeánann na nótaí altranais don chuid eile den am a bhí sí san ospidéal gur tugadh an-aird don bhrú-réimse agus gur leanadh de chóireáil a thabhairt de réir mar a ordaíodh.
Thuig mé ábhar imní an ghearánaigh gur tháinig brú-chneá ar a máthair fad a bhí sí san ospidéal, go háirithe nuair a bhí fadhbanna ag a máthair dá barr ar feadh tamaill fhada tar éis di teacht amach as an ospidéal. Bhí mé sásta, áfach, go raibh nósanna imeachta cuí i bhfeidhm san ospidéal chun brú-chneánna a chosc agus a chóireáil agus gur cuireadh na nósanna imeachta sin i ngníomh i gceart.
(ii) Ligean amach as an ospidéal Mheas an gearánach gur ligeadh a máthair amach as an ospidéal sula raibh sí réidh, i dtéarmaí riocht sláinte, chun an t-ospidéal a fhágáil. Dochtúirí a dheanann cinntí maidir le hothar a bheith réidh chun an t-ospidéal a fhágáil agus déanann siad na cinntí sin i bhfeidhmiú a mbreithiúnais chliniciúil. De réir dlí, ní feidir liom imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha a dhéanann daoine thar ceann bord sláinte agus i bhfeidhmiú breithiúnais chliniciúil amháin. Ach rinne mé breithniú i dtaobh ar leanadh nósanna imeachta cuí le linn máthair an ghearánaigh a ligean amach as an ospidéal.
Is dea-chleachtas é tús a chur, in am trátha, leis an bpleanáil a bhaineann le hothar a ligean amach as an ospidéal trí mheasúnú a dhéanamh ar cé chomh maith a bheidh sé/sí in ann maireachtáil, cén tacaíocht a bheidh uaidh/uaithi agus trí na nithe sin a phlé, de réir mar is cuí, leis na daoine a bhfuil baint acu le cúram a thabhairt dóibh. Ba léir ón bhfianaise a bhí ar fáil sa chás seo gur cuireadh soghluaiseacht a máthar agus an gá le cógais ina dhiaidh sin san áireamh sa chinneadh chun í a ligean amach as an ospidéal agus gur cuireadh san áireamh freisin an mbeadh altra sláinte poiblí in ann a brú-chneá a chóiriú agus gur pléadh an t-ábhar lena teaghlach roimh ré. Sna himthosca, bhí mé sásta, maidir leis an gcinneadh chun a máthair a ligean amach as an ospidéal, go ndearna dochtúirí go cuí é, de réir nósanna imeachta a raibh glacadh leo, i bhfeidhmiú i bhfeidhmiú a mbreithiúnais chliniciúil.
