Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2001

Caibidil 5 - Athbhreithniú ar an mBliain

Athbhreithniú ar an mBliain



Plean Gnó 2000-2001

Baineann an plean gnó le hOifig an Ombudsman, le hOifig an Choimisinéara Faisnéise agus leis an Rúnaireacht don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Sainmhínítear ár gcuspóir sa phlean, is é sin: "Cabhair a thabhairt maidir le seirbhís phoiblí a bhaint amach atá oscailte, cothrom agus cuntasach". Sainaithníodh cúig thosaíocht straitéiseacha thábhachtacha don tréimhse 2000-2001. Is mar a leanas na tosaíochtaí sin agus na bearta a glacadh chun iad a bhaint amach agus na táscairí feidhmíochta a úsáideadh:



Feabhas a chur ar chaighdeán, éifeachtúlacht agus éifeachtacht na seirbhíse a sholáthraímid dár gcliaint.

Faoin gceannteideal seo, chinneamar córas feabhsaithe bainistíochta cásanna a fhorbairt agus feabhas a chur ar chumarsáid le cliaint. Rinneadh dul chun cinn mór maidir le hathbhreithniú agus scagadh ár gcuid nósanna imeachta i ndáil le gearáin a thástáil agus a aicmiú. Rinne grúpa oibre de chuid na foirne athbhreithniú ar na gnáthchumarsáidí scríofa go léir le cliaint agus cuireadh feabhsúcháin shuntasacha i bhfeidhm trí aird ar leith a thabhairt ar leas a bhaint as gnáthchaint shimplí.

A mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht na scrúduithe ar ghearáin, ba é an príomhsprioc a bhí againn don bhliain 2001 ná méadú 5% a dhéanamh ar líon na gcásanna ar déileáladh leo i gcomparáid leis an mbliain 2000. Le fírinne, ní raibh ach méadú 1% ar an líon cásanna a críochnaíodh. Ceann de na cúiseanna nach rabhamar in ann an sprioc a bhaint amach ná an obair bhreise a ghabh le méadú 18% ar líon na ngearán a fuarthas agus bhí athrú mór ann, i dtaca le daoine ar an bhfoireann, sa tréimhse lena mbaineann. Ina theannta sin, caitheadh cuid mhór ama de chuid na foirne ag gabháil d’oiliúint maidir leis an gCóras Bainistíochta Feidhmíochta agus Forbartha (CBFF) agus ag gabháil do chur chun feidhme an chórais sin. Tuigfear ón méid sin ina dhiaidh seo, áfach, go ndearnadh dul chun cinn suntasach i dtaca le spriocanna eile de chuid an phlean gnó a bhaint amach. Déanfar scagadh sa Phlean Gnó do 2002-2003 ar na spriocanna do scrúdú gearán agus tabharfar tuairisc ar dhul chun cinn i dtuarascálacha bliantúla ina dhiaidh seo.



Méadú ar fheasacht i measc an phobail.

Mar chéad chéim sa réimse seo, chinneamar ar straitéis feasachta poiblí a fhorbairt agus críochnaíodh an obair air sin sa bhliain 2001. Ceann de phríomhghnéithe na straitéise ná modhanna a cheapadh chun rochtain a thabhairt do chliaint i limistéir faoi mhíbhuntáiste nach eol dóibh go bhfuil Oifig an Ombudsman ann agus nach bhfuil eolas acu faoi na seirbhísí atá á soláthar. Tá sé beartaithe tuilleadh oibre mionsonraithe a dhéanamh ar an straitéis seo i gcomhthéacs fhorbairt Phlean Gnó 2002 – 2003 atá ar siúl anois.


Tionchar le príomh-scairshealbhóirí a fhorbairt.

Ba é an cuspóir ná faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí reachtacha agus ar fhorbairtí eile a bhfuil feidhm acu ar Oifig an Ombudsman (agus, ar ndóigh, ar mo chuid feidhmeanna reachtúla eile) agus tuairimí agus moltaí a thabhairt do na Ranna a mbeadh na bearta á gcur chun cinn acu. Thug mé tuairimí don Roinn Sláinte agus Leanaí maidir leis an mBille Ombudsman do Leanaí agus bhí teagmháil neamhfhoirmiúil agam leis an Roinn Cosanta maidir leis an mBille Ombudsman (Óglaigh na hÉireann). Chuir m’Oifig tuairimí in iúl freisin maidir leis an doiciméad comhchomhairliúcháin phoiblí a foilsíodh le déanaí dar teideal "I dTreo Rialáil Níos Fearr" a mhéid a bhaineann leis na socruithe do scrúdú reachtaíochta tánaistí, maidir leis na tograí le haghaidh Achta um Nósanna Imeachta Riaracháin, maidir leis an gcaidreamh dir an tOmbudsman agus na Cúirteanna agus maidir leis an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an Ombudsman i dtaca lena chinntiú go mbíonn lucht rialála cuntasach.

