Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 3 - Bord Sláinte Limistéar Chósta an Oirthir - Gearán faoi Tháillí Othair

Bord Sláinte Limistéar Chósta an Oirthir

Gearán faoi Tháillí Othair
Fuair mé gearán ó bhean a raibh a fear céile nach maireann ina othar fadchónaithe i gceann d'ospidéil Bhord Sláinte Limistéar Chósta an Oirthir do dhaoine aosta ón 31 Eanáir 1995 go tráth a bháis ar an 21 Meán Fómhair 1997. D'ardaigh an Bord táille chothabhála de �45 in aghaidh na seachtaine agus d'íoc an bhean an táille sin don tréimhse chónaithe a bhí ag a fear céile nach maireann san ospidéal. Ba shealbhóir cárta míochaine é a fear céile agus ba chleithiúnaí dá chuid í. Sna himthosca chreid sí nach raibh feidhm ag na táillí.

Chuir mé ar shúile an Bhoird gur féidir faoi na Rialacháin Sláinte (Táillí le haghaidh Seirbhísí Othair Chónaithigh), 1976, mar atá leasaithe, táille le haghaidh costais seirbhísí othair chónaithigh arna soláthar faoi Alt 52 den Acht Sláinte, 1970, a ghearradh ar dhuine nach duine le hincháilitheacht iomlán (i.e. ag a bhfuil cárta míochaine) i gcás nach bhfuil aon chleithiúnaithe ag an duine sin. Sa chás áirithe seo, áfach, ba é an t-othar an sealbhóir cárta míochaine agus bhí cleithiúnaí aige. Mar sin, níor cheart na táillí cothabhála a ardú. Rinne an Bord an cás a athbhreithniú agus thoiligh sé na táillí a gearradh don tréimhse i gceist a aisíoc. Eisíodh aisíoc de �7,746.30 chuig an mbean.

Is é mo thuairim, áfach, nach ceart go mbeadh pearsa aonair thíos leis mar gheall ar earráid de chuid aon chomhlachta phoiblí, agus gur ceart gach beart a dhéanamh chun pearsa aonair a athchur sa suíomh ina mbeadh sé nó sí sa chás nach mbeadh aon earráid déanta.

Luaigh mé leo nár áiríodh sa mhéid aisíoctha aon eilimint de chúiteamh chun an caillteanas cumhachta ceannaigh san idirthréimhse a chlúdach. Sa mhéid go ndearnadh na táillí a ghearradh go mícheart d'iarr mé ar an mBord breithniú a dhéanamh ar an ngnó seo tuilleadh. Chinn an Bord go raibh, sna himthosca, cúiteamh iníoctha agus rinneadh méid de �2,102.58 bunaithe ar an Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí a íoc freisin chun an cás sin a chur san áireamh.

Back to contents