Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 3 - An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh - Liúntas Cúramóra Diúltaithe

An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh

Liúntas Cúramóra Diúltaithe
Fuair mé gearán ó bhean faoi chinneadh ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh a hiarratas ar Liúntas Cúramóra a dhiúltú.

I mí Eanáir 2002 thosaigh an bhean ar aire a thabhairt do bhean a bhí seachtó bliain d'aois a raibh aimlitheacht agus mearbhall uirthi. Chuir sí isteach ar Liúntas Cúramóra ach dhiúltaigh an Roinn a hiarratas ar an mbonn go raibh sí lánfhostaithe.

Bhí cónaí ar an mbean leis an tseanbhean ar feadh dhá bhliain nach mór, agus is é a bhí sí a mhaíomh gurb é an teach cónaithe seo a baile anois. Sholáthair sí cúram agus aire lánaimseartha don tseanbhean agus bhí cáilíochtaí faighte aici ó bheith ag freastal ar chúrsaí a dhéileálann le cúram na sean. Ba é a tuairim ná, sna himthosca áirithe seo, nach raibh sí i bhfostaíocht lánaimseartha lasmuigh dá baile. Le linn dom an gearán a scrúdú cailleadh an tseanbhean.

Scrúdaigh mé an reachtaíocht iomchuí agus dearbhaíodh gurbh é ceann de na coinníollacha ná nach ceart go mbeadh an cúramóir i mbun fostaíochta/féinfhostaíochta lasmuigh dá baile. Ní luaitear sa reachtaíocht aon ní maidir le haon ghné fostaíochta nó féinfhostaíochta laistigh den bhaile. Chonacthas dom nach raibh breithniú iomlán déanta ag an Roinn ar na pointí bunaidh i dtreis i.e. míniú an fhocail �baile�, seasamh na Roinne maidir le Liúntas Cúramóra a thabhairt do dhaoine atá i mbun fostaíochta/féinfhostaíochta sa bhaile, míniú an téarma �fostaíocht� agus an réasúnaíocht as ar éirigh an chonclúid go raibh an gearánaí fostaithe.

Chuir mé na saincheisteanna seo ar aird na Roinne. I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an ngnó thoiligh sí, i bhfianaise imthosca uathúla an cháis, Liúntas Cúramóra a thabhairt don ghearánaí mar bheart eisceachtúil agus gan aon dochar do chásanna breise den chineál seo. Íocadh riaráiste de �5,353 leis an ngearánaí ina dhiaidh sin.

Back to contents