I measc na nithe eile ar thug mé tuairimí ina leith bhí an tAcht um Achomhairc Talmhaíochta, 2001, trína dtugtar an Oifig nua um Achomhairc Thalmhaíochta faoi chúram an Ombudsman. Cuirfidh sé sin ar mo chumas scrúdú a dhéanamh ar chinntí deireanacha na hOifige sin i gcás nach bhfuil an t-achomharcóir sásta leis an toradh.


Caidreamh a chur ar bun agus méadú a dhéanamh ar an tionchar ar chomhlachtaí poiblí laistigh den chúram.

I mí Bhealtaine 2001, reáchtáil m’Oifig seimineár do Ghréasán na nOifigeach Seirbhíse Ardchaighdeáin. Faoin Tionscnamh Seirbhíse Ardchaighdeáin, tá Oifigeach Seirbhíse Ardchaighdeáin ceaptha ag gach Roinn Rialtais agus tá an t-oifigeach sin freagrach as ullmhú agus as cur chun feidhme Plean Gníomhaíochta Seirbhísí Ardchaighdeáin na Roinne. Ghlac foireann s’agamsa agus daoine den ghréasáin páirt i gcainteanna faoi na bacainní i gcoinne seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar do chustaiméirí agus caitheadh cuid mhór den am le linn an tseimineáir ag scrúdú fhorálacha an Achta Ombudsman, 1980, agus ar na prionsabail dea-riaracháin a chuirim i bhfeidhm le linn cinneadh a dhéanamh ar ghearáin a thagann os mo chomhair. Thiomsaigh daoine de m’fhoireann roinnt cás-staidéar; bhí deis ag na toscairí scrúdú a dhéanamh ar na cásanna sin a léirigh cuid de na prionsabail sin. Rinne Ard-Stiúrthóir Oifig an Ombudsman, Pat Whelan, cur síos ar na nithe atá inmhianaithe is gá chun go mbeidh córais inmheánacha gearán cóir agus éifeachtach agus ar na gnéithe riachtanacha a ghabhann le sásamh a thabhairt.

I mí Dheireadh Fómhair 2001, reáchtáil m’Oifig seimineár ar ar fhreastail ionadaithe ó Ranna/Oifigí Rialtais. Le linn an tseimineáir rinneadh iniúchadh ar an gcur chuige a bhíonn ag m’Oifig le linn gearáin i gcoinne comhlachtaí poiblí a scrúdú agus a imscrúdú. Ina theannta sin, déileáladh le roinnt de na ceisteanna is tábhachtaí a bhfuil aghaidh tugtha agam orthu le blianta beaga anuas agus leis an tslí inar oibrigh m’Oifig leis an státseirbhís agus le comhlachtaí poiblí eile d’fhonn caighdeán foriomlán an riaracháin phoiblí a fheabhsú. Thug an seimineár deis le haghaidh malartú bríomhar tuairimí agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar conas a oibríonn m’Oifig. Mar chuid den seimineár, Thug Oifigeach Idirchaidrimh na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh, an tUas Joe Madden, páipéar spreagúil ar na tuairimí atá ann faoi m’Oifig i measc oifigeach sinsearach de chuid na Roinne sin. De thoradh an aiseolais a fuarthas ó na daoine a bhí i láthair, tá sé ar intinn agam roinnt ócáidí gaolmhara a eagrú, lena n-airítear ceardlanna do Ranna agus d’Oifigí ina n-úsáidfear roinnt cás-staidéar ar ghearáin a rinneadh chuig m’Oifig.

