Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 2 - Bord Sláinte an Deiscirt - cóiríocht oiriúnach agus cúnamh míochaine leordhóthanach

Le hidirghabháil m'Oifige le Bord Sláinte an Deiscirt sa chás seo a leanas cinntíodh gur soláthraíodh cóiríocht oiriúnach agus cúnamh míochaine leordhóthanach d'fhear breoite gan dídean.

Rinneadh teagmháil liom thar ceann fir a bhí gan dídean agus a bhí ag lorg cóiríochta. Fágadh an fear gan dídean tar éis idirscaradh óna bhean i 1997 agus bhí tréimhsí ama caite aige ina chodladh ar na sráideanna agus ina chónaí i gcarbhán. Ag tráth an ghearáin bhí cónaí air ina ghluaisteán. Sna hidirbhlianta bhí a shláinte meathlaithe go mór. Bhí sé ag freastal ar thriúr speisialtóirí ospidéil le haghaidh breoiteachtaí éagsúla. Is ceart freisin go mbeadh sé ag fáil ocsaigine ach níorbh fhéidir leis déanamh amhlaidh mar nach raibh aon seoladh aige a bhféadfaí an ocsaigin a sheachadadh chuige.

Bhí iarratas déanta, thar a cheann, le Bord Sláinte an Deiscirt ar chóiríocht éigeandála. Bhí an Bord an-chomhbhách lena chruachás agus tairgeadh cóiríocht brú dó go dtí go bhféadfadh sé cóiríocht chíosa níos oiriúnaí a fháil. Thairg an Bord freisin cúnamh i dtreo éarlaise agus cíosa dá bhféadfaí cóiríocht chíosa oiriúnach a fháil. Bhí cóiríocht an bhrú mí-oiriúnach ar roinnt cúiseanna agus cé gur athluaigh an Bord an tairiscint maidir le cúnamh i dtreo cóiríochta cíosa, i ngeall ar chineál a imthosca ba dheacair teagmháil leis an bhfear a chothabháil. I ndiaidh tuilleadh cumarsáide idir m'Oifig agus an Bord, áfach, thairg an t-údarás áitiúil cóiríocht oiriúnach, rud a chuir an gnó ina cheart agus a bhí ina chúis le feabhsú suntasach ar a shláinte.

Back to contents