Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 2 - Comhairle Contae Dhún Laoghaire - Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas

Bhain an chéad chás seo i dtosach báire le díospóid le Comhairle Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin faoi chinneadh íoc Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas a dhiúltú mar nach raibh gnóthaí cánach an tógálaí a rinne na hoibreacha in ord. D'fhiosraigh mé an scéal leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil d'fhonn é a réiteach.

Fuair mé gearán in aghaidh Chomhairle Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin thar ceann fir a chuir isteach ar Dheontas do Dhaoine faoi Mhíchumas (DDM). Is deontas speisialta é seo a lamhálann do dhuine teach a chur in oiriúint nó oibreacha a dhéanamh ar theach chun go mbeidh sé níos oiriúnaí ó thaobh cóiríochta do dhuine faoi mhíchumas. Bhí breoiteacht fhoirceanta ar an iarratasóir ach dhiúltaigh an Chomhairle deontas dó mar nach raibh teastas imréitigh cánach táirgthe ag an tógálaí a rinne an obair ar a theach.

Faoi na Rialacháin Tithíochta (Deontais le haghaidh Daoine faoi Mhíchumas agus Deisiúchán Riachtanach), 2001, ordaítear nach mór teastas imréitigh cánach a bheith ag tógálaí a dhéanann obair faoin scéim. Cinntíonn sé sin nach mbaineann daoine nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí cánach tairbhe as an scéim DDM. Tá glactha ag m'Oifig i gcónaí leis an ngá le bearta dá leithéidí, agus measann iad mar bhealach réasúnta cóir agus réasúnach chun tacú le polasaí an Rialtais sa réimse seo.

Bhí breithniú déanta ag an gComhairle ar an ngnó go cúramach ach bhraith sí go raibh ceangal uirthi faoi théarmaí na Rialachán iomchuí a chuireann cosc uirthi deontas a íoc go dtí go soláthraítear teastas imréitigh cánach. Níorbh fhéidir locht a fháil ar an gComhairle as gníomhú i gceart laistigh den dlí mar a sheas sé.

Tar éis breithniú a dhéanamh ar chineál láidir an cháis seo, áfach, agus ar na himthosca mí-ámharacha ina raibh na gearánaithe ag an am, mheas m'Oifig go raibh foras leordhóthanach ann don Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil chun cumhacht lánroghnach atá aige, faoin Acht Tithíochta, 1966, a thoghairm chun an deontas a thabhairt in imthosca ar leith. Ba léir gur ghníomhaigh na gearánaithe, ag gach tráth, go hionraic ag dul i mbun na hoibre seo. Bhí práinn mhór leis an obair freisin i ngeall ar riocht foircneach an iarratasóra ag an am agus, ar deireadh, ní raibh aon bhealach ag na hiarratasóirí chun stádas cánach an tógálaí a sheiceáil go neamhspleách. I ngníomh, bhí na Rialacháin ag cur pionóis ar fhear a raibh breoiteacht fhoirceanta air agus ar a theaghlach seachas an tógálaí, rud nach raibh mar rún ag na Rialacháin riamh.

I gcás gur ann do chumhachtaí lánroghnacha is ceart iad a úsáid go cóir agus go solúbtha, go háirithe i gcás gur eascair pionós díréireach nó tionchar díobhálach ón ngníomh a ndearnadh gearán ina leith. Rinne mé an cás sin leis an Roinn agus bhí an-ghlacadh ag an Roinn leis. Go brónach, cailleadh iarratasóir an deontais go gairid tar éis dom a chás a thabhairt chuig an Roinn. Faoin Acht Tithíochta, 1966, bhí gá ag an Roinn le toiliú an Aire Airgeadais sula bhféadfadh sí an deontas a cheadú, agus nuair a lorgaíodh an toiliú sin, rinne an tAire Airgeadais é a dhiúltú i dtosach báire.

Tar éis an gnó a athbhreithniú go hiomlán, d'iarr m'Oifig ar an Roinn Airgeadais féachaint ar an gcás arís ar a thuillteanais aonair. Tar éis breithniú a dhéanamh ar an ngnó, d'athbhreitnigh an tAire Airgeadais a chinneadh ar fhoras atruach agus rinne cinneadh cead a thabhairt don Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil íoc DDM a cheadú sa chás seo.

Bhí mé sásta a fheiceáil go raibh an dá Roinn toilteanach úsáid a bhaint as an rogha atá acu ionas nach mbeadh ar theaghlach a bhí ag déileáil le caillteanas mothúchánach mór déileáil le caillteanas airgeadais nuair a ghníomhaigh siad, ag gach tráth, go hionraic. Ba mhór agam freisin a thabhairt d'aire gur áiríodh san Acht Airgeadais, 2002, foráil a lamhálfadh do dhuine teastas imréitigh cánach a sheiceáil leis na Coimsinéirí Ioncaim (le toiliú an duine lena mbaineann sé) agus, cé go bhfuil roinnt saincheisteanna riaracháin ann i gcónaí maidir le cur chun feidhme na n-athruithe, nach ceart go dtiocfadh an fhadhb a bhí ann sa chás chun solais arís sa todhchaí.

Back to contents