Ceann de na tuairimí a nochtadh le linn an tseimineáir ná go raibh an tOmbudsman ródhiúltach ina cháineadh ar Ranna Rialtais agus gur ceart dom aitheantas a thabhairt freisin don iliomad forbairtí atá déanta. Is tuairim í sin a chuirtear in iúl dom go minic ach, ar an drochuair, ní chuirtear san áireamh go leordhóthanach inti go mbíonn Oifig s’agamsa ag déileáil le gearáin. Mar gheall ar nádúr na hOifige, bíonn mo chuid oibre dírithe ar mhainneachtaintí comhlachtaí poiblí agus nuair a sheasaim le gearán déanaim amhlaidh ó tharla go bhfuil gníomh droch-riaracháin éigin tar éis dochar a dhéanamh do dhuine den phobal. Is le dea-thoil a dhéanaim lochtú, áfach, agus faightear locht d’fhonn athrú éigin ar an gcóras a bhaint amach ionas nach dtarlóidh gearáin den tsamhail chéanna arís. Agus déanaim tagairt i mo thuarascálacha bliantúla do chásanna ina ngníomhaíonn comhlachtaí poiblí go tapa chun sásamh a thairiscint do ghearánaigh tar éis gearáin a bheith curtha faoi bhráid m’Oifige.


Bainistíocht Feidhmíochta agus Forbairt

Tá soiléire cuspóirí, cumarsáid éifeachtach agus cuntasacht an duine aonair á gcothú ag an Rialtas agus tá cuid mhór den bhrú ina leith seo ag teacht ón taobh istigh d’eagraíochtaí tríd an Tionscnamh Bainistíochta Straitéisí. I gcomhréir leis na forbairtí sin, áirítear cur chun feidhme córais éifeachtaigh bainistíochta feidhmíochta agus forbartha (CBFF) i measc chuspóirí tábhachtacha chlár nuachóirithe na seirbhíse poiblí mar atá leagtha amach sa Chlár um Rathúnas agus Cothroime a d’éirigh as caibidlí idir an Rialtas agus na Comhpháirtithe Sóisialta. Go bunúsach, is é atá in CBFF ná bealach chun bainistiú a dhéanamh ar fheidhmíocht oibre, ar ghairmréim agus ar riachtanais forbartha gach duine ar leith ar mhodh tuisceana comhpháirtí ar cad atá le baint amach, ar conas atá sé le baint amach agus ar chur chuige maidir le bainistiú agus forbairt daoine ar comhthuiscint í a mhéadaíonn na seansanna go n-éireoidh leis an bpróiseas. Is é aidhm CBFF ná cabhair a thabhairt maidir le feabhas leanúnach a chur ar an Oifig ar fad trí cónasc a dhéanamh idir feidhmíocht an duine aonair agus straitéis agus luachanna na hOifige mar atá leagtha amach sa Phlean Gnó. Fuair gach duine den fhoireann cúig lá d’oiliúint i rith na bliana i dtaca leis na céimeanna éagsúla de CBFF agus tá an córas i bhfeidhm agus i ngníomh ar bhonn bliantúil anois don fhoireann go léir san Oifig.



Rochtain don Phobail agus Feasacht

Le linn na bliana 2001 ba ghá, mar gheall ar shrianta a bhain leis an ngalar Crúb agus Béil, gearradh siar a dhéanamh ar chuairteanna daoine de m’fhoireann ar Ionaid Eolais do Shaoránaigh (IES-anna) agus ar ionaid áitiúla eile. Ach tugadh cuairteanna ar IES-anna i Luimneach, i nGaillimh, i bPort Laoise, i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i gCúlóg i mBaile Átha Cliath agus, dá thoradh sin, fuarthas 368 ngearán bhailí san iomlán. Ina theannta sin, thug daoine de m’fhoireann cuairteanna ar Chill Airne, ar Thrá Lí, ar Chaisleán an Bharraigh, ar Ros Comáin agus ar an Longfort agus, de thoradh na gcuairteanna sin, fuarthas 279 ngearán bhailí san iomlán.


Lógó nua

Mar chuid den phróiseas athraithe agus athnuachana tá beagnach gach eagraíocht, idir phríobháideach agus phoiblí, tar éis a céannacht nó a branda uathúil corparáideach a fhorbairt le haghaidh gach cineáil cumarsáide. Ní heisceacht í m’Oifigse, go háirithe ag féachaint do leathnú mo chuid freagrachtaí le blianta beaga anuas chun Saoráil Faisnéise agus nithe eile a chur san áireamh. I rith na bliana chinneamar ár gcuid stáiseanóireacht do litreacha agus ítimí eile gnó a athbhreithniú. Ba é toradh an athbhreithnithe ná lógó nua atá le feiceáil ar fud na Tuarascála seo. Dearadh simplí atá ann a léiríonn an cuspóir atá againn i réimsí na hoscailteachta, na cothroime agus na cuntasachta. Beidh sé mar chuimhneachán buan freisin ar mheon an dualgais atá ag m’eagraíocht i dtaca le trí cinn de na scairshealbhóirí is tábhachtaí dá cuid eadhon an saoránach, comhlachtaí poiblí agus an tOireachtas. Tá an lógó nua le feiceáil ar gach cineál doiciméid a thagann as Oifig an Ombudsman agus as Oifig an Choimisinéara Faisnéise.


