Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 3 - An Roinn Talmhaíochta agus Bia - Aighneas faoi Nósanna Imeachta maidir le hAisíocaíocht

An Roinn Talmhaíochta agus Bia

Aighneas faoi Nósanna Imeachta maidir le hAisíocaíocht
Ghearán rannpháirtí sa Scéim Luathscoir ón bhFeirmeoireacht (SLF) go raibh mar thoradh ar earráid ríomhaireachta sa Roinn Talmhaíochta agus Bia go ndearnadh ró-íocaíocht dá phinsean luathscoir leis agus ní raibh sé sásta faoin tslí inar lorg an Roinn na haisíocaíochtaí.

Faoin SLF déantar socrú go ndéantar íocaíochtaí pinsin luathscoir le rannpháirtithe a laghdú le méid na n-íocaíochtaí pinsin náisiúnta a fhaigheann siad. Sa chás seo, níor chuir an Roinn san áireamh méaduithe faoin gcáinaisnéis a rinneadh i gcás pinsean neamh-ranníocach le linn di na híocaíochtaí SLF a ríomh. Ar fháil amach faoin earráid seo d'eisigh an Roinn litir chaighdeánach a d'úsáid sí i gcásanna ina ndearnadh ró-íocaíochtaí. Faoin tráth sin bhí an gearánaí ró-íoctha do thréimhse dhá mhí dhéag nach mór. Sa litir forchuireadh sceideal aisíoca sé mhí ar an ngearánaí agus ní dheachthas i gcomhairle leis faoin sceideal beartaithe.

Cé go nglacaim leis go ndéantar earráidí agus, tríd is tríd, go bhfuil comhlachtaí poiblí i dteideal ró-íocaíochtaí a fháil ar ais is é mo thuairim i gcás go bhfuil an locht ar chomhlacht poiblí gur ceart dó cur chuige solúbtha a ghlacadh chun ró-íocaíochtaí a fháil ar ais. Is é seo an cás go háirithe nuair nach ann d'fhianaise gur chuir an duine a fhaigheann ró-íocaíocht leis an earráid ar aon slí.

I ndiaidh teagmhála le m'Oifig thoiligh an Roinn go n-athbhreithneodh sí téarmaí na litreach caighdeánaí a eisíonn sí i gcásanna dá leithéidí chun deis a thabhairt don rannpháirtí na téarmaí faoinar féidir na híocaíochtaí a dhéanamh a phlé. Mheas mé gur chéim dhearfach í seo a ghlac an Roinn a rachaidh chun tairbhe daoine eile i gcás comhchosúil amach anseo.

Back to contents