Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 1 - Réamhrá

Réamhrá

Thosaigh mé mo chuid oibre mar Ombudsman ar an 1 Meitheamh 2003, i ndiaidh mo cheapacháin ag a Soilse, an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa, tar éis gur ritheadh rúin, a thacaigh le mo cheapachán, ag Dáil Éireann agus Seanad Éireann.

Clúdaíonn an tuarascáil seo mar sin na chéad sé mhí de mo cheapachán agus na sé mhí dheireanacha de mo réamhtheachtaí, Caoimhín Ó Murchú, a d'fhóin mar Ombudsman ó 1994 i leith. Is mian liom onóir a thabhairt do Chaoimhín as an modh inar éirigh leis na spriocanna a leag sé amach dó féin agus don Oifig ina chéad Tuarascáil Bhliantúil a chur i gcrích. Ghlac sé ról fíorthábhachtach i bhfeabhsú na gcaighdeán sa tseirbhís phoiblí ina hiomláine, leag sé amach treoirlínte soiléire chun fáil réidh leis an míriaradh, agus chabhraigh sé le feasacht an rialtais agus comhlachtaí poiblí ar chearta agus riachtanais na ndaoine dá bhfónann siad a mhéadú. Guím gach rath agus séan air dá scor.

Sa bhliain seo 2004, ceiliúrann Oifig an Ombudsman fiche bliain ar an bhfód agus tugtar deis dúinn machnamh a dhéanamh ar a cuid éachtaí agus an bealach dá todhchaí a rianadh. Inár ráiteas straitéise a foilsíodh le déanaí treisítear roinnt spriocanna i ndáil le hoibriú na hOifige, agus i ndáil lenár n-idirghníomhaíocht le gearánaithe agus le comhlachtaí poiblí, rud, nuair a bhainfear amach é, as a n-éireoidh tairbhí móra don dá ghrúpa agus a dhaingneoidh suíomh na hOifige mar fhórsa don athrú dearfach i sochaí na hÉireann.

Ba mhaith liom anois díriú go hachomair ar chuid de na spriocanna sin.

Seirbhís Cháilíochta do Chliaint

Mar Ombudsman, braithim go bhfuil freagracht mhór orm as na daoine sin a bhraitheann go bhfuiltear tar éis déileáil go héagóir leo agus a dhéanann gearán le m'Oifig. Do chuid mhaith daoine, is mise an t-aon seans agus an seans deiridh atá acu chun sásamh a fháil má mheasaim go bhfuil údar leis an ngearán. Tá sé fíorthábhachtach mar sin go bhfuil an tseirbhís a chuireann m'Oifig ar fáil chomh pras, inrochtana, cóir agus daonna agus is féidir. Éilímid ardchaighdeáin ó dhaoine eile agus is ceart dúinn a bheith chomh héilitheach céanna dúinn féin.

Ag Tacú le Comhlachtaí Poiblí agus le hInstitiúidí faoinár Sainchúram

Ó thráth mo cheapacháin tá treisithe agam ar roinnt ócáidí nach bhfuil an tOmbudsman ann chun cur ar mhodh eascairdiúil i gcoinne oibreacha agus chinntí na gcomhlachtaí sin ar ina n-aghaidh a dhéantar gearáin. Feicim mo ról mar ról a sholáthraíonn tacaíocht do na comhlachtaí sin sa tslí chéanna is a sholáthraíonn sé tacaíocht do ghearánaithe, fad a aithnítear an suíomh i bhfad níos laige go minic ina mbíonn an gearánaí i ndíospóid. Spreag mo réamhtheachtaí comhlachtaí poiblí lena sásraí gearán inmheánach féin a fhorbairt agus is réimse é sin is mian liomsa a fhorbairt freisin. Ba mhaith liom níos mó rannpháirtithe faisnéise a fheiceáil i measc údarás áitiúil agus comhlachtaí eile faoi shaincheistanna deacra a thagann chun solais agus faoin gcaoi a bhfuil réitigh éifeachtacha bainte amach. Tá sé de rún ag m'Oifig a bheith réamhghníomhach i spreagadh na mbeart sin agus eile chun caighdeáin níos airde seirbhíse do chustaiméirí agus córas riaracháin phoiblí a chuireann riachtanais an phobail chun tosaigh a thabhairt. Is í an aidhm fhoriomlán atá agam ná fáil réidh leis an dearcadh a chuireann bacainní idir �sinne� agus �iadsan�.

Ag Fónamh don tSochaí Shibhialta

Ag cuimhneamh ar ilchineálacht leathan na ngearán a fhaighim, tá radharc pribhléideach anuas ag an Oifig ar an gcóras riaracháin phoiblí agus ar oibriú na reachtaíochta ar an talamh. Féachfaidh m'Oifig lenár mbreathnuithe ar na gnóthaí sin a pháirtiú leis an tsochaí i gcoitinne trínár bplé luachmhar leis an Oireachtas trína choistí agus tráchtfaidh sí, i gcás gur cuí, ar reachtaíocht bheartaithe agus láithreach.

Feasacht a Ardú

Inár sochaí atá ag éirí níos dlíthíche in aghaidh an lae, féadfaidh m'Oifig réitigh ar dhíospóidí a sholáthar gan chostas don ghearánaí agus, trí aghaidh a thabhairt ar easnaimh nós imeachta, torthaí a thabhairt atá níos leithne ná na torthaí sin a bhaintear amach tríd an gcóras dlíthiúil foirmiúil - fiú dá mbeadh an rogha sin ar fáil don ghearánaí. Ó thráth mo cheapacháin tá dulta i bhfeidhm go mór orm ag cuid de na torthaí an-dearfacha atá bainte amach, go fiú i ndálaí a raibh an chuma orthu nach raibh aon dóchas ann dóibh. Is é sprioc na hOifige ná torthaí córa thar aon ní eile a bhaint amach. Tá sé fíorthábhachtach mar sin go bhfuil na daoine dá bhfónaimid ar an eolas faoin Oifig, faoin gcaoi le rochtain a fháil uirthi, agus faoi cad is féidir a bhaint amach go réalaíoch trí úsáid a bhaint as a seirbhísí.

Eagraíocht Barrchleachtais

Is mian liom a fheiceáil go ndéanann m'Oifig forbairt ar na héachtaí atá déanta aici san am atá caite agus, trínár bhfoireann, ár bpróisis ghnó agus ár dtacaí teicneolaíochta a fhorbairt níos mó, go dtiocfaidh sí chun bheith ina heagraíocht barrchleachtais a oibríonn ar na caighdeáin is airde i seachadadh ár seirbhísí.

Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Tom Morgan as a chúnamh chun í seo, mo chéad Tuarascáil Bhliantúil, a ullmhú. Gabhaim buíochas freisin le foireann uile na hOifige, a bhfuil an tArd-Stiúrthóir Pat Whelan sa cheann orthu, as an gcúnamh agus tacaíocht atá tugtha acu dom ó thráth mo cheapacháin. Tá dulta i bhfeidhm orm go mór ag an tiomantas a thugann siad i leith fónamh do na daoine a lorgaíonn ár gcabhair, agus ag a n-uaillmhian go mbeidh an Oifig níos éifeachtaí agus níos ábhartha fós sna blianta romhainn.

Back to contents