Fógraí a eisíodh faoi Alt 7 den Acht Ombudsman, 1980

Gach bliain ó 1998 i leith tá staitisticí foilsithe agam i mo Thuarascáil Bhliantúil faoi líon na bhfógraí Alt 7 atá eisithe ag m’Oifig. Is é atá sna fógraí seo, nach n-eisítear ach amháin mar rogha dheireanach agus tar éis sraith meabhrachán ó bhéal agus i scríbhinn a bheith eisithe, ná éilimh reachtúla ar fhaisnéis a sholáthar do m’Oifig i ndáil le scrúdú nó imscrúdú gearáin. I mo thuarascáil don bhliain 1998 taifeadadh 45 fhógra san iomlán. Sna blianta dá éis sin, thit líon na bhfógraí go 27 (1999) agus go 14 (2000). Is ionann an líon iomlán i mbliana, is é sin le rá 19, agus méadú beag i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin agus seo a leanas miondealú ar an líon sin:

Comhlacht

An líon Fógraí Alt 7 a Eisíodh

An Roinn Oideachais & Eolaíochta

3

Oifig na nOibreacha Poiblí

2

Coimisiún na Státseirbhíse agus an Coimisiún um Cheapacháin Áitiúl

1

Cláraitheoir na gCara-Chumann

1

Dúchas

1

Comhairle Contae Chún Laoghaire-Ráth an Dúin

1

Comhairle Contae Liatroma

1

Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas

1

Comhairle Contae Uibeach an Inbhir Mhóir

1

Comhairle Contae Chill Dara

1

Comhairle Contae Chill Chainnigh

1

Comhairle Contae Fhine Gall

1

Comhairle Contae Chiarraí

1

Comhairle Contae Loch Garman

1

Bardas Chorcaí

1

Comhairle Ceantar Uirbeach Mhala

1


Is ábhar imní dom gur tháinig méadú ar líon foriomlán na bhfógraí a eisíodh sa bhliain 2001 agus is ábhar díomá ar leith dom go leanann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta de bheith ar bharr an liosta agus go n-eisítear tromlach na bhfógraí chuig údaráis áitiúla. Is é a thuigim as sin ná nach bhfuil na comhlachtaí sin toilteanach nó ábalta bearta dáiríre a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna móra, ar thaobh s’acusan, maidir le faisnéis a thabhairt do m’Oifig.


Caidreamh le húdaráis áitiúla

Tar éis tuairiscí sna meáin i dtaobh mé a bheith míshásta faoi leibhéal na bhfreagraí ó údaráis áitiúla ar ghearáin ó m’Oifig, ghlac mé le cuireadh chun bualadh leis an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil agus thug mé cuntas dó faoi na mórábhair imní a bhí agam maidir le gnéithe áirithe de rialtas áitiúil. Scríobh Cathaoirleach Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach chugam agus, le linn cruinnithe leis, dheimhnigh sé dom go raibh bainisteoirí Contae agus Cathrach toilteanach comhoibriú le m’Oifig. Bhí cruinniú eile agam le hionadaithe de chuid an Chumainn i rith na bliana agus d’aontaigh mé creat trína bhféadfaí caidreamh oibre níos fear a bhunú le m’Oifig. Mar chuid den chreat sin beidh deiseanna ag daoine de m’fhoireann chun cumarsáid a dhéanamh le líonta suntasacha daoine d’fhoireann na n-údarás áitiúil i dtimpeallacht foghlama/oiliúna d’fhonn leibhéal níos fearr seirbhíse a sholáthar do m’Oifig agus don phobal freisin. Leanfaidh mé de bheith ag bualadh le hionadaithe de chuid an Chumainn chomh minic agus is gá agus leanfaidh m’Oifig de bheith ag spreagadh údaráis áitiúla chun dlús a chur le luas an athchóirithe riaracháin, lena n-áirítear córais inmheánacha gearán a thabhairt isteach. Is ceart go ndéanfadh córais den sórt sin, má tá siad éifeachtach, leibhéal na ngearán chuig m’Oifig a laghdú mar go mbeifí ag déileáil le cuid mhór gearán ag an leibhéal áitiúil sa chéad ásc. Tar éis dom bualadh le hionadaithe Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach, tá mé cinnte faoina dtiomantas agus tá dóchas agam gur féidir, le comhoibriú uathu, leibhéal agus caighdeán na seirbhíse do m’Oifig a fheabhsú go luath amach anseo.

