Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 2 - Bord Sláinte Limistéar an Tuaiscirt - Liúntas Cúraim Baile

Bhí mé míshásta le toradh iarratais ar Liúntas Cúraim Baile i mBord Sláinte Limistéar an Tuaiscirt maidir le leanbh a raibh Siondróm Asperger air. Chomh maith leis an ngearán a réiteach tá béim curtha agam ar an ngá le comhsheasmhacht sa chur chuige don phróiseas cinnteoireachta don liúntas ar fud an chórais bord sláinte.

Is é atá i Liúntas Cúraim Baile (LCB) ná liúntas míosúil atá iníoctha i leith leanaí ó thráth a mbreithe go 16 bliana d'aois atá faoi mhíchumas fisiceach nó meabhrach chomh mór sin go bhfuil gá acu le cúram agus aire leanúnach atá go mór de bhreis ar an gcúram agus aire sin lena bhfuil gá ag leanbh den aois chéanna de ghnáth. Déantar incháilitheacht le haghaidh an liúntais a chinneadh ní ag diagnóis riochta ach ina áit sin trí thagairt do chéim an chúraim agus na haire a leanann mar thoradh. Féadfaidh an fhianaise a chuirtear faoi bhráid na mbord sláinte mar thaca le hiarratas ar LCB teacht ó lia comhairleach an linbh, óna g(h)náthdhochtúir, óna t(h)eiripeoir urlabhra, óna scoil nó gan dabht ó thuismitheoirí an linbh. Déantar iarratais a mheas ag Dochtúirí Oifigiúla Sinsearacha Ceantair (DOSC) ag obair laistigh de na boird sláinte.

Fuair mé gearán in aghaidh Bhord Sláinte Limistéar an Tuaiscirt ó fhear a raibh a mhac diagnóisithe mar dhuine a bhfuil Siondróm Asperger air ag aois dhá bhliain is deich mí dó. Chuir a thuismitheoirí isteach ar LCB agus tugadh dó é ó dháta an iarratais. Dhiúltaigh an Bord, áfach, an liúntas a shiardhátú go dtí dara lá breithe an linbh, rud a ndéantar socrú ina thaobh sna treoirlínte a rialaigh íoc an LCB ag an am. Is é an chúis a tugadh ná nach raibh aon fhianaise neamhspleách ann a thacódh leis an áitiú go raibh gá ag an leanbh le cúram agus le haire go mór de bhreis ar an gcúram agus aire lena bhfuil gá ag leanbh den aois chéanna roimh dháta an iarratais.

Bhí measúnacht mhíochaine déanta ar an leanbh ag aois dhá bhliain agus atreoraíodh chuig Lia Comhairleach i bPéidiatraic Fhorásach é le haghaidh tuilleadh scrúdaithe. Bhí tuarascáil mhionsonraithe curtha faoi bhráid ag an Lia Comhairleach sin mar thaca leis an iarratas ar LCB inar dearbhaíodh gur éirigh an leanbh tostach agus conlaithe ó aois 15 mhí, agus go raibh neamhord suntasach cumarsáide aige, go raibh sé ar bheagán teagmhála súl agus go raibh idirghníomhaíocht theoranta aige. Dúirt sí gur dhealraigh sé go raibh an leanbh ar an speictream uathach agus rinne na socruithe chun go gcuirfí faoi roinnt tástálacha é. Leis na tástálacha sin deimhníodh go raibh Siondróm Asperger ar an leanbh. Dúirt an Lia Comhairleach go raibh gá, dar léi, ag an leanbh le cúram agus le haire de bhreis ar a phiaraí agus go mbeadh gá ag a theaghlach le roinnt mhaith cúnaimh agus tacaíochta.

Mhínigh an gearánaí dom cé gur diagnóiseadh go foirmiúil go raibh Siondróm Asperger ar a mhac ag aois dhá bhliain agus deich mí, nár athraigh sé sin an leibhéal cúraim agus aire breise a raibh gá ag a mhac leis agus a bhí á fháil aige feadh a naíonachta. D'iarr mé ar an Stiúrthóir Seirbhísí agus Achomharc Custaiméara an cás a athbhreithniú i gcomhar leis an DOSC agus an fhaisnéis go léir a bhí le fáil sna tuarascálacha míochaine a chur san áireamh. Lean an DOSC den tuairim nach raibh aon fhianaise oibiachtúil ann a lamhálfadh don Bhord Liúntas a thabhairt ón dara lá breithe ag an leanbh.

Threisigh an cás seo saincheist ar leith i ndáil le comhsheasmhacht sa chinnteoireacht maidir le LCB.

Déanann foireann riaracháin an cinneadh liúntas a dheonú nó a dhiúltú, de bhun molta ag DOSC. Is é mo thaithí é go mbraitheann foireann riaracháin go bhfuil iallach orthu glacadh le moladh an DOSC, rud a fhágann gurb é/í an cinnteoir é/í sa chineál seo cáis. Ní mheasann foireann riaracháin go bhfuil siad féin in ann dearcaí codarsnacha na dtuairimí míochaine sna cásanna seo a mheas. Ní fheiceann siad é mar chuid dá ról meastóireacht a dhéanamh ar thuairimí an DOSC agus comhairleora míochaine iarratasóra. D'fhéach siad ar mholadh an DOSC mar ráiteas deifnídeach. I ngníomh, mura ndéanfadh an DOSC earráid fhollasach (e.g. an duine mícheart a ainmniú), níl aon bhonn oibiachtúil ann dóibh chun moladh an DOSC a dhiúltú.

Sa chás áirithe seo, bhí tuairim míochaine ag teacht ón iarratasóir a thacaigh leis an éileamh go gcáileodh an leanbh le haghaidh an liúntais ó aois an dá bhliain. Bhí fiosruithe déanta ag m'fhoireann le boird sláinte eile agus dearbhaíodh go mbeadh, le fírinne, an liúntas deonaithe acu sna himthosca luaite. I ndiaidh athbhreithnithe bhreise ar an ngnó ag Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird, íocadh an liúntas i leith an linbh ó aois an dá bhliain agus íocadh an riaráiste iomchuí.

Tá tús curtha ag an Roinn Sláinte agus Leanaí le hathbhreithniú ar na treoirlínte a rialaíonn deonú an LCB agus tá treisithe agam don ghrúpa athbhreithnithe an gá le comhsheasmhacht sa chinnteoireacht agus leis na cúiseanna leis na cinntí a chur in iúl, go háirithe nuair a bhíonn tuairim míochaine chodarsnach ann, mar shaincheisteanna tábhachta criticiúla ina gcuid breithnithe.

Back to contents