Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 2 - Bhord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt - Liúntais Cúraim Altramais

Cuireann an gearán seo in aghaidh Bhord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt i ndáil le teidlíocht seanmháthar chun Liúntais Cúraim Altramais béim ar dheacracht a bhíonn, tuigtear dom, ag cuid mhaith daoine i riocht comhchosúil. Tá súil agam trí aird a dhíriú ar an ngnó go bhféadfadh an tOireachtas breithniú a dhéanamh ar athruithe sa reachtaíocht.

Ghearán bean liom faoi dhiúltú a hiarratais ar Liúntas Cúraim Altramais (LCA) ag Bord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt (BSLID) maidir lena beirt gharleanaí. Bhí beirt leanaí óga ag a hiníon, andúileach ainsealach drugaí, agus chónaigh siad go léir le chéile ar feadh tréimhse i dteach na seanmháthar. D'aistrigh a hiníon agus an bheirt leanaí chuig teach in aice láimhe, ach nuair ba léir nach raibh sí in ann déileáil le cúram na leanaí, ghlac an tseanmháthair na leanaí faoina cúram.

Chuir an bhean isteach ar, agus fuair sí, Liúntas Dílleachta (�97 sa tseachtain in aghaidh an linbh faoi láthair) ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha & Teaghlaigh. Is féidir an liúntas seo a íoc in imthosca ina bhfuil teipthe ar thuismitheoirí linbh soláthar don leanbh. Faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991, tá foráil ann lenar féidir duine gaolta teacht chun bheith ina t(h)uismitheoir altramais agus, má thagann, féadfaidh sé nó sí a bheith i dteideal LCA (�289.50 sa tseachtain in aghaidh an linbh faoi bhun 12 bhliain d'aois agus �316.15 sa tseachtain in aghaidh an linbh os cionn 12 bhliain d'aois faoi láthair).

Chuir sí isteach ar LCA ansin ach diúltaíodh a hiarratas ar an mbonn nach bhfuil an liúntas iníoctha ach i gcásanna ina bhfuil an leanbh tar éis a bheith faoi chúram boird sláinte roimh altramas, ar bhonn saorálach nó bealach ordaithe cúirte. Sa chás seo mhaígh an bhean mura mbeadh gur ghlac sí na leanaí mar chúram uirthi féin go mbeidís glactha faoi chúramagus, mar thoradh, go bhféadfadh sí cur isteach ar altramas na leanaí, agus dá ndeonófaí a hiarratas, go gcáileodh sí le haghaidh LCA. Mhaígh sí freisin go raibh seirbhísí sóisialta BSLID ar an eolas, feadh an ama, faoi andúil drugaí a hiníne agus go raibh a hábhair imní léirithe aici, mar sheanmháthair na leanaí, i dtaobh leas na leanaí ina cuid déileálacha leis an mBord. Maidir leis sin chreid sí gur theip ar an mBord ina dhualgas é a aithint nach raibh na leanaí ag fáil cúram agus aire leordhóthanach mar a éilítear faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991.

Leis an ngearán seo ardaíodh saincheisteanna an-chasta ag díriú ar fheidhmiú breithiúnais ghairmiúil ag foireann oibre sóisialta an Bhoird. Faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991, sonraítear an modh ina nglactar leanaí faoi chúram na mbord sláinte, ar bhonn saorálach le comhoibriú na dtuismitheoirí nó iad sin atá ag gníomhú in loco parentis, nó bealach Ordaithe Cúraim Éigeandála arna thabhairt ag na cúirteanna. Is é an príomchuspóir ná leas leanaí a shlánchosaint agus tá an toimhde ann go bhfóntar do bharrleas an linbh trína t(h)ógáil laistigh dá t(h)eaghlach féin. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le leanbh a thabhairt faoina chúram caithfidh sé a bheith follasach don Bhord nach féidir cúram agus cosaint an linbh a bhaint amach ar shlí eile, agus gurb í an dídean deiridh í.

Thug mé faoin scrúdú ar an ngearán bealach breithnithe ar an gcaidreamh idir an iníon agus a cuid leanaí leis na hoibrithe sóisialta, d'fhonn a dhéanamh amach má bhí fianaise, prima facie, ar mhíriaradh ar thaobh an Bhoird ann sa mhéid nár glacadh na leanaí faoi chúram faoi fhorálacha an Achta um Chúram Leanaí, 1991. Le linn mo scrúdaithe ba léir, ó bhreith na leanaí, gurbh é tuairim ghairmiúil fhoireann na seirbhísí sóisialta sa BSLID nach raibh aon chúiseanna imní acu faoina gcúram agus faoina gcosaint. Sa chás seo ba é tuairim shaineolach agus ghairmiúil an Bhoird nach raibh aon chúiseanna imní cosanta linbh aitheanta mar go raibh cúram leordhóthanach á thabhairt do na leanaí faoi mhaoirseacht na seanmháthar.

Ghlac an Bord leis go raibh cuid mhaith cásanna mar sin ann ina limistéar. Tar éis breithniú a dhéanamh ar an ngnó ba é an tuairim a bhí agam nach fúm a bhí sé tuairim a mholadh a bhí éagsúil leis na tuairimí gairmiúla a léirigh an Bord i ndáil le cúram na leanaí. Dá bharr sin, ní raibh mé in ann dul ar aghaidh leis an tsaincheist an mbeifí tar éis na leanaí a chur faoi chúram na seanmháthar faoi shocrú altramais. Ní fhéadfainn an tsaincheist sin a fhorbairt ach sa chás go dtiocfainn ar an gconclúid go raibh an Bord neamh-aireach nó faillíoch nuair nár ghlac sé a garleanaí faoi chúram, agus níor sholáthair an fhianaise a bhí ar fáil bonn chun tacú lena leithéid sin.

Bhí an-ionbhá agam leis an mbean i ndáil leis an bhfaopach ina raibh sí, mar sheanmháthair. Feictear dom go raibh, sna himthosca, gach beart féideartha déanta aici chun déileáil le dálaí fíordheacra. Is beag cúnaimh di é sin, gan dabht, i gcúram lánaimseartha leanúnach a garleanaí. Níor mhór aon mhaolú ar na coinníollacha a bhaineann le deonú an LCA a bhreithniú i gcomhthéacs buiséadach, agus is gnó de chuid an Oireachtais é sin. Cé nach bhfuil aon ról díreach agam i mbreithnithe dá leithéidí, ba mhaith liom an deis seo a thapú chun na dálaí ginearálta ina mbíonn seanaithreacha/seanmháithreacha a threisiú, rud atá sainaitheanta sa chás seo.

Back to contents