Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 2 - Comhairle Baile Bhéal Átha na Sluaighe - Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas

Tháinig an chéad ghearán eile chun solais mar gur thug Comhairle Baile Bhéal Átha na Sluaighe tiomantas i leith Deontas do Dhaoine faoi Mhíchumas a íoc ach gur thug sí le fios ina dhiaidh sin nach raibh na hacmhainní aici an tiomantas a chomhlíonadh. I ndiaidh idirghabháil ghníomhach m'Oifige thángthas ar réiteach agus íocadh an deontas.

Cheadaigh Comhairle Contae na Gaillimhe Deontas do Dhaoine faoi Mhíchumas le haghaidh lánúine scothaosta, a raibh cónaí orthu i dteach Comhairle dhá stór trí sheomra leapa. Ar na hoibreacha áiríodh an soláthar seomra leapa agus cithfholcadán thíos staighre ar chostas measta de �40,000. Mar go raibh cónaí ar an lánúin i limistéar riaracháin Chomhairle Baile Bhéal Átha na Sluaighe, áfach, ba ghá an t-iarratas ar dheontas a chur tríd an gComhairle sin. I mí an Mheithimh 2002, scríobh an Chomhairle Baile chuig ionadaithe poiblí áitiúla na ngearánaithe agus dhearbhaigh go raibh sí i mbun pleananna a ullmhú le haghaidh na n-oibreacha ceadaithe. Ar an 14 Deireadh Fómhair 2002, áfach, d'inis an Chomhairle Baile don lánúin nach raibh sí in ann na hoibreacha beartaithe a ghlacadh uirthi féin. Le linn don Chomhairle é sin a dhéanamh, d'iarr sí orthu ar mhian leo aistriú chuig bungaló folamh. Mar fhreagairt, dhiúltaigh an lánúin an tairiscint aistrithe. Chuir an Chomhairle an lánúin ar an eolas ina dhiaidh sin go raibh sí sásta, in áit dul ar aghaidh leis na saoráidí thíos staighre, ardaitheoir staighre a shuiteáil ina dteach.

Mhínigh an Chomhairle Baile do m'Oifig, sa mhéid go raibh na gearánaithe ina gcónaí i dteach Comhairle, go mbeadh uirthi costas iomlán na hoibre beartaithe a mhaoiniú. Bhí an Chomhairle Baile buartha nach raibh sa deontas uasta iníoctha léi ag Comhairle Contae na Gaillimhe ach �13,543.03 agus go mbeadh ar an gComhairle Baile an chuid eile den obair (isteach is amach le �26,500) a mhaoiniú óna cuid acmhainní féin. Dá réir sin, chuir an Chomhairle Baile in iúl do na gearánaithe, de bharr costas, nach raibh sí in ann an forleathnú beartaithe a mhaoiniú agus ofráladh tionóntacht bungaló eile do na gearánaithe arís.

Is é an príomhábhar imní a bhí agam le láimhsiú an cháis ag an gComhairle ná gur chuir sí in iúl don lánúin i mí an Mheithimh 2002, bealach a n-ionadaithe poiblí, go raibh sí i mbun pleananna a ullmhú le haghaidh an fhorleathnaithe ar a dteach. Tar éis an cinneadh sin a fhreaschur ansin tháinig ceist ionchas dlisteanach na lánúine i dtreis. Féadfaidh ionchas dlisteanach, nó réasúnach, éirí as gealltanas sainráite arna thabhairt ag comhlacht poiblí nó as cleachtas rialta atá ann ar féidir le cliant comhlachta phoiblí a bheith ag súil go réasúnach go leanfar de. Is é iarmhairt theagasc an ionchais dhlisteanaigh ná an cliant a chosaint ar athrú dírialta i seasamh comhlachta phoiblí.

I ndáil le tairiscint an aistrithe tí ag an gComhairle, níor mheas mé go raibh sé réasúnach go mbeadh an Chomhairle ag súil go n-aistreodh an lánúin scothaosta chuig teach eile, cé gur bungaló é, ag an gcéim seo dá saol. Chuir mé san áireamh freisin go raibh cónaí orthu sa ina dteach Comhairle reatha le breis is 22 bhliain. Bhí stair mhaith íoca cíosa acu agus, mar a tharlaíonn, bhí roinnt feabhsuithe déanta acu ar a dteach, ar chostas dóibh féin, thar na blianta. Thuig mé freisin, le linn an 22 bhliain sin ina dteach, go raibh líonra tacaíochta sóisialta forbartha sa cheantar acu.

I ndáil le tairiscint na Comhairle chun ardaitheoir staighre a chur ar fáil, scrúdaigh m'Oifig comhad na Comhairle agus bhí an chuma air nach raibh fonn ar na gearánaithe glacadh leis an tairiscint sin ar an mbonn gur éiligh an t-iarratasóir go raibh meadhrán inti. Cé gur dhealraigh sé, de réir cosúlachta agus ó dhearcadh eacnamaíoch, go raibh tairiscint na Comhairle réasúnach, thug m'Oifig dá haire nach raibh tacaithe le moladh an ardaitheora ag aon tuairim de chuid saineolaí leighis á dhearbhú go bhféadfadh réiteach dá leithéid a bheith oiriúnach d'imthosca áirithe an iarratasóra. Mar a tharlaíonn, ní raibh aon fhianaise sa chomhad a thabharfadh le fios gur lorg an Chomhairle tuairim saineolaí leighis. Dá réir sin, bhraith m'Oifig, má chonacthas don Chomhairle gur réiteach é ardaitheoir staighre a sholáthar, gur ceart go mbeifí tar éis tacaíocht, agus ceadú, a fháil ón bPríomh-Oifigeach Míochaine don mholadh sin.

D'inis an Chomhairle do m'Oifig gur dhiúltaigh sí na hoibreacha a ceadaíodh i dtosach a dhéanamh ar an mbonn nach raibh na hacmhainní aici chun an ganntanas a íoc i.e. �26,500. Glacaim leis gur mhéid mór airgid é sin. Ar na cúiseanna go léir leagtha amach thuas, áfach, níor ghlac mé le moltaí ionadúla na Comhairle. Dá réir sin, tharraing m'Oifig aird na Comhairle ar an bhféidearthacht maidir leis an tionscadal seo a chur isteach ar mhaoiniú faoina Clár Tógála Caipitil Tithíochta. Faoin gClár seo d'fhéadfadh sé go gcáileodh na hoibreacha beartaithe le haghaidh cúnamh deontais Stáit 100%. Ina theannta sin, lamhálann an Clár seo d'fhorleathnuithe, chun róphlódú a mhaolú, ar thithe faoi úinéireacht Comhairlí suas go luach �70,000.

Tar éis an cás a athbhreithniú, thoiligh an Chomhairle dul ar aghaidh le pleananna a ullmhú chun seomra leapa agus seomra folctha thíos staighre a sholáthar don lánúin.

Back to contents