Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 3 - Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim - Faoiseamh Cánach Ioncaim ar Tháillí Teagaisc

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Faoiseamh Cánach Ioncaim ar Tháillí Teagaisc
Fuair mé gearán ó athair mic léinn a bhí ag freastal ar chúrsa innealtóireachta ríomhaireachta i gcoláiste áirithe. Ghearán an t-athair go raibh faoiseamh cánach ioncaim ar na táillí teagaisc a d'íoc sé ar son a mhic diúltaithe dó faoi dhó, cé gur dheimhnigh an coláiste i gceist gur mheall an cúrsa faoiseamh cánach. Dhiúltaigh na Coimisinéirí Ioncaim a éileamh ar an bhfaoiseamh cánach ar an mbonn nach raibh an cúrsa áirithe ar na cúrsaí a bhí liostaithe mar chúrsaí a mheallann faoiseamh.

Bíonn faoiseamh cánach ar fáil le haghaidh táillí teagaisc a íoctar ar chúrsaí ceadaithe áirithe sa réimse teicneolaíochta eolais agus teangacha iasachta. Bíonn an faoiseamh cánach ar fáil don bhliain 1997/1998 agus do bhlianta ina dhiaidh sin. Sa bhliain 2000/2001 fairsingíodh an faoiseamh chuig leanbh pearsan aonair nó chuig duine a bhfuil an phearsa aonair ina c(h)aomhnóir dlíthiúil air/uirthi. Caithfidh na cúrsaí cáilitheacha critéir áirithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceadú ón Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus FÁS le toiliú an Aire Airgeadais. Ceadaíonn FÁS an liosta cúrsaí agus soláthraithe cúrsa agus cuireann ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim go bliantúil é. Ní bhíonn aon ról ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis na cúrsaí a cheadú. Sa chás seo ní raibh an cúrsa liostaithe mar chúrsa cáilitheach ar an liosta a sholáthair FÁS do na Coimisinéirí Ioncaim.

Nuair a scrúdaigh m'Oifig an cás shoiléirigh na Coimisinéirí Ioncaim, tar éis dul i dteagmháil le FÁS, gur cúrsa cáilitheach le haghaidh faoisimh cánach an cúrsa agus, le fachnaois, gur fágadh amach as an liosta foirmiúil é a seoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Íocadh an faoiseamh iomlán leis an ngearánaí sa chás seo. D'iarr m'Oifig ar na Coimisinéirí Ioncaim freisin socruithe a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go gcuirfí íocóirí eile cánach lenar bhain an tsaincheist seo chomh maith ar an eolas faoin bhfaoiseamh. Tá an tsaincheist tugtha ar aird fhoireann na gCoimisinéirí Ioncaim agus na gcoláistí iomchuí anois agus tá sí léirithe i bhfoilseacháin ghairmiúla iomchuí.

Back to contents