Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 3 - Bord Sláinte an Lár-Réigiúin - Cóireáil Ortadóntach Diúltaithe

Bord Sláinte an Lár-Réigiúin

Cóireáil Ortadóntach Diúltaithe
Ghearán bean liom thar ceann a mic a bhí measta ag Bord Sláinte an Lár-Réigiúin le haghaidh cóireála ortadóntaí agus a cuireadh ar liosta feithimh a bhí, ag an am, isteach is amach le trí bliana ar fhad. B'shin de dheasca na ndeacrachtaí a bhí ag an mBord ag déileáil leis an líon cásanna ortadóntacha agus de bharr an ganntanas ortadóntóirí laistigh dá limistéar. Tar éis dhá bhliain feithimh, chinn máthair an linbh ar a mac a thabhairt chuig fiaclóir príobháideach agus tosaíodh ar an gcóireáil le stoitheadh fiacaile amháin. Ghlaoigh an Bord ar an leanbh ina dhiaidh sin ach nuair a tugadh faoi deara go raibh tús curtha leis an gcóireáil phríobháideach, baineadh a ainm den liosta feithimh.

D'fhiafraigh mé cén fáth gur diúltaíodh cóireáil don leanbh nuair a bhí teidlíocht reachtúil aige chuici faoin Acht Sláinte, 1970. Shoiléirigh an Bord dom nár pholasaí dá chuid é cur isteach ar chonradh príobháideach sa mhéid go n-imríonn gach céim, i gcóireáil ortadóntach, tionchar ar an gcéad chéim eile, agus go bhféadfadh plean cóireála athrú ó ortadóntóir go hortadóntóir eile. Dá rachadh an Bord i mbun na cóireála ón áit ar stop an fiaclóir príobháideach, d'éiligh sé nach bhféadfadh sé an toradh a ráthú ach go mbeadh sé freagrach as an gcóireáil san iomlán mar sin féin. Ghlac mé leis go gcoiscfeadh na breithnithe cliniciúla ar ortadóntóirí poiblí dul i mbun cúrsa cóireála nach raibh ceadaithe ná tosaithe acu.

Bhí mé buartha, áfach, nár cuireadh an gearánaí ar an eolas faoi na himpleachtaí a ghabhann le cóireáil ortadóntach phríobháideach a thosú dá mac nuair atáthar ar an liosta feithimh. Is ceart go gcuirfí daoine atá ar an liosta feithimh ortadóntach ar an eolas go hiomlán faoi na himpleachtaí a ghabhann le haon chineál oibre leighis príobháidí eile a lorg agus faoi na breathnuithe cliniciúla do bhoird sláinte má dhéanann siad amhlaidh. Ní féidir le tuismitheoirí cinntí réasúnaithe a dhéanamh faoi chóireáil a leanaí ach má chuirtear ar an eolas iad faoi na roghanna atá ann dóibh. Sa chás seo, ní raibh an gearánaí curtha ar an eolas ag an mBord dá dtosódh sí cóireáil phríobháideach dá mac go mbainfí a ainm de liosta feithimh an Bhoird Sláinte.

D'iarr mé ar an mBord an cás a athbhreithniú sa chomhthéacs sin. Thoiligh an Bord, sa mhéid nach raibh an gearánaí curtha ar an eolas faoin gcás maidir le cóireáil phríobháideach a thosú, go maolódh sé an t-ualach airgeadais ar an teaghlach a ghabh le leanúint den chóireáil phríobháideach. Bheartaigh sé ar íocaíocht ex gratia de �1,000 a thabhairt don ghearánaí i leith na gcostas iomchuí. Scríobh mé chuig gach bord sláinte ansin á iarraidh orthu go gcuirfidís nós imeachta i bhfeidhm lena ndéantar daoine a chur ar an eolas go hiomlán faoi na hiarmhairtí cliniciúla a ghabhann le cóireáil ortadóntach leighis phríobháideach a thosú fad atáthar ag feitheamh le cóireáil phoiblí. B'shin chun a chinntiú go gcuirfí i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonchineálach ar fud na mbord sláinte aonair an polasaí maidir le tuismitheoirí a chur ar an eolas go hiomlán faoin gcás i ndáil le cóireáil ortadóntach.

Back to contents