I rith na bliana, cuireadh struchtúir nua bainistíochta i bhfeidhm in údaráis áitiúla. Tá Stiúrthóirí Seirbhíse ceaptha sna príomhréimsí feidhme ionas go mbeidh cuntasacht agus freagracht níos soiléire ann trí dheireadh a chur leis na struchtúir dhéacha riaracháin/teicniúla. Is ceart go mbeidh an fhorbairt sin ina cabhair freisin maidir le feabhas a chur ar an leibhéal seirbhíse do m’Oifig trí leas níos éifeachtaí a bhaint, más gá, as Stiúrthóirí Seirbhíse; ní raibh struchtúr cuimsitheach riaracháin dá leithéid sin ann roimhe.


Fóirdheontais tithe altranais - Tuarascáil an Ombudsman 2001

Le linn na bliana 2001, lean mé den chleachtas trína ndéanaim tuarascálacha faoi imscrúduithe ar cheisteanna nó réimsí sonracha a bhaineann le riarachán poiblí a chur faoi bhráid an Oireachtais. I mí Eanáir 2001, d’fhoilsigh mé mo thuarascáil faoi íoc fóirdheontas tithe altranais ag na boird sláinte. Rinneadh scrúdú sa tuarascáil ar oibriú na scéime fóirdheontas ag na boird sláinte agus ar ról na Roinne Sláinte agus Leanaí maidir le rialacháin a dhéanamh agus maoirseacht ar thabhairt isteach agus oibriú na scéime ar bhonn náisiúnta agus rinneadh breithniú ar an gcaidreamh idir na comhlachtaí poiblí sin agus an tOireachtas.

Sainaithníodh mainneachtain sa tuarascáil chun soláthar airgid póca a lamháil le linn acmhainní duine scoth aosta a ríomh agus sainaithníodh ríomh earráideach ar chúinsí teaghlaigh le linn na n-acmhainní sin a ríomh. De thoradh an imscrúdaithe a rinne mé rinneadh athruithe bunúsacha ar na Rialacháin, i gcomhréir leis an ábhar imní a bhí agam, agus íocadh riaráistí cuí sna cásanna a raibh baint acu leis an ábhar.

Le linn an imscrúdaithe tharraing mé aird ar éiginnteacht maidir le cáilitheacht daoine scothaosta chun cúram cónaitheach fadtéarma a fháil.

De réir an mhínithe ar sheirbhísí d’othair chónaithe, mar a fhoráiltear in Alt 51 den Acht Sláinte, 1970, ciallaíonn sé seirbhísí institiúideacha a sholáthraítear do dhaoine le linn dóibh a bheith á gcoimeád in ospidéal, i dteach téarnaimh nó i dteaghais do dhaoine a bhfuil míchumas meabhrach nó coirp orthu nó i gcóiríocht atá foghabhálach le hospidéal, teach nó teaghais den sórt sin. Chomh maith le sealanna in ospidéil ghinearálta, airítear sa téarma seo cúram fad-achair do dhaoine scothaosta nó do dhaoine atá faoi mhíchumas. Tá tuairim ann, dá bhrí sin, go bhfuil aon duine scothaosta a bhfuil cúram den chineál a fhaightear i dteach altranais fad-achair – lena ngabhann cúram, maoirseacht agus cúnamh altranais de ghnáth, mar aon le gníomhaíochtaí laethúla ar nós beathú agus gléasadh, agus a bhféadfadh seirbhísí ar nós fisiteiripe nó teiripe ceirde a bheith ag gabháil leis – i dteideal an tseirbhís sin a fháil ón mbord sláinte iomchuí mar chuid de sheirbhísí d’othair chónaithe. Tar éis dom an t-ábhar a bhreithniú, ba é an tuairim a bhí agam ná go bhforáiltear leis an reachtaíocht iomchuí go bhfuil teideal ag gach duine sa Stát seirbhísí d’othair chónaithe a fháil, más gá, ón mbord sláinte iomchuí. I gcás ina bhfuil an t-othar clúdaithe le cárta liachta is ceart go mbeadh an tseirbhís saor in aisce. Ach, i gcomhthéacs cúraim den chineál a sholáthraítear i dteaghais altranais is é an cleachtas ná an teideal chuig cárta liachta a tharraingt siar d’fhonn bailiú muirear a éascú.

