Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 3 - Bord Sláinte an Deiscirt - Gannchion i dTáillí Tí Altranais

Bord Sláinte an Deiscirt

Gannchion i dTáillí Tí Altranais
Othar 98 mbliana d'aois i dteach altranais príobháideach a bhí sa ghearánaí agus bhí sí ann le hocht mbliana. Bhí sí ag fáil fóirdheontais de �98.99 ó Bhord Sláinte an Deiscirt chun cabhrú chun a cuid táillí tí altranais a íoc agus thug sé sin, in éineacht le pinsean ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, a hioncam míosúil go thart ar �1,150. Is é a bhí sna táillí tí altranais go míosúil, áfach, ná �2,275, rud a d'fhág gannchion de �1,125 in aghaidh na míosa.

Scríobh mátrún an tí altranais chuig ionadaí poiblí áitiúil ag tabhairt achoimre ar riocht an ghearánaí. Scríobh an t-ionadaí poiblí chugam faoin gcás agus faoin tráth sin bhí riaráiste de thart ar �6,000 carntha ag an ngearánaí, rud a bhí ag cothú imní agus buairt mhór di. Nuair a labhair mé leis an mBord maidir le féidearthacht fóirdheontais mhéadaithe cuireadh in iúl dom go raibh cúig chéad duine, nach mór, chun tosaigh uirthi ar an liosta feithimh le haghaidh fóirdheontais mhéadaithe.

Scrúdaigh mé Polasaí Fóirdheontas Méadaithe an Bhoird agus thug mé do m'aire go bhféadfadh sé breithniú a dhéanamh ar chásanna mar thosaíocht láithreach i gcás go raibh iarratasóirí, de bhua géarchéime i ndáil lena n-imthosca aonair, i ngátar idirghabhála láithrí. Mhol mé don Bhord go mb'fhéidir i bhfianaise aois agus imthosca airgeadais an ghearánaí seo go ndéanfadh sé breithniú ar thosaíocht láithreach i ndáil lena hiarratas ar fhóirdheontas méadaithe. D'fhreagair an Bord tríd an bhfóirdheontas iníoctha a mhéadú go �166.55 in aghaidh na míosa agus dúirt go gcoinneofaí a suíomh ar an liosta feithimh faoi athbhreithniú.

Bhí mé míshásta le freagairt an Bhoird agus d'iarr mé go ndéanfaí an gnó a athbhreithniú arís. Níor samhlaíodh dom go raibh breithniú leordhóthanach tugtha d'imthosca meathlaitheacha pearsanta an ghearánaí. I ndiaidh athbhreithnithe bhreise thug an Bord le fios go raibh cinnte aige ar fhóirdheontas méadaithe de �375.65 in aghaidh na seachtaine a chur ar fáil don ghearánaí, méid, in éineacht lena hioncam de �204.43, a chlúdaigh a cuid táillí tí altranais de �550 agus a d'fhág méid cothrom le haon chúigiú den phinsean seanaoise neamh-ranníocach le haghaidh úsáide pearsanta.

Back to contents