- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003
Caibidil 3 - Bord Sláinte an Lár-Réigiúin - Deacrachtaí Cumarsáide i ndáil le Marbh-Bhreith
Bord Sláinte an Lár-RéigiúinDeacrachtaí Cumarsáide i ndáil le Marbh-Bhreith
Fuair mé gearán ó lánúin in aghaidh Bhord Sláinte an Lár-Réigiúin
(BSLR) i ndáil leis an gcaoi ar caitheadh leo i ndiaidh mharbh-bhreith
a n-iníne. Bhain an gearán, go príomha, leis an easpa cumarsáide leis
an lánúin tar éis gur iarr siad faisnéis faoi na cúiseanna a
d'fhéadfadh a bheith leis an marbh-bhreith, agus le deacrachtaí a bhí
acu coinní ina dhiaidh sin a fháil leis an gCnáimhseoir Comhairleach
friothálach. Ghearán an lánúin freisin go raibh moilleanna ann maidir
leis an mBord Sláinte ag láimhsiú an ghearáin i scríbhinn a rinne siad
ina dhiaidh sin. Cothaíodh cuid mhaith frustrachais dóibh leis na
teagmhais. Á chur san áireamh go raibh deich mí imithe ó cailleadh a
n-iníon, theastaigh an fhaisnéis uathu d'fhonn cabhrú leo dul ar
aghaidh tríd an bpróiseas casaoide agus breithniú a dhéanamh ar
impleachtaí maidir le hábhair thoirchis amach anseo.
Rinne mé teagmháil leis an mBord ag tabhairt achoimre ar shonraí
an cháis agus cuireadh in iúl dom nach raibh an Cnáimhseoir
Comhairleach, ó dhearcadh míochaine, in ann freagraí cruinne a
thabhairt ar na ceisteanna a d'ardaigh an lánúin. Labhair sé leo tar
éis go bhfuarthas torthaí an scrúdaithe iarbháis, ach níorbh fhéidir
leis cúis fhéideartha nó dhóchúil leis an mbás a thabhairt le fios.
Chuir an Bord in iúl dom go raibh sé beartaithe aige, sna himthosca,
Athbhreithniú Teagmhais Chriticiúil a dhéanamh i ndáil leis an gcás ag
súil go bhfaighfí amach cén chúis a bhí le bás an bhabaí, agus an raibh
impleachtaí ann le haghaidh toircheas amach anseo.
Chabhraigh saineolaí sa réimse, lasmuigh de limistéar an Bhoird,
leis an athbhreithniú i gcomhar le Foireann Bhainistíochta Priacail an
Bhoird, Comhairligh, Dochtúirí, Altraí, Bainisteoirí agus Riarthóirí,
agus áiríodh ar an athbhreithniú imscrúdú míochaine mion ar na
himthosca go léir a ghabh leis an gcóiriú a tugadh don mháthair le linn
an toirchis agus i ndiaidh an toirchis. D'fholaigh an t-athbhreithniú
sin sraith moltaí. Ba é tuairim an Ghrúpa Athbhreithnithe nárbh fhéidir
an tragóid seo a bhrath ná a sheachaint. Dheimhnigh sé freisin, ón
bhfaisnéis a bhí ar fáil, nach raibh aon tásc cliniciúil ann gur dócha
go dtitfeadh teagmhas dá leithéid amach arís.
Tá sé an-deacair do lánúin méala atá dulta trí mharbh-bhreith
machnamh a dhéanamh ar thoircheas sa todhchaí. Déantar an deacracht sin
a iolrú má tá easpa bhraite faisnéise nó comhoibrithe ann ar thaobh
fhoireann an ospidéil nó an bhoird sláinte. Sa chás áirithe seo, ábhar
misnigh dom é gur chinn an Bord ar Athbhreithniú Teagmhais Chriticiúil
a dhéanamh i ndáil leis na himthosca a ghabh le bás an bhabaí seo.
Mheas mé gur chéim dhearfach í sin chun iarracht a dhéanamh a fháil
amach cathain agus conas a d'fhéadfadh an mharbh-bhreith tarlú agus
chun roinnt suaimhnis agus dóchais a thabhairt don lánúin méala. Ábhar
eile misnigh dom ba ea a thabhairt faoi deara gur shainaithin an Grúpa
Athbhreithnithe roinnt bealaí ina bhféadfaí Polasaí Marbh-Bhreitheanna
an Bhoird a fheabhsú go mór agus go ndearna sé roinnt moltaí ina leith
sin. Gabhann an buntáiste breise leis na hathbhreithnithe seo sa mhéid,
chomh maith le déileáil leis an teagmhas aonair, gur féidir laigeachtaí
córasacha a shainaithint agus céimeanna a ghlacadh chun a chinntiú nach
dtarlaíonn teagmhais chomhchosúla arís. Ina theannta sin, rinne an Bord
Leabhrán Méala a tháirgeadh agus a fhoilsiú atá le cur ar fáil ar fud
réimsí boird sláinte eile.
Fuair mé gearán eile mórán mar an gcéanna ó mháthair i limistéar Bhord
Sláinte an Oirthuaiscirt (BSOT) ar saolaíodh babaí marbh-bhreithe léi.
Ghearán sí faoi ghríos míchompordach feadh a toirchis go léir agus
atreoraíodh chuig Deirmeolaí Comhairleach í. I ndiaidh na
marbh-bhreithe d'áitigh an bhean gurb é a bhí sa ghríos a bhí aici
feadh an toirchis ná Colastáis Chnáimhseach, riocht nach dtarlaíonn ach
le linn toirchis agus a chuireann an babaí gan breith i mbaol
marbh-bhreithe.
Faoin Acht Ombudsman táim coiscthe go sainiúil ar scrúdú a dhéanamh ar ghearáin in aghaidh bord sláinte maidir le cinntí cliniciúla sa chúram nó sa chóireáil a thugtar d'othar. Dá bharr sin, níor nithe iad a d'fhéadfainn a scrúdú na gnéithe cliniciúla den ghearán. Bhraith mé, áfach, go mbeadh sé úsáideach dá ndéanfaí Athbhreithniú Teagmhais Chriticiúil, cosúil leis sin a rinne BSLR. D'iarr mé ar BSOT cuimhneamh ar bheart dá leithéid a dhéanamh i gcásanna comhchosúla sa todhchaí. I gcaibidlí iardain leis an mBord ba ábhar misnigh dom é a thabhairt faoi deara go raibh, ó thráth an ghearáin a rinneadh le m'Oifig, dul chun cinn mór déanta i ndáil le hathbhreithnithe dá leithéidí a dhéanamh. Dhearbhaigh an Bord go mbeadh an teagmhas a ndearnadh gearán ina leith ina ábhar athbhreithnithe dá dtarlódh sé inniu.