Níl an Roinn Sláinte agus Leanaí ar aon intinn leis an tuairim go dtugann na hAchtanna Sláinte teideal, atá forfheidhmithe le dlí, chuig seirbhísí ospidéil d’othair chónaithe. Tá sé ráite ag an Roinn nach bhfuil an dlí soiléir i dtaobh ceart reachtúil a bheith ag daoine chun cúram de chineál teaghaise altranais a fháil ó bhord sláinte. Deir sí freisin go ndéantar idirdhealú san Acht Sláinte, 1970, idir na téarmaí "cáilitheacht" agus "teideal" agus go ndéantar foráil leis an gcéad cheann, i gcomhthéacs an Achta Sláinte, maidir le daoine cáilithe do bhaint leas as seirbhísí. Ach, ó tharla nach dtugtar míniú san Acht Sláinte, ar an tslí inar ceart seirbhísí d’othair chónaithe a thabhairt, ná ar méid na seirbhísí sin atá le tabhairt, deir an Roinn go bhfuil méid na hoibleagáide dlíthiúla atá ar aon bhord sláinte maidir leis an ábhar seo doiléir.

Ó foilsíodh mo thuarascáil tá cúrsaí tar éis éirí níos casta fós mar gheall ar leathnú cáilitheachta iomláine cárta liachta chuig daoine a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát agus nach bhfuil faoi bhun seachtó bliain d’aois. Is é a tharla dá bharr sin ná go bhfuil teideal ag níos mó ná 67,000 duine breise anois. I mí na Samhna 2001, d’fhoilsigh an Roinn Ardchaighdeán agus Cothroime – Córas Sláinte Duitse, is e sin le rá, an straitéis nua náisiúnta sláinte. Faoi Aidhm Náisiúnta na Rochtana Cothroime, déantar foráil leis an straitéis maidir le simpliú agus soiléiriú an teidil chuig cártaí liachta. Sa chomhthéacs sin, tugadh faoi deara sa straitéis mo chuid tuairimí maidir le cáilitheacht daoine scothaosta chuig cúram cónaitheach fad-achair agus daingníodh go dtabharfaí aird speisialta ar na tuairimí sin in athbhreithniú ginearálta a beartaíodh a dhéanamh ar reachtaíocht maidir le teideal. Foráiltear leis an straitéis go n-achtófar reachtaíocht nua chun forálacha soiléire reachtúla a sholáthar maidir le teideal den sórt seo agus go dtabharfaí Bille isteach sa bhliain 2002. I bhfianaise an líon mór daoine a labhair le m’Oifig faoin ábhar seo tá sé beartaithe agam é a bhreithniú arís nuair a fhoilseofar na tograí le haghaidh reachtaíochta.



Tuarascáil faoi Phaisinéirí atá faoi Mhíchumas

I mí Lúnasa 2001 d’fhoilsigh mé tuarascáil faoi imscrúdú ar dhiúltú ar thaobh na gCoimisinéirí Ioncaim faoiseamh cánach a dheonú ar fheithiclí a bhí oiriúnaithe chun paisinéirí atá faoi mhíchumas a iompar. Tugadh sonraí sa tuarascáil i dtaobh faoisimh chánach a bhí ar fail faoi na Rialacháin um Thiománaithe faoi Mhíchumas agus Paisinéirí faoi Mhíchumas (Lamháltais Chánach), 1994, a dhiúltú do thriúr cúramóirí a bhí freagrach as iompar daoine dá dteaghlaigh a raibh míchumas cáilitheach orthu.

