Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 2 - Ag Cabhrú le Daoine Leochaileacha agus Imeallaithe sa tSochaí

Ag Cabhrú le Daoine Leochaileacha agus Imeallaithe sa tSochaí

Faoi shainchúram m'Oifige clúdaítear rialtas láir agus áitiúil agus an réimse sláinte agus tagann daoine ó gach earnáil den tsochaí chugainn a bhfuil cúis acu le gearán a dhéanamh faoi na seirbhísí arna soláthar ag comhlachtaí poiblí. D'fhéadfadh sé gur íocóirí cánach, tuismitheoirí, mic léinn, feirmeoirí, iascairí, iarratasóirí tithíochta, pinsinéirí seanaoise, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí, scothaosaigh, othair ospidéil, daoine dífhostaithe, iarratasóirí agus agóideoirí pleanála, cumainn áitritheoirí, grúpaí pobail nó cuideachtaí iad na gearánaithe. Níl ansin ach líon beag den iliomad riochtaí ina n-idirghníomhaíonn daoine, ó am go ham nó ar bhonn leanúnach, leis na comhlachtaí a thugann seirbhísí poiblí.

Tacaíonn m'Oifig go hiomlán leis an ngearánaí nó cuireann cineál éigin cúnaimh ar fáil dó nó di i 50% de na cásanna go léir a scrúdaítear. Ciallaíonn sé go mbíonn duine as gach beirt ghearánaithe, nach mór, níos fearr as mar thoradh ar ghearán a dhéanamh le m'Oifig. A bhuí leis an mbéim le blianta beaga anuas ar na prionsabail um sheirbhís cháilíochta do chustaiméirí, foilsíonn an chuid is mó comhlachtaí poiblí faisnéis mhion faoina gcuid scéimeanna agus clár. Ní nach ionadh, mar sin, nach mbíonn aon deacracht ag cuid mhaith gearánaithe a labhraíonn leis an Oifig a gcuid casaoidí a chur in iúl nuair a théann rudaí i ndonas.

Ach ní bhíonn tuiscint shoiléir ag na gearánaithe go léir ar a dteidlíochtaí agus tagann cuid mhaith díobh chun na hOifige le dóchas léirithe go doiléir go mb'fhéidir go bhféadfaimis cabhrú leo. Folaíonn an chatagóir sin daoine leochaileacha agus imeallaithe agus go fiú sa téarma gearr atá caite i bpost an Ombudsman agam tá dulta i bhfeidhm orm leis an tionchar nithiúil agus dearfach is féidir a bheith ag m'Oifig sa déileáil le gearáin ón earnáil seo den tsochaí. Folaíonn sé sin daoine atá imeallaithe go sóisialta, go heacnamaíoch nó go fisiceach mar thoradh ar bhochtaineacht, easpa oideachais, easláinte, srl. Tá a fhios agam go bhféachann comhlachtaí poiblí agus seirbhísigh phoiblí le déileáil le daoine ar mhodh cóir agus cothromasach ach ní cothrom i gcónaí a bhíonn an caidreamh idir an phearsa aonair agus comhlacht poiblí. Níl gach duine a bhfuil cúis ghearáin aige/aici in ann a c(h)uid tuairimí a chur i bhfocail go soiléir nó scéimeanna, rialacha agus rialacháin chasta a thuiscint. Scanraítear cuid mhaith daoine leis an tsúil go gcaithfidh siad plé le comhlachtaí poiblí d'fhonn seirbhís shásúil nó rochtain iomlán agus thoilteanach ar shochair agus ar theidlíochtaí a fháil. Tríd is tríd, ní rogha inmharthana do na daoine imeallaithe inár sochaí í an rogha cúiteamh a lorg trí na cúirteanna.

Láidreacht bhreise agus nach bhfuil chomh follasach b'fhéidir atá ag m'Oifig ná taithí ollmhór na foirne chun déileáil le raon leathan scéimeanna agus seirbhísí poiblí agus scileanna na foirne sin á n-úsáid thar ceann na ngearánaithe a líomhnaíonn éagóir ag comhlachtaí poiblí. I gcás gearánaithe nach bhfuil, b'fhéidir, in ann i gcónaí an cás is fearr is féidir a chur i láthair comhlachta phoiblí, déanfaidh m'fhoireann, ar bhealach, gníomhú thar ceann an ghearánaí chun a c(h)ás a chur i láthair agus sa chaoi sin cuirtear ina ceart an éagothromaíocht a bhíonn ann go minic idir an gearánaí agus an comhlacht poiblí. Gan dabht, ní mór dúinn a bheith iomlán oibiachtúil maidir le toradh deiridh an ghearáin. Ní gnó de mo chuid é ionadaíocht a dhéanamh thar ceann gearánaithe ach is gnó de mo chuid é a mheas an bhfuil an comhlacht poiblí tar éis gníomhú go cuí, go cóir, go hoscailte agus go neamhchlaon sa chás áirithe.

Tá teist chruthaithe go dtí seo ag m'Oifig maidir le cúiteamh do ghearánaithe a dhaingniú agus caighdeáin sa seachadadh seirbhísí a fheabhsú. I gcás go n-aimsím faisnéis ar mhíriaradh agus go bhfuil cineál éigin cúitimh tuillte téann m'Oifig i muinín an áitimh, na critice, na poiblíochta agus an údaráis mhorálta chun a cuid moltaí a chur chun feidhme. Ó thosaigh an Oifig ar a cuid oibre i 1984 tá sártheist uirthi maidir leis sin.

I gcontrárthacht leis na cúirteanna gníomhaíonn m'Oifig ar mhodh cúistiúnach seachas díospóideach, déanaimid ár ngnó ar mhodh neamhfhoirmiúil go príomha agus, gan dabht, tá ár seirbhísí saor in aisce. Is minic a fhéachann m'Oifig thar imthosca na gcásanna aonair chun a fháil amach an féidir ceachtanna a fhoghlaim a thabharfaidh feabhsuithe córasacha chun tairbhe daoine eile. Ar uairibh faightear éagothromais nó neamhrialtachtaí sa dlí ag éirí as cásanna aonair aimsithe ag m'Oifig agus féadaim iad sin a threisiú i mo Thuarascálacha Bliantúla nó i dtuarascálacha speisialta don Oireachtas le moltaí maidir leis an gcaoi le cabhrú leis na daoine sin a n-imrítear tionchar díobhálach orthu. Ar deireadh, mar thoradh air sin féadfar dearbhuithe a fháil nach ndéanfar na hearráidí céanna arís agus féadfar cáilíocht na seirbhíse a sholáthraítear do chliaint chomhlachtaí poiblí a ardú.

Is dócha gurb é an tslí is fearr le cuid de na pointí atá déanta agam anseo a léiriú ná sonraí roinnt cásanna ar dhéileáil m'Oifig leo le linn 2003 a leagan amach sa Chaibidil seo.

Back to contents