Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 2 - Roinn Oideachais agus Eolaíochta - Soláthar chóir iompair scoile do leanbh faoi mhíchumas

Sé bliana ó shin, mar thoradh ar thuarascáil imscrúdaithe ag an Ombudsman ar sholáthar chóir iompair scoile do leanbh faoi mhíchumas ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta rinneadh roinnt feabhsuithe ar an scéim. Leanadh de ghearáin a fháil i m'Oifig sa réimse seo, áfach, agus threisigh an cás seo a leanas an tábhacht le daoine a chur ar an eolas faoina gceart chun cinntí a achomhairc.

Ghearán tuismitheoirí linbh ag a bhfuil deacrachtaí urlabhra agus foghlama le m'Oifig faoin leibhéal cúnaimh a sholáthraíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta dá gcostais iompair scoile. D'fhreastail an leanbh ar scoil náisiúnta ina raibh clár urlabhra agus teanga. Chuige sin bhí gá le turas iomlán de 42 mhíle gach lá. Níor rogha don leanbh é an córas iompair phoiblí mar nárbh fhéidir leis an leanbh taisteal chun scoile gan mhaoirseacht. Rinne an scoil iarratas ar dheontas iompair leis an Roinn thar a gceann. I ndiaidh moille móire, thug an Roinn deontas de �1,755 chun an scoilbhliain 2000/2001 a chlúdach. Ghearán na tuismitheoirí nárbh fhéidir glacadh leis an méid sin i ngeall ar an gcostas a thabhaigh siad chun a mac a iompar chun scoile. Dúirt siad go raibh deontas de 63c in aghaidh an mhíle ar a laghad lorgtha acu.

Chuir an Roinn in iúl do m'Oifig go raibh íocaíocht �1,755 ceadaithe aici faoin Scéim Deontas Míochaine arb é an ráta é a bhí iníoctha i gcás achair ó bhaile chun scoile idir 15.1 agus 25 mhíle. Is é a bhí san achar sa chás seo ná 21.7 míle. Dúirt an Roinn dá mba mhian leis na tuismitheoirí achomharc a dhéanamh maidir leis an méid, gur ceart go scríobhfaidís chuig Rannóg Iompair Scoile na Roinne agus na cúiseanna leis an achomharc a leagan amach, go háirithe má bhí leibhéal an deontais dá leithéid go mbeadh an soláthar iompair phríobháidigh ina fhoinse cruatain airgeadais don teaghlach.

Dúirt na gearánaithe gur achomhairc siad an gnó cheana féin i litreacha leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta. Scríobh m'Oifig chuig an Roinn á chur sin in iúl agus d'iarr uirthi an gnó a athbhreithniú. Rinne sí amhlaidh agus chinn gur ceart an leibhéal deontais iníoctha sa chás a chinneadh ar bhonn ráta in aghaidh an mhíle in aghaidh an lae freastail. Dúirt sí gurbh é an t-uasmhéid iníoctha ná 63c in aghaidh an mhíle agus thoiligh sí an ráta seo a íoc i leith thaifead freastail an linbh do na scoilbhlianta 2000/01 agus 2001/02. Íocadh an fuílleach (i.e. gan an deontas a rinneadh cheana féin i leith 2000/01 a áireamh) leis na tuismitheoirí, íocaíocht iomlán de �7,973.86.

D'ardaigh an gearánaí saincheist ghinearálta, is é sin an dtugtar fógra leordhóthanach d'iarratasóirí maidir lena gceart chun cinneadh a achomharc i ndáil le deontais iompair nó cén bonn ar a ndéanfaí achomharc a bhreithniú. Thug mé do m'aire nach raibh aon trácht i litir chinnidh na Roinne ar an bhféidearthacht chun an gnó a achomharc. Ainneoin go ndearna na tuismitheoirí sa chás seo an cinneadh a achomharc leis an Roinn, luaigh m'Oifig an tsaincheist ghinearálta leis an Roinn d'fhonn a chinntiú go gcuirtear gach iarratasóir ar an eolas go hiomlán faoina gceart achomhairc.

D'fhreagair an Roinn ag lua go raibh na forais le haghaidh achomhairc leagtha amach ina bileog ar an scéim 'Iompar Scoile do Leanaí le Riachtanais Speisialta'. Faoin scéim déantar socrú

gur féidir achomhairc a dhéanamh i gcás

(a) nach bhfuil an Roinn in ann seirbhís iompair a chur ar fáil de bharr róchostais;

(b) nach gclúdaíonn leibhéal uasta an deontais arna thairiscint costas measta an turais iomchuí;

(c) má tá an Roinn sásta, i ndiaidh imscrúdaithe ar achomharc, nach bhfuil tuismitheoirí/caomhnóirí an linbh in ann an leanbh a iompar, nó go bhfuil dálaí an teaghlaigh den chineál go ngabhfadh cruatan le hiarraidh ar an teaghlach íoc as iompar príobháideach.

I measc fachtóirí cruatain a bhreithnítear, i dteannta le ganntanas airgid, áirítear dálaí teaghlaigh, riachtanais iompair scoile leanaí eile sa teaghlach, infhaighteacht gluaisteáin teaghlaigh ag na hamanna riachtanacha, srl. I gcás go gcinntear gur cásanna cruatain fhírinnigh iad achomhairc, is féidir seirbhísí speisialta a eagrú. Beidh seirbhísí speisialta dá leithéidí faoi réir uasmhéid iníoctha de 63c in aghaidh an mhíle.

D'fhreagair an Roinn do m'ábhair imní trína rá go gcuirfeadh sí socruithe i bhfeidhm chun a chinntiú go gcuirfear duine a gceadaítear deontas iompair dó/di faoi théarmaí na scéime ar an eolas gur féidir leis/léi ar na cúiseanna leagtha amach sa scéim achomharc a dhéanamh. Fáiltím roimh chinneadh na Roinne a nósanna imeachta a athrú chun lánfheasacht ar an gceart chun, agus na forais le haghaidh, achomharc a chinntiú.

Back to contents