Ag éirí as an imscrúdú, rinne mé roinnt moltaí ar ghlac na Coimisinéirí Ioncaim leo go hiomlán:

  • Mhol mé gur ceart do na Coimisinéirí Ioncaim a mheas, maidir le gach duine den triúr gearánach, gur daoine cáilithe iad i gcomhair na bhfaoiseamh cánach a bhí ar fáil, agus a ndearnadh iarratas orthu, faoi na Rialacháin.
  • Ina theannta sin, mhol mé, d’fhonn dea-chleachtas riaracháin agus "Cairt Cheart do Cháiníocóirí" na gCoimisinéirí Ioncaim a léiriú, gur ceart athbhreithniú a dhéanamh ar na doiciméid a bhaineann leis an scéim chun níos mó eolais a thabhairt faoin scéim agus go ndéanfaí, mar bheart práinneach, athbhreithniú agus leasú, más gá, ar nósanna imeachta agus ar dhoiciméid a úsáidtear le linn iarratais a phróiseáil agus le linn fógra a thabhairt d’iarratasóirí faoi thoradh a n-iarratas.
  • Mhol mé freisin gur ceart do na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú a dhéanamh ar chásanna eile inar diúltaíodh faoisimh a bhí ar fáil faoi na Rialacháin a thabhairt d’iarratasóirí ar fhorais a bhí comhchosúil leo sin a bhí infheidhme sna cásanna a ndearnadh imscrúdú ina leith.

A mhéid a bhaineann leis an moladh sin is déanaí atá luaite, d’iarr mé ar na Coimisinéirí Ioncaim tuairisc a thabhairt dom laistigh de shé mhí faoin dul chun cinn maidir leis an moladh a chur chun feidhme. Le linn athbhreithniú na gCoimisinéirí Ioncaim scrúdaíodh 10,500 comhad. As measc na gcomhad sin, roghnaíodh 103 chomhad chun imscrúdú breise a dhéanamh ina leith i gcás ina raibh na himthosca comhchosúil leis na himthosca a bhí ann sna cásanna a imscrúdaíodh.

Fuarthas amach go raibh 25 dhuine de na daoine a bhí i gceist marbh anois. De thoradh na poiblíochta a fuair an tuarascáil labhair duine de theaghlach duine amháin de na daoine sin leis na Coimisinéirí Ioncaim. Scrúdaigh na Coimisinéirí Ioncaim an t-éileamh agus tugadh íocaíocht iomlán. Thug na Coimisinéirí Ioncaim le fios freisin go scrúdófaí na 24 chás eile tuilleadh lena fháil amach an raibh aon slí ann ina bhféadfaí iad a athscrúdú ar bhealach tuisceanach chun go gcinnfí teideal chuig na teidil chánach agus chun go bhfaigheadh teaghlaigh an duine faoi mhíchumas tairbhe ón scéim.

Scrúdaíodh na 78 gcás eile agus roinneadh in dhá earnáil iad. Ba é a bhí sa chéad earnáil ná na hiarratais sin a raibh dóthain eolais sa chomhad ina leith cheana féin chun na Coimisinéirí Ioncaim a shásamh go raibh na forais don iarratas comhchosúil leis na cásanna sin ab ábhar do mo Thuarascáil. Sainaithníodh 24 chás den sórt sin san iomlán. Ba é a bhí sna 54 chás a bhí fágtha ná cásanna ina raibh fíorbheagán eolais breise ar fáil, nó nach raibh eolas breise ar bith ar fáil ina leith, chun imthosca bunúsacha an cháis a shuíomh. Tugadh cuireadh do na daoine seo cás a dhéanamh i leith teidil ag féachaint don tuarascáil uaim.

Ina theannta sin, rinne na Coimisinéirí Ioncaim socruithe speisialta chun déileáil le haisíoc breosla a úsáideadh i bhfeithiclí cáilitheacha idir dáta an iarratais agus an dáta a deonaíodh an faoiseamh. Seachas a iarraidh go dtabharfaí admhálacha ar aird, mar a dhéantar de ghnáth, dúirt na Coimisinéirí Ioncaim go ndéanfaí na riaráistí a bhí dlite a chomhaontú go neamhfhoirmiúil ar bhonn mhíleáiste iarbhír na feithicle. A mhéid a bhain le díolúine ó cháin bhóthair, rinneadh socruithe leis an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil maidir le haisíocaíochtaí iomchuí a dhéanamh.

As measc na gcásanna a athbhreithníodh, dúirt na Coimisinéirí Ioncaim nach raibh sé indéanta ráiteas cruinn a thabhairt ar na méideanna a bhí i gceist ach, de réir mheánmhéid reatha na n-éileamh do phaisinéirí faoi mhíchumas, dúirt siad gur tuairim is €590,000 (£464,663) a bhí i méid na n-aisíocaíochtaí iomlána a íocadh leis na hiarratasóirí a raibh freagra tugtha acu de thoradh an athbhreithnithe. Nuair a bheidh an próiseas athbhreithnithe críochnaithe go hiomlán measann na Coimisinéirí Ioncaim gur tuairim is €850,000 (£669,429) a bheidh sa mhéid a bheidh aisíoctha maidir le haisíoc breosla agus aisíoc cánach bóthair.


