Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 2 - Comhairle Baile Thiobraid Árann - Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas

Sa chás seo a leanas freisin bhí díospóid faoi íoc Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas. Ní raibh mé sásta le scéim róshriantach a bhí déanta amach ag Comhairle Baile Thiobraid Árann nár léirigh go hiomlán an réasúnaíocht laistiar den scéim reachtúil. Ghlac an Chomhairle le mo chuid argóintí agus d'íoc an deontas.

Dhiúltaigh Comhairle Baile Thiobraid Árann Deontas do Dhaoine faoi Mhíchumas (DDM) a íoc chun téamh lárnach a shuiteáil. B'shin toisc gur eisiadh go sainiúil faoi Scéim na Comhairle íoc deontais i leith téimh lárnaigh seachas má bhí an t-iarratasóir iomlán díluailithe. Bhí an gearánaí ina tionónta de chuid Chomhairle Baile Thiobraid Árann agus bhí Fiobróis Scamhógach uirthi. Mar chuid dá hiarratas ar dheontas sholáthair sí fianaise míochaine don Chomhairle a thug le fios go raibh an múch óna tinteán ag cur isteach ar a riocht.

Faoi Alt 4 de na Rialacháin Tithíochta (Deontais le haghaidh Daoine faoi Mhíchumas agus Deisiúchán Riachtanach), 2001, foráiltear:

�[gur] féidir le húdarás tithíochta deontas a íoc le duine chun cóiríocht bhreise a sholáthar nó chun oibreacha oiriúnaithe a chur i gcrích atá, i dtuairim an údaráis, riachtanach go réasúnach chun críche an teach a bheith níos oiriúnaí le haghaidh chóiríocht duine de theaghlach atá cibé acu.

(a) faoi mhíchumas fisiceach agus go bhfuil na hoibreacha riachtanach dá c(h)óiríocht chuí, nó ...�.
Bhí Scéim DDM na Comhairle bunaithe go príomha ar na Rialacháin thuas. Níor lamháil Scéim na Comhairle, áfach, ach d'íoc deontais le haghaidh téimh lárnaigh i gcás go raibh an t-iarratasóir iomlán díluailithe.

Le húsáid an fhrása �riachtanach go réasúnach� sna Rialacháin aithnítear go bhfuil an bhéim ar oibreacha atá riachtanach, nó ar féidir a thaispeáint go réasúnach go bhfuil siad riachtanach, chun cáilíocht saoil an duine faoi mhíchumas a fheabhsú.

Thug m'Oifig dá haire gur luadh i gciorclán na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a ghabh leis na Rialacháin go bhféadfadh údaráis áitiúla cabhrú sa soláthar téimh faoin scéim deontais. Sa chiorclán rinneadh socrú, i gcás iarratais ar DDM, i leith an tsoláthair córais téimh lárnaigh amháin, gur ceart don údarás déanamh de réir a chomhairle féin agus cineál an mhíchumais á chur san áireamh. Aithnítear nach ceart go n-íocfaí deontas i leith oibreacha dá leithéidí ach in imthosca eisceachtúla.

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar chúlra an cháis seo, bhí an luí agam leis an tuairim go raibh an Chomhairle ag cur bacainne ar an rogha a bhí aici, tríd an íoc deontais i leith téimh lárnaigh a eisiamh, mura raibh an t-iarratasóir iomlán díluailithe. Mheas mé gurb é an cuspóir atá leis an deontas ná oibreacha a dhéanamh chun go mbeidh teach níos oiriúnaí le haghaidh cóiríochta duine faoi mhíchumas. Sa chás áirithe seo, bhí mé réasúnta sásta gur cháiligh Fiobróis Scamhógach mar mhíchumas agus go raibh sé de cheart iarratas an ghearánaí ar dheontas a phróiseáil mar sin. Ghlac mé an tuairim sa mhéid nach raibh sí iomlán díluailithe nach ceart an gearánaí a eisiamh ó bheith measta ó thaobh leighis de chun críocha incháilitheachta le haghaidh deontais.

Bhraith mé gur ceart, le linn an t-iarratas ar dheontas a phróiseáil, go bhféachfadh an Chomhairle do thuarascáil ón bPríomh-Oifigeach Míochaine nó ó Theiripeoir Saothair. Dá réir sin, d'iarr mé ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhsigh sí an t-iarratas ar dheontas. Mar fhreagairt, shocraigh an Chomhairle go ndéanfadh Teiripeoir Saothair an t-iarratas ar dheontas a mheas agus ina dhiaidh sin cheadaigh deontas, sa tsuim �3,980, chun an téamh lárnach riachtanach a sholáthar i dteach an ghearánaí.

Back to contents