Cuairteanna ar an Oifig

Ceann de na gnéithe is sásúla d’obair na hOifige seo is ea an meas mór atá uirthi ar fud an Chomhphobail Eorpaigh agus lasmuigh de. Iarmhairt amháin den mheas sin is ea an líon iarrataí a fhaigheann an Oifig chun cúnamh a thabhairt d’Oifigí Ombudsman eile i ndáil le cleachtais oibre agus i ndáil le nithe a bhaineann le hoibriú na hoifige. Le linn na bliana 2001, ghníomhaigh an Oifig mar óstach do ghrúpaí ó Oifig Ombudsman na Gréige, a bunaíodh le déanaí, agus d’ionadaithe ó Ombudsman Rialtais Áitiúil na hAlban, ó Oifig Ombudsman Tithíochta na hAlban agus ó Oifig Choimisinéir Parlaiminteach na hAlban. I rith na gcuairteanna sin thug an Oifig mionsonraí faoin tslí ina ndéanaimid scrúdú ar ghearáin, faoi nithe a bhaineann le hoibriú na hoifige, faoi nithe a bhaineann le bainistíocht acmhainní daonna, faoi chleachtais phearsanra agus faoinár gcóras eolais agus teicneolaíochta lena gcuirtear béim ar bhainistíocht cásanna. Chomh maith leis sin, bhuail mé le Leas-PhríomhAire Phoblacht na Slóváice agus, ina theannta sin, reáchtáil an Oifig seimineár, a raibh téama comhchosúil ag gabháil leis, do ghrúpa mac léinn riaracháin phoiblí as an bPolainn a bhí ag caitheamh sealanna oibre le comhlachtaí poiblí in Éirinn.



Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc

Sa bhliain 2001, lorg an tAire Airgeadais aighneachtaí ó pháirtithe iomchuí maidir le reachtaíocht a bhí beartaithe chun bonn nua reachtúil a sholáthar don chomhlacht a bhfuil de chúram air éisteacht a thabhairt d’achomhairc ó cháiníocóirí i gcoinne chinntí na gCoimisinéirí Ioncaim ar chánacha agus ar dhleachtanna eadhon Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc.

Samhlaíodh leis an reachtaíocht a bhí beartaithe go leathnófaí ról na gCoimisinéirí le go gcuirfí san áireamh ann achomhairc i gcoinne gníomhartha nó cinntí riaracháin de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Scríobh mé chuig an Aire á rá gur ceart, i gcás ina bhfuil sé ar intinn ról na gCoimisinéirí Ioncaim a leathnú le go mbeidh san áireamh ann gníomhartha nó cinntí riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim, foráil a dhéanamh sa reachtaíocht bheartaithe lena gceadófar don Ombudsman scrúdú/imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann le cinntí den sórt sin. Dúirt mé go bhfuil cumhachtaí substaintiúla reachtúla ag m’Oifig cheana féin chun a chumasú di an ról sin a chomhlíonadh.



An Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh – Treoir maidir le Láimhseáil Gearán

I gcomhair le mo Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 1997 d’fhoilsigh mé treoir maidir le córais inmheánacha gearán. Chuir m’Oifig in iúl do chomhlachtaí poiblí conas córais den sórt sin a chur ar bun agus is ábhar dóchais dom an líon comhlachtaí poiblí a aithníonn go bhfuil láimhseáil éifeachtach gearán ina cuid riachtanach de sholáthar seirbhíse ardchaighdeáin dá gcliaint.

D’fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh treoir dá foireann le déanaí maidir le láimhseáil gearán agus aithnítear inti na tairbhí a ghabhann le dea-láimhseáil gearán agus moltar inti cur chuige dearfach le linn déileáil le gearáin. Tuigim go bhfuiltear chun cur le foilsiú na treorach trí chlár oiliúna a eagrú don fhoireann agus ba mhaith liom an Roinn a mholadh as treoir a ullmhú atá, le fírinne, ina múnla le haghaidh dea-chleachtais a bhféadfadh comhlachtaí poiblí eile déanamh dá réir.

Back to contents